Cartlanna Clibe: Maorláthas Ar Mire

Deireadh na Roinne?

Má tá an Ghaeilge slán mar ábhar riachtanach Ard Teiste – agus is ‘má’ de chineál éigean an méid sin – is cosúil go bhfuil ísliú céime i ndán di agus don Ghaeltacht sa Chomhaireacht.

de réir na luaidreáin atá san aer anocht, níl aon chinnteacht ann go mbeidh Aire Shinsearach le cúram na Gaeilge aige nó aici sa Rialtas nua. Tá ainm Dinny Mac Fhionnghaile á lua mar Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus is cinnte, má cheaptar é, go mbeidh duine maith i mbun an chúraim.

Ach tá daoine nach nglacfaidh leis an ísliú stadais seo don teanga – is cineál mantra é le blianta fada gur cheart go mbeadh Aire Gaeltachta ag bórd na Comhaireachta.

Nílim cinnte gur chuidigh an ‘stadas’ seo leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht riamh – bímíd ró bhuartha uaireannta faoi stadas

Creidim, áfach, gur botún é gan an Ghaeilge/An Ghaeltacht bheith ag Bord an Rialtais mar gheall go gcreidim gur féidir go mbeadh an teanga mar chuid den réiteach ar fhadhbanna na tíre. Creidim go bhfuil poiteansal sa Ghaeilge agus sa chultúr chun sinn a fhuascailt ón mharbhfhaisc atá ar an bpobal le cúpla bliain anois.

Dar liom go raibh an Roinn, mar atá, ag treabhadh sna goirt mícheart le tamall anuas – Acht na dTeangacha Oifigiúla, An Rannóg Aistriúcháin nua agus an Chomhairliúcháin faoin Chaighdeán – gan trácht ar an útamáil fhadalach leis an Straitéis 20 Bliain – ní raibh siad san, níl siad san ag iompar an teanga is an Ghaeltacht, sa chiall is leithne den téarma, go dtí an spás inar cheart di bheith.

Dá mbeadh Roinn ann a leireodh don phobal mhór, is don Rialtas, go raibh an Ghaeilge lárnach san phroiseas chun athbheochan chultúrtha a chur ar bun sa tír, ní doigh liom go mbeadh faobhar á chur ar an tua chun í a dhícheannú anois. In áit sin tá an Roinn tar éis bheith ag baint airgid ó Údarás na Gaeltachta le blianta fada ar mhaithe le cad é, níl a fhios agam.

Má tá éinne le lochtú as an ísliú céime seo, is é an iar Aire Éamon Ó Cuív an t-é sin. Eisean a raibh ina Aire nuair a rinne Colm McCarthy an mholadh fáil reidh leis an Roinn agus é i mbun Bórd Snip Nua agus níl sa bheartas seo ach an tuairisc sin á chur i bhfeidhm. Dá mba rud é go raibh an Roinn lárnach in iarracht chun athbheochan chultúrtha a thiomsú, ní bheadh sé tar éis an moladh a dhéanamh. Is amhlaidh nach raibh an Roinn lárnach i saol an phobail. In áit sin bhí an iar Aire sáite i gcoimhlintí gan brí (An Daingean/Dingle) agus é báite go dtí a dhá chluas i maorláthas mire a spreag sé féin.

Beidh íontas orm má bhionn an maorláthas breise a bhí á moladh sa Straitéis 20 Bliain – go leathnófaí cúramaí Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge, cúram Fhoras na Gaeilge, a chuimsiú. B’é an oidhreacht a d’fhag Ó Cuív, An Aire Gaeltachta is Measa Riamh dar liom, ná spaghetti junction de mhaorláthas. An chúram a bheidh ar an Aire nua, bíodh sé ina Aire Shínsearach nó ina Aire Shoisireach, an maorláthas sin atá ag tachtadh na teanga a chur ar cheal, an teanga a shaoradh.

Mar a dúirt Ó Riordáin:
Níl laistigh d’aon daoirse ach saoirse ón daoirse sin…

Scála Líofachta Náisiúnta is moltaí eile FG i leith na Gaeilge

Tá clár toghcháin FG á sheoladh ar maidin agus de réir an méid atá feicthe agam – agus cloiste agam – tá moltaí spéisiúla ann i leith na Gaeilge.

Is iad seo na moltaí i leith múineadh na Gaeilge, an gad is giorra den scornach faoi láthair.

Oideachas: Tacaíonn Fine Gael le forbairt leanúnach na nGaelscoileanna agus aithníonn sé an ról suntasach atá ag gluaiseacht na nGaelscoileanna in athbheochaint na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh dena ceantracha Gaeltachta. Chomh maith le sin, oibreoimid lena Coláistí Samhraidh chun níos mó scoláirí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht.
Táimid meáite ar athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach ina múintear an Ghaeilge sa chóras bunoideachais agus sa chóras iarbhunoideachais, chun féachaint chuige go bhfuil múinteoirí in inmhe grá don teanga a spreagadh sna scoláirí go léir agus go bhfuil an curacalam leagtha amach ar bhealach a ghríosóidh na scoláirí chun an teanga a labhairt tar éis dóibh an scoil a fhágáil.
Creidimid má dhéanaimid athchóiriú ar an mbealach ina múinimid an Ghaeilge go spreagfar níos mó scoláirí chun staidéar a dhéanamh ar an teanga agus chun í a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. Creidimid nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga. Déanfaimid athchóiriú ar an gcuracalam dara leibhéal agus scrúdóimid go criticiúil an tionchar atá ag na modhanna oiliúna do mhúinteoirí atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Ní bheidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach go dtí go mbeidh cainteanna ar an dá ábhar tugtha i gcrích.
Bronnfaimid 50% dena marcanna ar an mbéaltriail.
Déanfar iniúchadh ar churacalam dúbailte go dtí an Ardteist, ceann amháin ar an gcóras reatha agus ceann eile ar an nGaeilge chumarsáideach. Déanfar iniúchadh ar phoinntí breise sa chóras iontrála go coláistí tríú leibhéal.
Déanfaidh Fine Gael lion na ndaltaí atá ag gabháil don chúrsa Ardteiste Ard leibhéal a mhéadú faoi dhó faoin mbliain 2018.

