Cartlanna Clibe: Banríon Shasana
Comhairle na gCeithearnach Ruibéir do Bhanríon Shasana
Ar an lá stairiúil seo, tá comhairle á roinnt ag na gCeithearnaigh Ruibéir le Banríon Shasana, Eilís II, agus í ar cuairt inniu agus ar feadh roinnt laethannta ar an gcuid seo den tír…..
Gerry agus an Bhanríon
Cé a chreidfeadh é? Táimíd beo agus tá rudaí suimiúla ag titim amach timpeall orainn. Ar maidin inniu, foilsíodh alt ó pheann Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin agus polaiteoir atá cáinte agam go minic anseo, ag tabhairt léargas níos soiléire is níos tuisceanaí ar dhearcadh Ghluaiseacht na Poblachta i leith cuairt Bhanríon Shasana ar an gcuid seo den tír an tseachtain seo chugainn.
The Good Friday Agreement is the foundation upon which new relationships between unionists and nationalists and between Ireland and Britain can be forged. It has fundamentally altered the political landscape, levelled the political playing field, removing the despicable Government of Ireland Act and opening up a peaceful, democratic route to a united Ireland.
And because nationalists and unionists are governing the North, decisions affecting the lives of people there are increasingly being made in Ireland and not in Britain.
Republicans want to continue and to accelerate this process.
The united Ireland that republicans seek to build encompasses all the people of this island, including unionists.
It will be a pluralist, egalitarian society in which citizens’ rights are protected and in which everyone will be treated equally.
Sinn Féin wants a new republic. That of course, is a matter for the people of this island to decide.
But no matter how we shape our society, the new Ireland must embrace our island’s diversity in its fullest sense.
This includes English and Scottish influences, the sense of Britishness felt by many unionists, as well as indigenous and traditional Irish culture and the cultures of people who have come to Ireland in recent times.
Ireland and England are not strangers to each other. We should build on what we have in common while at the same time respecting each other’s sovereignty and independence.
I want to see a real and meaningfully new and better relationship between the peoples of Ireland and Britain, one built on equality and mutual respect. Republicans have been to the forefront in working to bring this about and we will continue to do so.
The visit by the Queen of England provides a unique opportunity for the British establishment to make it clear that this is its intention also.
If this is the case it will be a matter of considerable pleasure, not just for her majesty but for the rest of us as well.
Níl focal sa mhéid sin nach n-aontaím leis. Níl sé i gceist agam a bheith i lathair nó ag faire ar an dteilifís ar an gcuairt seo an tseachtain seo chugainn mar go mbeidh mé ró ghnóthach. Ar an láimh eile, ní bheidh mé ag freastal ar aon agóid ina choinne ach an oiread, ar an údar chéanna.
Shíl mé go raibh an dearcadh a bhí á nochtadh ag SFéinithe ar an idirlíon, ar Facebook is a leithéid, mí-aibí agus mícheart. Anuas ar sin bhí siad ag léiriú chomh dúr agus ‘off message’ a bhí na poblachtóírí céanna.
Má tá SF i Rialtas leis an DUP ó thuaidh, cad is fiú dóibh bheith ag maslú na Banríona agus an chóras monarcachta nuair atá’s acu go bhfuil dúil mhór ag a gcomhpháirtithe sa Rialtas ina léithéid. Fiú má bhionn na DUPaigh ag maslú na Gaeilge agus pobal na Gaeilge mar a bhionn, ní h-aon chúis é sin dul síos sa chlabar leo.
Táim ag gabhail den phort seo le tamall agus níl a fhios agam an admhóidh Gerry Adams gur ‘athrú poirt’ atá déanta aige agus más amhlaidh gurb é, go raibh sé ag tabhairt cluas don mhéid a bhí le rá agamsa. Gach seans gur tháinig sé ar an dtuiscint é féin, pé rud eile a dhéarfaidh mé faoi, ní cheapaim go bhfuil sé dúr is gan tuiscint, murab ionann agus cuid dá leantóirí.
I bhfianaise an méid a dúirt ceannaire an UUP an tseachtain seo chaite, tá ráiteas Gerry Adams ar maidin inniu tar éis an talamh ard mhorálta a bhaint amach arís do féin agus dá pháirtí. Beidh le feiscint an ndéanfaidh Sinn Féin beart de réir briathar Gerry Adams agus, mar sin, go gcoinneoidh siad an talamh ard seo ar feadh seal eile.
