To lose one parent, Mr. Worthing, may be regarded as a misfortune ; to lose both looks like carelessness
Lady Bracknell, The Importance of Being Ernest, Oscar Wilde
Mar atá tuartha agam anseo roimhe, tá sé fógartha go poiblí inniu go bhfuil an nuachtán seachtainiúil Ghaeilge Foinse i mbaol a dhúnta. Tá sé ráite ag úinéir an nuachtáin, Pádraig Ó Céidigh, go bhfoilseofar an eagrán dheireannach laistigh de sheachtain nó choicís mura dtagann athrú bunúsach ar an gconradh atá á thairiscint ag an gcomhlacht teanga tras teorainn, Foras na Gaeilge, d’fhoilsitheoirí an nuachtáin, Moinéar Teo.
De réir na tuairisce anocht ar Nuacht TG4 agus le linn an lae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, amarach(Déardaoin) beidh cruinniú idir feidhmeannaigh an Fhorais agus Ó Céidigh chun an chonradh atá ar an mbórd a phlé.
De réir scéala san Irish Times ar maidin, cé go raibh €400,000 luaite leis an gconradh ag an bhForas [níl sé luaite go raibh isteach is amach le €580-600,000 á ioc le Foinse/Lá Nua nuair a bhí an dhá nuachtán ann], ní raibh ach €355,000 ar thairiscint sa chonradh seo.
De réir an scéala, go mbeadh €200,000 caiillte ag an nuachtán faoi Lúnasa, de bharr an titim tubaisteach [75%] ar fhograíocht Stáit sa nuachtán.
Locht amháin ar scéal Phoil Uí Mhuirí, i nGaeilge agus i mBéarla, go bhfuil sé ag maíomh ann gurb é Foinse an t-aon nuachtán Ghaeilge atá fagtha sa tír.
THE ONLY Irish-language newspaper in existence, Foinse , says it may cease publication after this weekend.
Níl sin fíor. Tá Nuacht 24 ann agus tá sin á thairgeadh i mBéal Feirste, baile dúchais Phól féin. Nach aisteach nach bhfuil eagarthóir Ghaeilge an Irish Times ar an eolas faoin nuachtán sin, atá á fhoilsiú gan deontais agus atá chomh maith ar a laghad, dar liom, le Foinse i go leor bealaí?
Sa chéad dul síos ní mór Foras na Gaeilge a lochtú as an gcur chuige mí amharach is malltriallach atá acu ar an gceist seo. Níor fhogair siad go raibh siad ag tairiscint conradh le h-aghaidh conradh seachtainiúil Ghaeilge go dtí an taca seo anuraidh agus a fhios go maith acu go mbeadh conradh Foinse ag teacht chun deiridh ag deireadh mhí Meán Fhómhair. Ní raibh a dhothain ama ann ná baol air chun comórtas ceart a reachtáil, buaiteoir a aimsiú agus conradh nua a shocrú idir an dhá pháirtí. De bharr na moilleadóireachta sin, bhí ar Foinse maireachtaint ar shíneadh an sean-chonartha idir sin agus seo, trath go raibh ísliú tubaisteach (tuairim is 75%) ag teacht ar fhograíocht stáit, ábhar ar a bhfillfimíd ar ball.
An oiread gur suarach an mhaise é tabhairt ar nuachtán páirt a ghlacadh i gcomórtas poiblí mar seo chun conradh a bhuachaint le bheith beo, b’shin mar a tharlaíodh le Lá/Lá Nua, sé sin go gcaitheann an foireann brath ar thorthaí comórtais (crannchuir?) ar son a slí beatha féin, ba shuarach an mhaise é tabhairt ar fhoireann Foinse bheith ag brath ar Fhoras na Gaeilge agus dea thoradh ar ‘chomórtas’ nach mbeadh riamh ach iarrthóir fhirinneach amháin san iomaíocht do ar son a slí beatha. An gceadófaí a leithéid in aon earnáil eile i saol na Gaeilge?
Ar aon nós, is cuimhin liom go maith, nuair a bhí Lá Nua i mbaol ar uairibh, agus ba ró mhinic a bhí sé i mbaol de bharr teip an Fhorais conradh mar is cearta chur ar fáil dúinn, bheith ag scríobh agus mé ag cosaint an nuachtáin, go raibh mé ionann is cinnte nach ar leas Foinse a bheadh sé dá ndúnfaí Lá Nua. Dar liom ní bheadh pingin breise le fáil ag Foinse dá mbainfí an deontas de Lá Nua. Bhí finscéal ann an uair úd ag trachtairí áirithe agus iad ag comhairliú don bhForas deontas – agus ní maith liom an focal sin nó d’oibrigh foireann Lá go dicheallach ar son an deontais sin a thuilleamh – Lá a thabhairt do Foinse ionas go mbeadh nuachtán ceart amháin ann.
Tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin i mí na Samhna seo chaite nuair a tugadh le fios go mbeadh isteach is amach le €400k sa bhliain ar fáil chun do nuachtán seachtainiúil chun eagran seachtainiúil a fhoilsiú in éineacht le leagan idirlín den nuachtán (nó, ag brath ar cén duine ar thug tú éisteacht do, nuacht sheirbhís idirlín). Cuir san áireamh go raibh deontas isteach is amach le €320,000 ar fáil roimhe sin do Foinse gan aon chaint ar an idirlíon agus go mbíodh deontas de thart ar €250,000 ar fáil do Lá Nua in aghaidh na bliana agus tuigfidh sibh an feall ar deineadh ar Foinse.
Bhí Lá Nua imithe – ach ní raibh sé i gceist ag an bhForas ach sciar den deontas a bhíodh ag Lá Nua ag threorú go Foinse. Cad a bhí sé i gceist acu déanamh leis an chuid eile den airgead sin, an choigilteas sin, cad eile ach cur lena bhfoireann féin, cur le maorláthas mire an Fhorais.
Anois tá an crú ar an dtairne agus tá sé ráite go neamhbhalbh ag Pádraig Ó Céidigh go bhfuil sé ag cur stop le foilsiú an nuachtáin i gceann coicíse mura mbionn conradh ceart ar tairiscint don nuachtán. Sin a bhí le baint agam as an chaint a bhí uaidh agus é faoi agallamh ar Nuacht TG4 anocht.
Cé acu a gheillfidh ar dtúis? Ó Céidigh nó an Fhoras? Tá an Seanadóir Joe O’Toole ag seasamh le Foinse agus tá sé ag togáil na ceiste sa Seanad. Tá tacaíocht pholatúil ag teastáil go cinnte ag an bpointe seo nó ní thiocfaidh Foinse slán gan é.
Ní mé an cara is mó ag Foinse. Ní doigh liom gur thug siad aon tacaíocht do Lá Nua nuair a bhí an nuachtán sin i mbaol – tuairisciú leataobhach claonta a bhí acu.
Mar sin féin creidim go bhfuil gá le Foinse agus gur olc an mhaise domsa é m’eispearas le Foinse teacht idir mé agus tacaíocht a thabhairt don phrionsabal go bhfuil gá le nuachtán sheachtainiúil Ghaeilge agus nílim ag maíomh go bhfuil aon nuachtán eile ann chun an ról sin a líonadh ach Foinse. Nil Foinse gan locht mar atá pléite agam anseo go mion is go minic. Ach ní h-í sin an cheist an uair seo.
Ní thuigeann Foras na Gaeilge faic na fríde faoi nuachtáin nó faoi fhoilseacháin Ghaeilge i gcoitinne, aineolas agus míchumas atá léirithe acu go mion is go minic i dtaca le Lá/Lá Nua agus, níos déanaí, maidir le Comhar.
Gan amhras ní an Foras amháin atá le lochtú sa chás seo. Tá locht freisin le cur ar an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív as a thacaíocht phatuar don fhoilsitheoireacht Ghaeilge. Seo an Aire, tugaigí chun cuimhne, a chuir Bord na Leabhar Gaeilge faoi choimirce an Fhorais, buille chomh fealltach don litríocht Ghaeilge is a buaileadh riamh.
An raiteas a luadh lena roinn trathnóna, léirigh sé an fadhb go díreach. Tá, mar a luas thuas, laghdú mór, timpeall 75%, ar fhograíocht stait i Foinse. De réir na tuairisce ar Nuacht TG4, thug eagraíochtaí stait faoi ndeara ná raibh aon dualgas orthu fograíocht a dhéanamh i nGaeilge ar chorr ar bith mar ná raibh an mhír sin d’Acht na dTeangacha Oifigiúla curtha i bhfeidhm go fóill ag an Aire Ó Cuív.
