Cartlanna Clibe: Irish Times

Agus seo iad na cinnlínte…

Agus seo iad na cínnlínte...

Tar éis dom ghearán le déanaí go raibh cinnlínte i nGaeilge ar shuíomh nua TG4, ba cheart dom cothrom na féinne a thabhairt don chraoltóir agus a chur in iúl go bhfuil cinnlínte i nGaeilge ann anois.

Níl na cinnlínte ag ceangal le h-aon scéalta nuachta – roimhe seo bhí ceangal le suíomh an Irish Times. Ní doigh liom go bhfuil an nuachtán sin chun scéalta nuachta a aistriú go Gaeilge anois nó go luath.

Mar sin féin is fearr an leath-bhulóg gan aon arán in aon chorr. Creidim féin go bhfuil sé suas do RTÉ, an t-aon solathróir nuachta san earnáil phoiblí, cúram a dhéanamh den ghnó seo.

Gan a thuilleadh moille.

Litreacha chuig Enda

Seo litir a thugas do Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, inné i Maigh Chromtha agus mé ag iarraidh bealach a aimsiú chun teacht ar chomhthuiscint idir é agus pobal na Gaeilge/na Gaeltachta mar gheall ar thodhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais agus, go h-áirithe, mar chroí ábhar don Ard Teist.

Mar a tharlaíonn sé, mar thoradh ar Dhiospóireacht na gCeannairí ar TG4, tá’s againn anois gur ábhar riachtanach í an Ghaeilge ar churaclam na hArd Teiste agus gurb í an t-aon ábhar atá an stadas sin aici. Cé gur ‘croí ábhair’ iad an Mháta agus an Bhéarla ar an gcuraclam céanna, níl siad éigeantach mar atá an Ghaeilge (fiú go bhfuil diolúiní go leor ar fáil ón nGaeilge). Agus sinn ag iarraidh stadas na Gaeilge a chosaint san Ard Teist, beartaíodh in áít éigean agus d’aontaíos leis gur cheart úsáid a bhaint as an téarma ‘croí-ábhar’ seachas ‘ábhar éigeantach’. I bhfianaise an méid atá tagtha chun solais anois mar gheall ar an difríocht idir ‘croí ábhar’ agus ‘ábhar éigeantach’, an bhfuil botún déanta? An bhféadfadh Enda Kenny nó pé duine a bheidh ina Aire OIdeachais an stadas ‘éigeantach’ a mhalartú ar an stadas ‘croí-ábhar’ agus a rá linn bheith sásta le sin?

Nó, mar a dúirt Michael Creed TD, an Teachta Dála áitiúil d’Fhine Gael sa Dáil Cheantar ina bhfuilim, Corcaigh Thiar Thuaidh, más rud é nach gcuirfear deireadh le h-eigeantas na Gaeilge go dtí go mbeidh an ábhar (nó an dhá ábhar) ina rogha nadúrtha ag daltaí ag tabhairt faoin Ard Teist, an fearr di an Ghaeilge dá mbeadh sí ina chroí ábhar, le comhstadas ceart le Béarla agus Matamaitic, seachas ina ‘ábhar éigeantach’?

Is cinnte go bhfuil fachtóir eile le cur san áireamh sa chothromóid seo. Caithfear riachtanais na n-ollscoileanna agus na n-institiúidí triú libhéal. Cuireadh i gcuimhne dhom aréir an troid/feachtas a rinne Pádraig Mac Piarais, Art Ó Gríofa, Eoin Mac Néill is eile le go mbeadh an Ghaeilge ina h-abhar riachtanach le clarú id mhacléinn in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann – agus tá sin fós ann.

Ní h-amhlaidh an scéal le Coláiste na Tríonóide. Ansan tá níos mó de stadas ag an Laidin ná mar atá ag an nGaeilge. Ní chloisim trachtairí ag gearán mar gheall ar Laidin a bheith riachtanach (nach mór) le h-aghaidh TCD!

Matriculation requirements: Irish Leaving Certificate
To be considered for admission to the University you must:

Present six subjects, three of which must be at grade C or above on higher Leaving Certificate papers or at least grade C in the University Matriculation examination
The six subjects above must include:

A pass in English
A pass in mathematics and a pass in a language other than English
OR

a pass in Latin and a pass in a subject other than a language

Níl sé chomh soiléir cad iad na riachtanaisí maithreanacha atá ag Ollscoil Luimní agus Ollscoil Chathair Atha Cliath. Is cosúil go bhfuil riachtanaisí iontrála ag brath ar na cúrsaí éagsúla atá i réim sna h0llscoileanna ‘nua’ seo.

Fágann sin nach bhfuil ach ollscoil amháin (le gréasán coláistí gan amhras) le riachtanas Ghaeilge ann do lucht iontrála, Ollscoil na hÉireann. Feictear dom go mbeidh troid le troid ansan luath nó mall mar gheall ar na riachtanaisí iontrála.

Ar aon nós, seo chugaibh an litir ar thug mé do Enda. Dúirt sé go ndéanfadh sé é a scrúdú. Beidh le feiceáil an mbeidh aon toradh fónta as. Bhí dornán litreacha san Irish Times ar maidin ar an gceist, ceann acu ó Uachtarán agus dornán iar uachtaráin Chonradh na Gaeilge. Nach ait an scéal nár sheol siad an litir céanna i nGaeilge chuig Gaelscéal nó Foinse? Nó, má sheol agus má táim ag déanamh éagóir orthu, cén fath nár foilsíodh an litir?

17 Feabhra 2011
Enda, a chara,
Beatha agus sláínte! Tá go leor le moladh i gclár toghcháin Fhine Gael mar gheall ar an dianmhachnamh is léir atá déanta ar cheist na Gaeilge. Tá sé soiléir gur leas na teanga atá ar inchinn agat agus tú ag plé na ceiste go poiblí. Creidim go mbeadh moltaí ar nós ‘An Scála Náisiúnta Líofachta’ ina thacaíocht íontach don Ghaeilge is don Ghaeilge.

Uaireannta áfach ní bhionn daoine ar chomhthuiscint cad is leas na teanga ann. Seo ceann de na h-uaireannta sin. Tá sé soiléir nach bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tar éis tuiscint soiléir a fháil ar cad go direach atá i gceist agat faoi dheireadh a chur le Gaeilge mar ábhar éigeantach san Ard Teist. Dúirt tú ar an ndiospóireacht aréir (TG4) ná raibh Mata nó Béarla éigeantach agus tuigim gur sin an chás anois. Ag an am chéanna is croí ábhair iad sa mhéid is go gcaithfidh tú Mata agus Béarla a bheith agat chun dul ar aghaidh go dtí an triú libhéal. Dá mbeifeá sásta a dheimhniú, mar shampla, go mbeadh an stadas céanna ag an Ghaeilge is atá ag Béarla agus Mata san Ard Teist, is cinnte go gcabhródh sé linn tuiscint ceart a fháil ar do pholasaí.

