Nuacht7 – an chéad radharc de nuachtán nua i nGaeilge

Príomh leathnach Nuacht 7

Príomh leathnach Nuacht 7

Seo agaibh príomh leathnach Nuacht7 – nuachtán atá sé i gceist ag Bard na nGleann, comhlacht uaillmhiannach ó Bhéal Atha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí, a fhoilsiú má bhronntar an chonradh atá á thairiscint ag Foras na Gaeilge don nuachtán seachtainiúil ar an gcomhlacht.

Táim féin luaite leis an dtionscnamh ós rud é gur chuir mé comhairle orthu agus, anuas ar sin, go bhfuil sé i gceist go mbeinn im eagarthóir má eiríonn leis an iarratas.  Níl aon bannaí ann go n-eireoidh leis an iarratas, gan amhras, de bhrí go bhfuil iomaíocht tréan ann ó ghrúpaí eile, ina measc mo cháirde i Nuacht24 agus, freisin, leithéidí iar fhoireann Foinse, comhphairtíocht idir Eo Teilifís agus an Connacht Tribune agus Adman Publishing, foilsitheoirí ‘Inside Ireland’.

Creidimíd go bhfuil tairiscint laidir curtha i láthair an Fhorais againn – bhí an cruinniú sin ann inné [Dé Chéadaoin] agus tugadh éisteacht mhaith dúinn.   Chomh fada agus go ndeintear an chinneadh ar bhonn fhiúntas an iarratais – agus níl aon chúis agam a mhalairt a shamhlú – seachas cúinsí polatúla maidir le suíomh an nuachtáin [bheith i gConamara, mar shampla] – ba cheart go mbeadh Nuacht7 san áireamh nuair a bheidh an chinneadh á dhéanamh ar Samhain 20.

Tá comhairle agus gach cúnamh á fháil againn ó ghrúpa nuachtáin atá breis is 1m leitheoirí ag a gcuid nuachtáin náisiúnta, laethúla, seachtanúla agus áitiúla ana neart don iarratas againne.   Leis an chabhair seo beimid ábalta na sean chonstaicí a bhíodh ag nuachtáin Ghaeilge roimhe seo – dáileacháin, margaíocht agus díolaíocht – a shárú.

Is féidir libh bhúr strac fhéachaint a thabhairt don eagrán samplach thuas le blaiseadh den nuachtán a fháil.  Ní saothar criochnaithe é ná baol air agus tá roinnt leathnaigh ar iarraidh ón eagrán ar líne.     Léiríonn an eagrán seo an samhlaíocht agus an uaillmhian atá againn mar nuachtán – an chineal scriobhnóir ar mhaith linn a mhealladh chun bheith pairteach linn agus an cur chuige snásta gairmiúil a bheidh ár dtreorú.

Is cinnte, dar liom, go bhfuil an barra a bhí ann roimhe seo ardaithe sa chomórtas seo.   Pé nuachtán a bhainfidh beidh ar an nuachtán sin a bheith níos fearr ná na nuachtáin a chuaigh romhainn.     Ní le tarcaisne a deirim sin – ach le buiochas.  Lena linn féin, d’ardaigh Foinse agus Lá/Lá Nua an barra.  Anois tá orainn tabhairt faoin obair seo in athuair.

Tá níos mó i gceist leis an iarratas seo gan amhras – agus deinfear é a phlé lá níos faide anonn.   Fagfaidh mé agaibh é mar lón machnaimh agus tabharfaidh mé deis díbh bhúr dtuairimí ina leith a nochtadh.

15 de thuairimí ar “Nuacht7 – an chéad radharc de nuachtán nua i nGaeilge

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Choncubhair,comhghairdeas as bhfúr n-iarracht.Ón gcéad leathnach, ach go h-áirithe féachann sé snasta gairmiúil.

    Freagra
  2. aonghus

    Tá cuma deas air ceart go leor. Beidh mé ag ceannach pé nuachtán a thagann amach as an gConradh seo – tugann sin cearta clamhsáin dom!