Má tá focal ‘diultach’ amháin le rá agam, is é seo é. Tá sé deacair a shamhlú go ndéarfaidh Banríon Shasana rud ar bith faoin ról a bhí ag a forsaí armtha in eachtraí ar nós Buamáil Bhaile Atha Cliath agus Mhúineacháin agus eisean ina thost faoi a ról san IRA agus in eachtraí fuilteacha ar nós Aoine na Fola, marú Jean McConville is eile.
Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an Banríon ag tabhairt cuairte ar Ghairdín an Chuimhneacháin agus ar Pháirc an Chrócaigh, gach seans go mbeidh rud éigean le rá aici. Tá macallaí na staire chomh tréan sa dhá shuíomh sin gur deacair iad a shéanadh.
Sa scánnán thíos, tá sé faoi agallamh ag tuairisceoirí faoin alt seo agus na tuairimí a nochtar ann. Tabhair faoi ndeara gur seirbhís iomlán Bhéarla atá in Irish Republican TV!
Stair agus suarachas
Is cosúil go mbeidh Banríon Shasana, Eilis II, ag tabhairt cuairte ar Pháirc an Chrócaigh agus í ar chuairt go hÉirinn an mhí seo chughainn. Beidh sí freisin ag teacht go Corcaigh agus ag tabhairt cuairte ar shéadchomharthaí chuimhneacháin atá i mBaile Átha Cliath, ceann acu an Gairdín Chuimhneacháin a dheineann comóradh ar laochra an Eirí Amach agus ceann eile an Séadchomhartha Cogaidh ag Droichead an Oileáin/Islandbridge.
Is léir ón méid atá foilsithe faoin gcamchuairt seo go mbeidh macallaí na staire mar thaibhse pé áit a ngabhann an Bhanríon ós rud é go bhfuil stair chomh fuilteach idir an Ríocht atá sí ag a ceann agus an tír seo. Mar sin féin tá tabhacht siombalach lena teacht agus is dócha gur mó arís an siombalachas a bhaineann le na cuairteanna atá á thabhairt aici ar Pháirc an Chrócaigh (Domhnach na Fola), Gairdín an Chuimhneacháin (Eirí Amach 1916) agus Corcaigh (Dóghadh Chorcaí 1921).
Is olc an mhaise do Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin, a bheith ag gearán mar gheall ar an masla a mhothaíonn sé ar shon ‘go leor saorannaigh Éireannacha’ atá buartha go bhfuil an chuairt seo ag titim amach ar an lá céanna a phléasc buamaí i mBaile Átha Cliath agus i Múineacháin, eachtraí inar maraíodh an líon is mó daoine le buamaí le linn na dtrioblóidí ar fad.
Ní h-é nach mothóidh daoine, teaghlaigh a chaill daoine mór leo sa bhuamáil seo, gur masla agus gortú breise é seo. Tá a fhios ag an saol mór go raibh láimh ag Fórsaí Rúnda na Breataine leis na h-eachtraí seo agus gur le sainordú na Banríona céanna atá ag teacht ar chuairt go hÉireann a ghníomhaíonn na fórsaí sin agus a ghniomhaigh siad an lá úd, Bealtaine 17 1974.
Ach dá mba rud é go raibh Gerry Adams le bheith iomlán ionraic agus ag cloí leis an gcaighdeán iompair atá sé ag súil leis ón mBanríon seo, cén lá den bhliain a bheadh deis aige labhairt ar ábhar ar bith? Tá fuil ar a lámha an oiread is go bhfuil sé ar lámha na Banríona Breatnaí seo. Ba cheannaire eisean sa tslí céanna agus chuaigh daoine amach faoi orduithe uaidh chun daoine a mharú. Mharaigh siad na daoine seo, le buamaí, le piléir, le céasadh.
Os rud é go bhfuil Banríon Shasana ag tabhairt cuairt ar laithreacha siombalacha ar nós an Gairdín Chuimhneacháin agus Páirc an Chrócaigh, cheapfá go bhfuil sé i gceist go ndéanfadh sí ráiteas siombalach éigean faoin am atá caite. Bheadh sé suimiúil a fheiscint an ndéanfadh an tUasal Adams ráiteas den tsort céanna agus é ag tabhairt cuairte ar iliomad láithreacha ar fuaid an Tuaiscirt ar tharla doirteadh fola ann.
Ba cheart do Gerry Adams meabhrú ar an dtafann a rinne na madraí Aondachtacha nuair a leag Alex Maskey fhleasc cuimheacháin ag an Seineotaf i mBéal Feirste tamall de bhlianta ó shin. An dteastaíonn uaidh a bheith chomh suarach céanna ar an ócáid seo?
