An Ghaeilge agus an Ghaeltacht i gclár oibre an Rialtais nua

Seo an méid atá scríte sa chlár rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta nua.

An Gaeilge agus an Ghaeltacht
We will support the 20 Year Strategy for the Irish Language 2010-2030 and will deliver on the achievable goals and targets proposed.
We will undertake a thorough reform of the Irish curriculum and the way in which Irish is taught at primary and second levels of education. We will reform the curriculum so more emphasis is put on oral and aural skills. We will allocate 50% of marks to the oral Irish exam at Leaving Certificate level.
We will aim to double the proportion of Irish students sitting the Higher Level Leaving Certificate exam by 2018.
Gaeltacht regions will benefit from the jobs action plan outlined in this document. Under our proposals, we will deliver new job creation prospects to Gaeltacht regions. We will invest in energy, broadband and water infrastructure, creating the modern infrastructure needed to attract and support new businesses and jobs. We will also strongly support the potential for jobs in tourism and marine activities. We will continue to support the Irish language broadcasting and arts sector.
We will review the Official Languages Act to ensure expenditure on the language is best targeted towards the development of the language and that obligations are imposed appropriately in response to demand from citizens.
We will review current investment and funding programmes that benefit Irish language organisations in order to achieve visible value for money for citizens and tangible outcomes on a transparent basis.

11 de thuairimí ar “An Ghaeilge agus an Ghaeltacht i gclár oibre an Rialtais nua

  1. aonghus

    Bheadh rud beag imní orm faoin “in response to demand from citizens”

    Tá seana thaithí againn ar an Stáit seirbhís a bheith ag maíomh nach mbíonn aoinne eile, seachas an ceisteoir ag éileamh an rud atá uait.

    Seachas san, tá cuma stuama air an méid atá thuas. Braithfidh cuid mhór ar an Aire Gaeltachta (má bhíonn a leithéid ann) agus an Aire Oideachais.

    Freagra
  2. instsignpost

    An rud a chuireann isteach orm-sa ná go bhfuil sé seo go léir scríofa as Béarla agus nach bhfuil leagan Gaeilge le fáil.

    “Tá ort Béarla a bheith agat ní gá Gaeilge!” sin an teachtaireacht ó poiliteorí na tíre seo – rialtas nó freasúra!

    Freagra
  3. Concubhar Ó Liatháín

    I bhfirinne, an gcuireann an easpa sin isteach ort?
    B’é an toghchán díreach thart an toghchán ba chinniúnaí don Ghaeilge go dtí seo, ní mar gheall ar an Ghaeilge bheith conspóideach ach de bhrí go raibh an diospóireacht idir na gceannairí i nGaeilge. Chomh fada agus go bhfuil na ceannairí ag labhairt i nGaeilge, ní miste liom, cé go mbeadh sé deas, cé acu an bhfuil nó nach bhfuil Clár an Rialtais i nGaeilge.

    Freagra
  4. séamus mac seain B'Feirste

    tá píosa istigh sa chlár a deir go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar na heagra iochtaí Gaeilge (rud nach misde) go bfeicfidh siad an bhfuil toradh ar a gcuid oibre. Dá mbeinn mar chuid de bhunaíocht íoctha na Gaeilge bheadh imní orm faoi sin. cá huair go deireannach a rinneadh scagadh ar an bhunaíocht chéanna? agus an tam atá ann is scagadh le hairgead a shabháil a bhéas ann.

    Freagra
    1. aonghus

      Tá scagadh á dhéanamh ar na heagraíochtaí le breis agus bliain anuas. Ach is maorlathaigh an Fhorais atá ina bhun – dream ata ag tachtadh oibrithe deonacha le páipéarachas gan dealramh le fada.

      Freagra
    1. aonghus

      Ba mhaith sin. Ach is deacair dul i ngleic le craobh den stáit. Is fusa an tua a chuir le fréamhacha na heagraíochtaí neamh stáit.

      Freagra
  5. Seán Ó Marcaigh

    Spéisiúil, cé go bhfuil gach gaeilgeoir a bhfuil aithne agamsa orthu go mór in amhras faoin fhoras sílim go nglacann siad go gcaithfidh maorlathas éigin a bheith ann má tá muid chun airgead stáit a fháil don Ghaeilge.

    A Concubhair agus a Shéamuis, tá cuma ar an scéal gurbh mhaith libh deireadh a chur leis an fhoras, tá gach seans go dtarlóidh sé sin leis an DUP agus Fine Gall i gceannas anois ar na cúrsaí seo.

    An é sin an rud atá uaibhse dáirire – ní ionsaí é seo, is ceist é.

    Freagra
    1. aonghus

      Sé an cheist ná an bhfuil an Stáit ag úsáid ár gcuid airgead go héifeachtach nó an bhfuiltear á chuir amú ar mhaorlathas aimrid.

      Tá athleasú de dhíth ar an bhForas agus ar na hEagraíochtaí araon.

      Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Fán dtrath seo, is cuma liom an Fhoras ann nó as. B’é an botún a deineadh an céad lá, áfach, nár bunaíodh institiúid teanga iomlán as an nua seachas pearsanra agus cultúr stalaithe an sean Bhórd na Gaeilge a cheangal leis an bhForas. Chuir sin an chaidhp báis air ón tús. Is léir domsa go bhfuil an Fhoras ní h-amháin mí eifeachtach ach lofa le cois. Léiríonn an scéal faoi bhronnadh an Chonradh ar Ghaelscéal an fhírinne sin go h-iomlán. Tugadh é dar liom don dream ba lú a bhí cáilithe agus ag a raibh an iarratas ba laige – agus an rian sin air anois – seachas do dhreamanna eile a raibh dáiríre faoin gcúram. Cén chúis a deineadh an chinneadh sin – bhuel d’ínseodh freagra na ceiste sin alán duit. Ach toisc go bhfuil an Fhoras chomh tré dhearcach le coincréid, ní bhfaighfear an freagra sin go brách….

    Freagra
  7. séamusmacseáin B'Feirste

    a Sheáin a chara in am seo an spáraín teann ní shílim go bhfuil áit ann do mhaorlathas a dhéanann stiúir ar a lán maorlathais bheaga .Tá 19 de eagrais bhuanmhaoínithe (sílim) ag an Fhoras agus maorlathas beag dá gcuid fein ag gach ceann acu agus má bhíonn grabhróga fágtha is orthu sin ar an talamh a chaitear iad. Ní shílim go bhfuil foras ar leith de dhíth le roinnt punta a scaipeadh ar eagrais eile. Thiocfadh le seisear ná seachtar sin a dhéanamh creidim agus an tairgead a shabhálfaí a chaitheamh orthu sin atá ag obair ar an talamh. Ní shílim go dtarlóidh sin áfach nó is peata súgartha de chuid na bpáirtithe polaitiúla é an Foras le go dtig leo a dtacadóirí féin a chúiteamh as a bheith dilís dóibh. Ba chuma ar bhealach dá mbeadh an foras éifeachtach ach níl le déanamh ach amharc ar chomh fada agus atá sé ó thug siad briseadh síos ar a chaiteachas le cruthú chomh haimscí agus trí chéile agus atá sé. Ní ghlacfaí le droch chleachtas den chineál sin ó chomhlacht aon oibrithe amháin gan a bheith ag caint ar eagraíocht a bhfuil na muilliún punta de airgead na gcáiníocóirí a láinseáil aicí.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s