Cartlanna Clibe: Pádraig Ó Céidigh

Dá bhfaighinn mo rogha den triúr acu – thogfainn an triúr acu!

nuacht7masthead

 

foinse\

nuacht24logo

 

Tugadh spléachadh dúinn i scéal san Irish Independent ar maidin inniu.ar an gcuma is ar an gcrut a bheadh ar Foinse Nua nuair a eiseofar é an tseachtain seo chugainn.     Neosann an ceannteideal seo go leor: Irish Independent to distribute Foinse, Ireland’s biggest Irish language newspaper.

Mé féin atá ag leagadh na béime ar ‘distribute’ – ritheann sé liom nach ionann é seo agus an Irish Independent ag tabhairt le fios gur nuachtán i stábla an Independent é seo agus mar sin gurb é Foinse féin a bheidh ag íoc as an gclódóireacht agus as an ndáileacháin.    Sin iad an dhá ghné is costasaí den obair seo, foilsiú agus daileadh nuachtáin.    Níl aon eolas agam ar seo ach mo thaithí féin – is é mo chonclúid gurb é an rud atá ag titim amach anseo, go bhfuil Pádraig  O Céidigh ag athsheoladh Foinse leis an airgead a bhí fagtha ag an sean Foinse ag deireadh mí an Mheithimh.   Tá sé ag súil go bhfaighidh sé an t-airgead ar ais – agus brabhús le cois – má bhionn rath ar chúrsaí fograíochta san fhoilseachán nua.   Is é an geall is mó a deineadh i saol na Gaeilge go dtí seo – seans go gcaillfidh sé ar a laghad leath mhilliún Euro mar thús – b’é sin an méid is lú a bhí fagtha i gcúntas Foinse ag deireadh mí an Mheithimh.   Gan dá gcuirfeadh sé an t-airgead seo ina phoca, bheadh air Capital Gains Tax a dhíol ar an gcnapshuim.  B’fhearr do é a chuir ag obair do.

Tá sé le moladh as a chuid airgid a chur sa bhearna baoil mar seo – ní h-é an chéad Gael a rinne amhlaidh ach ag tabhairt chun cuimhne na cuinsí a spreag Foinse chun eirí as gnó ag deireadh mí an Mheithimh, titim mhór ar an bhfógraíocht stáit a bhí ina fhordheontas neamh oifigiúil ag sean Foinse agus deontas easnamhach mar chúiteamh ó Fhoras na Gaeilge, tá sé deacair a dhéanamh amach go líonfar an bearna i gcúntais Foinse – agus i gcúntais Uí Chéidigh dá réir – go luath nó fiú in aon chorr.

Tá an amáíl spéisiúil, gan amhras.  Tá sé ag seoladh Foinse Nua an tseachtain céanna go mbeidh bord Fhoras na Gaeilge ag teacht le cheile chun cinneadh a dhéanamh faoi chomharba a aimsiú do ar Foinse Marc 1.    Ní de thimpist atá seo ag titim amach, cheapfá, nó gach seans go gcruthóidh seo deacrachtaí nach beag do bhord an Fhórais.   Tá na comhaltaí ag teacht le cheile chun cinneadh a dhéanamh faoi cé acu ar cheart nó nár cheart deontas a chur ar fáil chun nuachtán seachtainiúil Ghaeilge i gcomharbacht ar Foinse a fhoilsiú.   I gcomhthéacs na h-aimsire seo, agus ciorruithe ag titim amach i ngach cúinne de bhuiséad na h-earnála phoiblí,  ní chuirfeadh sé íontas orm dá dtogfaí raic faoin scéal seo sna meáin Bhéarla sna laethannta romhainn, agus mar a dúirt mé roimhe, go bhféadfaí cás dlí bheith i gceist mar gheall ar dlithe an Aontais Eorpaigh faoi chúrsaí iomaíocht.