Dúirt David Trimble uair amháin nach ionann a rá má bhí stair ag duine, nach bhféadfadh todhchaí a bheith ag an duine céanna. Ní duine mé a chuireann stór i raitis David Trimble go ró mhinic ach b’fhéidir go raibh an cheart aige an uair seo.
Aindrias agus an Banríon
Tá alt speisiúil ag Aindrias Ó Cathasaigh i nGaelscéal na seachtaine seo agus é tabhairt aghaidh ar an gCuairt Ríoga atá á thabhairt ag Banríon Riocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart na hÉireann, Eibhlís II, ar Bhaile Átha Cliath i mí Bealtaine.
Ní ró thogtha atá Aindrias le chlann ‘mífheidhmiúil Windsor’ agus dar leis nach aon trath é seo chun an ‘éagothroime chorportha ina steille bheatha’ a chomóradh. Sin an rud a bheidh ar siúl, dár leis, nuair a thabharfaidh A Soilse, Eilís II, cuairt ar an dtír seo den chéad uair, (an chuid sin di ar an dtaobh ó dheas, ar aon nós), i gceann roinnt seachtainí.
Is cinnte go mbeidh go leor d’aos trachtaireachta na tíre – ní thabharfainn ‘aos eagna’ orthu mar a thugtar in eagarfhocal Gaelscéal – ag caint faoin chuairt seo mar shiombal d’aibíocht na tíre sna seachtainí romhainn agus beidh orainn cur suas le go leor den chineál cainte a chuirfeadh múisc ar an t-é leis an mbolg is laidre. Léiriú ar a gcuid anaibíochta féin a bheidh sa trachtaireacht san dar liom.
Ach is mithid do Aindrias agus a gcomrádaithe a thabhairt chun cuimhne go bhfuil sé ar leas na tíre [ó dheas] go mbeadh an chuairt seo ann ó cheannasach na gcomharsan ag aon am, agus is dócha go bhfuil sé chomh maith é a bheith ann anois agus am ar bith eile.
Nó ní mór dúinn gnath chaidreamh a bheith againn lenár gcomharsain in ainneoin an uisce atá gafa faoin ndroichead eadrainn le níos mó ná 800 bliain! Nár réitigh an bua chaithréimeach a bhí ag cruiceadóirí na hÉireann ar na Sasanaigh i mBangalore an aighneas sin!
Cé go nglacann Aindrias leis go gcaithfidh muintearas a bheith eadrainn agus ár gcomharsain céistíonn sé an fath go mbeadh orainn bheith cairdiúil leis an mBanríon úd mar gur le muintir na Breataine ar cheart dúinn bheith ag déanamh cairdeas leo ‘seachas le sumairí a chosnaíonn £180m sa mbliain’.
Chun an fhírinne a ínsint cheap mé gur níos mó a bhí i gceist. Ach creidim go gcreideann furmhór pobal na Breataine go bhfaigheann siad luach a gcuid airgid ón gclann úd, muintir Saxe Coborg agus Gotha a d’athraigh a n-ainm go dtí Windsor le linn an Chogaidh Mhóir i 1917, mar gheall ar an líon mór turasóirí a thaistealaíonn ó gach cuid den domhan chun cuid den ríogacht Briotanach a bhlaiseadh agus na lathracha staire a ghabhann leis a fheiscint. Agus ní féidir argóint leis an bpointe go bhfuil stair den scoth ag Rí Theaghlach na Breataine – tá gach rud ann, doirteadh fola, cogaiocht, gnéas is eile.
An rud mar gheall ar an argóint gur cheart dúinn bheith caradach le muintir na Breataine agus nach gá dúinn bheith caradach lena mBanríon, is é an bréag mór.
Meabhraím ar an bhfearg a bhí orm nuair a bhí na Sasanaigh ar chuairt go Pairc Lansdún roinnt blian ó shin agus gur tháinig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa anuas chun go gcuirfí in aithne í d’fhoireann Shasana. Dhiultaigh na Sasanaigh an chairpéad dhearg a gheilleadh di agus ba mhasla saolta é sin don tír ar fad dar liom – ba mhór an trua nach bhféadfadh ár bhfoireann díoltas fuilteach a bhaint amach ar an bpointe boise ach tháinig ár lá cúpla bliain níos déanaí nuair a thugamar greadadh do Shasana i bPáirc an Chrócaigh.