De réir na tuairisce freisin, b’é an freagra a thug an Aire ar fhiosruithe Nuacht TG4 ar an gceist seo go raibh an cheist seo faoi fhograíocht i nGaeilge sna meáin á phlé ag coiste Oireachtais. An rud a dhéarfainn faoi sin, nár mhaith liom bheith ag brath ar an Aire teacht in othar charr dá mbeinn ag luí ar an dtalamh tar éis timpiste.
Cén fath an mhoill maidir le cur i bhfeidhm an mhir seo den reachtaíocht – táimíd ag caint ar mhoill sé bliana ón uair gur reachtaíodh é agus moill dhá bhliain ón uair gur tháinig gach foráil eile den reachtaíocht i bhfeidhm i 2007?
Is gráin liom an bealach ar cuireadh na milliún Euro amú ar fhograíocht Ghaeilge sna meáin Bhéarla i gcaitheamh na mblianta. Cuir amú airgid a bhí ann nó bhíodh na meáin céanna ag caitheamh anuas ar an nGaeilge gach eans a bhí acu – an trath ba mhó a bhí an Irish Times/Irish Examiner/Irish Indo ag saothrú ioncaim ó fhograí dhá theangacha, b’é an trath céanna go raibh siad ag baint usáide as leath fhiricí agus colúin claonta chun an Ghaeilge a íonsaí.
An moladh a bhí agam i gcónaí, agus shíl gur moladh réasúnta a bhí ann, go mbeadh fograíocht i nGaeilge don chuid is mó nó ar fad sna nuachtáin is na h-irisí Ghaeilge agus go mbeadh na leaganacha Bhéarla sna nuachtáín Bhéarla. Dá mbeadh sin i gceist le gach fógra phoiblí, ar eigean go mbeadh gá le deontais ar chorr ar bith do Foinse nó do Lá Nua.
Tá tuairimíocht ann – agus b’fhéidir go gcloisfear amarach é nuair a bheidh duine éigean ón bhForas ar Adhmhaidin ag cosaint an easpa chinnidh seo uatha atá ag fágaint Foinse sa bhearna baoil – go bhfuil scuaine de ghrúpaí amuigh ansan ar mhaith leo bheith ag foilsiú nuachtán i nGaeilge agus go bhfuil brabhús mór ag baint leis. Ná creid é. Tá tionscal na nuachtán ar fuaid an domhain i mbaol ón gcliseadh san eacnamaíocht domhanda agus an easpa fograíochta a leanann.
Tugadh le fios ar thuairisc na h-oíche anocht go raibh brabhús á shaothrú ag Foinse go 2007 – €99,000 sa bhliain sin, €192,000 an bhliain roimhe. Ba mhinic com gearán ná raibh an brabhús seo á athinfheistiú sa nuachtán – ní raibh dearadh nua á dhéanamh ar an nuachtán, ní raibh iriseoirí nua á earcú. Ní go dtí anuraidh a raibh suíomh idirlín le dealramh eigean leis – ach ní raibh fiú an leath bhulóg ann. Ceist le h-aghaidh lá eile é cár chriochnaigh an brabhús seo.
Má theastaíonn ó dhaoine tacú le Foinse, dein an rud ceart an deireadh seachtaine seo, ceannaigh an nuachtán, má tá sé ar fáíl. Léirigh do thacaíocht sa slí is praicticiúla.
Gach seans go dtiocfaidh an Aire i gcabhair, ag an noiméad dheireannach, ar Foinse nó tá sé de bhuntáiste ag an nuachtán go bhfuil sé suite ina Dhailcheantar agus nior mhaith leis, táim cinnte, votaí deichniúr foirne agus iad san atá ag brath orthu, a chailliúint.
Ach ná fag faoin Aire é. Ní féidir brath air. Ní féidir brath ar Fhoras na Gaeilge. Tá an Ghaeilge inár lámha féin.
Aguisín: Is cosúil go raibh raic sa Seanad inné nuair a pléadh priacal Foinse. Caitheadh an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh amach an an Seanad de bharr an ghleo a rinne sé. Ní miste calann – ach nach mbeadh sé níos éasca ar an Seanadóir ó Ghaeltacht Thír Chonaill glaoch ar a chomhleacaithe phairtí, an ceathrar acu ar bhórd an Fhorais ach go h-áirithe, agus iarraí orthu teacht i gcabhair ar an nuachtán. B’fheidir go dtaitníonn sé leis bheith ag déanamh gleo faoin nGaeilge, gan rudaí praicticiúla a dhéanamh ar son na teanga [cosúil le cruinnithe cumainn a reachtáil i nGaeilge i gceantar Ghaoth Dobhair!]