Molann tú freisin go mbeadh athbhreithniú ar mhódhanna múinte na Gaeilge ag gach libhéal agus nach gcuirfear deireadh le stadas reatha na Gaeilge go dtí go mbeidh an proiseas athbhreithnithe sin curtha i gcrich. An amhras atá ormsa go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil toradh an athbhreithnithe sin réamh shocruithe. Ní dhealraíonn sé dom gur deachleachtas é seo. Dá mbeifeá sásta proiseas comhairliúcháin ar na ceisteanna seo a chur ar bun agus go mbeadh dearcadh oscailte agat i leith toradh an phroisis sin, agus an mhéid sin a fhógairt go poiblí roimh an olltoghchán, táim cinnte go mbeadh glacadh níos fearr le do mholtaí i leith na teanga.

Ó mo thaithí féin ag obair sa ghort seo, tá’s agam go bhfuil cosaint dian á dhéanamh ar an status quo in ainneoin go dtuigeann daoine nach bhfuil an status quo ar leas na teanga san fhadtréimhse. Is amhlaidh go bhfuil an iomarca ag brath ar thionscal na Gaeilge sna Gaeltachtaí = na Coláistí Samhraidh is eile – nach dtroidfear ar son an bheagán atá againn nuair nach bhfuil a fhios againn nó, b’fhéidir, iontaoibh againn as an eigintneacht atá i ndán dúinn. Tá dhá Choláiste Samhraidh i Múscraí, ceann i mBaile Mhuirne agus ceann eile, Coláiste na Mumhan i mBéal Atha’n Ghaorthaidh. Tá dóchas againn freisin go ndeinfear forbairt ar Choláiste Íosagáin.

Léirigh tú ceannaireacht agus tú ag dul i ngleic leis an gceist seo sa chéad dul síós. Creidim go bhfuil deis eile agat ceannaireacht a léiriú tre a chur in iúl do phobal na Gaeilge go bhfuil aon athrú radacach i bhfad uainn agus go n-imeoidh tú i gcomhairle linn ar bhonn oscailte sagar gcuirfidh tú athruithe substaintiúla i gcrich. Mar fhocal scoir, molaim tú as an pháirt bhríomhar a ghlac tú i ndiospóireacht TG4 agus tá súil agam go leanfaidh an nós i dtoghcháín eile. Is gné tabhachtach i gcur chun cinn na Gaeilge go mbeadh ceannairí na tíre sásta í a labhairt go poiblí agus le brí mar a deineadh aréir. Gach rath ort agus tú ag tabhairt faoin treimhse dúshlánach romhat.

Is mise le meas

Concubhar Ó Liatháin

Tá mé tuirseach de ‘tír gan teanga, tír gan anam’

Agus an diospóireacht seo faoi phlean Fhine Gael ag dul ar aghaidh go tréan – go deimhin tá dornán litreacha ar an gceist seo san Irish Times ar maidin – ritheann sé liom go bhfuil gá féachaint arís ar ráiteas atá ag teacht chun tosaigh arís is arís eile san phlé seo.

Tír Gan Teanga, Tír Gan Anam

Dá mba rud é go raibh Brian Ó Nualláin ag scríobh sa lá inniu bheadh an nath cainte sin ar bharr an liosta agus é ag tabhairt faoi leagan Ghaeilge den ‘Catechism of Cliché’.

Níl a fhios agam go cinnte ach creidim go bhfuil an nath cainte seo ós cionn céad bliain d’aois. Ar an mbunús sin, creidim gur ceapadh é ag am go raibh gluaiseacht eile ar bun sa tír seo maidir leis an teanga, gluaiseacht atá cosúil le na h-iarrachtaí ar bun anois ach go bhfuil an comhthéacs iomlán difriúil.

Anois níl a fhios agam, mar shampla, an bhfuil an tuiscint céanna againn ar ‘anam’. Níl an tuiscint céanna againn ar an spioradáltacht anois is a bhíodh an uair úd ag tús an chéid seo chaite. Mura raibh an anam sin i mbaol roimh teacht na mílaoise seo, is cinnte go raibh sé damnaithe ar fad le linn blianta bhuacacha an Tiogair Cheiltigh agus an tír truaillithe le rachmas.

Nílim ag déanamh beag – a mhalairt glan – den áit lárnach inár n-oidhreacht atá dlite don Ghaeilge. Creidim, áfach, go bhfuil gá le h-athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige atá againn ar an gceist seo.

Tá tabhacht, gan amhras, le na buntáistí eacnamaíochta a ghabhann leis an nGaeilge – na páístí Samhraidh ag teacht agus an ioncam a ghineann siad do mhná tí, do mhúinteoirí, do shiopaí is eile – ach cén fath seachas sin go bhfuil tabhacht ag baint leis an dtionscal sin.

Creidimse go bhfaigheann na páistí a thagann go dtí an Ghaeltacht i bhfad níos mó as an dtrí sheachtain sin ná mar a fhéadfaí bheith ag súil leis. Go minic is é an céad blaiseadh de ‘neamhspleachas’ a bhionn ann do dhéagóir – saoire le daoine chomhaosta leis i bhfad ó bhaile (ach sa bhaile) i dtír i gcéin (ach i do thír féin) le teanga coimhthíoch (do theanga féin!).

Tá na scéalta ar fad cloiste againn faoi na páistí Samhraidh a chuaigh go dtí an Ghaeltacht agus ná raibh sásta le ‘Riail na Gaeilge’ nó leis an bia nó na rialacha eile. Is cuimhin liom nuair a bhíodh an Coláíste Samhraidh i gCúil Aodha gur mór an spórt a bhíodh ann – bheadh togha an bhídh sa bhaile sa chéad dul síos (bhí i gcónaí go maith ach chuaigh sé suas céim nó dhó teacht na gColáístí Samhraidh), bheadh raidhse daoine nua ann le cairdeas a bhunú leo (agus b’aoibhinn ar fad bheith id dhéagóir ag an am!) agus chuir sé ina luí orainn go raibh buntáistí ag baint leis an nGaeilge (cé go mbíodh idir Béarla agus Gaeilge idir sinn is na páistí!).