Dar le Michael Creed, TD Fhine Gael i gCorcaigh Thiar Thuaidh, an Dáilcheantar ina bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, ciallaíonn moltaí FG nach mbeidh deireadh le Gaeilge mar ábhar riachtanach don Ard Teist go dtí go mbeidh sí ina rogha nádúrtha ag daltaí meánscoile. Dar léis nach dtarlóidh seo go ceann glúin nó dhó.

An cheist atá agamsa: ceist dúinn féin mar phobal Ghaeilge/Ghaeltachta agus do Fhine Gael freisin: an fearrde an Ghaeilge más amhlaidh go dtarlaíonn seo go luath nó go brách?

An moladh eile thar a bheith spéisiúil ag Fine Gael i leith na Gaeilge, moladh a bheidh ina chabhair mhór don
Ghaeilge agus don Ghaeltacht, dar liom, Scála Líofachta Náisiúnta.

Scála Líofachta Náisiúnta: Déanfaimid iniúchadh ar fhorbairt scála líofachta náisiúnta don Ghaeilge. Chuirfeadh an scála deich gcéim seo ar cumas gach saoránaigh measúnú d’fháil ar a chumas agus úsáid a bhaint as modhanna nua-aimseartha múinteoireachta agus as an nua-theicneolaíocht chun feabhas de réir a chéile a chur ar a líofacht de réir mar a oireann dó féin.

Sin smaoineamh nua – creidim – agus is fiú é a fhiosrú agus a chur i bhfeidhm.

Is fiú a lua freisin go bhfuil geallúint sa chlár toghcháin i leith Acht na dTeangacha Oifigiúla agus fáiltim roimis.

Acht um Teangacha Oifigiúla: Déanfaidh Fine Gael athbhreithniú ar na dualgaisí faoin Acht um Teangacha Oifigiúla chun a chinntiú go bhfuil an caiteachas ar an teanga dírithe ar fhorbairt na teanga ar an mbealach ia éifeachtaí.

Ní féidir a shamhlú aon bhealach go bhfuil an chaiteachas a eascraíonn as an reachtaíocht seo eifeachtach – go h-áirithe an t-airgead a chaitear ar Oifig an Choimisnéara Teanga – agus nach aon chabhair é le forbairt na teanga. B’fhearr i bhfad an €1m (nó mar sin ó bhuiséad an Choimisinéara) a chaitheamh ar leabhair do dhéagóirí nó Pléaracá Chonamara a leathnú go Gaeltachtaí eile…. Tá’s agam go bhfuil daoine ann a deir nach gcaithfear airgead a shábháilfí ó chiorruithe i leith Oifig an Choimisinéara mar seo – ach caithfear an argóínt a dhéanamh agus tá sé súntasach go bhfuil an argóínt á dhéanamh sna téarmaí sin ag FG.

Mí-bhuíochas an Aontais agus na pótaí ór

Cad é mar luach saothair?   Is beag an buiochas atá ag aos rialtais na hEorpa do phobal na tíre seo as ucht an Vóta ‘Tá’ ar son Chonradh Liospóin beagán sa bhreis ar bhlian ó shin anois.

Nó is airde an ráta úis atá an Aontas Eorpach ag gearradh ar an dtír seo don iasacht chun sinn a thabhairt as an sáinn ina bhfuilimíd ná an ráta úis atá an IMF ag gearradh orainn.   Is bocht an scéal é seo ó Bhanc Ceannais na hEorpa a thug na billiúin Euro ar iasacht dár mbainc amhail is go raibh siad ag dáileadh fuiscí ag torramh.

Ar Primetime anocht tá na maithe móra – leithéidí an Ollamh Brigid Laffan – a mhol dúinn votáil ar son Chonradh Liospóin sa reifreann anuraidh agus árú anuraidh míshuaimhneach faoin chasadh is déanaí ar dhearcadh na hEorpa

Bhios féin idir dhá stól maidir leis an dara reifreann – ach sa deireadh dhiultaigh mé don tairiscint.  Is ar a leas féin atá Aontas na hEorpa agus aon rud a fuaireamar uatha – roinnt billiún Euro – dhíolamar go daor as lenár stoc iasc, mar shampla.

Anois tá an tAontas Eorpach iompaithe ina Aontas Dhé Shruthach – an rud a dúradh linn go dtarlódh mura nglacfaimís le Conradh Liospóín – agus tá Éire sa dara shruth.

David McWilliams

David McWilliams - an bhfuil tú ar an dtaobh istigh nó ar an dtaobh amuigh?

Tá fuíollach rudaí ar féidir a rá anois faoi sin.  Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an cheangal seo leis an Aontas Eorpach leataobhach ar son an Aontais agus tá sé amhlaidh de bhrí go raibh agus go bhfuil ár polaiteoirí agus ár stat sheirbhísigh ró mhór faoi chomaoin ag an AE, iad cosúil le rialtóirí iar choilín i gcúirt na sean maistrí.   Nó mar a dúirt David McWilliams, an eacnamaí, ag an seó, Outsiders [atá ar chamchuairt ar fuaid na tíre, bhí siad cosúil leis na páistí a ligeadh isteach sa ‘seomra maith’ agus ná raibh fonn orthu bheith curtha as.

Ceist a chuirim anseo: tá an margadh atá déanta ag leagadh coinniollacha diana ar gach duine. Mar shampla beidh orainn obair go dtí go mbeimíd 67 nó 68 – sin ceann de na coinniollacha.   [Agus tá muintir na Frainnce imithe ar stailc de bharr gur ardaíodh aois an phinsin ó 60 go 62].   Inniu d’fhogair an Aire Dlí agus Cirt, Dermot Aherne, nach mbeadh sé san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile ar chúinsí sláinte agus pearsanta.

Nior luaigh sé ina chaint go mbeadh sé ag fáíl €125,000 mar íocaíocht ar eirí as na Dála do, mar chúiteamh ar an 23 bliain a raibh sé ina TD, agus go mbeadh pinsin bliantúil aige de €128,000.  Anois sin luach saothair (nó rud éigean cosúil le sin).  Beidh a phinsin níos mó ná tuarastal TD.  Go deimhin, caithfidh sé eirí as chun teacht ar an bpota óir seo.