    Tá sé i gceist agam féachain níos géire air ach teacht ar ríomhaire gasta. Tá an ceann seo ró mhall. Anocht, lcd.

    Freagra
  3. Seán Mór

    Tá cuma mhaith air seo, a Chonchubhair…comhghairdeas libh, agus cheannóinn é cinnte. Dálta Aonghuis, tá sé i gceist agam cibé nuachtán a gheobhaidh an conradh a cheannacht… luíonn mo thacaíocht féin le Nuacht24, ós rud é (a) gur chuir siad nuachtán seachtainiúil ar fáil dom gan aon tacaíocht stáit le roinnt míonna anuas (b) go bhfaighimse Nuacht24 gach seachtain fríd an phost, agus gur nuachtán measartha maith é cheana féin agus (3) go gcuireann siad nuacht reatha ar fáil gach lá ar an idirlíon.

    Leis an oiread iarratas atá curtha isteach ar an chonradh seo, agus ag amharc ar chaighdeán na n-iarratas sin, is doiligh dom gan teacht ar an tuairim go raibh an ceart ar fad ag Foras na Gaeilge an fód a sheasamh maidir le soláthar nuachtán seachtainiúil… (cé go raibh cuid mhór clamhsáin agus gearáin ag an am)….

    Freagra
  4. Concubhar O Liathain

    Mar is eol duit a Sheáin, táim féin ag scríobh do Nuacht 24 le tamall anois. Mar sin tá bá agam leo freisin. Go deimhin dúirt mé an méid a dúirt tú roimhe seo maidir leo bheith ‘i seilbh na liathróide’. Ag an am chéanna, ná h-abair é, dein é an manna atá againn agus ós rud é go bhfuil tacaíocht á fháíl againn ó ghrúpa nuachtáin náisiúnta chuige seo, creidim go bhfuil an seans is fearr ag Nuacht 7 go mbeidh rath ar sa bhfad tréimhse. Tá gá leis an seasmhacht sin anois go h-áirithe….

    Freagra
  5. Seán Mór

    Rud amháin a déarfainnse, a Chonchubhair…. duine ar bith a bhí i mbun nuachtáin laethúil, mar a bhí tú féin agus roinnt eile, ba bhreá liom an duine sin a fheiceáil i mbun nuachtáin sheachtainiúil… sílimse go mbeadh ardchaighdeán ann, agus an-éagsúlacht!

    Ní miste liom féin go pearsanta cé a gheobhas an conradh… a fhad is go mbeidh nuachtán fiúntach suimiúil ardchaighdeánach le léamh agamsa… ní thiocfadh liom a inse duit cé atá freagrach as an Irish Times a chur ar fáil, ach tá a fhios agam gur nuachtán maith atá ann. Mar an gcéanna le nuachtán Gaeilge, beidh mise i measc na léitheoirí agus mé ar nós cuma liom faoi lucht a fhoilsithe.

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    Tá cuma mhaith ar NUACHT 7 agus cheannóinn é ach tá súil’s agam nach gá feasta rogha a dhéanamh idir NUACHT 7 agus NUACHT 24 ach sílim go leanfaidh NUACHT 24 ar aghaidh is cuma cé gheobhas an conradh le FNG.Bhéinn buartha faoin cheangail le páirtnéirí nach foilsiú páipéar Gaeilge á bpríomh chúram .Má d’fhoghlaim muid aon rud ó bhás LÁ NUA agus FOINSE araon is é sin nuair a thágann an crú ar an táirne nach dtig a bheith ag brath orthu.Deirim sin agus a fhios agam cad é chomh díograiseach agus a bhí Nuachtán Bhaile Andarsan do LÁ Nua ach ag deireadh thiar thall níorbh é á bpríomh chúram é agus b’éigean tosaíochtaí a roghú agus b’ionann sin agus bású Lá NUA. Tá rud amháin ann gur trua liom nach bhfuil amhlaidh ag ceachtar de na páipéair atá le foilsiú agus is é sin nach páipéirí Mór bhilleoga iad is cuma cad a deir lucht na margaíochta.Ní riabh sarú an tsean LÁ le fáil ó thaobh cuma de agus é ina mhór bhilleog.Chomh maith le sin sílim go scarann sé an páipéar Gaeilge ó na scifleoga tablóideacha eile thart air sna siopaí agus ní beag an mhéid sin ag páipéar beag atá ag troid ar shon a fhéiniúlacht féin.Ar chaoi ar bith nach comhartha dul chun tosaigh é go bhfuil an oiread sin iomaíochta ann do fhoilsiú páipéar Gaeilge.Níl mé ag rá go raibh iomaíocht mar sin ann ariamh roimhe.