Má tá Foras na Gaeilge le beart a dhéanamh de réir briathar agus infhéistiú a dhéanamh i bhfoilsiú nuachtáin Ghaeilge, nuachtán a bheidh gan amhras ag dul san iomaíocht le Foinse Nua ar son fograíochta, mar shampla, beidh ar an bhForas an iarratas is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an ndúshlán seo a roghnú.    Dar liomsa, tá iarratas Nuacht 7, atá tacaiocht phraicticiúil aige ó nuacht ghrúpa náisiúnta uile Eireann le foilseacháin ó thuaidh is ó dheas, san áit is fearr chun a chinntiú nach dteipfidh ar an gcomórtas seo nuachtán rathúil a fhoilsiú.   Beidh ar cibé nuachtán a roghnófar bheith laidir a dhothain – le cúltaca caiptil agus acmhainní eile ar nós saineolas faoi chúrsaí clódóireachta agus daileachán – chun an fód a sheasamh don chéad bhliain chinniúnach.      Tharlódh sé mar shampla nach mbeadh rath ar Foinse Nua agus dá dteipfeadh cá fhagadh sin lucht na Gaeilge – ar an ngannchuid arís.  Ar ndóigh ní bheimis gan nuachtán ar fad, nó bheadh Nuacht 24 ann go fóill ach gan tacaiocht nó urraíocht de short éigean, cá fhad ar féidir leis an mbaicle sin leanacht leis an éacht atá á dhéanamh acu gach seachtain.

Má tá muintir an Fhorais chun geilleadh don bhrú pholatúil atá agus a bheidh orthu as seo go ceann cúpla seachtain gan dul ar aghaidh leis an gcomórtas, beidh orthu bheith ullamh le h-aghaidh aisfhreagra freisin.  Ní féidir bheith ag fógairt comórtas  phoibli agus ansan tar éis do gach duine costas agus trioblóid a chur orthu féin, eirí as ag an noimead deireanach gan a bheith ag súil go mbeidh aisfhreagra ann.

Is fada an mbóthar nach mbionn casadh ann.   Guím gach rath ar Foinse Nua.  Tá súil agam go bhfaighidh Pádraig  O Ceidigh aisioc agus tuilleadh ar a gheall.  Agus má bhionn an triú nuachtán Ghaeilge ann, sé sin Nuacht 7, bhuel táim cinnte go mbeidh iomaíocht spéisiúil ann le h-aghaidh margadh na Gaeilge.  Ní gá gur iomaíocht é seo a bheidh ar aimhleas an dhá fhoilseachán.   Gach seans, mar shampla, go bhfasfaidh Foinse Nua an caidreamh idir phobal na Gaeilge agus an phobal mhór agus mar sin de go mbeidh níos mó eilimh, seachas níos lú, ar nuachtán Ghaeilge.   Ag cur san áíreamh chomh h-íseal agus a bhí díolachán Lá Nua agus Foinse nuair a dúnadh iad, ar éigean go bhféadfadh díolachán cibé nuachtán a roghnófar bheith níos lú.

 

An Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh agus an dubh ina gheal

Cheapfá go raibh a dhothain dochar déanta ag Sinn Féin do na meáin Ghaeilge nó tá ionadaithe an pháirtí ar bhord Fhoras na Gaeilge tar éis suí ar a lámha agus dhá nuachtán Ghaeilge á dhruidim ceal tacaíochta ón bhForas céanna.

Anois tá siad ag iarraidh grúpa comhairleach a chur ar bun chun “moltaí a chur le chéile agus agus a chur faoi bhráid an rialtais maidir le todhchaí na meán clóite agus na meáin craolta in Éirinn”.

De réir sceala ar Gaelport:

Labhair Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin, ag an gcruinniú agus luaigh sé cás Foinse mar shampla don ghéarghá atá ann do pholasaithe agus reachtaíocht a chur ar bun agus tiomantas agus tacaíocht do na meáin dúchasacha a léiriú.

Agus dúirt sé, gan aon tuiscint ar an íoróin, is léir:

Dúirt sé go raibh sé do-ghlactha go raibh a phort deireanach seinnte ag Foinse, a d’fhoilsigh an t-eagrán deireanach ag an deireadh seachtaine.

Má tá sé doghlactha aige go raibh port deireannach Foinse seinnte, cén fath go raibh sé inghlactha ag a chomhleacaithe atá ina suí ar bhórd Fhoras na Gaeilge?

Tá soir agus siar ann faoi fhiúntas Foinse agus an slí gur tháinig deireadh leis an nuachtán agus daoine den tuairim ná raibh an scéal iomlán á roinnt ag Pádraig Ó Céidigh linn. Bhí dhá stiúrthóir ar an gcomhlacht, mar shampla, agus ní raibh, is cosúil, aon bhaint acu le reachtáil na comhlachta ó lá go lá ach tá ceist ann faoi cé acu an raibh siad araon ag tarraingt tuarastal substaintiúil ón gcomhlacht.