Nach bhfuil sé aisteach, agus an tír i lár eigeandála eacnamaíochta, go bhfuilimíd ábalta mar shochaí an oiread san airgid a íoc le duine atá ag imeacht ar a phinsin agus gan é ach 55 bliain d’aois. Beidh ar an gcuid eile againn – agus beidh ar ár bpáistí – obair go dtí go mbeimíd 68 chun íoc as a leithéid de chinealtacht.  Nílim in éadan daoine a bheith ag dul ar phinsean luath – ach tá seo ag dul thar fóír.  Tá na raflaí ag scaipeadh go mbeidh a thuilleadh airí – leithéidí Noel Dempsey agus Mary Harney – sna sála ar Aire Cho. an Lú agus iad ag bailiú an phóta óir ar a mbealach abhaile.  Ní h-aon íontas.

Conas atá an IMF agus an Aontas Eorpach ábalta seasamh le margadh mar seo?  Ní chuireann sé faic i gcuimhne dhom ach na íocaíochtaí cama a fhaigheann ceannairí na n-iar choilíní ina gcúntais féin ó chomhlachtaí nó tíortha chun tús áite a thabhairt do ghnó nó do thír i gcúrsaí trádála idirnáisiúnta.

Tá an robáil a deineadh ar Bhanc an Tuaiscirt – agus atá luaite go fóíll leis an IRA – in áit na leathphingine i gcomparáid leis an gcreachadh atá á dhéanamh ag polaiteoirí, bainc is eile ar an dtír inniu.

B’fhiú go mór do dhaoine atá á léamh seo dul chuig “Outsiders”, léiriú den scoth.  Caithfidh mé a rá gur chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm nuair a bhí mé féin agus mo bhean i láthair don seó san Everyman i gCorcaigh oíche Dé Domhnaigh, oíche amuigh chun comóradh a dhéanamh ar 11 bhliain d’ár bpósadh.

Straitéis ‘gláctha’ ag an Rialtas – ach cé a chuirfidh i bhfeidhm é?

Agus an tír ar tháirseach an dhuibheagáin tá sé á thuairisciú anocht (Dé Máirt) ag TG4 go bhfuil an Rialtas tar éis glacadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an gcruinniú comhaireachta inniu.

Ach an bhfuil aon brí le cinntí mar seo ón Rialtas atá i réim faoi láthair nó níl ach seal gairid fágtha ag Fianna Fáil agus an Chomhaontas Glas i gcumhacht?     Bíodh is go bhfuil  sé ráite go bhfuil gach páirtí, trén Coiste Oireachtais, tar éis glacadh leis an Straitéis, ní gá go gciallódh sé gurb é an Straitéis an cloch is mó ar a bpaidrín nó gar do.

Mar shampla, b’fhéidir gur mhaith le Fine Gael tabhairt faoin nGaeilge agus an Ard Teist agus níl sin sa Straitéis seo cé go bhfuil sé luaite go leanfaidh an Ghaeilge mar ábhar amháin ag an Ard Teist agus leanfaidh sí mar ábhar riachtanach.

Mhol an straitéis go mbeadh dhá ábhar ann, rud a chiallódh go mbeadh dúshlán éagsúil roimh deachainteoirí Gaeilge is cainteoirí dhúchais seachas an cheann a bheadh ann d’fhoghlaimeoirí.

An mbeidh aon toradh concreideach, mar shampla, ar an moladh sa Straitéis, atá an Rialtas tar éis glacadh leis ná dearúdaimís, go bhfórbrófaí Coláiste Iosagáin ina ionad náisiúnta oideachais?  Sin teist amháin ar thiomantas an Rialtas do chur i bhfeidhm na straitéise seachas an sior chaint faoin straitéis céanna.   Beidh le feiceáil an mbeidh Coláiste Iosagáin ina fothrach nó ina shéadchomhartha náisiúnta don straitéis.

Tá caint ann ar 7 Lá go mbeidh Udarás na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Udarás anois – agus anuas ar sin go mbeidh  Aire ar leith ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.   Cur le sin ‘Foras na Gaeilge’ agus is cinnte nach mbeidh aon laghdú ar an mhaorláthas atá luaite leis an teanga.

Deirtear go bhfoilseofar an chaipéis ‘roimh na Nollag’.  Creidfidh mé sin nuair a léifidh mé é.   De reir na ‘Wikileaks’ atá faighte againn, áfach, is cosúil go bhfuil an sprioc 250,000 cainteoir a bhíodh mar cheannlíne ag an Aire O Cuív imithe agus, ina áit, go bhfuil go mbeadh ardú 25% ar lion na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht le linn tréimhse an phlean.

Bhí ceisteanna curtha faoin bhfigiúir 250,000 nó ní raibh a fhios ag éinne cén slí a thomhasfar an méadú agus cén bunlíne a bhí i gceist?   Is cinnte gur céim i dtreo na teibíochta é an figiúir 25% bheith luaite mar sprioc anois agus b’fhéidir gur fearr sin.  Mar a dúirt an tOllamh Mícheál O Cinnéide ar Seacht Lá, beidh lá maith oibre déanta ag Udarás na Gaeilge agus na Gaeltachta má thagann stop leis an meath leanúnach ar an nGaeilge sa Ghaeltacht lena linn.

Bhí Ciarán Dunbar, eagarthóir Gaelscéal, ar 7 Lá don chéad uair anocht – agus chuir sé ceist ar fiú a chur mar gheall ar chomh criochdheighilteach is atá an phlean seo agus pobal na Gaeilge ó thuaidh agus an athbheochan fhuinniúil atá déanta ar an dteanga sna sé chontae fagtha ar an leataobh?  Níl pobal na Gaeilge deighilte ar an oilean seo – agus is céim ar chúl é bheith ag cumadh institiúidí a bheidh ag buanú na crichdheighilte.  Chomh maith le bheith míchothrom, tá sé mí cheart mar tá go leor le foghlaim ó dheas ón méid atá déanta ó thuaidh agus an cur chuige ‘ná h-abair é dein é’.

Ba mhaith liom bheith dearfach faoin Straitéis agus, ar shlí, táim chomh dearfach agus is féidir.  Tá an iomarca eiginnteacht ag baint le cúrsaí pholatúla agus rialtais sa tír seo, gan tracht ar an eacnamaíocht agus an cheist mhór faoin mhaoiniú a bheidh ag an straitéís agus an gceadóidh an IMF dá leitheid, chun a bheith aon phioc níos dearfaí ná an iománaí ar an gclaí!

Cad is fiú Coimisinéir Teanga anois?

