Cartlanna Clibe: An Ghaeltacht

€8m bainte de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta do 2011 – agus €8m eile le baint go fóill

Bionn sé deacair, uaireannta, bheith réasúnta nuair atá rudaí atá ag titim amach timpeall ort do phriocadh agus do ghriosadh chun feirge.   Ag léamh dom na sonraithe sa Phlean Náisiúnta Téarnaimh 2011-2014, tá achoimre i nGaeilge anseo, bhí sé deacair gan a thabhairt faoi ndeara gur ar an dream is boichte agus is leochaillí sa phobal a thit furmhór an ualach.  Rud amháin cinnte, is beag tuiscint a bheidh ag údair an Phleain seo ar an gcruatan – go dtí go mbeidh siad iad féin ar an dól.  Nara fada uainn an lá!

Deirtear linn go bhfuil an Rialtas ag déanamh na gcinntí crua seo ar mhaithe linn – agus go bhfuil siad sásta an éiric pholatúil a dhíol lá níos faide anonn.   Ná creid focal dá bplámás.

Fiú amháin má chailleann gach ball den Rialtas a shuíochán Dála, beidh ‘golden handshake’ ollmhór nó, mar a thugtar air ‘disappointment money’, á thabhairt dóibh.  Níl a fhios agam an féidir le daoine a votáil ar son Fianna Fáil bheith ag súil le litir beag donn sa phost le cúpla scilling ‘disappointment money’ ann dóibh!    Ar ndóigh níl a dhothain airgid ag an IMF fiú chun cúiteamh a dhéanamh ar an nduibheagán ina bhfuilimíd laindeáilte ag Bertie, Brian, Eamon agus a gcáirde go léir.

Sa phlean téarnaimh seo, tá ciorruithe beartaithe don Ghaeilge – laghdú de €6.2m a bheidh á chúiteamh, de réir dealraimh, ag RTÉ.  Dá gceapfainn go mbainfeadh RTÉ na tuarastail ollmhóra de na laithreoirí ‘móra’ atá acu chun an laghdú ar bhuiséad TG4 a chúiteamh, bhéinn leathshásta.  Ach ní tharlóidh sé, gearrfar TG4 ach beidh troid fada tréan ann faoin airgead a bheidh ag dul ó Chiste Cheadúnais RTÉ go TG4.

Gearrfar €2m de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta le cheile i 2011 – agus is é sin an bliain, is dócha, go mbeadh tús á chur le beartais na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.  Sé sin mura raibh sa straitéis céanna ach seift chun sinn a chur ag caint faoi athbheochan na Gaeilge etc ar feadh scór bliain seachas rud ar bith dearfach a dhéanamh ar son na teanga.

Plean téarnaimh don tír – ní doigh liom é.  Mar a dúirt Jack O’Connor ó SIPTU ar an raidió – agus is mór an náire é nach bhfuil aon tuairisciú beo ar an mórimeacht seo ar RnaG nó TG4 nó suíomh idirlín Gaelscéal – is é seo an léarscáil chun na clochaoise.

Cinnte caithfear ciorruithe a dhéanamh – ach níl aon amhras ann go bhfuil an tua ag titim san áít micheart agus nach bhfuil sé ag titim ar chorr ar bith ar údair ár gcás ainnis.

Plé an Chomhchoiste Oireachtais ar an nDréacht Straitéis

Bheadh sé úsáideach, ceapaim, dá ndéanfadh daoine ar suim leo an Ghaeilge agus an Dréacht Straitéis an phlé a deineadh le déanaí ag an gcruinniú den Chomhchoiste Oireachtais i leith Turasóireacht, Spórt, na hEalaíona agus na Gaeltachta a léamh.

Is fiú go h-áírithe féachaint ar an méid seo a dúirt an Dr. Peadar O Flatharta:

Dr. Peadar Ó Flatharta: Cúpla pointe le treisiú leis an gcuid atá ráite cheana. Ceann de na rudaí a bhí daoine ag gach cruinniú poiblí ná an bhfuilimid chun é seo a dhéanamh an uair seo agus an bhfuil seo ag dul a tharlú. Sin buncheist don straitéis seo mar tá go leor leor tuairiscí agus caipéisí breátha agus grafaicí agus mar sin ann cheana féin ach caithfear an rud seo a chur i bhfeidhm nó níl aon chor tosú air ar chor ar bith.