Thairis sin, tá tabhacht ar leith leis an Ghaeilge san am seo ach go h-áirithe. Anois an t-am ath-oideachasú a dhéanamh orainn féin le go mbeidh samhlaíocht níos beoga agus aigne níos oscailte againn chun go mbeidh ar ár gcumas dul i ngleic le na dúshláin nua an todhchaí. Faoi mar atá sé tá an chuma ar an scéal go bhfuilimíd ag iarraidh an Status Quo a choimead. Tá daoine buartha faoi sin agus an dochar a dheinfear do gheilleagar na Gaeltachta is go leor nithe eile – is tá an cheart acu bheith buartha. Nílimse ach ag moladh argóint sa bhreis ar sin, argóint deacair gan amhras ach argóint a chuirfidh ina luí ar an bpobal, agus tríd sin ar na bpairtithe éagsúla, nach bhfuil sé ar leas na tíre sa todhchaí gad na Gaeilge a scaoileadh mar atá á mholadh ag Fhine Gael.

Fianna Fáil agus Sinn Féin: Tweedle dum agus Tweedle dee

Is cuimhin liom nuair a ceapadh Brian Cowen ina Thaoiseach – agus ba cheapachán seachas toghchán a bhí ann – go raibh dóchas éigean agam go raibh ceannaire ag an tír a thuig, b’fhéidir, go raibh gá le ceannaireacht. Thóg sé mo chroí gur labhair sé as Gaeilge ina chéad oráid – ba rud fónta é sin ar a shon agus nuair nár craoladh an mír i nGaeilge ar shuíomh an Irish Times, rinneas gearán agus fuaireas leithscéal ón eagarthóir, Geraldine Kennedy.

Ní raibh an t-adh leis cinnte ach, mar a dúirt Bill Clinton, agus é ag tagairt do chúrsaí spoirt:

Golf is like life. All the biggest wounds are self inflicted.

Cé gur thosnaigh sé go maith agus é ag caint go macánta is, fiú, go spreagúil leis an bpobal, chuaigh sé ó mhaith go tapaidh agus ba thubaiste ‘caidrimh phoiblí’ a réim ag an deireadh.

B’é a shlánaigh Fianna Fáil ag an olltoghchán deireannach – ach is cosúil go ndeinfear ollscrios ar an bpáirtí ag an toghchán seo agus gur ar fhear Uibh Fháílí a bheidh an locht á chur. Gan amhras ní raibh sé leis féin ag an mbarr. Bhí sé timpeallaithe ag lucht gaimbín agus ‘lucht sea’. Fuair lucht ‘sea’ ardú céime agus d’fhan an chuid eile ina dtost go dti anois. Ná bíodh aon dul amú ort, ní leas na tíre atá ag déanamh tinnis d’amhrasáin FF ach compórd a suiocháin féin. Níl aon cruthúnas chomh soiléir ar sin ach an socrú a rinneadh, faoi choim, go mbeadh ciste ollmhór ar fáil do Theachtaí Dála a bheadh ag eirí as ag an toghchán seo… Go deimhin beidh tuarastal níos fearr – nó pinsean más fearr leat – ag na Teachtaí is na hAirí atá ag eirí as ná mar a bheadh dá dtoghfaí iad in athuair.

Má eiríonn Brian Cowen as inniu, nó i gceann cúpla lá, díreach roimh an Olltoghchán nó ina dhiaidh, ceapfaidh FF go mbeidh siad ábalta an titim tubaisteach a mhoilliú. Ní tharlóidh sin. Tá rás FF rite – agus b’fhéidir nach mbeidh FF ina fhórsa níos mó i saol na tíre. Arís ní feidir an milleán a chur ar fhear amháin – Brian Cowen nó Bertie Ahern – as sin. Tá an locht ar an bpáirtí trí cheile nó tá siad go léir chomh h-olc lena chéile. Gach duine acu ag geall leis gach deis, rinne siad an rogha éasca agus mí cheart. Cuirim i gcás an bannaí a thug FF do na bainc, an Banc Angla Éireannach san áireamh, agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, cairt mhaorláthach gan tairbhe, na meaisíní votála Tá samplaí eile ann nach luafaidh mé faoi láthair.

Na roghanna ceart: an dleacht ar mhalaí plaisteacha agus an chosc ar chaitheamh tabac.

Bhí bá na nGaeilgeoirí – a bhfurmhór acu ar aon nós – riamh le Fianna Fáil. Bhí FF i gcónaí ábalta an rud ar theastaigh uainn a chlos a rá. An cuimhin libh an gheallúint roimh an Olltoghchán deireannach: go mbeadh Aire sinsearach le cúram na Gaeilge is na Gaeltachta orthu? Chomhlíon siad an gheallúint, maith go leor, ach rinne siad cuimil a mhailín den bhuiséad, rud a fhagann go mbeidh an nGaeltacht buailte níos troime ná earnáil ar bith eile ag an mbuiséad.

Anois is cosúil go bhfuil Gaeilgeoirí ag féachaint i dtreo SF agus is cinnte go mbeidh na ‘rudaí cearta’ á rá ag an bpáírtí sin agus iad ag iarraidh ár vótaí a mhealladh. Ach an oiread le FF, ní dheineann SF beart de réir briathar agus, go deimhin, uaireannta is ar aimhleas na Gaeilge a ghníomhaíonn siad. Fiú má tá corr Ghaeilgeoir ‘mór le rá’ ar bórd acu, feictear dom gur pairtí é nach gcreideann i rud ar bith ach cumhacht ar son na cumhachta agus, mar a chonacthas ó thuaidh den teorainn, gur beag a dhéanfaidh siad ar son na Gaeilge agus iad i gcumhacht.

Mar atá ráite agam roimhe, níl idir FF agus SF ach am. Agus tá SF ag iompú ina FF lite go h-an tapaidh. Agus sinn ag iarraidh ceannasaíocht stuama a chur i bhfeidhil ar an dtír san olltoghchán, ná deinfimís meancóg agus tweedle dum a thoghadh in áit tweedle dee

An ghaoth fhuar ó Shráid Teamhair

Dé Luain seo chaite bhí eagarfhocal san Irish Times ar an gconspóid faoi Willie O’Dea – agus roimh dheireadh na seachtaine, bhí an Teachta Dála imithe go dtí na cúlbhínsí.    Thit sé ar a chlaíomh, is cosúil, tar éis do an bhriathar chath a bhuachaint sa Dáil oiche Dé Chéadaoin.