Is ionann masla don Uachtarán agus masla domsa agus duitse, do gach duine againn. Má thugaimíd masla do Bhanríon na Breataine, bhuel is masla é sin do phobal na Breataine. Cén fath go mbeadh a leithéid de phobal caradach linn?
Is é an cineál argóna atá ar bun ag Aindrias ná bolscaireacht an tsean pholataíocht. Polataíocht é sin atá níos sine ná polataíocht an chogaidh chathardha, fiú. Ach dá aosta é mar pholataíocht, tá sé leanbaí mar chur chuige freisin.
Tiocfaidh an Banríon ar chuairt go dtí an chuid seo den tír i mí Bealtaine agus ba cheart go gcuirfeadh gach duine, gach Gael fáilte roimpí. Ba cheart go mbeadh bratacha na Breataine ar fholuain ar gach cuaille, fiú ar cheannaras Chonradh na Gaeilge agus beidh mé ag súil le forlíonadh ceithre nó ocht leathnach i nGaelscéal faoin chuairt.
Ocáid stairiúil atá ann. Ní gá do dhuine bheith i ngrá le hEilís Bhindsor chun sin a aithint agus a chomóradh. Nuair a imeoidh sí ar ais go dtí a tír féin, bhuel is féidir linn na bratacha a bhaint anuas agus leanúint orainn lenár saol féin.
Fiú go dtugaimíd cuireadh don Bhanríon úd teacht agus go dtagann sí agus go gcuirtear fáilte roimpí, ní h-ionann sin agus a rá go nglacaimid le h-iompar na Breataine ar fuaid an domhain, in Afganastáin nó abhus inár dtír féin. An oiread agus Peig, is sean bhean í le cos san uaigh agus cos ar a bruach agus ba chóir dúinn meas a bheith againn ar an méid sin. Níl saighdiúirí ‘aici’ – feidhmíonn saighdiúirí na Breataine de réir orduithe an phobail, nó de réir na daoine a thoghadh an phobal sin a bheith freagrach as cinntí den tsort sin.
Ní h-í Banríon Shasana a ghearr an teorainn frith dhaonláthach treasna na tíre. Agus fiú nach n-aontaím leis an teorainn céanna, níl sé iomlán frith dhaonláthach nó votáil móramh den toghlach ó dheas i 1921 ar shon Rialtas a ghlac leis an teorainn. De réir na staire atá tagtha chun solais le déanaí, rinne an Bhreatain tairiscint do Rialtas DeValera le linn an Dara Chogadh Domhanda, athaontú na tíre má thaobhaíonn tú linn sa chogadh in éineacht le Cumanaigh/Soisialaigh na Rúise in éadan Faisistigh na Gearmáine is na hIodáile. Dhiultaigh Dev don tairiscint ar son phobal an deiscirt. Agus toghadh é arís is arís eile ina dhiaidh sin, in ainneoin an thréis.
Ni gá dúinn féachaint thar farraige chun cinseal a ghlac seilbh ar shaibhreas na tíre a aithint. An oiread is ná raibh réabhlóid faoi sa Bhreatain go fóill, ní raibh sé sa tír seo ach an oiread. Agus más buairt faoi Eilís II gan a bheith tofa ag an gcosmhuintir atá ag déanamh tinnis d’Aindrias, d’oirfeadh do féachaint ar chomh forleathan is atá an vóta ag an gnathdhuine sa tSín do rialtóir na tíre sin nó mar a bhí san Aontas Shoivéideach le linn ré na gCumanach d’Ard Runaí an pháirtí sin. Ní raibh vóta ach ag an gcinseal agus cinseal an chinsil ansan.
An rud a mholaim d’Aindrias agus a chomrádaithe, eirigh as an chogadh. Cuireann sé i gcuimhne dhom na sean saighdiúirí Seapanacha a bhí ag troid an dara chogadh domhanda in oileáin ar an Aigéan Chiúin ar feadh na mblianta fada i ndiaidh deireadh an chogaidh. Tá tú gafa sa sean stair a Aindrias – tá sé in am duit tú féin a fhuascailt óna mharbh fhaisc.