Chaith muid go leor ama ag iarraidh an cheist seo a oibriú amach: cén chaoi go bhféadfaí struchtúr a chur in áit go gcuirfí é seo i bhfeidhm? Ceann de na ceisteanna a bhaineann go sonrach leis nach mbaineann seo le Roinn Stáit amháin. Táimid ag brath ar go leor de na Ranna eile chomh maith leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá contúirt ann, má chuirfear ar ghualainn na Roinne sin é go gcuirfear isteach i mbosca beag ansin agus ní bhainfidh sé le haon Roinn eile Stáit. Baineann sé le beagnach gach Roinn Stáit sa chóras. Sin an fáth gur mhol muid go mbeadh an comhordú á dhéanamh ag Roinn an Taoisigh, ag oifig cláir faoi cheannas rúnaí cúnta, duine a mbeadh an chumhacht aige an straitéis seo a bhrú chun cinn agus comhoibriú tras-rannach a chinntiú mar tá an comhoibriú sin luachmhar.

Caithfear ar ndóigh córas éigin chun an straitéis a mheas go rialta a chur ar bun. Mhol muid go ndéanfaí measúnú neamhspleách trí Oifig an Choimisinéir Teanga nó dream éigin neamhspleách a bheadh in ann a rá chuile bhliain go bhfuilimid nó nach bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn.

Ansin, tá ceistenna acmhainní ann. Ní raibh deis againn dul isteach sách-mhinic i gceist na hacmhainne ach an tuairim atá againn ná go bhfuil go leor acmhainní maoine ann faoi láthair. Táimid an-ghann ar acmhainní daonna, daoine taobh istigh den chóras atá in ann an tseirbhís a chur ar fáil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Sin an fáth gur mhol muid polasaí cinnte earcaíochta a bheith ann go ceann méid áirithe blianta, le deis a thabhairt do dhaoine dátheangacha teacht isteach sa chóras. Chuideodh sin leis na scoileanna, leis an nGaeltacht agus leis na Gaelscoileanna, go mbeadh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Má táimid ag dul i dtreo an 250,000 duine seo a tháinig chugainn ón Aire, ar a laghad is sprioc é agus seo an chéad uair a chuala mise daoine ag caint ar mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Mura mbeadh de thoradh ar an sprioc seo ach é sin amháin, is dul chun cinn mór é.

Caithfimid feabhas a chur ar an dearcadh, feabhas a chur ar chumas agus deiseanna úsáide a thabhairt don teanga.

Tá an chuid eile le léamh anseo.

Cruinniú chinniúnach sna Forbacha?

Séamus Mac Giolla Chóill, An Roinn Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ag caint. An Aire, Éamon Ó Cuív, lena thaobh agus Bertie Ó hAinmhire, an Roinn, lena thaobh siúd. Pádraig Ó hAoláin, Údarás na Gaeltachta, is giorra dhúinn.

Bhíos i láthair inné ag Cruinniú d’Eagrais Pobalbhunaithe na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara, cruinniú a ghairm an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, chun sinn a chur ar an eolas faoina mholtaí do struchtúr nua do na h-eagrais seo mar chuid den Straitéis (Dréacht) 20 Bliain don Ghaeilge.  Reachtáladh an chruinniú in Ostán Chois Fharraige/Conamara Coast Hotel, foirgneamh atá treasna an bhóthair ó cheannaras na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.  Is beag Ghaeilge a bhí le clos san ostán ón bhfoireann ann – rud is dócha nár cheart íontas a chur ar aon duine nó is é seo Teach Furbo, mar a bhí, agus is ann a bhíodh ocáidí móra  – ie Quicksilver, Seó Bibi Baskin is eile – nuair a deineadh iarracht an Bhéarla a bhrú siar scórnaigh phobal na Gaeltachta.   Sin mar a bhí – agus ní h-é an stair sin atá mar abhar agam anois.   Luaim é mar phointe stairiúíl mar spreag na h-ocáidí thuasluaite gluaiseachtaí éagsúla i measc phobal na Gaeilge is na Gaeltachta, ceann acu a thug TG4 dúinn.  Ar aghaidh linn.