Is ag dul siar atá tiomantas na Roinne is mó atá cúram na Gaeilge uirthí ó ceapadh an Choimisinéir Teanga – agus ní h-é sin mo bhreith ach breith an Choimisinéara féin.

Ag labhairt do inniu (Dé hAoine) ag seimineár a reachtáil Conradh na Gaeilge i dTrá Lí thug an tUasal Seán O Cuirreáin, an Choimisinéir Teanga – aka Fear a’ Bhata – le fios go raibh laghdú 50% ar líon na mball foirne sa Roinn Oideachais a raibh ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge thar mar a bhí 5 bliain ó shin.   An uair sin, i dtuairisc an Choimisinéara, bhí 3% a dúirt go raibh siad ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

I mbliana, de réir suirbhé a rinne an Choimisinéir a choimisiúnú, níl ach 1.5% d’fhoireann na Roinne Oideachais atá ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Cheapfá go mbeadh múineadh faighte ag an Roinn Oideachais i 2005 nuair a náiríodh iad i dTuarascáil an Choimisinéara agus, dá bhrí sin, go mbeadh údaráis na Roinne ar a míle dícheall le, ahem, oideachas a chur orthu féin.

Ní h-amhlaidh a thit amach.  Is amhlaidh gur lean siad ag dul i léig ó thaobh na teanga de.  Anois, níl a fhios agamsa conas is féidir le duine post a fháil sa Roinn Oideachais gan Ghaeilge a bheith acu.  Tá’s agam nach bhfuil Gaeilge éigeantach don iontráil sa Stat Seirbhís níos mó ach nach léiriú é ar easpa oideachais, sa chiall is bunúsaí den fhocal, nach bhfuil Gaeilge ag an mball foirne.  Sa chás sin an bhfuil sé ceart go mbeadh na daoine seo ag obair i Roinn Rialtais ar bith, gan trácht ar an Roinn Oideachais, mar níl siad inchurtha leis an obair.   An aon íontas é go bhfuil an tír sa phriacal ina bhfuil sí, an Roinn Oideachais gan cainteoirí Ghaeilge, an Roinn Airgeadais gan eacnamaithe….

An rud amháin eile a deir seo liom, gur beag is fiú an Choimisinéir Teanga bheith ann ar chorr ar bith.  Níl aon eagla ar an Stat Seirbhís roimhe.  Tá sé chomh h-eifeachtach le baincéir a bheith ina rialtóír airgeadais – agus tá’s againn cad a tharla mar gheall ar sin.   Ní le drochmheas ar Sheán O Cuirreáin a deirim sin ach ní doigh liom go bhféadfadh duine ar bith múineadh a chur ar an Stat Seirbhís maidir leis an nGaeilge agus is fánach an scéal go bhfuilimíd ag cur airgead, am is allas amú ar an saothar in aisce seo.

B’fhearr dúinn ár n-iarrachtaí a dhíriú i dtreo eile…  Ar na meáin stat urraithe a dhíreoinn mo chuid saothair agus ar bhunú bunscoileanna lán Ghaeilge, agus ag obair ag an libhéal áitiúil, le cead nó gan cead.

Gan amhras, léiríonn seo freisin go bhfuil Conradh na Gaeilge féin ag gníomhú sa treo mí cheart.  In áit bheith ag iarraidh cathanna a bhuachaint ar fiú agus ar féidir iad a bhuachaint, tá siad ag cnagadh a gcinn in éadan falla brice agus gan de luach saothair acu as a dtrioblóid ach ceann scoilte agus píosa ‘reachtaíochta’ nach fiú é an phaipéar ar a bhfuil siad scríte.

Sár na Gaeilge ‘s teanga an aistriúcháin

Tá alt spreagúil ag Eoghan O Néill i nGaelscéal na seachtaine seo.  San alt molann sé go mbeadh ‘Sár [Tsar] na Gaeilge’ fostaithe chun an Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm.   Dar léis, tá gá lena leithéid chun slad agus sléacht a dhéanamh ar mhaorláthas na Gaeilge, beidh an plean 20 bliain marbh taobh istigh de bhliain.

Aontaím go bhfuil gá le slad agus sléacht a dheanamh ar mhaorláthas na Gaeilge.  Is é an maorláthas sin thar rud ar bith eile atá ag tachtadh na teanga i mbéal an phobail mhóir.   Ach is cosúil go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge gafa leis an maorláthas.   Dá mbainfí dínn ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ is ‘Stadas’, bheadh an chuid is mó dínn ar nós cuma linn – ní chuireann sé isteach ar ár saol beag nó mór –  ach an dream a bhionn glórach ar son na teanga, bheidis ag scairteadh ó bharr gach díon is ag iad ag éileamh ár gcearta.

Níl a fhios agam an bhfuil gá le Sár Fhear – nó Sár Bhean – na Gaeilge chun tabhairt faoin sléacht seo ar an mhaorláthas, an chéad chéim in athrú mheoin mhuintir na hÉireann dar liom – chun seo a dhéanamh.   Is dócha go bhfuil.  Ach cé a íocfadh sár thuarastal an sár dhuine seo?   An Rialtas?   Más duine le dul i ngleic le maorláthas na Gaeilge atá ag teastáil, ar cheart go mbeadh sé ag obair mar fhostaí an Rialtais?   Mar a dúirt Eoghain féin ag deireadh an ailt s’aige, ní rialtas a chuireann tús le réabhlóid.

Nó ar cheart dúinne, pobal na Gaeilge, ár lámha a chur inár bpócaí féin chuna leithéid de úrlabhraí a chur ag  obair ar ár son agus ar son na teanga?       Go dtí go dtarlaíonn sin, ní bheidh athrú ar bith ann.

Is maith liom spiorad an óige i dTír na mBascach agus na Breataine Bige – ach anseo in Éirinn, tá buainíocht na Gaeilge go brea sásta mura mbionn athruithe ar bith ann – agus má bhionn athruithe ann, is cinnte nach gcuirfear isteach orthu.