Más amhlaidh go raibh, cén fath go raibh? Táimse den tuairim go mba cheart go mbeadh stiurthóirí na comhlachta ag fáíl sciar den brabhús ós rud é gurb iad a bhunaigh an nuachtán – ach níl a fhios agam an bhfuil sé ceart go mbeadh tuarastal á tharraingt acu agus gan iad fostaithe go foirmeálta ag an gcomhlacht….

Ag an am chéanna, tá gá le diancheistiú ar ionadaithe Shinn Féin agus ionadaithe na bpairtithe eile atá ina shuí timpeall ar bhórd an Fhorais féachaint cén fath gur lig siad an dara nuachtán Ghaeilge chun báis i dtréimhse sé mhí.

Níl sé maith a dhothain go bhfuil an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh ag dul thart agus ag béicigh faoi dhúnadh Foinse agus go gcaithfidh an Rialtas seo, siúd agus eile a dhéanamh faoi seo nuair atá neamh íontas á dhéanamh aige de ról a pháirtí féin sa chliseadh is déanaí – agus sa chliseadh a chuaigh roimhe. An é nach dtuigeann sé an scéal iomlán nó an bhfuil sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn?

alt ag Seán Tadhg Ó Gairbhí i dTuarascáil inniu agus é ag caint ar an ghá atá le nuachtán Ghaeilge agus an baol ina bhfuil an teanga anois d’uireasa Foinse. Rinne sé tagairt sleasach do Lá Nua – gan ainm an nuachtáin a lua – an é Lá Nua an t-ainm nach féidir a chur i gcló ar cholún Ghaeilge an Irish Times ar chúis éigean?

Éadochas eagarthóra

agallamh spéisiúil ag Caitlín Ní Ruanaidh le h-iar eagarthóir an iar nuachtáin, Foinse, ar an Druma Mór ar maidin, agallamh ina léiríonn Seán Tadhg Ó Gairbhí éadóchas go mbeidh Foinse linn arís.

Is cinnte gur iriseoir den scoth é Seán Tadhg a rinne sár jab faoi chúinsí deacra. Ní thuigim go raibh na h-acmhainní aige an crut is fearr a chur ar Foinse agus ní thuigim go fóill an scéal seo faoin chúlchiste a bhí ag an nuachtán – ach nár caitheadh, is léir domsa, ar uasghrádú an nuachtáin.

Sin argóint do lá eile, áfach. Tuigim cás Sheán Tadhg agus é anois sa tóir ar phost – fiú is go bhfuil taithí na mblianta aige agus iomrá air mar iriseoir, níl na folúntais ann sna meáin faoi láthair, gan trácht ar na meáin Ghaeilge.

B’olc an scéal dá gcaillfí a leitheid de thalainn ó na meáin Ghaeilge.

San agallamh seo, tá sé ag seachaint na ceiste faoin locht, cé air a cheart an locht a chur as ucht an gcliseadh ar Foinse?

Nílim chomh carthannach céanna. Tá an locht ar an bhForas, tá an locht ar Ghaeil nár cheannaigh é agus tá an locht ar an Aire Éamon Ó Cuív a shuigh ar a lámha nuair a bhí an nuachtán i bpriacal an oiread gur shuigh sé ar a lámha nuair a bhí Lá Nua i mbaol.

Is é seo an teachtaireacht is duairce ón agallamh:

Fad is a thuigtear domsa, sin deireadh leis an pháipéar. Ní dóigh liom go dtiocfadh sé slán sa ghearrtéarma. Beimid gan nuachtán Gaeilge ar feadh tamaill. Brathann sin amach anseo ar Fhoras na Gaeilge, ar an rud a dhéanfaidh siad sin amach anseo

Is féidir libh an chuid eile den agallamh a léamh ar shuíomh An Druma Mór. Maith thú, a Chaitlín, fuair tú scúp deas… ní fheadar ar chuir aon meán eile Seán Tadhg faoi agallamh…

Foras na teipe

Fuaireas mo choip de Nuacht 24 inné. Tháinig sé tríd an phost ó Bhéal Feirste le linn na deireadh seachtaine. Miorúilt de sort é seo, go h-áirithe i ré an deontais, go bhfuil ar chostas an íseal, níos lú ná €1 an chóip, nuachtán de chaighdeán chomh h-ard is atá Nuacht 24.