Ar maidin inniu tá eagarfhocal san Irish Times ina bhfuil an méid seo ráite ag Bean Uasal Sraid Tara agus í ag caint ar an riachtanas atá ann go ndéanfaí athshuathadh ar an gComhaireacht, amhail is go bhfuil flúirse talainne ar chúl bhínsí an Rialtais a thabharfadh slán sinn ón sainn inar chuir an Rialtas sin ann sinn:

Colm McCarthy indicated a way forward in last year’s “Bord Snip” report. He recommended abolishing the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs and a critical examination of the Department of Arts, Sports and Tourism. He also cast a cold eye on the Department of Enterprise, Trade and Employment which is responsible for 14 non-commercial State agencies and more than 4,000 staff. Splitting the latter department’s functions while reallocating and merging other Cabinet responsibilities could provide more effective government. At the very least, it would get rid of dead wood.

Dar leis an eagarfhocal, tá airí sa Rialtas nach bhfuil ag cothú muiníne an phobail.

Mr O’Dea’s departure provides the Taoiseach with the opportunity for a fresh political start. The Government needs a thorough shake-up and filling a single vacancy at the Department of Defence will not serve that purpose. After 13 years in office, some ministers lack ideas and have become stale, detached and complacent. Others are simply out of their depth and should be replaced.

Tá sé soiléir cé ar mhaith leis an Irish Times go dtabharfaí bata agus bóthar dóibh – An Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, an Aire Ealaíon, Sport agus Turasóireachta, Martin Cullen, agus an Aire Fiontraíochta agus Trádala, Mary Coughlan.

Tá folúntas le líonadh ag an dTaoiseach, nó is é féin an Aire Cosanta faoi láthair, ar bhonn sealadach nó, níos fearr b’fhéidir ar eagla na míthuisceana, eatramhach.    Ach an bhfuil sé in  am do athshuathadh níos iomláine a dhéanamh agus an deis seo a thapú anois?

Ni dócha go gcuirfí Brian Lenihan san áíreamh sa reicneáil sin ach, ar maidin inniu, chaill sciaranna Banc na hÉireann suas le 11% dá luach.  Le linn na deireadh seachtaine, fuair Rialtas na hÉireann luach €250m de sciaranna an bhainc sin in áit díbhinn airgid.   Mar sin, roimh tosnú ar obair ar maidin,  roimh bhricfeasta go deimhin, bhí breis is €27m caillte againn.  Bhí an Aire Airgeadais ar an Raidió ar maidin ag cosaint an chinnidh glacadh leis na sciaranna seachas an airgead.  Is cosúil gur riail Eorpach atá i gceist – nach féidir leis an Banc  a fuair tacaíocht ón Stát airgead a thabhairt in áit dibhinn.   Dar le Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Patrick Honohan, is gné míshlachtmhar de phroiseas NAMA é seo.  ‘Mí-shlachtmhar’ isea cur síos carthannach ar an gceist.

Táim féin ‘míshlachtmhar’ – ach níor chaill mé riamh €27m roimh bhricfeasta!  Nó, go deimhin, ag am ar bith.

An fath go bhfuilim ag lua an sampla seo chun a chur in iúl go bhfuil easpa talainne i measc ár gcinnirí.  Sin rud atá’s againn go maith. Nach sinne a thoghann iad!   Ag an am chéanna, ní raibh an easpa seo riamh chomh follasach is atá sé anois.   I gcead do Theachtaí Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais, nó aon pháirtí go deimhin, ní fheictear dom go bhfuil na daoine is fearr againn chun tabhairt faoin obair atá riachtanach.

Ceist ar fiú a chur:  An scil ann féin an pholataíocht?  An mbeadh sé éasca a leithéid a mhúineadh d’eacnamaí nó do shaineolaí oideachais nó do chomhairleoir leighis?   Nó do phleanálaí teanga?    Seachas polaiteoirí a cheapadh ina Airí ar réimsí tabhachtacha na tíre, an fiú dúinn féachaint ar an sampla Meirceánach agus daoine a cheapadh ina Airí atá sainscil acu sna réimsí oibre ina bhfuil taithí agus saineolas acu?  Ní gá go ndeanfaí thú a dhíchailliú de bharr gur polaiteoir thú. Ach tá gá le modh oibre nua, dar liom.  Níl an chóras ag obair mar atá sé.

An rud atá gá leis anois féachaint go fuarchúiseach ar na dúshláin atá romhainn agus an fhoireann is fearr gur féidir linn chun tabhairt faoi na dúshláin sin a sharú.   Níor cheart go mbeadh srian orainn an fhoireann is fearr a roghnú ó 166 TD – ba cheart go mbeadh pobal na hÉireann ar fuaid an domhain ábalta cur isteach ar an bpost.   Nílim chomh cinnte faoi na ‘Giovanni Trapattonis’ nó na “Jack Charltons’  – is é sin eachtrannaigh a roghnú chun tabhairt faoin obair seo – ní h-é mar gheall ar chúrsaí chine nó rud ar bith mar sin.  Nior mhaith liom daoine a roghnú chun teacht i dtarrtháil orainn agus ná beadh spéis ag an duine sin ach i dtuarastal agus aguisín deas don CV.

Rialtas na dtalannaí atá uainn, seachas rialtas na bpolaiteoirí.     Is uirlis nó scil breise an pholataíocht – ach tá gá go mbeadh níos mó ná sin le tairiscint ag an dream ar a mbronnfaimís an chumhacht.

Alt suimiúil ach an cur chuige mícheart

The Irish language needs to be promoted in ways that differentiate between native speakers and others.

Is é sin an teachtaireacht in alt tuairimíochta a d’fhoilsíodh san Irish Times an tseachtain seo, an chéad alt substaintiúil in aon nuachtán náisiúnta Bhéarla faoin Straitéis 20 Bliain Ghaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas an mhí seo chaite.   Alt substaintiúil ó thaighdeoirí iomráiteacha agus tabhachtacha, Brian O Curnáin agus Conchúr O Giollagáin, é seo.     Nochtaitear tuairimí speisiúla ann – ach, dar liom, treoraíonn an alt seo sinn sa treo mícheart ar fad.

Is é an bunfhadhb atá agam leis an alt an deighilt gan bhrí agus gan bhunús a chothaítear ann idir cainteoirí dhúchais Ghaeilge agus gach éinne eile, go h-áirithe foghlaimeoirí na teanga.

Is cainteoir dúchais mé féin – cé go bhfuil siad ann a chreideann nach bhfuil mo chuid Ghaeilge blasta ná cruinn a dhothain le cead cainte a thabhairt dom.