Is minic mé ag gearán faoi ‘thionscal an aistriúcháin’ ach tá gá anois le teanga an aistriúcháin chun meon an phobail, pobal na Gaeilge sa chéad dul síos, a athrú ón dteanga ina bhfuil rudaí á dhéanamh ar phobal na Gaeilge (mar shampla an margadh suarach a rinne CLG le TV3 chun an Ghaeilge a chur ina tost ar laethannta na gcluichí móra i mí Mheán an Fhomhair) go dtí an teanga ina mbeidh cur síos á dhéanamh ar na rudaí fónta ar son na teanga atá ar siúl ag na Gaeil.  Agus tá sin á dhéanamh fiú anois – ach níl an scéal sin le cloisint taobh amuigh de phobal na Gaeilge féin.

Ní bheidh an saol mar a bhí – todhchaí na n-eagras Ghaeilge

Ní bheidh an saol mar a bhí.

Is é sin an léargas a thug duine atá ag obair ag libhéal sinsearach in eagras Ghaeilge dom níos luaithe inniu agus é ag trácht ar an méid atá le h-eisiúint uair éigean inniu faoi mhaoiniú is struchtúr na n-eagras Ghaeilge bunmhaoinithe.

Foilsíodh an t-eolas sin ar shuíomh an Fhorais inniu mar thoradh ar an ‘idirphlé’ is ‘imeacht i gcomhairle’ a bhí ar bun ag an bhForas leis an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.   Is féidir teacht ar an gcaipéis ina iomláíne anseo.

An príomh phointe atá le sonrú ón ‘shamhail mhaoinithe’ atá molta ag an bhForas, caipéis atá scríte i dteanga atá nach mór dothuigte agus nach n-aithneofá mar Ghaeilge, go mbeidh ar gach eagras dul san iomaíocht le h-aghaidh maoiniú a fháil ón bhForas ar bhonn togra.  Fógrófar dornán scéimeann – ina measc:

o Scéim raidió áitiúil

o Scéim na nEalaíon

o Scéim oideachais

o Scéim tacaíochta teaghlaigh

o Scéim cumasaithe pobal

o Scéim óige

o Scéim abhcóideachta agus taighde

Is é seo an múnla céanna a ghlac Foras na Gaeilge chuige féin nuair a bhí sé ag iarraidh fáil reidh le Lá/Lá Nua.  Is é sin ‘comórtas poiblí’ a bhunú agus ansan tabhairt ar na h-eagrais dul san iomaíocht le cheile chun an conradh a bhuachaint.  Faoin mhúnla seo beidh airgead nios lú á íoc agus ní bheidh ‘post saoil stat seirbhiseach’ i ndán don bhfostaí in eagras bunmhaoinithe.    Féach go bhfuil tagairtí sa chaipéis do na h-eagrais ‘iarbunmhaoinithe’.

Ar ndóigh, níl Lá Nua ann chun cosaint a dhéanamh ar na h-eagrais ar an dtua a bheith á úsáid sa bhealach neamhchúramach seo.  Is earnáil leochailleach í earnáil na Gaeilge agus ní oireann sé di go mbeadh tua á luascadh ann.  B’fhearr sceanóg mhanlia don ghearradh atá ag teastáil seachas tua a dhéanfaidh sceannairt agus slad.

Ní mise an t-aon duine a dhéarfaidh nach bhféadfadh an saol dul ar aghaidh mar a bhíodh sé – ach creidim go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh an Fhoras an iomarca sceannairte agus iad ag iarraidh an craiceann agus a luach a fháil ó na h-eagrais Ghaeilge.

Tá furmhór na n-eagrasaí ag déanamh obair mhaith – leithéidí Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gael Linn, Pobal mar shamplaí.   Tá siad ag athrú agus aithint go bhfuil an saol ag athrú agus go gcaithfidh siad athrú dá réir chun bheith beo agus bríomhar san am atá le teacht.

An dream is mó ar cheart bheith sa bhearna baoil, Foras na Gaeilge féin.  Ní raibh riamh i gceist go mbeadh ann ach eagras nó meicníocht chun airgead a dháileadh ar eagrais ar an dtalamh, eagrais a bhí ag déanamh na h-oibre.  Seachas sin tá an Fhoras tar éis iompú ina mhaorláthas atá ag slogadh acmhainní na Gaeilge in áit bheith á ndáileadh go cothrom orthu san atá an taithi agus an scil chun an úsáid is éifeachtaí a bhaint as ar mhaithe leis an teanga.

Ar aon nós, tá’s agaibh an meas atá agam ar an bhForas.

Mothaím go bhfuil an tua le titim go trom inniu ar eagrais Ghaeilge – agus gur ait liom i ndiaidh na sceannairte más gluaiseacht a bheidh fagtha ach iarlais (más ceadmhach dom focail Uí Dhireáin a thógaint ar iasacht ).

Tá dóchas agam, áfach, go mbeidh eagras nó dhó a thiocfaidh as agus iad níos laidre mar nach mbeidh siad ag brath feasta ar an bhForas dá chuid maoiniú agus go mbeidh siad i bhfirinne neamhspleach.    An dtapófar an deis eagras amháin neamhspleach a bheith ann a thabharfaidh dúshlán don mhaorláthas ar mire seo – ie Foras na Gaeilge.

Straitéis 20 Bliain na Gaeilge? Straitéis mo thóin!

NAMA - Nil Airgead Maith Ag Teastáil

Tá’s againn go bhfuil an tír i bponc.  Tá’s againn cé a chuir sa bponc sinn.   Tá’s againn go gcaithfimid teacht le cheile agus cuidiú chun an tír a thabhairt slán ón bpriacal ina bhfuil sí.

Tá sé ráite agam go minic nach gcreidim go bhfuil morán fiúntais le h-airgead a chaitheamh ar chaipéisí nach leitear i mBéarla  a aistriú go Gaeilge.  Ag an am chéanna, creidim go bhféadfaí roinnt Ghaeilge a bheith i ngach chaipéis oifigiúil sa chéad dul síos, go h-áírithe caipéisí atá nua fhoilsithe.    Níos  mó ná an ‘cúpla focal’, níos lú ná an aistriúchán iomlán.

Feictear dom go bhfuil an Rialtas anois ag iarraidh orainn iasachtaí a thabhairt doibh.  Chonac an chaipéis don ‘National Solidarity Bond’ in Oifig an Phoist i mBaile Mhic Ire, oifig Gaeltachta is fiú a lua, agus is féidir leat é a fheiscint anseo.     Caipéis iomlán i mBéarla é seo.  Níl focal amháin i nGaeilge ann.

