Dúirt go leor trachtairí trathnóna gur cur chuige ‘íostach’ a bhí ag an dTaoiseach, Brian Cowen, agus é i mbun athshuathadh Rialtais inniu. Cheapfá gur léirmheas ar ealaíontóir a bhí á dheanamh acu seachas rud ar bith eile.
Ní h-aon Picasso é Brian Cowen – ach is dócha go bhfuil ealaíon áirithe i gceist le roghnú airí agus, chomh tabhachtach céanna, cumadh agus díchumadh aireachtaí.
Tá suim ar leith agam sna h-aireachtaí seachas sna h-airí féin. Is féidir a rá, mar shampla, gur beag an difir a dheineann Aire thar Aire eile, cibé cén pearsa atá i gceist. Is é an stat sheirbhís ar chúl an Aire a chuireann an polasaí i bhfeidhm agus tá go leor ag brath ar an meon aigne atá ag na stat sheirbhísigh.
Is cosúil go bhfuil orainn slán a fhágáil le hÉamon O Cuív ón Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta – ach go bhfuil fear Chorr na Móna curtha i mbun Roinn nua, Roinn na Cosanta Shoisialta.
Tá Aire nua Gaeltachta ann – Pat Carey TD – agus tá cúramaí nua ag a Roinn freisin, agus an chuma ar an scéal go bhfuil sean chúram ag imeacht ón Roinn. Feasta ní bheidh cúram Ghnóthaí Tuaithe ar an Roinn seo nó ní bheidh guth timpeall bhórd na Comhaireachta ag phobal tuaithe na hÉireann.
Agus é ráite go minic go bhfuil géarchéim i saol tuaithe na tíre seo, cad é a deir sé nach bhfuil cúram ‘saol na tuaithe’ ar aon aire shinsearach?
Tá Mary Coughlan ag coinneáil a post mar Thánaiste – ach beidh sí á dhéanamh i roinn eile, An Roinn Oideachais agus Scileanna. Agus tá Batt O’Keeffe bogtha go dtí an Roinn Fiontar, Tradála agus Nuálachta. Bhí cúram na fostaíochta ar an Roinn seo roimhe – ach anois tá ‘foxtaíocht’ ar iarraidh ó chúramaí na Roinne seo. Tá seo déanta aige trath go bhfuil géarchéim fostaíóchta ann agus breis is 100,000+ níos mó ar an dól i mbliana thar mar a bhí anuraidh. Deirtear go mbeidh cúram na fostaíochta á roinnt idir dhá roinn – ach nílim soiléir cén dhá roinn a roinnfidh an chúram agus, anuas ar sin, cén fath go ndéanfá sin nuair a cheapfá gur tosaíocht é an fhostaíócht.
Maidir le Mary Coughlan, b’fhéidir gur aitheantas atá ann ar an dtuiscint atá aici ar chúrsaí eolaiochta – nó nach bhfuil aici ar na cursaí sin, gur baineadh eolaíocht mar chúram ón Roinn Oideachais. Nach ise a luaigh Teoiric na h-éabhlóíde le Albert Einstein? Bhí fadhb i gcónaí ag an Roinn Oideachais leis an Eolaíocht – thog sé tamall mhaith orthu glacadh le taighde eolaíoch ar fheabhas agus eifeacht na nGaelscoileanna is an Ghaeloideachais.
Má tá dea scéal ann ó bhearta an lae inniu, is é go bhfuil ‘cultúr’ ar nais mar chúram d’Aire Shínsearach. Nílim cinnte gurb í Mary Hanafin an t-é a roghnóinn don phost seo. Sin ráite -tá sé tabhachtach go mbeadh ‘cultúr’ ann. Tá Roinn Chultúr ag gach tír eile san Aontas Eorpach chomh fada agus is eol dom. Tá deis ann an Chultúr a chur chun tosaigh agus é a úsáid chun deiseanna nua a chruthú do thodhchaí na tíre.
Tá roinn nua, Cosaint Shoisialta, ag Eamon O Cuív agus tuigtear duínn gur ardú céime é seo. Beidh go leor cúramaí a bhaineann le cúrsaí dífhostaíochta is íocaíochtaí leasa shoisialta faoina láimh.
Is cinnte gur cur chuige íostach é ar an gcéad fhéachaint – ach b’fhéidir go bhfuil níos mó nó níos lú i gceist nuair a dheintear scrúdú níos doimhne ar an scéal!