An phríomhscéal sa nuachtán seo, bhain sé le priacal Foinse agus an cheist a cuireadh: cé acu Foinse nó Foras na Gaeilge a chaochadh a súil ar dtúis?

Mar thoradh ar an gcruinniú a bhí ann Déardaoin seo chaite, thairg an Fhoras síneadh míosa ar an gconradh a bhí sínte faoi thrí nó faoi cheathair roimhe sin ar aon nós. Cheapfá le sin go raibh bob buailte acu ar Phádraig Ó Céidigh agus Móinéar Teorannta agus an brú orthu glacadh leis an dtairiscint sin, a chiallódh i bhfirinne go mbeadh ar Foinse glacadh le caillteanas €20,000 (€5,000 in aghaidh an eagráin ar a laghad).

Ach nior gheill Foinse nó níor chaoch siad a súl – ar phríomhleathnach an nuachtáin Dé Satharn tugadh le fios go mbeadh an eagrán dheireannach ann ar an 28ú Meitheamh mura mbeadh árdú shuntasach ar thairiscint an Fhorais.

B’fhéidir nár cheart íontas a bheith orainn faoi seo. Tá taithí ag Pádraig Ó Céidigh ar iomaíocht thréan le Michael O’Leary ó Ryanair. Is cinnte nach mbeadh lucht an Fhorais ábalta bheith san aerfort céanna le O’Leary, ní h-ionann agus an fhear a bhuaigh Fiontraí na Bliana cúpla bliain ó shin.

Ar an Aoine seo chaite bhí cruinniú d’fho choiste Nuachtáín agus Irisí an Fhorais. Dhéarfainn leat cé raibh ar an bhfocoiste seo ach ní féidir liom de bharr nach bhfuil ballraíocht na bhfochoistí ina eolas phoiblí fiú is nach bhfuil aoinne sa bhreis ar an seisear deag comhalta atá ar Bhórd iomlán an Fhorais ar an bhfochoiste.

An chúram a bhí ar an bhfochoiste seo féachaint ar na moltaí a bhí ag Foinse agus moladh a dhéanamh a bheadh le plé ag an gcruinniú den Bhórd iomlán an Aoine seo chugainn.

Faoin mBórd anois atá sé teacht ar réiteach, má tá an fonn sin orthu. Beidh a fhios acu nach bhfuil aon seans, mar shampla, go leanfaidh Foinse ag foilsiú fhaid is a chuardaíonn siad comharba chun glacadh leis an gcailís nimhe seo mura mbionn réiteach ar an bhfadhb seo.

Mar sin tá rogha an dhá dhíogha ag Foras na Gaeilge anois – beidh orthu conradh i bhfad níos fearr agus nios costasaí a thabhairt do Mhoinéar Teo chun leanúint le foilsiú Foinse.

Nó beidh orthu maoiniú mar is ceart a thabhairt do Nuacht 24, an t-aon dream a fhéadfadh glacadh leis an gconradh gan proiseas fada tairisceana. Is dócha má theipeann ar an bhForas teacht ar réiteach go mbeidh proiseas tairisceana nua ann – ach ní fheicim ach aon iarrthóír amháin le dealramh, sin Nuacht 24. Is iad Nuacht 24 an t-aon dream a bheidh sásta an dúthracht is an diograis is an deonachas a chur sa nuachtán ar ghá chun a leithéid seo de thogra a chothú is a bhuanú.

Seo an rud nach dtuigeann Foras na Gaeilge. Ní thuigeann siad an luach a bhí á fháil acu ó leithéidí Lá Nua agus, ina dhiaidh sin, ó Fhoinse agus, fiú nach bhfuil maoiniú á dháileadh acu ar Nuacht 24/An Druma Mór, ón nuachtán sin. Thar aon fhiontar eile a bhí á maoiniú ag Foras na Gaeilge, b’iad seo na bratloing, na feithiclí is fearr chun aidhmeanna an Fhorais a bhaint amach.

Agus anois tá siad imithe nó ar tí bheith imithe. Is minic an sean rá ó Lady Bracknell lúbtha agus úsáidte ar mhaithe leis an scéal a mhíniú – ba mhí adh an nuachtán Ghaeilge amháin a chailliúint – míchúram a bheadh i gcailliúint an dara nuachtán Ghaeilge.

