Tá cosa an Aire Uí Chuív nite is cosúil mas aon tomhas an moladh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtuarascáil Mhic Carthaigh – An Bórd Snip Nua – agus, anois, alt san Irish Times ag Seán Tadhg Ó Gairbhí ag tomhas an tionchair a bhí ag gharmhac Eamon Devalera ina thréimhse mar Aire sa roinn sin.
Nílim chomh cinnte go bhfuil deireadh leis an Roinn nó tá go leor cainte ag na h-airí faoi thuarascáil Mhic Carthaigh bheith ina ‘bhiachlár’ ar féidir leo bheith ag roghnú as de réir mar is mian leo.
Ach nílim cinnte ach an oiread nach bhfuil an feartlaoi seo ró chinealta faoin Aire.
Mar sin féin, beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta buíoch d’Éamon Ó Cuív amach anseo. Nuair a thagann deireadh lena ré mar Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta tá gach seans ann go ndéarfar gurb é an tAire Gaeltachta ab fhearr riamh é.
An Aire Gaeltachta ab fhearr riamh – b’fheidir é mar ní mór é a chur i gcomparáid le h-Airí eile a raibh sa phost sin agus is beag Aire Gaeltachta a raibh thar moladh beirte.
An deacracht atá agam leis an Aire O Cuív go raibh sé – agus go bhfuil sé fós – ró cheangailte le nóisean sean aimseartha den Ghaeltacht agus den Ghaeilge agus go bhfuil an tionchar atá aige ag cur moille ar chúrsaí seachas a bheith á mbrostú chun cinn.
Sin an fath gur thug mé ‘aire analógach sa ré diigteach’ air. Ar ndóigh, taobh amuigh de Éamon Ryan, is beag aire atá ann a thuigeann, dar liom, an saol chomhaimseartha agus na feidireachtaí a bhaineann leis an dtodhchaí digiteach. An bhfuil aon dealramh bheith chomh buartha faoi na bainc – agus ag caitheamh airgead amú chun iad a tharrtháil – sa ré seo?
Na rudaí a luann Seán Tadhg ar thaobh an sochair, chuirfinnse anois iad ar thaobh an dochair:
Ar thaobh an tsochair de chuntas Uí Chuív tá, i measc rudaí eile, an tAcht Teanga, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus an feabhas as cuimse atá tagtha ar bhonneagar na Gaeltachta.
Dar liomsa, tá an ró bhéim ar mhaorláthas san Acht Teanga ag tachtadh na Gaeilge agus ní fheicim morán de bhuntáiste phraiciticiúil le stádas oifigiúil oibre a bheith ag an dteanga san Aontas Eorpach seachas postanna a chur ar fáil do dhlítheangeolaithe.
Ní fheictear dom ach an oiread go bhfuil an bonneagar sa Ghaeltacht tar éis feabhsú ‘as cuimse’. B’fhéidir gur amhlaidh an scéal i gConamara, i gcúlchlós an Aire féin, cé nach gceapfainn go n-aontódh muintir an Cheathrún Rua liom sa mhéid sin agus iad go fóill gan uisce inólta ón sconna. Tá réimsí móra den Ghaeltacht go fóill gan leathanbhanda, rud a fhagann iad go mór faoi míbhuntáiste sa ré digiteach.
Mar atá ráite agam anseo roimhe seo, creidim gur theip go tubaisteach ar an Aire aon chabhair phraicticiúil a thabhairt do Foinse nó do Lá Nua nuair a bhí géarghá leis an dtacaíocht sin. Ní h-amháin nár tháinig sé i gcabhair ar cheachtar nuachtán nuair a chuaigh siad in adharca le Foras na Gaeilge ar cheisteanna mhaoinithe ach tá sé ag suí ar a lámha maidir le rialachán a dhéanamh ar cheist na fograíochta. Fiú má dheineann sé cinneadh anois, ag cur iachaill ar na h-eagrais poiblí is na ranna stáit fógraí a fhoilsiú go dhá theangach, na leaganacha Ghaeilge sna meáin Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla sna meáin Bhéarla, beidh sé ró mhall nó tá Foinse agus Lá Nua i measc na h-iar nuachtáin Ghaeilge eile anois, i gClólann na Naomh!, Anois, Inniu, Amarach, an tÉireannach, Fáínne Geal an Lae, an Claidheamh Solais &rl.