Agus ós rud é gur luaigh tú Libia, nach aisteach a thabhairt chun cuimhne an chaidreamh a raibh ag rialtóir na tíre sin le na poblachtóiri is mó, dar leo féin, sa tír seo agus iad ag lamhach agus ag buamáil ar son na cúise is na hÉireann etc. Agus cad as a tháinig na gunnaí agus an ábhar pléascach a raibh á sholathar ag Libia don IRA ach ó oirthear na hEorpa, na tíortha Chumanacha/Shoisialacha. Is beag atá cloiste agam ó Gerry Adams agus a cháirde ag cáineadh réimeas Libia faoi láthair. Ní gá dul i bhfad chun crios a cheanglaíonn na daoine is réabhlóidí le na réimis is brúidiúla amuigh ansin a aimsiú – sa chomthéacs sin cheapfá go bhfuil íonsaí ar shean bhean 85 bliain d’aois iomarcach agus ábhairín fimíneach.
Mar a deirtear sa Bhíobla, agus níl seo dírithe ar Aindrias ach go h-áirithe ar réabhlóidithe:
And why seest thou the mote in thy brother’s eye: but the beam that is in thy own eye thou considerest not?
An bhfuil Gaeilge ag Banríon Shasana?
Ar chéad leathnach an Irish Times ar maidin tá pictiúir gleoite de Ronan O’Gara, leathchúlaí las muigh na hÉireann agus na Mumhan, a lámha ina phóca agus é ag cabaireacht le Banríon Shasana, Eilís Bhindsór, ag ocáid i gCaislean Bhaile Chromhghlinne i gCo. Aontroma inné.
Ar imeall chlé an phictiúir tá Greagóir Ó Cham Bhéal, ‘Aire Cultúr, Spóirt is Foillíochta’ an Tuaiscirt, biogóid chomh gránna is ar saolaiodh riamh ar an oileán seo mas aon tuar na tuairimí atá nochtaithe i leith na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil.
Feictear domsa go mbainfeadh sé an ghaoth as sheolta Uí Chaim Bhéil agus a leithéid dá labhródh an Bhanríon seo cúpla focal i nGaeilge ag ocáid den chineal go raibh sí ag freastal air inné.
Agus tá sé tabhachtach an ghaoth a bhaint as a seolta. Tá an chogadh chultúrtha seo atá á fhearadh ó thuaidh ag baint ón fhuinneamh is ón fhocas ar ghá chun an Ghaeilge a thabhairt go dtí an chéad chéim eile. Tá alt an spéisiúil ar an abhar ag Seán Ó Daimhín ar Iris Eoghanaigh
Ritheann sé liom gur féidir go mbeadh blúirín de Ghaeilge na hAlba ag an mBanríon seo – caitheann sí furmhór an tSamhraidh gach bliain ar saoire i dtuaisceart na hAlba. Mar sin ní dócha go mbeadh sé ró dheacair uirthí leagan na hÉireann a fhoghlaim.
Ach tá tabhacht thairis an tuaisceart ag baint leis an moladh seo – más moladh é. Tá iriseoirí is lucht cabaireachta na meán sa Pháil ar bís go dtiocfadh Banríon Shasana ar chuairt anseo. Is é seo, dar leo, an tastáil is mó ar theacht in aois Éire (deighilte) mar náisiún. Mar a scriobh an tuairisceoir in alt an Times – agus cad faoi seo mar léiriú chlaontachta ó ‘thuairisceoir’.
The one unspoken question was whether the queen might at last visit the Republic. Perhaps yesterday’s party brings that day a little closer.
Is ar éigean go bhfuil an Ghaeilge ar an ‘radar’ acu ar chorr ar bith ach amháin go mbaineann siad usáid as an teanga mar thargaid – mar shampla, agus sinn i lár ghéarchéim airgid, bionn siad ag tabhairt le fios go mbionn airgead á chur amú ar chur chun cinn na Gaeilge (agus bionn ach ní mar a shíleann siad).
Nach gcuirfeadh ‘cúpla focal’ iad san ina dtost!
B’fhéidir go bhfuilim ró dhóchasach agus gur sórt aisling é seo nach bhfíorófar – agus ni doigh liom ach an oiread go gcúiteodh sé ná baol air an dochar a rinne rialtais éagsúla na Breataine don tír seo i gcaitheamh na mblianta.
Ach chabhródh sé dar liom cuid den nimh a bhaint den chaidreamh idir an dhá thír. Faoi láthair tá an chosúlacht ar an scéal, dar liom, go bhfuil an obair athmhuintearais ar fad á dhéanamh againn. Ba bheart athmhuintearais é ag foireann rugbaí na hÉireann casadh leis an mBanríon, bhí an ocáid úd i bPáirc an Chrócaigh ann dhá bhliain ó shin agus is iomaí cuairt atá tugtha ag Uachtaráin éagsúla na hÉireann ar Thír Sheán Bhuí.