Ach seo tubaiste a fhagann Foras na Gaeilge gan creidiúint dá laghad, foras na teipe ar cheart a thabhairt air feasta.

Dála an scéil, agus mé ar chuairt ar shuíomh an Fhorais anocht, thugas faoi ndeara go raibh an tuarascáil agus na cúntais le h-aghaidh 2004 imithe as radharc. Nior fhoilsíodh seo go dtí deireadh mhí Feabhra i mbliana – ach cá bhfuil an cháipéis anois?

Uasdátú: Tá an tuarascáil le h-aghaidh 2004 ar ais ar an suíomh ag Foras na Gaeilge ar maidin inniu (tabhair faoi ndeara an dáta.). Caithfidh go bhfuil siad ag léamh iGaeilge go cúramach….

Ó Cuív ag scaipeadh mí-eolais?

De réir eolais atá faighte agam agus atá go h-iomlán iontaofa, is cosúil go bhfuil an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag scaipeadh mhí-eolais. B’fhéidir nach bhfuil sé á dhéanamh san d’aon ghnó – ach is mí eolas atá ann ar aon nós.

Seo a deirtear liom: go bhfuil an Fhoras ar an eolas le mí anuas nach raibh Moinéar Teorannta sásta glacadh leis an gconradh ar €355,000 nó, fiú, ar €400,000 in aghaidh na bliana. Glacaim leis go bhfuil sé amhlaidh de bharr go bhfuil na cúinsí faoina raibh an nuachtán beo nuair a luadh an figiúir €400,000 athruithe go suntasach – gan aon dul chun cinn ar cheist na bhfógraí, mar shampla agus laghdú dá réir ar theacht isteach an nuachtáin agus go bhfuil ualach trom á lorg ag an bhForas sa bhreis ar an méid atá Foinse sásta solathar ar an €355,000 (leathnaigh breise, suíomh idirlín neartaithe is uile).

Deirtear liom freisin gur chuir Foras na Gaeilge an conradh nua chuig Moinéar Teo ar an 4ú Meitheamh agus gur chuir Pádraig Ó Céidigh freagra i scribhinn an lá céanna ag cur in iúl nach mbeadh sé ag glacadh leis an gconradh nua.

Ar an raidió ar maidin, dúirt an Aire gur inné (Dé Chéadaoin) an chéad uair a cuireadh diultú Moinéar Teo in iul don Fhoras go foirmeálta. Níl sé sin cruinn. Is mí-eolas é agus níl a fhios agam cad as a bhfuair Ó Cuív an t-eolas ach ba cheart do filleadh ar an bhfoinse arís agus é a cheistiú go dian faoi sin. Dá mba amhlaidh go raibh foras stáít ag cur Aire na mathair roinne ar mhí eolas faoi cheist chonspóideach – nó faoi cheist ar bith – bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ansan d’fhoinse an mhí-eolais, bheinn ag súil.

Is léir go bhfuil mearbhall nó mí eolas ar an Aire freisin i dtaobh treimhse chonartha Foinse. Tháinig deireadh le conradh Foinse ag deireadh mhí Lúnasa anuraidh. Ó shin i leith tá siad ag feidhmiú ar shíneacha chonartha, ceann amháin go deireadh Nollaig, ceann eile go deireadh mí Márta agus roinnt shíneachaí níos giorra ó seo go dtí 15ú Meitheamh, sé sin Dé Luain, nuair a thiocfaidh deireadh leis an gceann is déanaí.

An slí a oibríonn sé sin, go mbionn ar an t-é atá ag súil le conradh nua feidhmiú de réir téarmaí an sean chonartha agus glacadh leis an iocaíocht a bhí ceadaithe de réir an sean chonartha fhaid is atá an conradh nua á ullmhú.

An deacracht le sin, go mbeadh an t-é atá ag feitheamh ar chonradh nua thíos leis an gcaillteanas fhaid is atá siad ag feitheamh. Maith go leor más orthu an locht as an mhoill. Ach cé ar atá an locht sa chás seo? D’fhógair Foras na Gaeilge an chomórtas oscailte i mí Bealtaine agus a fhios acu, ní foláir, go mbeadh deireadh leis an gconradh reatha ag deireadh mí Lúnasa. Nior fhag an Fhoras a dhothain ama chun conradh nua a chur in áit roimh don sean cheann imeacht in éag. Agus rinne an Fhoras talamh tirim den diogras agus den dílseacht ó Foinse go bhfanfadh an nuachtán ag foilsiú fiú is go raibh an nuachtán, ag an am sin, ag cailliúint airgid de bharr an ngearradh siar ar fhógraí stáit. Ní h-é ná raibh a dhothain ama idir 2004, nuair a thosnaigh an chonradh ceithre bliana seo, agus 2008, nuair a chriochnaigh sé le bheith ag ullmhú. Cad a bhí ar bun ag an bhForas sa tréimhse sin?

