Is cuimhin liom nuair a ceapadh Brian Cowen ina Thaoiseach – agus ba cheapachán seachas toghchán a bhí ann – go raibh dóchas éigean agam go raibh ceannaire ag an tír a thuig, b’fhéidir, go raibh gá le ceannaireacht. Thóg sé mo chroí gur labhair sé as Gaeilge ina chéad oráid – ba rud fónta é sin ar a shon agus nuair nár craoladh an mír i nGaeilge ar shuíomh an Irish Times, rinneas gearán agus fuaireas leithscéal ón eagarthóir, Geraldine Kennedy.
Ní raibh an t-adh leis cinnte ach, mar a dúirt Bill Clinton, agus é ag tagairt do chúrsaí spoirt:
Golf is like life. All the biggest wounds are self inflicted.
Cé gur thosnaigh sé go maith agus é ag caint go macánta is, fiú, go spreagúil leis an bpobal, chuaigh sé ó mhaith go tapaidh agus ba thubaiste ‘caidrimh phoiblí’ a réim ag an deireadh.
B’é a shlánaigh Fianna Fáil ag an olltoghchán deireannach – ach is cosúil go ndeinfear ollscrios ar an bpáirtí ag an toghchán seo agus gur ar fhear Uibh Fháílí a bheidh an locht á chur. Gan amhras ní raibh sé leis féin ag an mbarr. Bhí sé timpeallaithe ag lucht gaimbín agus ‘lucht sea’. Fuair lucht ‘sea’ ardú céime agus d’fhan an chuid eile ina dtost go dti anois. Ná bíodh aon dul amú ort, ní leas na tíre atá ag déanamh tinnis d’amhrasáin FF ach compórd a suiocháin féin. Níl aon cruthúnas chomh soiléir ar sin ach an socrú a rinneadh, faoi choim, go mbeadh ciste ollmhór ar fáil do Theachtaí Dála a bheadh ag eirí as ag an toghchán seo… Go deimhin beidh tuarastal níos fearr – nó pinsean más fearr leat – ag na Teachtaí is na hAirí atá ag eirí as ná mar a bheadh dá dtoghfaí iad in athuair.
Má eiríonn Brian Cowen as inniu, nó i gceann cúpla lá, díreach roimh an Olltoghchán nó ina dhiaidh, ceapfaidh FF go mbeidh siad ábalta an titim tubaisteach a mhoilliú. Ní tharlóidh sin. Tá rás FF rite – agus b’fhéidir nach mbeidh FF ina fhórsa níos mó i saol na tíre. Arís ní feidir an milleán a chur ar fhear amháin – Brian Cowen nó Bertie Ahern – as sin. Tá an locht ar an bpáirtí trí cheile nó tá siad go léir chomh h-olc lena chéile. Gach duine acu ag geall leis gach deis, rinne siad an rogha éasca agus mí cheart. Cuirim i gcás an bannaí a thug FF do na bainc, an Banc Angla Éireannach san áireamh, agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, cairt mhaorláthach gan tairbhe, na meaisíní votála Tá samplaí eile ann nach luafaidh mé faoi láthair.
Na roghanna ceart: an dleacht ar mhalaí plaisteacha agus an chosc ar chaitheamh tabac.
Bhí bá na nGaeilgeoirí – a bhfurmhór acu ar aon nós – riamh le Fianna Fáil. Bhí FF i gcónaí ábalta an rud ar theastaigh uainn a chlos a rá. An cuimhin libh an gheallúint roimh an Olltoghchán deireannach: go mbeadh Aire sinsearach le cúram na Gaeilge is na Gaeltachta orthu? Chomhlíon siad an gheallúint, maith go leor, ach rinne siad cuimil a mhailín den bhuiséad, rud a fhagann go mbeidh an nGaeltacht buailte níos troime ná earnáil ar bith eile ag an mbuiséad.
Anois is cosúil go bhfuil Gaeilgeoirí ag féachaint i dtreo SF agus is cinnte go mbeidh na ‘rudaí cearta’ á rá ag an bpáírtí sin agus iad ag iarraidh ár vótaí a mhealladh. Ach an oiread le FF, ní dheineann SF beart de réir briathar agus, go deimhin, uaireannta is ar aimhleas na Gaeilge a ghníomhaíonn siad. Fiú má tá corr Ghaeilgeoir ‘mór le rá’ ar bórd acu, feictear dom gur pairtí é nach gcreideann i rud ar bith ach cumhacht ar son na cumhachta agus, mar a chonacthas ó thuaidh den teorainn, gur beag a dhéanfaidh siad ar son na Gaeilge agus iad i gcumhacht.
Mar atá ráite agam roimhe, níl idir FF agus SF ach am. Agus tá SF ag iompú ina FF lite go h-an tapaidh. Agus sinn ag iarraidh ceannasaíocht stuama a chur i bhfeidhil ar an dtír san olltoghchán, ná deinfimís meancóg agus tweedle dum a thoghadh in áit tweedle dee