Go gonta, tá sé ag iarraidh líon na n-eagrasaí pobalbhunaithe ar fuaid na Gaeltachtaí ar fad a ísliú de tuairim is 50%.   Ní theastaíonn ón Roinn a bheith ag plé ach le Príomh Eagraíocht Amháin i ngach ceanntar feidhme.   Chomh fada is a bhaineann sé le Múscraí, mo Ghaeltacht fein, níl ann ach ceanntar feidhme amháin.   Maidir le Gaeltachtaí eile – Gaeltacht na Gaillimhe mar shampla – tá deich gcinn i gceist.   Cuirfear tús leis an leagan amach nua, má dheintear Straitéis iomlán den Dréacht, ar 1 Eanáir 2011. Is é 2011  Bliain 0 na Gaeilge/na Gaeltachta, is cosúil.

Rinne mé roinnt pointí ón chruinniú a thuairisciú ar Facebook inné agus mé i lathair ag an gcruinniú.   Déanfaidh mé iad a chur in bhúr lathair anseo (an ceann is déanaí ar dtúis) le go bhfaighidh sibh blaiseadh den gcruinniú:

Concubhar Ó Liatháin An tAire; creidimse gur cainteoir dhuchais an duine a thogtar le Gaeilge i mBAC. Ni
maith liom Sceim Labhairt na Gaeilge.
Ag labhairt ag an gcruinniu sna Forbacha.

Inné ag 4:10in trí Facebook ar iPhone · Déan trácht · 

Felim Borland

Felim Borland

Ar dhúirt Ó Cuív sin? Cén cruinniú?
Inné ag 4:36in · 
Felim Borland

Felim Borland

Mo leithscéal, feicim a raibh i gceist agat. Aontaím go hiomlán leis.
Inné ag 4:39in · 
Cumann Drámaíochta Oé Gaillimh

thart ar uair ó shin · 
Roinnt rudaí spéisiúla ráite agus is cinnte go mbeidh an ráiteas a rinne an Aire mar gheall ar chainteoirí dochais conspóideach go maith i bhfianaise na diospóireachta atá spreagtha le déanaí sna nuachtáin agus ag leithéidí Guth na Gaeltachta.
Tagaim leis an Aire, ní feidir teorainn a chur le cainteoirí dúchais.  Caithfidh gur cainteoir dúchais an t-é a thógtar le Gaeilge i mBaile Atha Cliath, Béal Feirste, Doire, Cathair Chorcaí an oiread is gur cainteoir dúchais é an t-é a thógtar le Gaeilge sa Ghaeltacht ‘Oifigiúil’.
Ach caithfear teacht ar mhodh chun cuidiú leis an bproiseas chun saibhreas na Gaeilge sa Ghaeltacht, saibhreas nach bhfuil ar fáil go fóill sna ceantaracha uirbeacha Gaelacha thuasluaite.
Gan amhras, dá mbeadh sparán gan bun ag an Aire, d’fhéadfadh sé a fhógairt go bhfuil stadas Gaeltachta ar thairiscint do phobail taobh amuigh den Ghaeltacht Thraidisiúnta chomh fada agus gur féidir leo na caighdeáin atá leagtha síos – nó a bheidh leagtha síos sa reachtaíocht lá níos faide anonn – a bhaint amach.
Cad é bhúr dtuairim ar seo ar fad?   Nó an bhfuil gá lena thuilleadh eolais?

An G-spota….

Ar bhóithrín na smaointe – nó ar mór bhealach an eolais – tháínig mé ar an bpíosa seo a scríobh mé le h-aghaidh Lá na blianta ó shin.  Tá sé anois ar fáil ar shuíomh den scoth Eoin Uí Riain.  An Ghaeltacht.    Is oth liom nach bhfuil an diospóireacht tar éis bogadh chun tosaigh ó shin agus, dá bharr sin, go bhfuil an Ghaeltacht anois ar an gcúlchos de bharr an meid atá ráite i dTuarascáíl Mhic Carthaigh.

Ar aon nós, seo chughaibh an athshamhlú a rinne mé ar an nGaeltacht i 2006.   Ní raibh an chaint seo teorannta le teorainneacha…..