    Freagra
  7. greavsie

    Tá an ceart agat a Shéamuis d’fhoghlamar ó Lá Nua agus ó Foinse ceart go leor. D’fhoghlamar nach raibh pobal na hÉireann sásta nuachtán d’ísealchaighdeán a cheannacht de bharr gur i nGaeilge atá siad. Ní cheannóin Nuacht 7 bunaithe ar an samhail atá i gcló

    Freagra
  8. Concubhar O Liathain

    Ní bheinn ag súil le tada eile uait, a Greavsie. Ní féidir gach duine a shásamh i gcónaí cinnte – ach tá cuid eile ann b’fheidir nach sásófar choiche. Táim sásta leis an aischothú seo ar fad – tugann sé léargas dom ar an cineal fáilte a chuirfí le Nuacht 7 dá mbeadh sé d’adh againn an chonradh d’fháil.

    B’fhéidir gurb fhiú do Greavsie cur síos a dhéanamh ar an nuachtán Ghaeilge ar mhaith leis nó an é sin an t-aon duine a chuir tic sa bhosca in aice leis an triú rogha inár bpobal bhreith!

    Freagra
  9. Philip Cummings

    Faigh léitheoir profaí go gasta…tairiscintí i gclúdach donn chuig an ghnáthsheoladh 🙂

    Freagra
  10. igaeilge

    Gan amhras, a Philip. Nil anseo ach eagran samplach agus is teacs gan bri ata sna h- silt don chuid is mo. Ach biodh se agat mar Lon prof leitheoireachta le mo bheannachtai.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Bímis ag súil nach mbeidh dearcadh scaoilte ár bhfear tí anseo go cúrsaí gramadaí,litriú agus a léithid go mór i bhfínnise i Nuacht7 má fhaigheann siad an conradh.

      Freagra
  11. igaeilge Údar an Ailt

    A Sheosaimh, a chara,

    Gan amhras beidh cúrsaí gramadaí agus eile maith go leor mar go mbeadsa ag o obair le profleitheoirí oilte. Níor lig mé riamh orm féin gur scoláire Ghaeilge mé – iriseoir/eagarthóir nuachtáin mé agus is é sin mo ghort.

    Ag léamh do thrachtaireacht dom afach, ritheann an seanfhocal Béarla seo liom [m’aistriuchán féin] an t-é atá ina shuí i dteach gloine, nior cheart do bheith ag caitheamh na gcloch!

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Is cosúil go bhfuil tú ‘litrithe’ do dhothain chun a bheith ag caitheamh anuas ar ghramadach dhaoine eile, mar sin féin, a Sheosaimh. Nach ait san!

    Freagra
  13. Mise Áine

    Cibé nuachtán a gheobhaidh an conradh, beidh mise á cheannacht, mar a rinne mé riamh.

    Guím gach rath ar na hiarrthóirí uile. Ní miste liom cé a chuirfeas nuachtán as Gaeilge ar fáil go rialta, ach é a bheith ar fáil, agus é a bheith tarraingteach i.e. rud éigin ann do chuile léitheoir.

    Maidir le litriú, gramadach srl., táim tinn tuirseach ag léamh na dteachtaireachtaí deilgneacha maidir lena leithéid. Beidh leitheoir profaí ag cibé nuachtán a gheobhaidh an conradh, táim cinnte. Saor sinn ón olcas, a fheara …:-)

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s