Nach bhfuil sé in am do Eilís 2 a dhéanamh beart a dhéanamh de réir mar a dhein Eilís 1 – fiú go raibh an bean úd i bhfeidhil ar shlad náireach in Éirinn – a bhí liofa sa Ghaeilge agus a d’fhoilsigh leabhair i nGaeilge!
Cogadh Eacnamaíochta II
“Everyone knows that at some vulnerable moments in our history our immediate neighbours have tried to take us on. But they should remember this: They have never managed to take us out. And we must make sure that they never will.”
B’é seo an méid a bhí le rá ag ocáid ag ceannaire sinsearach i bhFianna ÉireannFáil agus é ag labhairt leis an lucht éisteachta ag cruinniú den Rannóg Cháin Ioncaim de Chumann na nArd Stat Sheirbhíseach i gCeatharlach ag an deireadh seachtaine, cruinniú nach luaifeá le caint dúshlánach dá leitheid, cheapfá.
Niorbh ball de Shinn Féin nó de Chomhairle Arm an IRA an chainteoir – iar Aire Airgeadais an chainteoir, fear atá anois ina Choimisinéir sa Bhruiséal, fear atá fios feasa aige faoi cheannairc is réabhlóid [taobh istigh d’Fhianna Fáil], Charlie McCreevy.
Níl a fhios agam cad é an teachtaireacht atá á sheoladh ag an tUasal McCreevy nuair a dúirt sé: ”But they should remember this: They have never managed to take us out. And we must make sure that they never will.”
Tá blúire den fhírinne sa mhéid a deir Charlie McCreevy. Is léir go bhfuil ana dhúil ag na meáin Sasanacha bheith ag spocadh faoi gheilleagar na hÉireann agus iad ag eirí imníoch faoina ngeilleagar féin Sa chás go mbionn tú féin i dtrioblóid tá sé go deas i gcónaí bheith ábalta do mhéar a dhiriú ar dhuine éigean eile atá, dar leat, i dtrioblóid níos measa. Ní Éire an tír is measa – nó féach ar an nGréig….
Agus d’fhéadfadh sé cuidiú leis an Rialtas dá gcothódh siad an Bhreatain mar namhaid i gcogadh nua eacnamaíochta nach bhfuil fógartha. D’fhéadfaí é a chur i láthair mar Éire V Sasana i sacar agus thug mé faoi ndeara go bhfuil ana chuid tagairtí ar RTÉ le déanaí don bhua stairiúil a baineadh amach i Stuttgart i mí an Mheithimh, 1988. Luadh cúl Gary McKay, an imreoir Albanach, in aghaidh na Bulgáire sa chomórtas chaillíochta don Chraobh Eorpach sin mar ‘Great Irish Sporting Moments’ ar Spórt an Satharn ar RTÉ Raidió 1 roimh an chluiche mór a bhí ag ár laochra chomhaimseartha in éadan na Bulgáire.
Ar ndóigh is deacair an rud smacht a chur ar a leithéid de mhothú uair go músclaítear é.
Rud amháin atá curtha ina thost ag an chúlú eacnamaíochta agus an chaint ag leithéidí McCreevy ná an bladar a bhionn ann faoi chuairt ar an dtír seo ó Bhanríon Shasana, Eibhlís Bhindsor, bheith ina theist ar aibíocht phobal na hÉireann.
De ghnath bionn an chaint díchéilleach seo sna meáin Sasanacha agus sna meáin Éireannacha atá faoi scath Shasana. Cloistear é go minic ar RTÉ.
Is é mo thuar go mbeidh níos lú cainte ar chuairt Bhanríon Shasana agus níos mó naisiúnachas bheag na 26 contae as seo ceann tamaill.
Mar a dúirt mé roimhe, is cuma liom Banríon Shasana ann nó as. Má tá sí le teacht, tagadh sí agus imíodh sí ach, ar son Dé, ná cúirimís suas le caint sheafóideach faoi chuairt dá leithéid bheith ina theist orainn. Léiríonn an chaint sin níos mó faoi na cainteoirí ná mar a léiríonn sé fúinn mar thír [cuid de!].