Beag áit ar fuaid an domhain nach bhfaighfeá an “M” mór ann os do chomhair amach.

“Tá sé in am deireadh a chur leis an phlé maidir leis an Ghaeltacht sna téarmaí ina bhfuil sé frámáilte faoi láthair. In áit bheith ag caint ar theorainneacha , ba cheart dúinn bheith ag caint ar dheiseanna fiontraíochta is dul chun cinn.”

“Cothrom “M” mór McDonalds a bheadh ann, nó mura dtagann an chomparáid sin le do dhearcadh ceart chreidmheach polaitiúil, comhionann an bhrait ghlais a fhaigheann scoileanna ar fuaid na tíre chun a ndea chlú maidir le cúrsaí timpeallachta a chur in iúl.”

“M” mór McDonalds atá i gceist agus tá a fhios ag an taistealaí cad a bheidh ar fáil má ghabhann sé isteach faoi áirsí an “M” sin. Beidh biachlár ar leith ann, bia de chaighdeán áirithe agus seirbhís de chaighdeán áirithe anuas air sin.

Tá cosúlachtaí áirithe ann idir scéal McDonalds agus scéal na Gaeilge ar fuaid an domhain. Tá pobal líonmhar ar fuaid an domhain a labhraíonn Gaeilge – cúpla seachtain ó shin bhí scéal i Lá ag tabhairt le fios go raibh breis is 25,000 cainteoir Gaeilge i Stáit Aontaithe Mheirceá.

Má chreideann tú an léamh is sprionlaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge i nGaeltachtaí na hÉireann, is ar éigean go bhfuil an méid sin ann fiú.

Tá a fhios ag Lá, mar shampla, ó bheith ag déanamh anailíse ar na staitisticí a bhaineann le híoslódáil na n-eagráin PDF ón idirlíon nó na podchraoltaí, go bhfuil éileamh domhanda ann ar an Ghaeilge.

Ní againne amháin atá an teolas seo nó féach go bhfuil seirbhís leathanbhanda teilifíse á cur ar fáil ag TG4 , saor in aisce, ar fuaid an domhain ó thús mhí Iúil seo caite.

Cuid mhór de phobal léitheoireachta Beo.ie, mar shampla, tá siad lonnaithe taobh amuigh den tír seo.

Agus tá Global Gaeilge, comórtas idirnáisiúnta do ghrúpaí Gaelacha ar fuaid an domhain, á reáchtáil ag Glór na nGael. Cá fhad go mbeidh an phríomhdhuais á baint ag grúpa ó Frankfurt nó ón Astráil nó ó Mheirceá ní amháin sa chomórtas Global Gaeilge ach i gcomórtas Ghlór na nGael trí cheile?

Mar sin de, ní hamháin go bhfuil pobal Gaeilge idirnáisiúnta ann – ach tá siad ag éileamh seirbhís trí mheán na Gaeilge.

An dúshlán atá romhainn riar a dhéanamh ar an éileamh sin. Rith an smaoineamh liom gur cheart tabhairt faoi seo ar bhonn gnó, is é sin le rá saincheadúnas a dhíol le pobail idirnáisiúnta chun Gaeltacht a thabhairt orthu féin. Ní amháin go mbeadh táille réasúnta ard le híoc ag an phobal chun go mbeadh sé de phribhléid acu ‘Gaeltacht’ a thabhairt orthu féin.

Anuas air sin, bheadh orthu caighdeáin áirithe a bhaint amach ó thaobh labhairt na Gaeilge de – an bhéim ansin ar an mheon is an iarracht seachas ar an gcaighdeán, i dtús ama pé scéal é. Agus ó thaobh reachtáil pobail trí mheán na Gaeilge – oideachas, cúrsaí eaglasta, ocáidí sóisialta, cumann don óige (craobh de na Gaeil Óga, Feachas, Ógras) &rl.

Abraímis go mbeadh taille €100,000 le híoc acu in aghaidh na bliana don phribhléid sin – dhéanfaí an t-airgead a infheistiú i síolchiste le go mbeadh sé ar fáil do thionscnaimh úra a bheadh ar leas na nGaeltachtaí ar fad – mar shampla, mar a bhíonn ciste d’Oireachtas na Gaeilge nó a leithéid.

