Ní bheadh Cultúrlann ar bith i mBéal Feirste dá bhfanfaí ar dheontóir le h-airgead mór....
Is minic go mbaineann mo shean chomrádaí, Máirtín O Muilleoir, as an ráiteas ‘Make No Little Plans’ agus é ag tagairt don phlean uaillmhiannach is déanaí uaidh chun rud éigean ollmhór a dhéanamh.
Agus, i gcónaí, rinne sé beart de réir briathar. Bhíos féin páirteach san iarracht nuachtán laethúil Ghaeilge a athbheochan – agus d’eirigh linn ar feadh seal. Níorbh ionann ár bpleannanna – nuachtán neamhspleach dúshlánach téigeartha – agus plean Fhoras na Gaeilge agus, go h-áirithe, baill Shinn Féin ar bhórd na h-institiúide tras teorainn san. [Nach ait an scéal é gur rabhadh in éadan Éirinn Aontaithe é an institiúid tras teorainn seo, thar aon fhoras tras teorainn eile agus go bhfuil páirt chomh lárnach ag SF ann!]
Ar aon nós, nuair a chuala mé roinnt laethannta ó shin go raibh seoladh Tionscadal 16 beartaithe – ón mbean uasal atá i mbun Beyond The Pale PR, Éadaoin Ní Mhunghaile – don lá inniu, Luan Cáxca, d’ardaigh mo dhóchas beagáinín. Plean uaillmhianach é seo.
Ach, tá ‘ach’ anseo. Ní doigh liom gur cheart nó gur féidir fánacht ar dheontóir éigean a theacht chun tosaigh le €10m chun an togra seo a mhaoiniú. Nuair a bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag tús na 90aí, ní raibh aon €10m ann. Agus dá bhfanfadh bunaitheoirí na Cultúrlainne ar dheontóir le €10m teacht chun tosaigh, gach seans nach mbeadh Cultúrlann ann go fóíll.
Is é an bealach le tosnú ar an togra seo ná é a thosnú. Aimsigh spás éigean i lár na cathrach agus dein caifé Ghaeilge de, mar a deineadh sa Chultúrlann. Bíodh sin ina thús. De réir a chéile a thógfar an chaisleán.
Is cuimhin liom na blianta ó shin, trath go raibh Caifé 3D ag Gael Linn i mBaile Átha Cliath, ná bhfuair sé an tacaiocht a bhí de dhith ó Ghaeil na h-Ard Cathrach chun go dtiocfadh sé slán. Bhíos ann go minic mé féin agus is mó uair a chuaigh mé isteach ann agus gur thug mé cluas le h-éisteacht do Ghaeil mhóra BhÁC ag spalpadh leo i mBéarla!
Tá an rud sin ann i measc aicme áirithe Ghaeilgeoirí, go dtaithníonn sé leo ar chúis éigean bheith ag labhairt i mBéarla agus iad ag cur an chuma orthu féin go bhfuil siad níos Gaelaí ná an chuid eile againn.
Dá dtosnófaí laithreach le caifé chun tús a chur leis an gcultúrlann seo, bheadh sé chomh maith le €1m sa bhanc. Ansan amharclann – bíodh drámaí á Ghaeilge ar an ardán i ngach amharclann sa chathair agus na sluaite á chur ó dhoras ó na dramaí Ghaeilge agus ní fada go leireofar an ghá atá leis an Ionad Náisiúnta seo. Leanfaidh gach rud eile ina dhiaidh sin.
Agus mé á scríobh seo tá an chlár deireannach Nuacht á chraoladh ar an Raidió agus an laithreoir, Caoimhe Ní Laighin, ag tuairisciú faoin ‘dtuairimíocht a bheith ag dul i dtreise go mbeidh Príomh Aire na Breataine, Gordon Brown’ ag fógairt amárach go mbeidh ‘olltoghcháin[sic]’ sa Bhreatain agus i dTuaisceart na hÉireann ag tús mhí Bealtaine.
Ar chúis nach dtuigim, níl Nuacht RTÉ ag tuairisciú tada faoin bplean uaillmhiannach seo ar an fheasachán ag 9.53in.
Ní gá fánacht go dtí 2016 le go mbeidh an Ionad Náisiúnta seo ann. Níl aon ionad nó foirgneamh ina chultúrlann beo go dtí go dtosnaíonn cainteoirí Ghaeilge ag teacht le cheile in áit amháin ag labhairt i nGaeilge.
Tá mo thacaíocht iomlán ag an dtionscnamh seo. Ach tá súil agam nach gá fánacht go dtí 2016 le cultúrlann – a la Béal Feirste – a aimsiú i bpríomhchathair na tíre….