Cé gur chreideas gur €320,000 a bhí á fháil ag Foinse, is €298,000 in aghaidh na bliana a fuair siad don bhliain reatha. Is soileiriú an méid sin ar an lúb ar lár a d’aithin mé i dtrachtaireaht eile. Mo bhotún féin a bhí ann – mo leithscéal as sibh a chur ar mhí eolas.

Ag an bpointe seo, níl sé soiléir cé acu an mbeidh nó nach mbeidh eagrán Foinse ann i ndiaidh eagrán an Domhnaigh bhig seo. Tá súil agam go mbeidh. Misneach a cháirde! Nuair atá ár gcuid namhaid ag brath ar bhréaga agus ar mhí eolas, is léir go bhfuilimíd ar an dtaobh ceart!

Faoiseamh shealadach Foinse

Is cosúil go bhfuil faoiseamh sealadach anois ag Foinse nó an bhfuil? Tar éis an chruinniú inniu, tá síneadh míosa tairgthe ag an bhForas d’fhoilsitheoirí an nuachtáin chun deis a thabhairt don dhá dhream, is cosúil, theacht ar chomhréiteach shealadach.

Ní h-é go bhfuil an nuachtán slán ná baol air. I bhfírinne séard atá ag tarlú ná gnath chleas an Fhorais – go gcuirtear aon chinneadh ar an méar fhada le súil nach mbeidh gá cinneadh cruaigh a dhéanamh mar go mbeidh an fadhb réitithe ar shlí eile idir an dhá linn.

Thárla sé i gcás Lá Nua i mí Feabhra 2008. Bhí deireadh le teacht le Lá Nua ag deireadh na míosa sin ach, go tobann, nuair nárbh léir d’aoinne go raibh aon réiteach i ndán, chinn foilsitheoirí an nuachtáin, Grúpa Mheáin Bhéal Feirste, go raibh siad sásta cloí leis an gconradh a raibh ann go deireadh 2008 le súil go mbeadh réiteach i ndán ar cheist na bhfógraí stáit ó thuaidh. Nior tharla aon réiteach – cé go raibh corr seachtain anseo is ansiúd inar díoladh cúpla fógra sa bhreis. Agus sa deireadh d’éag Lá Nua faoi shíocháin agus an fhoireann spioradúil, misniúil a throid ar son an nuachtáin ag glacadh leis ná raibh aon éalú ón gcinniúint. Agus ní raibh ceal miorúilt.

Anois tá Foras na Gaeilge tar éis raitis a éisiúint ina ndeirtear an méid seo i leanas:

Maidir le Móinéar Teo. agus an conradh nua atá á thairiscint ag Foras na Gaeilge dóibh leis an nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú, is mian le Foras na Gaeilge na pointí seo a leanas a dheimhniú:

· Tá conradh nua curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do Móinéar Teo. le Nuachtáin Seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú don tréimhse 2009 – 2013.
· Is fiú €1,420,000 an conradh seo, nó €355,000 in aghaidh na bliana.
· Faoin gconradh nua seo tá méadú substaintiúil de 16.3% nó €58,000 in aghaidh na bliana á tháiriscint do Móinéar Teo.
· Rinneadh an tairiscint seo mar thoradh ar phróiséas measúnaithe cothrom agus trédhearcach agus i ndiaidh mionphlé le Móinéar Teo., le Coiste Nuachtán agus Irisí an Bhoird agus le Bord an Fhorais féin.

Bhí cruinniú ag Foras na Gaeilge le bainistíocht Móinéar Teo. inniu le sonraí an chonartha a phlé. Is tríd an bplé seo a réiteofar aon cheisteanna atá ag Móinéar Teo. i leith an chonartha. Pléifear na deacrachtaí atá ag Móinéar Teo. le Coiste Nuachtán agus Irisí an Fhorais go luath. Idir an dá linn tá síneadh ama ar an gconradh reatha á thairiscint ag Foras na Gaeilge do Mhóinéar Teo.