Ar son an airgid sin bheadh roinnt ábhair is tacaíocht ar fáil don Ghaeltacht Idirnáisiúnta seo. Bheadh seirbhís TG4 ar fáil, ar leathanbhanda, do gach teach a bheadh cláraithe leis an bpobal. Bheadh Raidio na Gaeltachta, Raidio na Life, Raidio Fáilte, Lá, Foinse, Beo.ie agus eile ar fáil freisin. Bheadh ceoltóirí agus amhránaithe móra na Gaeilge ar fáil, ranganna Gaeilge ar an idirlíon, cúnamh airgid le haghaidh cultúrlann a thógáil san áit, áis ina mbeadh siopa leabhair is caifé is amharclann. Gach rud beo a shamhlaíonn tú le pobal Gaeilge/Gaeltachta in Éirinn, bheadh sé ar fáil anseo.

Agus mé ag smaoineamh liom go fánach ar an dtuairim seo, rith sé liom go bhféadfaí comhlacht caidrimh poiblí, dream ardchlú ar nós Mitchell agus Kane ó Bhéal Feirste, an dream a dhear an sainchomhartha d’Fhoras na Gaeilge is grúpaí eile nach iad, chun sainchomhartha inaitheanta do na pobail seo a chumadh. Táim ag baisteadh an “G” spota ar an sainchomhartha seo cheana féin ach ní chuireann seo cosc ar dhuine theacht aníos le rud éigin níos…feiliúnaí.

Cothrom “M” mór McDonalds a bheadh ann, nó mura dtagann an chomparáid sin le do dhearcadh ceartchreidmheach polaitiúil, comhionann an bhrait ghlais a fhaigheann scoileanna ar fuaid na tíre chun a ndeachlú maidir le cúrsaí timpeallachta a chur in iul.

Chuirfeadh an ‘G’ spota in iúl don té a thabharfadh faoi ndeara é gur Gaeltacht a bheadh i gceist. Bheadh sé chomh hinaitheanta do Ghaeilgeoirí is atá na sainchomharthaí eile thuasluaite don domhan.

Agus ansin rith sé liom, go gcaithfí tús a chur leis an scéim chraiceailte seo in áit éigin. Cad faoi anseo in Éirinn? Tá Gaeltachtaí againn cheana féin. Tá pobail ann freisin a d’fhéadfadh tús a chur leis an obair.

Tá sé in am deireadh a chur leis an diospóireacht maidir leis an Ghaeltacht sna téarmaí duairc is lagmhisniúil ina bhfuil sé frámáilte faoi láthair. In áit a bheith ag caint ar theorainneacha, ba cheart dúinn bheith ag caint ar dheiseanna fiontraíochta is dul chun cinn.

An oibreoidh an teoiric seo má chuirtear i bhfeidhm í? Cá bhfios? An oibríonn an teoiric mar theoiric? Sin scéal eile. Má tá barúil agat faoi, cén fáth nach nochtann tú an bharúil ar an suíomh úr blagadóireachta atá tosnaithe ag Lá mar áis chun plé a dhéanamh ar athshamhlú na Gaeltachta, an t-athshamhlú atá riachtanach dar leis an nuachtán le go mbeidh Gaeltachtaí ní amháin beo ag deireadh an chéid seo ach faoi bhláth is rathúnas.

Tá an suíomh idirlín seo ar fáil ag gaeltacht21.blogspot.com. Ná bí cuthallach, ná bíodh drogall ort teacht chun tosaigh le do bharúil, cibé chomh craiceáilte is a shamhlaíonn tú é bheith. (N&iacutel an nasc seo ag obair anois 2/4/2008)

Tá fáilte roimh gach barúil, craiceáilte nó stuama ar an suíomh úr seo agus foilseofar cuid de na tuairimí i leathanaigh Lá amach anseo. Cá bhfios nach smaoineamh ‘craiceáilte’ a thabharfaidh an Ghaeilge slán!

Gaeltacht Gan Teorainn, an Ghaeltacht Ghlic, an G-spota agus eile

Má tá deascéal ar bith le baint as foilsiú Thuarascáil McCarthy chomh fada agus go mbaineann sé leis an Ghaeltacht is an Ghaeilge, is é go dtugann sé spreagadh dúinn féachaint ar an obair atá idir láimhibh againn as an nua, ag cur uainn na sean smaointe is an sean cur chuige.