Má cheapann lucht Fhianna Fáil go bhfuilimíd chun a ról sa tubaiste eacnamúil a d’eascair as a gcuid mí-éifeacht is mí-chomhairle [agus níos measa] a ligint i ndearmad, tá dul amú orthu. Ná creidfeadh an pairtí an pobal bhreith ag an deireadh seachtaine a dúirt go raibh ardu 5% ar an dtacaíocht ón phobal – tá votairí ag fanacht ar an deis i mí an Mheithimh cic sa tóin a thabhairt do Charlie, Brian agus na cáirde a fhagfaidh iad gan fonn suí ar feadh tréimhse fada – agus gan suíochán le suí air ach an oiread!
Is féidir an dubh a chur ina gheal ar an bpobal go léir cuid den am agus ar chuid den phobal an t-am go léir ach ní féidir an dubh a chur ina gheal ar an bpobal go léir an t-am go léir.
In am filleadh ar an gComhlathas?
Cen Comhlathas atá i gceist sa cheannlíne? Bhuel, de réir litreach san Irish Times inniu, litir atá sínithe ag tacadóirí móra le rá de chuid na nAondachtach, ní h-é an Comhlathas Briotanach atá i gceist ach is é an Comhlathas ar a bhfuil Banríon Shasana mar cheannasaí.
Is dócha má tá dealramh ag an ainmhí seo le capall agus má shiúlann sé mar chapall agus araile, is dócha gur capall atá ann.
Ní thuigim afach an ath go mbeadh an tír seo ag dul ar ais sa Chomhlathas Briotanach? Cad é an leas atá le baint againn as -agus an bhféadfaimís aon tairbhe a dhéanamh ann?
Dar liom féin níl morán creidiúint ag an gComhlathas seo. Níl sé ró fhada ó shin ó bhí Robert Mugabe ina bhall den gComhlathas seo agus go deimhin fuair sé ridireacht ó Bhanríon Shasana. Ar mhaith linn go mbeadh an tír seo á lua san anál céanna le Mugabe?
Agus gí go ndeineann údair an chomhfhreagrais san Irish Times beag de cheangal na Banríona leis an gComhlathas, mothaímse gur cleas é seo chun trathchlár aondachtach a chur chun tosaigh faoi bhrat bréige.
Na cúiseanna atá tugtha le h-aghaidh ballraíocht a ghlacadh sa Chomhlathas:
Among the many practical advantages of membership of the Commonwealth is the right to compete in the Commonwealth Games – the only multinational, multi-sport event apart from the Olympics. The next games will be held in India in 2010. Ireland’s participation in those games would be good preparation for the London Olympics in 2012.
An gcreideann tú go mbeidh seo ina bhuntáiste dúinn – agus fiú más buntáiste é, an fiú dúinn an buntáiste sin, cúpla bonn sa bhreis, bheith in eagras le Banríon Shasana ag a cheann?
Ní doigh liom é.
Cúis eile a luadh sa litir seo:
Ireland’s membership of the Commonwealth would, we are sure, be welcomed by the unionist community in Northern Ireland as a significant gesture of reconciliation. It would add to the collaborative framework established by the Belfast and St Andrew’s agreements. It would demonstrate unequivocally that the Republic has finally drawn a line under the troubled history of Anglo-Irish relations that led to Ireland’s self-exclusion from the Commonwealth 60 years ago. It would represent a further important step along the road to a pluralist Ireland in which different identities are recognised and respected, a country that celebrates its multi-cultural heritage and diverse history. – Yours, etc,
I measc iad san a shínigh an litir a fhoilsíodh san Irish TImes, bhí aondachtóirí aitheanta nár léirigh faic ach droch mheas don Ghaeilge i gcaitheamh a saol. Beag an suim atá acu san iolrachas agus san Éirinn ina bhfuil ionannais éagsúla á aithint agus ina bhfuil meas orthu, tír ina mbeadh an oidhreacht ilchultúrtha agus a stair éagsúil á cheiliúradh.
Tugaim faoi ndeara go bhfuil bunaitheoirí Reform, an grúpa a bhionn de shíor ag lorg deireadh leis an Angelus, basú na Gaeilge agus athchlárú sa Chomhlathas, ar na sínitheoirí ar an litir seo. Agus ar an gcéad alt sna míreanna nuachta acu, tá an t-alt seo.
Maidir le Banríon Shasana, níl droch mheas agam uirthí. Níl aon meas agam uirthí, thar mar a bheadh agam ar aon sean bhean saibhir a thóg teaghlach.
