Tá cuireadh faighte agam chuig seimineár lae a bheidh á reachtáíl ag deireadh na seachtaine seo faoi iriseoireacht na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath, ach ní bheidh ar mo chumas bheith ann. Nuair a chonaic mé clár na gcainteoirí, thuig mé láithreach an cineál imeachta a bheadh ann.
Díreoidh mé ar chúinne na nuachtáin mar is ansan atá pé taithí is saineolas atá agam. Tugaim faoi ndeara go mbeidh plé ann faoi na h-irisí – ach ní fheicim go bhfuil éinne ann ó ‘nós*’, an t-aon iris Ghaeilge a fhéadfá rá go bhfuil dírithe ar phobal mhór leitheoireachta (gí is go bhfuil sé anois i nGaelscéal!).
Níor thuig mé go raibh suim dá laghad ag muintir UCD in iriseoireacht na Gaeilge. I gcaitheamh na mblianta ar fad a chaitheas le Lá/Lá Nua, ní raibh aon fhiosrú ó mhuintir UCD faoin obair a raibh ar bun ag an nuachtán. Roinnt blian ó shin d’fhoilsíodh leabhar faoi ‘Iriseoireacht Phinn na Gaeilge’ – agus ní raibh oiread is tagairt ann do Lá/sean Foinse, amhail is ná raibh tabhacht dá laghad leis an obair a bhí ar bun ag na nuachtáin sin.
Is maith an rud go bhfuil spéis á léiriú i gceist na nuachtán Ghaeilge ag lucht acadúil – mar creidim nach bhfuil ann ach ceist acadúil anois. Sé sin gur beag an bhrí atá ag na nuachtáin Ghaeilge atá ann faoi láthair sa saol chomhaimseartha. Nuair a bhíos ag an Oireachtas le déanaí, bhí Gaelscéal agus Foinse ann agus ag teipeadh orthu na nuachtáin a thabhairt do lucht na Gaeilge saor in aisce. Bhí beartanna móra nuachtáin scaipithe in áiteanna éagsúla san INEC.
Bhí seans ann, le linn do Lá/Lá Nua agus Foinse bheith in árd a réime, go bhféadfadh nuachtáin Ghaeilge briseadh amach as saol chúng na Gaeilge. Bhí seans ann go mbeadh fíor nuacht á thuairisciú sna nuachtáin sin agus bhí daoine ag súil le na nuachtáin gach lá/gach seachtain. Luaití scéalta ó na nuachtáin ar chláracha nuachta RTÉ. Is cuimhin liom nuair a gabhadh Seán O Muireagáin in Iosrael, bhí eagarthóir Lá, Ciarán O Pronntaigh, ar Morning Ireland agus bhíodh scéalta ó sean Foinse á lua ar Nuacht theilifíse RTÉ. Le h-imeacht Lá/Lá Nua agus Foinse, tá na seansanna sin caillte.
Cé go bhfuil buanna ag Gaelscéal agus Foinse nua, ní nuachtáin iad a éilíonn dílseacht ó leitheoirí. Níl sé soiléir go bhfuil tuiscint ag aon cheann den dhá nuachtán ar ‘nuacht’ nó bionn na scéalta a bhionn chun tosaigh sna foilseacháin seanachaite agus gan téigear de ghnath. Ní cuimhin liom ach príomhscéal amháin i Foinse agus i nGaelscéal a raibh aon brí leis – agus is mé féin a scrígh an scéal sin. Scéal a bhí agam i Foinse faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain ar chuir an cheist: Cá bhfuil an t-airgead chun an straitéis (pé straitéis é!) a chur i bhfeidhm?
Má tá tú ag freastal ar an seimineár seo, d’fhéadfá an cheist seo a chur ós árd: Cé mhéid cóip de ‘Gaelscéal’ atá á dhíol gach seachtain? Cad é an líon is mó cóipeanna ar díoladh? Mura bhfuil na freagraí á chur ar fáil ag an t-é atá ag déanamh ionadaíocht ar son ‘Gaelscéal’ fiafraigh cén fath nach bhfuil? An bhfuil sé fíor, mar shampla, nach bhfuil Gaelscéal cláraithe leis an ABC, an oifig a dheineann fiosrú neamhspleach ar dhíolachán nuachtáin. Coinnioll abea é sin a ghabh leis an deontas.
Ní ceist iomlán acadúil na nuachtáin Ghaeilge – nó tá nuachtán amháin, ar a laghad, ag cruthú gur féidir seirbhís a thabhairt don phobal leitheoireachta agus páirt tabhachtach a bheith agat sa phobal sin. Is é an nuachtán ‘Goitse’ atá i gceist agam. B’fhéidir go bhfuil Goitse – atá dírithe ar cheithre pharóiste Gaeltachta i dTír Chonaill – ina ghormchló againn go léir ar mhaith leo bheith ag obair sa ghnó seo.
Easnamh eile ar chlár an tseimineáir seo, ar ndóigh, nach bhfuil tagairt dá laghad ann do na nuamheáin Ghaeilge – na blaganna, na suíomhanna nuachta(nuacht24 mar shampla) is tionchar ‘Facebook’ is ‘twitter’ ar an earnáil.