Le linn mo shaoil is iomaí buntaiste a fuair mé as labhairt na Gaeilge – ‘An Deich bPúnt’ gach bliain go dtí gur fhag mé an meánscoil, Scoláireacht Gaeltachta chun freastal ar an Ollscoil agus, le déanaí, tairiscint ar dheontas chun tigh nua a thogáil im cheantar dhúchais.

Ní thuigim gur spreag aon cheann den trí fheirín sin mé i dtreo na Gaolainne.  Is í an Ghaeilge mo theanga, sin í bun agus barr an scéil.  Ach tá teangacha eile agam freisin, Béarla go príomha ina measc sin.

Dá gcuirfí deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge amarach -agus mura raibh an deontas ann do mo pháistí féin, bhraithfimís uainn an t-airgead gan amhras nó is mó anois é ná an £10 a bhfaighinn.   Ach ní chuirfeadh sé isteach orainn agus sinn ag iarraidh ár bpáistí a thogáil le Gaeilge.

An rud a chuireann isteach orainn agus sinn i mbun an mhisin seo nach bhfuil an tacaíocht phraicticiúil céanna ann dár bpáistí a saol a chaitheamh i nGaeilge – idir leabhair scoile i nGaeilge, réimse leabhair Ghaeilge inchurtha agus ar chomhchaighdeán le leabhair Bhéarla, leabhair scoile agus eile.  In ait airgead a chaitheamh ar na h-acmhainní atá gá leo, tá na miliún á chaitheamh ar chaipéisí nach léifeadh ach corr dhuine chorr i mBéarla go Gaeilge – agus is lú daoine arís a léifeadh iad sa Chéad Teanga Náisiúnta.

An t-aon úsáid a baineadh as Scéim Labhairt na Gaeilge le blianta beaga anuas, ba úsáid diultach é.   Bhí sé á úsáid chun meath na Gaeilge mar theanga phobail a thomhas agus, anuas ar sin, chuir sé leis an soiniciúlacht i measc an phobail mhóir i dtreo na Gaeilge.  Bhí sé úsáideach freisin ag lucht acadúil agus eile chun a bheith ag déanamh moltaí ní ba chraiceálte ná a cheile chun cur leis an ‘tacaíocht’ don Ghaeilge mar theanga phobail.

Ina alt, molann na h-údair Scéim Labhairt na Gaeilge le na focail seo:

In a crisis it is always necessary to address priorities: the kernel of the crisis in the Gaeltacht is the low number of young native speakers. We therefore strongly advise, as a matter of urgency, that priority be given to revising and strengthening SLG, as recommended in the Comprehensive Linguistic Study . This would send an immediate message as well as an injection of key supports where they are most required.

The SLG is the only targeted mechanism the State has to increase the number of young native speakers, which is the starting point of all language planning initiatives. Discussions concerning the title, functions and administrative boundaries of Gaeltacht agencies may soon become irrelevant if there is no speech community for them to serve.

Má tá an Ghaeltacht le teacht slán ón bpriacal ina bhfuil sí, ní tharlóidh seo de bharr Scéim Labhairt na Gaeilge agus an deighilt a chothaíonn sé idir na treibheacha éagsúla cainteoirí Ghaeilge, cainteoirí dhúchasacha agus cainteoirí atá ag foghlaim na Gaeilge.   Nach féidir, mar shampla, gurb iad páistí na gcainteoirí líofa nach mairean sa Ghaeltacht traidisiúnta cainteoirí dhúchasacha an todhchaí? Ach de reir O Giollagáin agus O Curnáin, is ceist tireolaíochta amháín atá le freagairt nuair atá cainteoirí dhúchasacha á dheghilt ó chainteoirí eile.

Tá an ceart acu nuair a deir siad go bhfuil gá le ‘pleanáil teanga’ chun tabhairt faoin obair mhór atá le déanamh chun meath na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chur ar chúl.   Agus cé go bhfuil ana chuid cainte sa Straitéis 20 Bliain faoi seo, is beag atá déanta chun an saineolas riachtanach le h-aghaidh an obair seo a chuir i lámha iad san atá sa chéad líne ghníomhaíochta.    Bhí cúpla lá agam le h-oibrithe eile sa Ghaeltacht ag caint faoi phleanáil teanga ach ní raibh a dhothain ann chun sinn a chur ar bhóthar ár leasa.   Táimíd go fóill ag obair sa dorchadas, le beartais anseo agus ansiúd ach gan aon straitéis iomlán agus uile-ghabhalach ar a chúl.

An rud deireannach a dhéarfaidh  mé ag an bpointe seo go bhfuilim ar aon aigne le na h-údair nuair a deir siad:

But realistic language planning as suggested here will increase the capacity of the strategy to achieve its stated aims, and foster support among the public as a result.

Ní chreidim go bhfuil an cur chuige atá á moladh acu chun an sprioc seo a bhaint amach.  A mhalairt glan.

Conradh Liospóin: Tá nó Níl?

Táim chun votáil in éadan Chonradh Liospóin in ainneoin go bhfagann sin mé sa champa céanna le UKIP agus Sinn Féin, uber náisiúnaithe na Breataine agus na hÉireann faoi seach.    Nach aisteach na ceillí leapan iad [sinn]?  Dá léifeá an eagarfhocal san Irish Times inniu, bheithfeá den tuairim gur eagarfhocal in An Phoblacht nó fiú Saoirse a bheadh á léamh agat nó tá an teachtaireacht ‘Brits Out’ chomh soiléir sin ann!

Tá’s agam go bhfuil an tir seo tar éis leas mór a bhaint as an gceangal leis an Aontas Eorpach ach ní h-ionann sin is nár iocamar praghas árd ar sin.  Cuir ceist ar na h-iascairí!  Nó na feirmeoirí beaga!

Ach sa deireadh thiar, is ceist daonláthach í seo.  Má tá Conradh Liospóin chomh tabhachtach sin do thodhchaí an Aontais, ba cheart go mbeadh gach votóir san Aontas i dteideal votáil air.  Ach ní h-amhlaidh atá – creidim go bhfuil an cúram ormsa agus a thuilleadh nach mé guth a thabhairt don amhras atá orm féin agus, le cois sin, amhras an dream atá fágtha gan guth. 

Go fóill níl aon duine tar éis an cás a dhéanamh liom cén fath gur cheart dom votáil ar son an Chonartha céanna a dhiultaigh mé do anuraidh.  Cén rud atá éagsúil anois?  An bhfuil an Chonradh athruithe?   An fiú tada na ‘barántais’ atá faigthe ag an Rialtas ar ár son ó cheannairí rialtais éile nuair nach bhfuil siad scríofa sa Chonradh? 