Ní miste liom rudaí a dhéanamh le go mbeadh aondachtaithe níos compórdaí sa tír seo. B’fheidir gurb é seo an argóint is cumhachtaí atá sa litir seo – go mbeadh aondachtaithe níos compórdaí ar an oileán seo. An mbeimís mar phoblachtóirí – sa chiall is leithne den bhfocal – sásta ballraíocht a ghlacadh arís sa Chomhláthas Briotanach dá mba rud é go raibh an tír seo ath-aontaithe agus rialtas i mBaile Átha Cliath chun an tír seo a rialú?
Agus mura raibh muid sásta seo a dhéanamh, céard iad na rudaí a fhéadfaimís déanamh chun a chinntiú go mbeadh aondachtaithe ar a gcompórd sa tír seo?
An Béal Bocht agus Banríon Shasana…
Bhí Ambasadóir na Breataine, David Redway MBE, faoi agallamh ar maidin ar chlár Bhrendan O’Brien ar Newstalk agus cuireadh ceist air faoin chaint a bhionn ag roinnt sna meáin mar gheall ar Bhanríon Shasana, Eilís Bhindsor, bheith ag teacht ar chuairt go dtí na 26 contae go luath.
An mbeadh sé seo ag tarlú i mbliana, d’fhiafraigh Brendan.
Bhuel, agus na cúinsí eacnamaíochta mar atá siad….sa dhá thír, ní doigh liom é, dúirt an tUasal Redway.
Arbh é seo an bealach béasach le cur in iúl nach mbeadh sé d’acmhainn ag ár Rialtas íoc as na costaisí a bhainfeadh lena leitheid de thuras, idir slándáil, aíocht is eile?
Dá mbeadh sé beo inniu, is cinnte go mbeadh píosa spóírt ag Myles na gCopaleen le sin.
Mar is dual do chlár raidió ar chúrsaí reatha i mBéarla in Éirinn, agus iad ag caint faoi chúrsaí idir an dhá thír, Éire agus an Bhreatain, bhí caint ann faoin ocáid stairiúil i bPáirc an Chrócaigh nuair a d’imir Éire agus Sasana cluiche rugbaí ann don chéad uair i 2007.
Cé gur bhuaigh Éire an cluiche, 43-13, bhí níos mó cainte ann i ndiaidh an chluiche faoin bhealach ar canadh Amhrán na bhFiann agus an cuirtéis a léiríodh nuair a raibh amhrán náisiúnta Shasana, God Save The Queen, á chanadh.
Ní miste liom cuirtéis a léiriú. Ach ní fheadar an fiú morán an chuirtéis má tá an oiread san maíomh á dhéanamh faoi ina dhiaidh.
”Féach orainn, nach sinne atá tagtha in aois, rinne an tír eile seo forghabhail foreigneach orainn ar feadh na céadta bliain, mharaigh sé na mílte againn gan taise gan trocaire, shaibhrigh sé a uasal aicme féin as ár gcuid sclabhaíochta, chothaigh sé nimh sa bhfeoil inár measc lena bpolasaithe scoilteacha is seicteacha, d’fhag sé an seicteach nimhneach sin mar oidhreacht againn agus rinne sé feall iarracht ár dteanga is ár gcultúr a chuir faoi chois. Rinne an tír eile é seo ar fad agus anuas ar sin táímíd sásta cuirtéis a thaispeáint don amhrán náisiúnta acu nuair a thagann foireann spoirt go dtí an páirc céanna sa tír céanna inar mhairbh saighdiúirí na tíre sin imreoirí is lucht féachana a bhí ag glacadh páirte i gcluiche peile….
“Sea nach sinne atá tagtha in aois.”
Is ocáid spoirt é an cluiche inniu idir Éire agus Sasana inniu agus an oiread go léirímíd go bhfuilimid ag iarraidh ocáid staire a dhéanamh de, an oiread céanna go bhfuilimid ag léiriú nach bhfuilimíd tagtha in aois.
Léirímís cuirtéis i leith amhrán náisiúnta Shasana faoi mar a léirimís a leitheid i leith amhrán naisiúnta thír ar bith. Deineadh ár bhfoireann a ndícheall ar pháirc na h-imeartha. Ná léirídís easonóir. Níor léirigh siad go dtí seo. Má bhuann siad, beidh cúis athais againn agus sinn ag tabhairt aghaidh ar Alba agus ar an Bhreatain Bheag sna seachtainí atá romhainn.
An léiriú is fearr go bhfuilimíd ‘tagtha in aois’ go mbuaimís Craobh na Sé Náisiúin agus is againne atá an seans is fearr sin a dhéanamh anois.