Tá alt agam i nGaelscéal inniu mar gheall ar an Eoraifís, teach fuar don Ghaeilge, agus cuirim an cheist ar cheart feachtas a bhunú le brú a chur ar RTÉ amhrán i nGaeilge, an teanga oifigiúil eile, a chur san iomaíocht ar ár son an bhliain seo chugainn, dhá scór bliain ó raibh an amhrán Ghaeilge deireannach san iomaíocht.
“Éistigí, éistigí, cloisim arís é, ceol an ghrá…”
Ba é sin an céad líne ón amhrán deireannach i nGaeilge a sheas an fód ar son na hÉireann i gComórtas na hEoraifíse. Go deimhin ba é ‘Ceol an Ghrá’ an t-aon amhrán i nGaeilge a rinne ionadaíocht ar son na tíre ó thosaigh an ceiliúradh cultúrtha seo sna 50í.
An bhliain seo chugainn, beidh dhá scór bliain caite ó chan Sandy Jones an t-amhrán a chum Joe Burkett agus ar chuir Liam Mac Uistín na focail leis i nDún Éideann. Tugadh an méid sin chun solais i gclár faisnéise spéisiúil a chraol TG4 ag an deireadh seachtaine agus babhta ceannais de chomórtas Eoraifíse na bliana seo ag teannadh linn Dé Sathairn. Le linn do Sandy bheith ag canadh i gcraobh na hEoraifíse, phléasc tine ealaíne go giorraisc sa lucht féachana mar agóid ó aondachtaithe, maítear, in éadan dhánaíocht na hÉireann amhrán Gaeilge a chur san iomaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta.
Lean Sandy léi ag ceol agus chríochnaigh an comórtas le 72 marc agus sa 15ú áit as 18 iomaitheoir. Mura bhfuair Sandy Jones an teachtaireacht ón ghiorraisc aondachtach nach raibh fáilte roimh an amhrán i nGaeilge, fuair RTÉ, an craoltóir náisiúnta, ar a bhfuil freagracht ag Aontas Craoltóireachta na hEorpa maidir le roghnú iontráil na tíre seo, go soiléir é. Níl amhrán i nGaeilge tágtha i ngiorracht scread asail do Chomórtas na hEoraifíse ó shin. Má bhí aon locht ar chlár TG4, níor thug sé aghaidh ar an gceist mhór a bhí agam. Cén fath nach bhfuil amhrán Gaeilge curtha san iomaíocht ó shin? Dá am agus don chomórtas seo, b’amhrán den scoth é ‘Ceol an Ghrá’. Cé nár bhuaigh sé, d’éirigh níos fearr leis ná mar a chruthaigh amhráin eile ón dtír seo le blianta beaga anuas. Ní bhfuair amhrán na hÉireann ach 25 pointe anuraidh agus le dhá nó thrí bhliain roimhe sin níor éirigh leis an iontráil Éireannach gabháil thar an babhta leathcheannais. Sheolamar turcaí nach raibh Gaeilge ná Béarla aige chuig an Eoraifís in 2008 leis an amhrán ‘Irelande Douze Pointe’ – n’fheadar an bhfuil sin cruinn ceart i dteanga ar bith!
Ní raibh iarracht Éireannach sa ‘Bharr 10’ ach dhá uair ó 1999 agus bhaineamar an áit dheireannach amach den gcéad uair in 2007. Is comórtas é an Eoraifís atá dírithe ar an amhrán is fearr san Eoraip a aithint – cé go mbíonn an sprioc sin dofheicthe go minic sa cheo draíochta ar an ardán ar an oíche mór. Is faoi RTÉ atá sé an comórtas a reáchtáil sa tír seo, cuireadh a thabhairt do scríbhneoirí amhrán liricí agus ceol cuí a chumadh, scagadh a dhéanamh ar na hiarratais agus gearrliosta d’amhráin a chur ós comhair na tíre don Chomórtas Náisiúnta. Bhí tráth ann go mbíodh seo ina oíche mhór ann féin ach anois níl ann ach mír ar an Late Late Show, teach fuar don Ghaeilge riamh.
I mbliana – agus le roinnt blianta anois – ní raibh amhrán Gaeilge le clos i mbabhta ceannais na hÉireann. I mbliana ba é an t-amhrán “Lipstick” a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad an cúpla gruaigeach, Jedward, a cheolann an t-amhrán ach b’iad Daniel Priddy, Lars Halvor Jensen agus Martin Michael Larsson, cumadóirí ceoil ón Danmhairg, a chum é. Tá na torthaí imithe an oiread sin chun donais go bhfuil ár gcraoltóir náisiúnta, ar a bhfuil dualgas reachtúil an Ghaeilge a chur chun cinn, anois ag déanamh aithrise ar Chumann Sacair na hÉireann agus a gcuid iarrachtaí imreoirí sacair le dúchas Éireannach a aimsiú chun imirt ar son na tíre. Ní léir go bhfuil fiú seanmháthair de bhunadh na tíre i ngéaga ginealaigh na gcumadóirí a chuir iarracht na bliana seo chun tosaigh. An t-amhrán deireannach i nGaeilge ar chuimhin liom é bheith san iomaíocht sa chomórtas náisiúnta, ba é ‘Bon Bon Carr’. Cé nach liric é a bhí thar mholadh beirte ó thaobh doimhneachta de, bhí bua éigin san fhonn a d’fhág mé á cheol faoi m’anáil agus in ainneoin chomhairle na n-aingeal. Tháinig ‘Bon Bon Carr’ agus amhráin ar nós ‘An Dreoilín’ chuig an gComórtas Naisiúnta via comórtas ‘Réalta’ RnaG, comórtas chun iontráil Ghaeilge a roghnú agus a bhí thar a bheith rathúil. Cuireadh deireadh leis in 2002/3, tráth go raibh an craoltóir ag iarraidh ciorruithe móra a chur i bhfeidhm. Cé go raibh rath ar RTÉ idir 2003 agus 2008, níor deineadh ‘Réalta’ a atbheochan. Mar sin, gan agó, chuir an craoltóir náisiúnta deireadh leis an Ghaeilge san Eoraifís.
Beidh go leor i measc phobal na Gaeilge a déarfaidh nach cailliúint é. Nílimse ina measc. Táimid ró-ardnósach, cuid againn. Ní fhéadfadh sé ach cuidiú le stádas na Gaeilge bheith ar ardán a mbeadh aird ag breis is 200 milliún duine air, fiú nach mbeadh i gceist ach seal gairid. Dhéanfadh sé níos mó i gcúpla nóiméad ar son stádas agus úsáid na teanga ná mar a dhéanfadh maidhm pháipéarachais, tuarascálacha oifigiúla agus foirmeacha dothuigthe agus dolíonta.
Nuair a bheidh Eoraifís na bliana seo curtha thar abhainn, pé toradh a bheidh ag Jedward ar ár son, ba cheart teagmháil a dhéanamh le RTÉ chun a chur in iúl go bhfuil sé thar am deis a thabhairt d’amhrán Gaeilge, an teanga oifigiúil eile, bheith páirteach ar ár son sa cheiliúradh cultúrtha Eorpach seo. Éistigí, éistigí, an gcloisfimíd arís é, ceol an ghrá?
Cad é bhúr mbarúil?