Go dtí le déanaí bhí an plé á dhéanamh faoi scath Thuarascáil Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus bhí na Gaeltachtaí éagsúla ag iarraidh a chinntiú nach gcriochnóidís mar ‘Ghaeltacht C’ nó taobh amuigh den réimse chúng den aibitir a bhí faoi chaibidil sa tuarascáíl seo.

Anois tá an Ghaeltacht ar fad – agus earnáil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht Oifigiúil – faoi bhagairt an tua a nocht Colm McCarthy ina thuarascáil.   An dtabharfaidh sé spreagadh dúinn teacht le cheile ná leanúint den chluiche a bhíodh ar bun ag Foinse agus Donncha Ó hÉallaithe agus Acadamh na hOllscolaíochta  agus iad ag iarraidh a chur in iúl nárbh fhiú bheith ag infhéistiú airgid in aon Ghaeltacht seachas Conamara agus pócaí beaga i dTír Chonaill agus i gCiarraí.

Dar liom gur eirigh ‘chomh maith’ leis an mbolscaireacht seo gur chothaigh sé an soiniceas i measc an phobail mhóir i leith na Gaeltachta, ná raibh i gceist ach bó ar a bhleacht agus go raibh an bó á blea go dtí go raibh sí tirim.

Nior oibrigh an cur chuige seo.  Níl an Ghaeilge níos laidre sa Ghaeltacht dá bharr.  Go deimhin, fiú ar an gCeathrú Rua féin, príomh bhaile Ghaeltacht Chonamara, níl an Ghaeilge chomh laidir is ar cheart di bheith i bhfianaise na ndeontaisí atá faighte ag an gceantar sin i gcaitheamh na mblianta.  Sin scéal atá amhlaidh ar fuaid na nGaeltachtaí ar fad.

Ach anois tá an chomhthéacs athruithe go h-iomlán.  Níl a thuilleadh cainte ann faoi Ghaeltachtaí ‘A’, ‘B’ nó ‘C’.  An cheist anois an mbeidh an Ghaeltacht ann ar chorr ar bith?    De bharr na gcúinsí atá liostáílte agam anseo, tá díluacháil déanta ar ‘stadas Gaeltachta’ seachas a mhalairt.

An cheist atá agamsa: cén sórt Gaeltacht a bheas ann?

Gan faic a bhaint ó stadas na nGaeltachtaí traidisiúnta, an bhfuil deis ann anois an Ghaeltacht a athshamhlú le dul i ngleic leis an saol chomhaimseartha?

Tá an ceist a bhaineann le cé acu stadas oifiigiúil atá ag Gaeltacht, stadas aitheanta ag an Rialtas agus a chiallaíonn go bhfuil an pobal faoi choimirce an Údaráis, nó an amhlaidh gur fhogair an pobal féin gur Gaeltacht a bhí ann, tá an cheist sin cosúil leis an idirdhealú a dheintear idir naoimh atá faomhaithe mar naoimh ag údaráís na Vatacáine sa Róimh agus naoimh atá aitheanta ag an pobal mar naoimh, gan aon beannú oifigiúil.   Ní lú a n-údarás dá bharr seo – ar deineadh naomh riamh de Phádraig go h-oifigiúil?   Nó Bríd?  Nó Colmcille?  Nó Gobnait?

Tá’s againn go bhfuil ‘Gaeltacht’ in iarthar Bhéal Feirste, go bhfuil ‘Gaeltacht’ i gCeanada.   Ní gá aitheantas oifigiúil a bhronnadh ar na pobail sin chun an stadas sin a dheimhniú.

Ag an am chéanna, tá deis ann stadas Ghaeltachta a leathadh ar fuaid na tíre agus ar fuaid na cruinne i slí go mbeadh luach leis arís agus in áit an luach seo bheith ag creimeadh le h-imeacht aimsire, go mbeidh an luach sin ag ardú.