Is cúis díomá do Fhoras na Gaeilge gur chinn Móinéar Teo. na deacrachtaí atá acu a phlé leis na meáin sular thosaigh siad ar aon idirphle leis an Fhoras.

Tá cúpla rud le tabhairt faoi ndeara faoin ráiteas sin. Ar na rudaí a maíonn an Fhoras go bhfuil méadú substaintiúil á thairiscint do Moinéar Teo an nuachtán a fhoilsiú as seo go 2013. Méadú 16% nó €58,000 in aghaidh na bliana atá i gceist, deir an ráiteas.

Anois ní thuigim sin, deir muintir Foinse go raibh deontas de thart ar €320,000 in aghaidh na bliana á fháil ag an nuachtán in aghaidh na bliana ar feadh tréimhse an chonartha deiridh. Agus tá sé ráíte go soiléir sa ráiteas seo go bhfuil €355,000 in aghaidh na bliana á thairiscint ag an bhForas do Foinse agus maíonn siad gur ionann sin agus méadú €58,000 in aghaidh na bliana.

Tá lúb ar lár éigean idir an dhá ínsint. Nior mhiste liom soiléiriú ar an gceist sin.

Tabhair faoi ndeara freisin go mbeidh ar Foinse maireachtaint ar feadh míosa eile ar an ndeontas céanna a bhí ar fáil don nuachtán go dtí seo agus faoin socrú sin bheadh €200,000 caillte faoi mhí Lúnasa agus €300,000 roimh dheireadh na bliana.

Tabhair faoi ndeara an bport gonta atá á sheint ag an bhForas ag deireadh an ráitis.

Is cúis díomá do Fhoras na Gaeilge gur chinn Móinéar Teo. na deacrachtaí atá acu a phlé leis na meáin sular thosaigh siad ar aon idirphle leis an Fhoras.

Céard a bhí Foras na Gaeilge ag súil leis ó chomhlacht meáin chumarsáide agus cos leo san uaigh? Níl ach bealach amháin chun teacht slán ón mbás – agus ní sin an bealach ciúin síochánta. Troid agus gleo – sin an t-aon bealach éalaithe.

Tá sé maith go leor ag Foras na Gaeilge bheith ag éisiúint ráitis – an é an Fhoras féin a éisigh an ráiteas seo nuair an rinne Financial Dynamics an beart. Níl sé ar an suíomh idirlín Gaeilge.ie – agus beidh tuilleadh faoin suíomh sin ar ball nó is cúis náire é d’Fhoras na Gaeilge.

Tá sé ráite ar An Druma Mór go bhfuil lá maith oibre déanta inniu agus nach fada go ndeinfear ráiteas ag tabhairt le fios go mbeidh €400,000 in aghaidh na bliana ann do Foinse. Méadú a bheadh anseo cinnte agus feabhas ar na téarmaí a bhí ar fáil roimhe – ag an am chéanna, más fíor na figiúirí atá á fhógairt ag Moinéar Teo, ní réitíonn sé an fhadhb, níl ann ach go maolaíonn sé an chaillteanas. An cheist a bheadh agam cé acu an bhfuil Pádraig Ó Céidigh sásta na caillteanais sin a iompar ar a dhroim féin, faoi mar a mhaígh sé ar Adhmhaidin ar maidin Dé Chéadaoin.

Ar an dtuairisc ar Nuacht TG4 anocht, cuireadh ceist ar chúpla phearsa i saol na Gaeilge faoin mholadh a bheadh acu. Dúirt Éamonn Ó Domhnaill ó Ghaelchultúr go gcaithfeadh an nuachtán sruth nua ioncaim a aimsiú mar ná raibh an t-airgead ag an Stát faoi láthair.

Is fíor sin, a Éamoinn, ach tá sé níos éasca a rá ná a dhéanamh agus dá mbeifeá i ngnó na foilsitheoireachta thuigfeá sin níos fearr. Amharcaim ar an scéal ón dtaobh eile den ngloine – mura bhfuil an Stát sásta méid suntasach leor dhothaineach sa bhreis a thairiscint do Mhoinéar Teo, caithfidh an Stát – i bpearsa Foras na Gaeilge – bheith samhalaíoch. Cén fath nach dtugann siad cead do Foinse nuachtán seachtainiúil a éisiúint ar an idirlíon amháin, mar leagan PDF, mar a mhol Lá Nua roimhe?