Is caipéis é seo atá ag iarraidh orainn airgead a infheistiú i dtodhchaí na hÉireann agus a gheallann brabhús 50% ar do chnap shuim tar éis deich mbliana.  Dá mbeadh deich fhocal Ghaeilge ann, fiú, bheinn sásta cúpla Euro a chur sa chiste seo, ní ar mhaithe leis an mbrabhús ach ar mhaithe le tabhairt le fios go bhfuilim ag tacú leis an iarracht an tír a thabhairt slán ón bpriacal.

Iarann an neamairt seo ceisteanna eile faoi chur chuige an Rialtais agus chomh tiomanta is atá an Stat don teanga agus don tir ghrá, rud éigean a cheapfá bheith gaolmhar leis an achainí. . Is é seo an Rialtas céanna atá ag iarraidh orainn a chreidiúint go bhfuil siad dairíre faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá á dhréachtú agus á athdhréachtú ar feadh roinnt blianta anois, is cosúil.

Cent rua ní bhfaighidh siad uaim fhaid is a leanann siad ag imeallú mise agus mo leithéid.

Ní miste liom a lua go bhfuil ainmneacha NAMA agus An Post luaite leis an gcaipéis seo.   De réir dealraimh is é An Post atá ag riaradh na scéime ar son NAMA.   De réir suíomh an Choimisinéara Teanga, tá dréacht scéim á ullmhú ag An Post faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.   Mar sin, is dócha go bhfuil lámha an Choimisinéara ceangailte ar an gceist seo.

Tagann seo sna sála ar an amaidíocht mí Ghaelach a bhí ar bun faoi scath an Uachtaráin agus ‘Your Country Your Call‘.

Straitéis 20 Bliain na Gaeilge?  Straitéis mo thóín!  Deineann an sort seo droch obair ceap magaidh de dhea iarrachtaí an chuid sin den Rialtas atá ag iarraidh an straitéis a dhaingniú agus a chur i bhfeidhm agus atá ar leas na teanga.  Nílim in éad leis an Aire nua, Pat Carey, agus é tosnaithe i mbun a Aireacht nua…..

An Ghaeilge ina teanga rúnda?

Agus sinn sáite inár ghnóthaí féin le tamall, nior thugamar faoi ndeara go raibh cúrsaí an tsaoil ag titim amach go fóíll.    An chuid is mó de na cúrsaí sin, ní bhaineann siad linn morán.  Níl aon radharc faighte againn anseo i Múscraí ar luaithreach bholcáin na hIoslainne ach seans gurb é sin an smúit ar mo ghluaistean!

Le linn na deireadh seachtaine, bhí imeachtaí éagsúla ag titim amach.  Bhí Ard Fheis an Chonartha ar siúl i Luimneach.  Anseo i gCúil Aodha bhí slán á fhagail againn lenár gcáirde Briotánacha a tháinig ar chuairt chomhcheangail agus beimíd ag tabhairt cuairte orthu sa Bhriotáin i mí Lúnasa.    Tar éis dúinn slán a fhágáil leo, bhí dhá lá cruaigh oibre romhainn ag glanadh amach ár sean teach nó táimíd bogtha go dtí teach nua anois leis an seoladh:  Doire’n Chuilinn, Cúil Aodha (seoladh níos fearr agus níos saibhre sa chultúr ná Hollywood LA!).

Aréir, bhí óglaigh Naomh Abán ag tabhairt aghaidh ar an Dhomhnach Mhóir i gCraobh Fé 21 Lár Chorcaí.  Ní raibh an t-adh leo – ach bhaineamar taithneamh as an gcluiche, oíche amuigh faoin aer, comhartha chinnte de theacht an tSamhraidh.

Agus anois táimíd ag ullmhú go dícheallach le h-aghaidh Cuairt na bhFilí Albanacha ar Mhúscraí oíche amarach, Dé Máirt 20 Aibreán, nuair a bheidh ceoltóirí, amhránaithe agus filí Mhúscraí ag cur fáilte roimh ár gcomh Cheiltigh go dtí an taobh ó dheas de Sruth na Maoile.

Sin réamhrá fada a dhothain agus níl aon bhaint aige le h-abhar na trachtaireachta seo.   Is é sin an íonsaí is déanaí ar an nGaeilge ag colúnaí i nuachtán Bhéarla.

Dar le David Kenny, ag scríobh do sa Sunday Tribune,  tá an Ghaeilge ró leathdránach ar go leor cúiseanna ach ar na cúiseanna seo go h-áírithe:

The chief problem with Irish was the humourless, dry way it was taught. Pádraic Ó Conaire’s ‘M’asal Beag Dubh’ (‘My Little Black Ass’) may have sounded like a Harlem porno mag, but was as interesting as watching donkey poo drying.

D’aontóinn le David faoi sin. Nior thaitin na scéalta sin liom ar chorr ar bith.  Bhain siad leis an aimsir chaite.  Asal beag dubh?  Ní fhaca mise asal riamh ach cois trá.  Ar ndóígh is ‘íomhá’ atá luaite go mór leis an Ghaeltacht an asal céanna, agus dhá chiseán móna ar a dhroim,  agus fear manntach le caipín á tharraingt.      B’fhéidir gur cheart do David amharc ar Nuacht 24 le teacht ar thuiscint éagsúil faoi abhar leitheoireachta pháistí na linne seo.

Ceist eile a bhí ag David, bhain sé lenár sean cara, Peig.

What gaeilgeoir fundamentalism also ignores is that Ireland loves English. Whenever we market ourselves abroad, we point to our great writers: Wilde, Yeats, Joyce. They all wrote in English, not Irish. Have you ever seen a souvenir tea towel with Peig Sayers’ face on it?

I gcead dhuit David, níl a fhios agam faoin ‘tea towel’ ach tá t-léine agam le aghaidh Pheig air agus is é an t léine is mó a thaithníonn liom é a chaitheamh na laethannta seo.     Tuigim go bhfuil an margaíocht á dhéanamh ar na scriobhnóirí móra Béarla – agus chaith ar a laghad beirt den triúr atá luaite agat cuid is mó dá saol thar lear.    Ní h-ionann sin agus a rá nach féidir aghaidheanna na scríobhnóirí Ghaeilge a úsáid freisin.  Is scríobhnóir le clú idirnáisiúnta é Seán O Riordáin mar shampla agus b’fhéidir gur cheart dúinn níos mó tairbhe a bhaint as.