Is féidir le duine ar bith saincheadúnas a lorg le h-aghaidh brainse de McDonalds nó a leithéid a oscailt ina phobal féin.   Chomh fada agus go sasaíonn sé an critéir atá leagtha síos le h-aghaidh mearbhialann, agus go n-íocann sé an taille cuí le McDonalds, beidh an deis ag an t-é sin gnó a dhéanamh faoi airse McDonalds.

B’fheidir go bhfuil uaisle na Gaeilge is na Gaeltachta, sinn ró bhuartha faoi ‘stadas’, le dul i ngleic leis an nGaeilge ar bhonn gnó agus an obair a dhéanamh a thabharfaidh deis do dhaoine a nGaeltacht féin a bheith acu ina bpobal féin.

Thug mise an ‘G-spota’ ar an mbrannda a bheadh ag na Gaeltachtaí seo roimhe.  Bhí sé abhairín mioscaiseach agus bhí blás gairsiúil leis.  Fiú mura nglacfaí le sin, chuirfinn fáílte roimh bhúr moltaí ar an gceist.

In áít deontais a bheith ar fáil faoi mar a bhí sna Gaeltachtaí traidisiúnta, bheadh deiseanna gnó ann le faoiseamh cánach d’infheisteoirí a bheadh sásta tacú le tograí a chuideodh leis an nGaeilge.   Bheadh seo teorannta do Ghaeltachtaí sa Saorstát is dócha – cé go mbeadh deis ann is dócha dul chun cainte le Rialtas an Tuaiscirt/Na Breataine chun pacaiste den tsort céanna a chur in áit i gceantaracha ar nós iarthar Bhéal Feirste, Doire, Carn Tochair is eile.   D’fhéadfaí é a chur faoi éide phacáiste ‘stimulus’.

Is cinnte gurb é seo an am is fearr chun margaí maithe a fháil ó thogálaithe chun an obair a dhéanamh a chuirfidh na h-áiseanna atá ag teastáil ó na Gaeltachtaí seo ar fáil.  Ní gá go dtogfadh sé ró fhada ach an oiread.  Faoi láthair tá cara liom ag togáíl gaelscoile i Máthún i gcathair Chorcaí.  Tá an foirgneamh fós le teacht ón Eastóin – ach fós gealltar go mbeidh an scoil oscailte is reidh don obair i mí Mheán Fomhair.     Scoil adhmaid atá i gceist agus tá an bunús in áít theana féin.

Nílimid laidir ag an bpoinnte seo,  Mar sin ní foláir dúinn bheith glic.  Tá cur chuige difriúil ag teastáíl.   B’fhéidir gurb é seo an cur chuige sin, nó b’fhéidir go mbeidh cur chuige ina mbeidh gnéithe den gcur chuige seo le sonrú ann i gceist.   Níl a fhios agam – ach tá gá le plé ar libhéal éagsúil ón plé a bhí ann go dtí seo.

An rud a bhí ann go dtí seo nior oibrigh sé.  Ní féidir linn bheith ag súil le torthaí difriúla má leanaimíd leis an gcur chuige céanna i gcónaí. Tá an sean cur chuige le sonrú i gcuid de na freagraí ó Ghaeilgeoirí go dtí seo: anseo agus anseo.

SCANNAL: Aisínteacht Stáit atá ag obair

The question we ask today is not whether our government is too big or too small, but whether it works

Dar liomsa b’é seo an líne ba thabhachtaí in oráid Barack Obama an Mháirt seo chaite. Is é seo croí na ceiste i Stáit Aontaithe Mheirceá agus anseo ar oilean easaontach na hÉireann. Is fiú go mór an t-alt seo ar an cheist a léamh.

Is beag atá cloiste agam sa nuacht go fóill faoi thuarascáil bhliantúil Údarás na Gaeltachta, a seoladh inniu, ach ritheann sé liom go bhféadfadh ceannteideal cineál diultach a bheith ar an scéal i bhfianaise an méid atá ráite le seachtainí beaga anuas faoi mhí éifeacht na h-earnála seirbhíse phoiblí.

SCANNAL: Aisínteacht stait ag obair! Postanna á chruthú le linn culú eacnamaíochta! Fís don todhchaí á léiriú! Gaeilge á spreagadh i measc an phobail!