Má votáilim in éadan Liospóín,an vóta in éadan Aontais na hEorpa é?   Ní h-é in aon chorr.  D’fhéadfaí argóint gur vóta é ar son Aontas nios fearr agus níos daonláthaí.    Nach é sin an rud atá ag teastáil uainn go léir!

An gcruthófar aon post breise de bharr votá ‘Tá’?   Níl a fhios agam seachas go gcruthófar postanna sa bhreis do mhaorlathaigh.  Agus gan amhras tá maorláthaigh ag teastáil i gcónaí!

An mó post a chaillfear má votáiltear ‘Níl’?   Nó an gcaillfear post ar bith, sa bhreis ar na postanna atá á gcailliúint i rith an ama de bharr mí bhainistiú an gheilleagair? 

Ní théann teachtaireachtaí ar phostaeir ar nós ‘Stronger with Europe’ (FF) nó Vote Yes to Europe, vote yes to jobs (FG) i bhfeidhm orm.  Ní chreidim na bréaga atá ar phostaeirí Cóir ach an oiread.   Ag an am chéanna, tá an oiread sin amhrais orm faoin Chonradh féin agus faoin bhearna daonláthach atá ann idir Aontas na hEorpa agus pobal an Aontais.

Seo seans leis an bearna sin a chungú.

Dá bhfaighfeá do rogha den cheathrar acu….

 

ceannairi

Seo an íomhá a foilsíodh ar chéad leathnach an Irish Times ar maidin.  Léiríonn sé ceannairí na mór pháirtithe ó dheas, an rogha atá os comhair na votairí ó dheas. 

Tá easnamh mhór le sonrú gan amhras.  Bíodh is go bhfuil Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin, luaite sa suirbhé TNS/MRBI, agus go bhfuil 28% den phobal sásta leis, níl a aghaidh féasógach le tabhairt faoi ndeara ar an íomhá seo. 

An cheist atá agam:  An léiríonn seo criochdheighilteachas ag an Irish Times –  nó an léiríonn sé laige Shinn Féin ó dheas?

Séasúr na seafóide agus séasúr na G-spóireachta

Tá ‘G-spóireacht’ ar siúl anocht ar an gCeathrú Rua faoi mholtaí Thuarascáil Mhic Carthaigh agus na h-impléachtaí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  Ní olc an rud é sin agus dá mbeadh deis agam, d’imeoinn ann.   Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo….

Is maith ann an diospóíreacht seo agus tagann sé leis an méid a deir Breandán Delap in alt bhrea ar Beo.ie na míosa seo chaite faoin úsáid atá á bhaint as an eigeandál eacnamaíochta seo chun tabhairt faoin chaiteachas ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht.

I gcroílár na díospóireachta seo caithfear plé a dhéanamh ar an luach a chuirtear ar chearta teangan. An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar antacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Isbuanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse. Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é.” Nó lecasadh úr a chur ar an sean-nath: “Language rights are rights forever, not just for Christmas!”

Creidim go bhfuil an ceart ag Breandán nuair a thugann sé le fios gurb ionann agus an Nollaig ag cuid againn blianta an Tiogair – bhí an t-uafás airgid á chaitheamh ar aistriúchán na gcaipédsí Stáít agus níl deireadh leis an gcaiteachas sin go fóill.  Dá dtagadh an Ciste Idirnáisiúnta Airgeadais in áít an Rialtais, cheapfainn gurb é seo an cineal caiteachais a chuirfí deireadh leis láíthreach.  Cad is fiú bheith ag aistriú caipéisí oifigiúla go Gaeilge mura bhfuil ach an dornán is lú daoine á léamh?

Ach seo sinn anois – ag fánúint ar phlean atá le foilsiú uair eigean agus níl a fhios againn cén uair nó ní ionann an tuiscint atá ag an Aire  ar sprioc am is atá agamsa nó agatsa.    Tá an comhthéacs athruithe go h-iomlán ag Tuarascáíl McCarthy agus mura n-aithnímíd é sin anois agus dul i ngleic leis i slí atá ciallmhar, is measa dúinn a bheidh sé.

Thagair Breandán Delap do roinnt altanna a fhoilsíodh le déanaí ar an gceist seo – cuid acu maslach is spídiúil is aineolach, cuid eile acu ar cheart aird a thabhairt orthu.   Luaigh sé altanna leis an iar Thaoiseach Garret Fitzgerald inar mhol seisean do na Glasaigh:

“The Greens might also gain considerable kudos by using their new bargaining power to force Fianna Fáil to abandon the extravagant and anti-environmental Ó Cuív policy of requiring State bodies to publish expensive glossy reports in Irish as well as English, and requiring these bodies to throw out their notepaper so as to substitute it with Irish- language headings. That is the kind of playacting that undermines necessary public support for the language.”

Luaigh sé freisin caint a thug an Dr. Eoin O’Malley inar cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla sa réimse céanna agus na h-innil votála leictreonacha atá taréis na milliún a chosaint orainn agus gan aon rath faighte againn uathau.  Cuirim le sin alt amháin eile, a fhoilsíodh sa Sunday Independent ag an deireadh seachtaine, ón Dr. Colum Kenny, léachtóír i bpolasaí theilifíse ag DCU agus namhaid seana bhunaithe do bhunú TG4,  fear a raibh mé ag diospóireacht leis uair nó dhó roimhe seo, agus an port atá á thuairisciú aige siúd go mbeidh na seóanna is fearr ar RTÉ thíos leis má thugtar sciar d’airgead an cheadúnais do TG4 mar atá molta ag Tuarascáíl McCarthy.

Ar ndóigh is é TG4 – agus níl sé gan locht – an seod Gaelach.  Dá bhfaighfí reidh leis, buille mór a bheadh ann do shaol na Gaeilge cé nach buille marfach a bheadh ann i bhfianaise an spioraid atá léirithe ag lucht nós* agus Nuacht 24, tionscnaimh tuaisceartacha, le tamall anuas.

Tá gá le ‘G-spóireacht’ agus tá súil agam go mbeidh sé de acmhainn ag lucht riartha na diospóireachta anocht míreana a thaifeadadh agus a chraoladh ar an idirlíon sna laethannta romhainn. Beidh orainne freisin tosnú ag reachtáil ár gcuid diospóireachtaí féin….


Nuacht 24 – an t-aon imreoir atá fagtha sa chluiche…

Nuacht 24 - an cuma a bheidh ar an seirbhís nua ag Nuacht 24.

