Sean chara dem chuid é Ian Malcolm – an Dr. Ian Malcolm – a chas mé leis ó thuaidh le linn mo sheal ansin. Colúnaí i Lá Nua a bhí ann agus i Lá roimhe sin.
Aondachtóir go smior – ach Gaeilgeoir freisin. Chaith sé na blianta i mbun staidéir ar an gcaidreamh idir Protastúnaigh agus an Ghaeilge agus is an staidéar sin a shaothraigh sé a dhochtúireacht.
Anois tá leabhar bunaithe ar seo foilsithe aige – Towards Inclusion, Protestants and the Irish Language – agus is cinnte go mbeadh sé ina leabhar úsáideach is taitneamhach le léamh.
Níl sé léite agam go fóill agus tá súil agam mo choip a fháil go leabhar. Idir an dhá linn tá alt ag Robert McMillen san Irish News i nGaeilge faoin leabhar inniu….b’fhiú é a léamh agus tá sé ar fáil anseo.
Ping: Leabhar nua Ian Rua…. | Unemployment Killer's Daily Blog
Fear uasal, gan amhras!
Comhgháirdeas leat, a Ian!