Sea, tá roinnt trachtairí agus ionadaithe ón saol ghnó imithe ar buile le cúpla seachtain anuas agus iad ag iarraidh na cosa a bhaint ón earnáil seirbhíse phoiblí. Gan amhras ní h-é sin le rá nach bhfuil cúpla pointe maith á dhéanamh – tá rudaí a fhéadfaí a dhéanamh níos fearr. Tá airgead á chur amú i dtograí éagsúla stait, leitheidí an Feidhmeannacht Seirbhísí Sláinte, mar shampla.

Ach, seo an rud, caithfear béim a leagadh ar na h-áisínteachtaí sin a bhionn ag obair. A bhíonn ag déanamh dul chun cinn i ngort nach bhfuil badhúil ar bhealach ar bith. Agus gan aon buiochas a bheith á fháíl acu as a gcuid allais.

De réir na tuairisce atá éisithe ag Údarás na Gaeltachta, is iad seo na cinnlínte ón ráiteas a h-éisíodh inniu:

An líon post sa Ghaeltacht coinnithe slán in 2008

1,269 post nua lánaimseartha cruthaithe

1,024 post nua lánaimseartha ceadaithe le hinfheistíocht iomlán de €100m

Na hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha fós ag fás

Fás i bhfostaíocht i bhfiontair dhúchasacha

An aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí Gaeltachta.

Bheadh cuma i bhfad Éireann níos fearr ar na bhfigiúirí seo ach amháin gur thug Contact 4 na cosa leo ag fágáil na céadta gan a bpostanna. Fuair an chomhlacht seo tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta chun glaolannaí a chur ar bun i nGaoth Dobhair, ar Oileán Acla agus sa Daingean. Tá ordú cúirte faighte ag an Údarás in éadan úinéir an chomhlachta le h-aghaidh £1.2m agus beidh le feiceáil cé acu an bhfaighidh siad an t-airgead seo ar ais.

Ag an am chéanna, is cinnte gur léirigh An tÚdarás an mianach cheart chun an t-airgead seo a lorg, mianach nach ionann leis an easpa cnamh droma atá léirithe ag an Rialtas go dtí seo ar cheist an Bhainc Angla Éireannaigh. Ba mhaith liom, lá éigean, Seán Mac Giolla Phádraig agus a chomhleacaithe a fheiceáil os comhair na cúirteanna ag freagairt ceisteanna faoina iompar i leith na ‘n-iasachtaí’ a fuair siad óna mbanc féin agus, is cosúil, atá á aisíoc as sparán an phobail, sé sin le rá, ár bpócaí féin!

Tá rud eile ar féidir a rá faoi fhigiúirí an Údaráis. Tá siad foilsithe. Níl siad faoi cheilt mar atá torthaí aisínteacht tras teorainn áirithe nach bhfuil tar éis tuairiscí a éisiúint do bhliain ar bith ó 2004 go dtí 2008. Tabhair faoi ndeara nach seo an ‘Tuarascáil Bhliantúil’ – foilseofar sin lá níos faide anonn, ach is tuairisc chuimsitheach macanta é ar an méid a baineadh amach anuraidh. Má tá laincis ar Fhoras na Gaeilge tuarascáil a fhoilsiú go foill de bharr iad a bheith ceangailte le Bord na hAlbanaise Uladh, nach féidir leo ocáid a reachtáil chun a gcuid figiúirí féin a chur os comhair an phobail? Nó an é go bhfuil rud eigean le ceilt ag Foras na Gaeilge?

B’fheidir gur cheart do Brian Cowen aireacht eile a bhunú – nó an cúram a ghlacadh chuige féin, is cuma liom – agus go mbeadh an ról ag an Aire/Taoiseach sin is atá ag Nancy Killefer, ard reachtaire ar fheidhmiú an Rialtais.

An bhfuil spriocanna le baint amach nár baineadh amach?
An bhfuil bealaí níos éifeachtaí ann chun nithe a bhaint amach?
An bhfuil an Rialtas oscailte is tre dhearcach a dhothain – sa deireadh thiar tá siad ag obair ar son an phobail, nach bhfuil?

Dea shampla é Údarás na Gaeltachta don earnáil phoiblí. Níl sé gan locht, gan amhras, ach tá sé ag feidhmiú go h-eifeachtach taobh istigh de na srianta atá air.