Nuacht 24 - an cuma a bheidh ar an seirbhís nua ag Nuacht 24.

As John Bowman proved, current affairs programming is essential to Irish life, writes NOEL WHELAN .

Ní minic a aontaím le Noel Whelan, an trachtaire chúrsaí reatha a bhionn le clos agus le feiscint go mion is go minic ar RTÉ, ach aontaím leis an méid sin atá scríofa aige in alt inniu san Irish Times.

Tá cláracha chúrsaí reatha tabhachtach i saol na hÉireann, dar leis agus é ag scríobh omós de chineál éigean do Questions and Answers, a tháinig chun deiridh an tseachtain seo tar éis do bheith ag craoladh le breis is scór bliain.

Ach, is cosúil, nach bhfuil siad tabhachtach i saol na Gaeilge nó is beag an riar atá á dhéanamh ag craoltóir Ghaeilge ar bith do Chúrsaí Reatha. Anois, le h-imeacht Foinse sna sála ar Lá Nua, agus Comhar gan cuisle, is beag an riar atá á dhéanamh ar an ghoile le h-aghaidh cúrsaí reatha i nGaeilge.

Seo sean phort dem chuid. Is dócha go bhfuil sibh bréan de. Ar maidin inniu, an chéad Satharn gan Foinse, tá go leor údair éadochais ag pobal na Gaeilge.

Ach tá údar dóchais ann freisin. An oiread is go bhfuil na craoltóirí stát urraithe – RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, RTÉ – ag teip maidir le cúrsaí reatha, tá Nuacht 24 i mBéal Feirste ar tháirseach tús a chur le ré nua don iriseoireacht Ghaeilge ar an oileán seo.

Ar ndóigh rinne siad sin roimhe. Agus Lá Nua ar tí bás a fháil, bhunaigh Eoghan Ó Néill agus a fhoireann óg uaillmhianach An Druma Mór agus Nuacht 24.

Anois is é Nuacht 24 atá ag iompar lochrann iriseoireacht na Gaeilge. Go fóill, mothaím gur beag an chreidiúint atá tugtha dóibh as ucht sin nó ba mhiorúilt é nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú faoi láthair, ba mhiorúilt anuas ar sin é a fhoilsiú gan deontas d’aon tsort agus é beo ar dhuthracht is ar dheamhéin na foirne is lucht tacaíochta atá ag dul i líonmhaire go mall ach go cinnte, más aon tomhas é líon na bhfógraí in eagrán na seachtaine seo.

Maidir leis an easpa creidiúna: Agus an bhéim faoi láthair ar bhás Foinse, bhí go leor cainte ann faoin ‘nuachtán dheireannach’ Ghaeilge a bheith imithe, bhí alt ag iar eagarthóir Foinse san Irish Times an tseachtain seo ar thosnaigh leis an abairt seo:

ÓN DEIREADH seachtaine seo caite níl fostaithe go buan sa Stát seo ach iriseoir cló Gaeilge gairmiúil amháin – Eagarthóir Gaeilge an nuachtáin seo.

Sa chéad dul síos, ní aithníonn an abairt sin gairmiúlacht muintir Nuacht 24. Níl siad ag fáil íocaíocht as a gcuid oibre – ach ní h-ionann siad nach bhfuil siad gairmiúil. Tá gairmiúlacht agus snás ag baint le h-obair Nuacht 24 cinnte agus dhéarfainn gurb é foireann Nuacht 24 an fhoireann is gairmiúla, b’fhearr liom is éifeachtaí, a d’oibrigh ar aon meán chló Ghaeilge riamh. Agus deirim sin agus mé ag cur mo chuid oibre féin agus na foirne a bhí sé de phribhléid agam obair ina dteannta san áireamh. Tá Nuacht 24 i dtiúin leis an aimsir thar mar a bhí aon seirbhís/nuachtán chló Ghaeilge eile roimhe. Léiríonn sé go bhfuilimíd ag déanamh dul chun cinn agus nach bhfuilimíd siocaithe san aimsir chaite.

Scríobhadh an abairt sin thuas fiú is go raibh a fhios ag Seán Tadhg Ó Gairbhí go raibh blás bréagach leis. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeilge, níl an chriochdheighilt abharach cé go dtuigim cén fath go mbeadh meoin aigne iar eagarthóra Foinse go fóill srianta ag an meoin aigne seo. Nó nach é sin an t-aon dea rud atá le baint as bunú Fhoras na Gaeilge mar chuid d’fhoras teanga uile Éireann? Bíodh is nach institiúid foirfe an Fhoras – agus nach mise atá carthannach! – is ar bhonn uile Eireann ar cheart a bheith ag déanamh riar ar an nGaeilge.

Bhí Foinse beo ar an gcriochdheighilt. Gan an chriochdheighilt ní bheadh sé tagtha ar an saol fiú. Roghnaigh Bórd na Gaeilge iarratas Mhoinéar Teoranta thar iarratas Lá, a bhíodh ag foilsiú go seachtainiúil i 1996, agus b’é an údar ba mhó lena rogha, dar liom, go raibh Moinéar Teo chun an nuachtán a bhí siad ag moladh a lonnú sa Ghaeltacht agus go raibh Lá bunaithe ó thuaidh agus nár mhaith leo airgead an ‘Stáit’ a chur as an Stát fiú is go mbeadh luach níos fearr le fáil ar an airgead ó thuaidh nó ó dheas.

I gcaitheamh na mblianta, bheathaigh an criochdheighilt céanna Foinse go maith le h-ais Lá agus Lá Nua. Mar a dúirt Pádraig Ó Céidigh agus é ag fógairt bhás an nuachtáin ar TG4, costas €1m in aghaidh na bliana a bhí air an nuachtán a fhoilsiú. Fuair Moinéar Teo €300,000 ó Fhoras na Gaeilge agus fograíocht ó na h-údaráis arbh fhiú €750,000 air.

Ní le Foinse a cháineadh atáim ach le féachaint anois ar an dtírdhreach agus cad tá romhainn.

Bhí litir san Irish Times inné agus é sínithe ag go leor de mhaithe agus de mhór uaisle na Gaeilge. Ainmneacha na nGaeil Móra ón deisceart is mó a bhí le braistint ann – ach bhí a n-achainí iar bháis ró mhall do Foinse.

Nior aithníodh sa litir gurbh ann dó An Druma Mór/Nuacht 24 agus deineadh beag den obair atá á dhéanamh ar an idirlíon.

A chara, – We wish to add our voices to the others which have deplored the closure of the weekly Irish language newspaper, Foinse.