Ach tuigim anois cén fath go raibh tú ag scríobh an ailt sin – agus nach olc le Gaeilge amach is amach atá i gceist.    Rud eile atá ann.

Schoolkids still don’t love Irish. RTé reported last week that more students are seeking exemption from doing it on learning-disability grounds. However, half of this year’s exempted Leaving students are sitting other language exams.

Some parents are using the exemption to get their children out of studying what they see as a difficult subject. It’s entirely understandable. Dropping Irish means a better chance of more points, which means a better chance of a job. Irish should not be compulsory for the Leaving Cert – its outcome is far too important.

Still, it’s perplexing to think that parents will brand their kids ‘special needs’ to get them out of doing something difficult. To teach them it’s okay to break the rules if you can get away with it. Maybe I’d do the same if I had kids. Maybe abusing the exemption is our generation’s revenge on Peig.

Díoltas é míúsáid na diolúine ar an míúsáid a baineadh as na glúinte dalta a cuireadh iacaill orthu staidéar a dhéanamh ar Peig.   Agus deineadh míúsáid ar Pheig freisin.  Nár deineadh eagarthóireacht ar a leabhar chun an leagan is measa den saol a léiriú ionas go mbeadh daoine buioch as an saol a bhí acu.  Dá olc é, ní bheadh sé níos measa ná saol Pheig ar an mBlascaod Mhór!

Sílim gur féidir linn cur síos a dhéanamh ar alt David Kenny sa ghnath slí – ionsaí eile ar an nGaeilge i nuachtán mhór Béarla, quelle surprise! – ach tá blaisín den fhírinne sa mhéid a deir sé freisin, go h-áirithe an abairt seo.

We had no need for Irish and were never given any reason to love it

Níl aon cheist ach go bhfuil grá agam don Ghaeilge – agus ag cuid mhór againn.  Ach ní mór dúinn smaoineamh ar an dream nach bhfuil an grá céanna don teanga, ar chúiseanna nach mbaineann le biogóidiocht nó rud ar bith eile den tsort sin.       Go deimhin is cosúil go bhfuil ár n-éilimh ar ár gcearta ag cothú breis fuatha agus fuachta don teanga.

Gaeilgeoir fundamentalism was a major turn-off. This fundamentalism was in evidence again in Clare last February. County councillors complained that they had spent €30,250 translating three development plans into Irish, but nobody wanted to buy them. Then-Gaeltacht minister Eamon Ó Cuív insisted the practice should continue nonetheless. Idiotic wastefulness like that turns people against Irish.

Cé dheirfeadh nach bhfuil an cheart aige?  Cé dheirfeadh nach n-iompaíonn cur amú airgid ar aistriúcháin nach léitear daoine i gcoinne na Gaeilge.   Iompaíonn sé mise i gcoinnibh an teanga – bhuel iad san atá ag brú an pholasaí mí amharach seo.

Nílim cinnte an bhfuil an cheart ag an iriseoir nuair a mholann sé mar reiteach:

Gaeilge can’t compete with that kind of marketing. For it to appeal to a wider audience it has to dumb down. It has to be conversational, not literary. It needs to be promoted as Ireland’s secret language. The one you can insult foreigners in, when they’re eavesdropping, for example.

Ach is cinnte go bhfuil plean nua ag teastáil chun an grá don teanga atá ionainn de réir gach pobal bhreith, an grá sin a mhúscailt.    An bhfuil aoinne ann atá ábalta tabhairt faoin dúshlán sin?

Sin í an phríómh cheist atá le freagairt chun go gcomhlíonfaí spriocanna an Dréacht Straitéis 20 Bliana don Ghaeilge.



Ré úr don Chonradh, ré úr don teanga?

Chláraigh mé im bhall de Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo.   Is mise Ball Aonair #105, de réir na h-admhála r-phoist a seoladh chugam sa r-phost tar éis dom mo €20 a íoc le mo chárta ‘laser’.

Chláraigh mé im bhall de bhrí go bhfuil brí nua sa Chonradh – níl sé chomh marbh le hArt, de réir na ceiste atá ar shuíomh Nuacht 24.  Bhuel, níl sin díreach cruinn.   Deir an ráiteas go gcreideann bunús phobal na hÉireann go bhfuil an Chonradh chomh marbh le hArt.    D’fhéadfadh gach Gaeilgeoir sa tír a bheith ar mhalairt tuairim – ach bheadh an raiteas fós fíor mar is é an tuiscint atá ag bunús an phobail abhar raitis Ghearóid Uí Chairealláin, iar Uachtarán an Chonartha, agus ní cur síos ar staid reatha an Chonartha.

Ceann de na cúiseanna leis an mí thuiscint sin ar obair an Chonartha go mbíodh agus go mbionn na trodanna mí chearta á throid ag an eagras agus na feachtais míchearta á chur chun tosaigh acu.   Níl aon locht orthu – bhí mé chomh mí cheart leo mé féin trath agus mé ag glacadh páirte i mhór shiúl i mBaile Atha Cliath ar son stadas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus ag áiteamh go mbeadh Acht Teanga ann ó dheas.

Cé go raibh tabhacht leis an mhórshiúl úd – i mí Aibreán 2004 – agus leis an bhfeachtas chun reachtaíocht ann a thabharfadh cosaint don Ghaeilge ó dheas, b’é an misneach a thug sé do phobal na Gaeilge an toradh ba thabhachtaí agus ba mhó tairbhe.   Ag siúl dom ó Chearnóg Pharnell, síos Sráid Uí Chonaill agus chomh fada leis an Dáil, gualainn ar ghualainn le go leor Gaeil eile, suas le 5,000 de réir mar is cuimhin liom, thóg sé mo chroí.

Anois nuair a fheicim an toradh a bhí ar na feachtais sin, ní fheicim ach an maorláthas ag fáil greim daingean ar an dteanga.   Ní h-amháin go bhfuil an nuachtán laethúil a bhí mé ag obair leis imithe ach tá níos mó acmhainní á chaitheamh le caipéisí neamh leite i mBéarla a aistriú go Gaeilge le go mbeadh siad chomh neamh léite céanna sa chéad teanga oifigiúil ná mar atá á chaitheamh ar litríocht i nGaeilge.   An bua sin?