Ní aontaím, mar shampla, leis an moladh a bhí á dhéanamh ag Pádraig Ó Céidigh ar Adhmhaidin inniu, go ndáílfí coipeanna de Foinse saor in aisce le gach cóip den Irish Independent uair sa tseachtain. Is ionann sin agus 170,000 cóip de Foinse a chlóbhualadh gach seachtain. Bheadh costas ollmhór leis an gclóbhuaileadh amháin agus níl an fhograíocht ann chun sin a iompar nó níl aon fhoras sa tír, NAMA san áireamh, a fhéadfadh an costas sin a iompar. Cheapfainn go gcosnódh sé ar a laghad €10,000 in aghaidh na seachtaine an mhargadh sin a dhéanamh leis an Irish Independent le h-aghaidh an dáileadh agus a dhá oiread arís le h-aghaidh an chló – sin, de réir mo mheastúchán, iomlán de €1.5m sa bhliain gan trácht ar ábhar an nuachtáin, an réimse is mó a éilíonn leasuithe agus feabhsucháin.

An moladh atá agamsa, tá sé ar leas Foinse, shábhailfeadh sé airgead ar an bhForas agus is cinnte go spárálfadh sé paipéar – agus ní cuinse é sin ar cheart beag a dhéanamh de.

An chéad uair riamh, an bhféadfaí féachaint ar fhadhb ar mhaithe leis an réiteach is fearr agus is ciallmhaire a bhaint amach seachas réiteach a chloíonn le rialacha ro dhian?

Ó Céidigh le seasamh ar son FF?

Pádraig Ó Céidigh

Pádraig Ó Céidigh

An bhfuil úinéir Foinse agus Aer Arann ar tí seasamh d’Fhianna Fáil i dtoghchán Phairlimint na hEorpa san Iar Thuaisceart?

De réir scéala sa Sunday Business Post inniu, scéal nach bhfuil ar fáil ar an suíomh idirlín go fóill, níor thug Pádraig Ó Céidigh freagra dearfach ‘sea’ nó ‘ní hea’ ar an gceist. Dúirt sé, áfach, go raibh sé tabhachtach go mbeadh níos mó fir (agus mná) gnó sáite sa pholataíocht. Dhearbhaigh sé go raibh Fianna Fáil tar éis teacht chuige agus an cheist a phlé agus fiú dá roghnófaí é, go mbeadh triúr nó ceathrar eile sa reicneáil ag an bpairtí le h-aghaidh an toghchán chinniúnach seo.

‘Politics is not my career; business is, and it’s a seriously challenging time for business,” said O’Céidigh. ‘‘I would need to consider personal issues like family versus the public interest.

”Even if I allowed my name go forward, there would still be a three or four-person team who decides who they want the mantle to go to.”

Ó Céidigh said Fianna Fáil’s record low popularity would not be an issue for him. ‘‘It wouldn’t faze me one bit,” he said. ‘‘I swim upstream. I wouldn’t be interested in it if it was a guaranteed seat, because it wouldn’t be a challenge

Nior dúirt sé, áfach, ná beadh suim aige ann. Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach – b’fhearr do a veist philéardhíonach a chaitheamh má tá sé le dul ag canbhasáil fud fad Chonnachta agus Uladh (agus an Chlár) d’Fhianna Fáil, páirtí na nimhe faoi láthair.

Mas amhlaidh go sheasann an tUasal Ó Céidigh d’Fhianna Fáil sa toghchán seo – agus is cinnte gur fear cumasach é agus go bhfuil gá lena leithéid – cá fhagann sin an maíomh a bhíodh ar bun aige faoi Foinse bheith ‘neamh pholatúil’, maíomh a dhéanadh sé chun a tharcaisne do Lá a chur in iul {mar go raibh páirt úinéir Lá ina chomhairleoir ag Sinn Féin trath nuair ná raibh sé aon úinéireacht nó láimh aige sa nuachtán]?

Ach má fhagaimíd an ghné sin den scéal ar leataobh, an bhfuil sé ar leas Fhianna Fáil, Phádraig Ó Céidigh nó na tíre go mbeadh an fhear seo ag iompó bhrait an pháirtí i dtoghchán na hEorpa?

An mbeimís níos fearr as dá mbeadh Pádraig Ó Céidigh ina Thaoiseach?