It was an invaluable source of information, opinion and linguistic refreshment for those of us who wish to keep the Irish-speaking part of our reading brains active in a sea of English language print media.

Where else will the voices of the talented team of journalists and columnists employed by Foinse reach their audience? How else will the community of interest which straddles Gaeltacht and non-Irish speaking areas of the island read each others’ stories in print?

Where will the young school-going readers of Foinse go for the invaluable assistance they’ve had for their Junior and Leaving Cert Irish exams? A linguistic community that does not have regular access to printed material is the weaker for its absence.

Of course speakers of Irish listen to radio, watch TV and use the internet, Facebook, Twitter and so on, just as English speakers do.

But a tangible piece of print like a weekly newspaper helps to enrich our knowledge of the written language, while keeping us well informed. The closing of Foinse is a loss for journalism in Ireland. It is well documented by those who have researched the area of language revival that a journalistic forum is central to creating a living language, a forum which is now coming of age after 100 years of national Irish language newspapers.

We appeal to all parties involved and to those who have the power to intervene to revisit the decision and to search for new ways of supporting this valuable resource.

– Is sinne le meas, DOIREANN NÍ BHRIAIN, FIACH MAC CONGHAIL, ÁINE UÍ CHEALLAIGH, LIAM Ó DOCHARTAIGH, MÁIRE NÍ NEACHTAIN, Dr REGINA UÍ CHOLLATÁIN, DERMOT McLAUGHLIN, PIARAS Mac ÉINRÍ, PADDY BUSHE, FIONA De BUIS, PETER SIRR, SEÁN Ó LAOIRE, NEASA NÍ CHINNÉIDE, CATHAL PÓIRTÉIR, CEARBHALL O SIOCHÁIN, FACHTNA Ó DRISCEOIL, BRIAN Ó DÁLAIGH, MURT Ó SÉAGDHA, DIARMUID P. BREATHNACH, EOIN C. BAIRÉAD, ORLA Mhic ATHLAOICH MÍCHEÁL Mac ATHLAOICH

c/o Palmerston Court,

Rathmines,

Cuid de na daoine a shínigh an litir, bionn siad ag obair le RTÉ, an craoltóir céanna atá tar éis cliseadh go h-iomlán ar a dhualgaisí reachtúla i leith na Gaeilge. An peaca is mó orthu san go bhfuil an craoltóír ag séanadh ‘fóram náisiúnta’ ar lucht na Gaeilge.

Tugaim faoi ndeara na tagairtí atá sa litir seo ‘in print’ agus ‘tangible’. Tá daoine ann den tuairim gur cheart cloí leis an sean mhúnla fiú is go bhfuil sé cruthaithe nach n-oibríonn sé. Dá mbeadh an dream a chuir a n-ainmneacha leis an litir seo sásta an nuachtán nua seo a bhunú iad féin, beart a dhéanamh de réir briathar, bheadh níos mó measa agam orthu.

Ag an am seo, tuigtear nó tá sé ráite, go bhfuil Foras na Gaeilge ag ullmhú chun comórtas eile a fhógairt. Ceapann an Fhoras, is cosúil, go bhfuil dreamanna eile amuigh ansan sásta tabhairt faoin obair seo. B’fheidir go gcuirfidh Ó Céidigh isteach ar an gcomórtas arís ag súil go mbeidh tairiscint níos fearr ann an dara uair de bharr brú ón bpobal. Bhuel, má tá sé ag brath ar chúpla litir san Irish Times ó na maithe is mór uaisle an taoide a athrú ar a shon trath go bhfuil an tóin ag titim as an ngeilleagar, tá dul amú air. I bhfianaise na cainte atá déanta faoi mholtaí Bórd Snip, agus trácht ann faoi dhúnadh nó ‘athmhunlú’ Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Uí Chuív, ní feidir brath ar an gcriochdheighilt fiú le h-aghaidh an slánú.

Gan amhras, dá mbeadh ciall ag an bhForas, lorgóidís cruinniú le Nuacht 24 agus dhéanfaidís socrú leis an nuachtán sin fógraí rialta a fhoilsiú sa nuachtán sin chun a thodhchaí a chinntiú. Ní gá comórtas phoiblí chuige seo agus d’fhéadfaí tacaíocht substaintiúil a threorú chuig an nuachtán sa tslí sin. Cuimhnigh gur thug Foras na Gaeilge €65,000 don Sunday Indo anuraidh chun CD a scaipeadh – agus an raibh comórtas phoiblí ann don obair seo? Ní raibh ná baol air.

Go fóill ní fhaca mé fogra ó Fhoras na Gaeilge i Nuacht 24. Anois tá athrú ar an scéal nó, in eagrán na seachtaine seo de Nuacht 24, d’fhograíodh gurb é Nuacht 24 an t-aon iarratas atá fagtha sa chomórtas le h-aghaidh an conradh do sheirbhís nuachta ar líne fhísiúil a bhí á reachtáil ag an gCiste Craoltóireachta.

In áit cloí leis an gcur-chuige criochdheighilteach amaideach agus mí éifeachtach a chloígh siad leis i gcaitheamh na mblianta, agus a theip orthu arís is arís eile (de bharr laigí an Fhorais), ba cheart dul i bpáirt le Nuacht 24, an t-aon imreoir atá fagtha ar an mbloc, an imreoir amháin a léirigh inmharthanacht i gcaitheamh na mblianta agus é faoi éide Lá/Lá Nua roimhe seo. Ní h-amháin sin – ach is acu atá seilbh na liathróide….

Níl sé ciallmhar ag an bpointe seo cloí leis an múnla cló. Tá comhreiteach aimsithe ag Nuacht 24 atá sasúil domsa – agus a bhí á mholadh agam do Lá Nua roimhe seo, go mbeadh leagan cló á sheoladh sa phost do dhaoine ar mhaith leo an nuachtán a bhraistint ina lámha. Sasaíonn an eagrán cló sin riachtanas na scoláirí a bhí ag fáil Foinse agus Lá Nua tríd an phost roimhe seo fiú.

In áit leagan costas leagan chló a iompar, bheadh sé níos saoire don Fhoras deontas 50% a chur ar fáil do leitheoirí nuachtáin Ghaeilge chun gléas ar nós an Kindle a cheannach chun go mbeadh siad ábalta é a iompar is a bhreith leo.

Ní gá gurb é seo an reiteach – nílim ach ag iarraidh tuairimí nua a chur ós bhúr gcomhair agus bhúr mbarúlacha a aimsiú.

Tá sé in am tabhairt faoin dúshlán seo i gceart. Bheadh sé go deas mar athrú!