Deintear seo a chosaint de bhrí go bhfuil sé ag solathar postanna d’aos na n-aistritheoirí – ach nach mbeadh an t-aos sin díreach chomh fostaithe agus ag solathar rud éigean fónta agus inléite dúinn mar leitheoirí dá mbeidís ag obair ar leabhair, ghreannáin (a la Rí Rá) agus go leor eile, nithe a mheallfadh daoine i dtreo léamh agus scriobh na Gaeilge.

An cloch is mó ar  mo phaidrín, taca an ama seo, go mbeadh bealach éigean ann le cinntiú go mbeadh craoladh beo beathach ar an dteilifís ar chluichí móra CLG an tSamhraidh agus trachtaireacht i nGaeilge orthu seachas go bhfagfaí lucht eisteachta na Gaeilge ag brath ar an bhfuaim a bheith múchta ar an dteilifís agus iad ag éisteacht le trachtaireacht ar na gcluichí móra ar RTÉ RnaG.  Fiú mura raibh an trachtaireacht sin ag leimpt ó chúige ó chúige agus gan é ag teacht leis an bpictiúir ar an dteilfiís de bhrí nach ionann an chlár ar RnaG agus an chlár ar an dteilifís, bheadh seo maslach.   Seo an bliain 2010 –  nior cheart go mbeadh orainn brath ar sheirbhís 1973!

Ní h-amháin gur cheart na cluichí craoibhe sa Pheil agus san Iomáint a bheith ar fáil le trachtaireacht beo i nGaeilge – ach nár cheart cluichí Chorn an Domhain agus Sraith na Seaimpíní is Cluiche Ceannais Heineken sa Rugbaí a bheith ar fáil i nGaeilge chomh maith céanna.

Seo an cineál cúise, dar liom, a mheallfadh lucht an Bhéarla ar bhórd.  Cuireann sé an Ghaeilge ar fáil doibh ar shlí nach bhfuil sí faoi láthair.  Go foill tá sí ceangailte leis an mhaorláthas – an mhaorláthas ar mire – agus is cinnte go gcothaíonn sé sin droch íomhá don teanga i measc an phobail mhóir.

Tá siad san ann a chreideann gur cheart do Chearta na nGael tús áite a bheith acu, roimh ‘íomhá na teanga i measc phobail an Bhéarla’ [eagarthóir Gaelscéal, Ciaran Dunbar, ag scríobh do ex cathedra ina thréadlitir chuig leitheoirí an nuachtáin eagrán #1] ach sin meoin seana chaite nach dtugann sinn ach go bun an ‘cul de sac’, áit atá an Ghaeilge sáinnithe ar feadh ró fhada.

Tá obair tabhachtach le déanamh ag an gConradh san am atá romhainn agus is é sin an droichead a thogáil idir an mhór phobal agus pobal na Gaeilge le cinntiú go dtuigeann gach duine, gach duine nach biogóidí frith Ghaeilge é nó í, an leas is feidir baint as an nGaeilge, ár dteanga.

B’fhéidir go n-athródh sin an port a bhí le clos ar na h-aerthonnta le cúpla lá anuas faoi daltaí scoile a fuair diolúine ón nGaeilge san Ard Teist le cuidiú leo de bharr go raibh ‘deacrachtaí foghlamtha’ acu – ach ansan chuaigh tuairim is 50% de na páistí céanna agus rinne siad staidéar ar theanga eigean ó mhór roinn na hEorpa in áit na Gaeilge.   Ní h-é seo fadhb na bpáistí an oiread is gur fadhb na teanga í.   Ar ndóigh rinne siad seo le beannú agus i gcomhcheilge lena dtuismitheoirí agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

An fear is fearr a thabharfaidh faoin droichead seo idir phobal na Gaeilge agus an phobal mhór a fhorbairt, sin an t-é is fearr a bheadh ina Uachtarán ar an gConradh don trí bhliain atá romhainn.   I gcúinne amháin tá file agus iriseoir, duine uasal, fear atá meas mór agam air, Pádraig Mac Fhearghusa, trodaí ar son na teanga, agus sa chúinne eile tá ógfhear cumasach fiontrach atá grá mór aige do phobal na Gaeilge agus atá cróga agus fuinniúil agus fonn air tabhairt faoi áit larnach i bpobal na hÉireann a bhaint amach don Chonradh. Is é sin Seán O hAdhmaill.

An oiread is mé féin, níl Gaeilge na bhfilí ag Seán – ach tá fuinneamh aige agus tá fuadar faoi, an iomarca fuadair chun a chuid ama a chaitheamh ag ceartú is ag profléamh a bpreas raitis atá ag teacht chugam go tiubh agus te faoi láthair.   Tá daoine ann a dhéarfadh nach bhfuil an Ghaeilge atá ag Seán maith a dhothain le go mbeadh sé á chur féin tosaigh d’Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge.

Ach narbh é Máirtín O Cadhain féin a dúirt dá dtiocfadh an Ghaeilge slán do na glúinte inár ndiaidh, ní h-í an  Ghaeilge a bhíodh á labhairt agus á scríobh aige a bheadh ann ach Gaeilge a bheadh deacair a aithint mar theanga saibhir agus ársa ár sinsir.

Dá dtoghfaí O hAdhmaill in áit Mac Fhearghusa an iarraidh seo, leireodh sé go raibh an Chonradh sásta aghaidh a thabhairt ar an ré sin  le dóchas agus le dúthracht seachas bheith sáinnithe i sean ré na bpeann dearg.

Is cinnte, mar sin, go bhfuil an Chonradh ag crosbhothar an deireadh seachtaine seo agus iad sinn ag díriú ár n-aghaidheanna ar Luimneach agus an Ard Fheis ann.  Ní bheidh mé ann – tá cúramaí orm sa bhaile ó thaobh oibre, cur chun cinn na Gaeilge agus sa bhaile féin – ach tá súil agam strac fhéachaint a thabhairt ar imeachtaí na deireadh seachtaine ar an balla Twitter agus ar ustream.    Nach fada óna leitheid sin de theicneolaíocht a bunaíodh an Chonradh agus léiríonn sé, b’fhéidir, go bhfuil an rogha déanta theana féin agus an Chonradh píosa den slí ar an mbóthar i dtreo an todhchaí.     [É sin go léir á dhéanamh faoi Uachtarántacht Mhic Fhearghusa, rud a léiríonn nach ceist dubh agus bán í an cheist seo ar chorr ar bith.]