Dár ndoigh, ní gá go gcosnódh sé níos mó airgid nuachtán Ghaeilge a fhoilsiú dá mba rud é gur léiríodh níos mó solúbthacht ar an módh foilseacháin. Dá mba rud é go mbeadh cead ag Lá Nua nó Foinse foilsiú mar leagan PDF amháin, mar a d’iarr Lá Nua ar aon nós, bheadh níos mó airgid ar fáil chun an abhar agus an dearadh a fheabhsú de bharr go raibh níos lú á chaitheamh ar chló agus ar dháileadh. Maith go leor, ní raibh an rogha sin ar fáil sa chonradh a bhí ag Lá Nua ach is peaca é ná raibh an rogha ar fáil sa chonradh a bhuaigh Foinse agus nach bhfuil sé ar fáil sa chomórtas atá ar siúl faoi láthair chun comharba ar Foinse a aimsiú. In áit a bheith ag reachtáil comórtas le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil – a bheadh, is cosúil, lonnaithe sna 26 contae, tá rogha ar fáil don Fhoras agus don Aire a mhaoiníonn an Fhoras, maoiniú mar is ceart a chur ar fáil don Druma Mór/Nuacht 24. Ach seo chugainn an maorláthas – agus an criochdheighilteachas arís – nó ní féidir leis an Aire nó an Fhoras, is cosúil, tacú le togra atá lonnaithe ó thuaidh.
Tá smaointeoireacht an Aire ró theorannta – agus ní an ‘teorainn’ amháin atá i gceist agam le seo. Ní teorainneacha na Gaeltachta ach an oiread.
Anois táimíd ag fánacht ar an Aire an plean a fhoilsiú chun an Ghaeilge a thabhairt slán. Tá méar fada an Aire tar éis foilsiú an phlean a gealladh i Nollaig 2006 go mbeadh sé ar fáíl roimh dheireadh na bliana seo chaite nó ‘laistigh de dhá bhliain’ agus anois beidh sé á fhoilsiú ag am go bhfuil an comhthéacs athruithe go h-iomlán. Má tá acmhainní breise – nó acmhainní ar bith – ag teastáil chun míreanna an phlean seo a chur i bhfeidhm, beidh sé deacair nó dodhéanta teacht ar na h-acmhainní seo ón Státchiste. Agus cad é an tairbhe don Stat plean a fhoilsiú mura bhfuil na h-acmhainní – nó an toil pholatúil troid san fhóram phoiblí ar son na hacmhainní seo – ann chun an plean a chur i bhfeidhm? Tá seilfeanna lán de phleananna ag bailiú deanaigh i Roinn na Gaeltachta.
I mo shamhlaíocht den phlean seo, bhí áit lárnach ag na meáin Ghaeilge, idir fuaim, fís agus cló is ar líne, san obair chun 250,000 cainteoirí laethúla Ghaeilge a bheith ann faoi 2028. Ach anois tá na meáín cló nach mór imithe, tá ciorruithe eile á moladh do TG4 agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta fós siocaithe sa sean aois.
Sin ar fad ar sheal faire an Aire Uí Chuív.
Is cuimhin liom go raibh geallúint mar cheannlíne i gclár toghcháin FF ag an olltoghchán i 2007 go mbeadh Aireacht Sinsearach Rialtais ag an nGaeltacht. Rinne an Aire é féin mór den mhéid sin agus é ag caint liom is iriseoirí eile sna meáin Ghaeilge. Anois is cosúil go bhfuil an geallúint sin le briseadh, cosúíl le go leor geallúint eile.
An Aire Gaeltachta is fearr riamh, ní fheadar. An Aire Gaeltachta deireannach, is doichí.
Fagann sin an cheist. Céard a dhéanfaimíd mar fhreagra ar seo ar fad? An gá dúinn, mar a mhol Máire Mhic Niallais ó Chomharchumann Gaoth Dobhair ar RnaG an lá deireannach, ‘eirí amach’ i gcoinne mholtaí Mhic Carthaigh.
Táim féin ag obair ar thrachtaireacht ar an dtéama; An Ghaeltacht Ghlic: a bheidh á fhoilsiú anseo go luath. Níl mo Ghaeltacht ina Ghaeltacht ‘A’, ‘B’ nó ‘C’. Is Gaeltacht gan teorainn é. Gaeltacht digiteach don ré digiteach. Ach beidh tuilleadh faoi seo ar ball. Mura mbionn Aire ‘Gaeltachta’ ann amach anseo, beidh orainn ‘aire’ a thabhairt don Ghaeltacht sinn féin!