Agus mé ag cuardach i measc mo chaipéisí le linn bogadh oifige, tháinig mé ar an chuimhneachán seo ar mo laethannta le Lá Nua agus, ar mhaithe na sioraíochta agus na glúinte go léir a chuaigh romham, roinnim libh anseo é.
Níl a fhios agam go díreach an fath nár léadh leagan Ghaeilge d’Fhorogra 1916 i nGaeilge – cé go bhfuil a fhios agam gur thug sé eiseamlár atá ‘comharbaí’ na glúine sin ag déanamh aithrise air ó shin – ach nuair a bhí 90 bliain ón Eirí Amach á chomóradh trí bliana ó shin, chinn mé agus foireann Lá gur íontach an deis a bhí ann an leagan Ghaeilge a fhoilsiú mar chuimhneachán.
Táim buíoch do Chaomhán Ó Scolaí as an dearadh fhirinneach údarásach a rinne sé ar dtéacs agus do Philip Cummings as profléamh a dhéanamh ar an dtéacs a d’aimsigh sé. Bheadh sé go deas a cheapadh gurb é seo an leagan bunaidh den Fhorógra agus gur aistriúchán Bhéarla a léadh taobh amuigh d’Ard Oifig an Phoist maidin Luan Cásca i 1916.
Ar aon nós tá an leagan PDF le h-íoslódáil thíos anseo. Ba cheart go mbeadh sibh ábalta é sin a chur ar bhata chuimhne agus é a thabhairt go duine éigean chun é a chlóbhuaileadh go gairmiúil agus ansan, b’fhéidir, fráma a chur timpeall air is é a chrochadh in airde in áit éigean. Sílim gur fiú go mór é le féachaint air, agus léigh é anois is arís nó tá rudaí ráite san chaipéis sin ar léir go bhfuil siad ligthe i ndearmad ó shin.
Cá bhfuil an pdf?
tá sé ann anois….brón orm faoin mhoill ach comhad an mhór – 2.5mb – atá ann agus ghlac sé níos faide é a uaslódáil ná mar a cheap mé go ndéanfadh sé….
Go raibh maith agat a Choncuibhir.Tá mé chun é sin a dheanamh chun a chruthú nách bhfuil an idéalachas go léir bainte dinn taréis an Tiogair Cheiltigh.Bheadh sé go deas dá mbeadh fiú leath den Forógra curtha i gcrích againn sa tír agus an cuimhneachan céad bhliain ar na bacain.
Maith thú féin!
Céard faoi scéal seirbhís na Gaeilge do na hUmb a léiriú?