Is cosúil go bhfuil an t-alt liom sa Sunday Indo tar éis daoine a mhúscailt. Go dtí seo ar maidin tá dhá ghlaoch guthán faighte agam mar gheall air – ceann acu ón Choimisinéir Teanga é féin, an tUasal Seán O Cuirreáin, agus ceann eile ó Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is cosúil go bhfuair leiritheoir an chláir glaoch ón Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív, ag iarraidh orthu diospóireacht idir eisean agus mise a shocrú don mhaidin amarach. Mar sin bígí ag éisteacht le hAdhmhaidin maidin amárach tar éis na gcinnlínte ag 8.30rn.
Fagfaidh mé sin don lá amárach. Is cinnte go mbeidh cuid agaibh ansan ag súil go ndeinfear sceannairt orm agus mo chuid barúlacha nach bhfuil ag teacht leis an seasamh ceart creidmheach go mba cheart an oiread agus is feidir de chaipéisí oifigiúla a aistriú go Gaeilge, is cuma faoin chostas agus is cuma arís eile faoin eileamh atá orthu – nó nach bhfuil orthu – i measc an phobail.
De reir dealraimh, agus de réir Gael Gan Naire agus é ag scríobh mar fhreagra ar thrachtaireacht eile, is cosúil gur úrlabhraí ‘neamh mhaith’ mé agus tá mé gafa anois ag an Sunday Independent frith Ghaelach.
An talt sin sa Sunday Independent a thug ar Sheán sós a ghlacadh óna sceideal ghnóthach, ag monatóireacht ar scéimeanna teanga is eile. Casadh Seán orm na blianta fada ó shin agus mise ag glacadh páirte in agóide ar son theilifís Ghaeilge a reachtáladh ag na Forbacha i gConamara nuair a bhí taifeadadh ar siúl ar chlár theilifíse de chuid BiBi Baskin ag RTÉ. Bhí furmhór an chláir sin ar siúl i mBéarla cé go raibh sé á thaifeadadh sa Ghaeltacht, go deimhin ós comhair Roinn na Gaeltachta, mar a bhí, agus Udarás na Gaeltachta.
Dar le Seán, bhíos tar éis mí bhrí a bhaint as a raiteas le linn na seachtaine agus bhí casadh curtha agam ar an scéal le tabhairt le fios go raibh sé ag tathant ar ‘Irish speakers’ bheith ag ‘clogging up’ the court system. Dar léis ná raibh sé ach ag iarraidh a chur ar shúile dhaoine go raibh an ceart sin acu, de réir Alt 8 de Acht na dTeangacha Oifigiúla. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa síolraíonn an ceart sin ón Bhunreacht ach ní miste, tá an cheart ann.
Teastaíonn ó Sheán go rachainn i dteagmháil leis an Sunday Independent agus faoistin a dhéanamh faoin ‘mhí thuiscint’. Níl sé i gceist agam amhlaidh a dhéanamh. Má tá gearán le déanamh ag Seán faoi rud eigean a scríobh mise sa Sunday Independent, tá sé go maith ábalta litir a scríobh chuig an Sunday Independent é féin agus an gearán sin a dhéanamh. Táim cinnte go bhfoilseoidh siad a litir, ós rud é gur Coimisinéir é a fuair a shéala ón Uachtarán féin. Is cuimhin liom an ceannteideal a chur ar an scéal mé féin ‘Coimsiúnaithe’ i Lá Nua.
Nior bhain mé mí bhrí as a alt – ach is cinnte anois a bhuí don alt seo agus clampar atá á spreagadh aige – go bhfuil daoine ar an eolas faoin cheart seo ná beadh dá mbeidís ag brath ar na meáin Ghaeilge amháin. Mar sin, má bhionn borradh mór ar an líon cásanna i nGaeilge sna cúirteanna, b’fhéidir go mbeidh an mileán á chur ormsa ag trachtaire éigean eile san Irish Mail on Sunday amach anseo.
Sílim go bhfuil an dhá shliocht seo ó mo alt chomh soiléir agus is féidir bheith ar an gceist.
THE Irish Language Commissioner, Sean O Cuirreain, has urged Irish speakers to avail of their right to have their cases heard in the First Official Language in the Irish court system.
Agus:
Of course, let me hastily point out that the Irish Language Commissioner, An Choimisineir Teanga, the much respected Sean O Cuirreain, hasn’t called on more Irish speakers to break the law, one of the possible requirements to appear in court. He has, however, called on more Irish speakers to avail of their right, under the Constitution, to fight their cases in Irish.
Gan amhras, is féidir go mbeadh an toradh ar an scéal go mbeadh na céadta Gaeilgeoirí ag imeacht ós comhair na cúirteanna ag iarraidh a gcásanna a throid i nGaeilge. Agus chuirfeadh sin costas níos mó ar an Stát ná mar a bhí go dtí seo.
Ach is é an fianaise atá ann – agus is é mo fhoinse ar seo an méid a bhí le rá faoi ag an gCoimisinéir féin in alt san Irish Times Dé Chéadaoin seo chaite – nach bhfuil ach sciar bheag de Ghaeilgeoirí ag lorg a gcásanna a throid i nGaeilge.
Is é an deacracht le seo, gan amhras, go bhfuil an Stát tar éis fáil reidh leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag abhar dlíodóirí. Ní raibh morán brí leis an scrúdú a chuirfeadh siad ar dhaoine nuair a bhí an riachtanas ann – ach anois níl fiú sin ann.
Fágann sin go bhfuil furmhór na mbreitheamh agus na ndlíodóirí gan Ghaeilge. Agus seo i stát ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil inti, de réir na Bunreachta. Is ait an scéal é go mbeadh gá le h-ateangairí a fhostú chun do chás a throid i gcúirteanna na tíre seo de bharr nach bhfuil cumas i dteanga oifigiúil na tíre seo ag oifigigh na cúirte.
Is é seo dea shampla den ghalar sin, reiteach Éireannach ar fhadhb Éireannach. In áit talamh tirim a dhéanamh de go bhfuil oifigigh dlí na tíre cumasach a dhothain sa Ghaeilge le bheith in ann í a thuiscint ar a laghad – nó nár chaith siad 13 bliain á foghlaim i scoileanna na tíre an oiread is gur chaith einne eile – tá an Stat ag rá go seasfaidh siad a aineolas leo agus go n-iocfaidh siad as ateangairí a chur sna cúirteanna chun teanga oifigiúil amháin a aistriú go teanga oifigiúíl eile.
A leithéid de charn fhuilligh – agus is sinne atá ag íoc as. An t-aon solás as seo ar fad nach bhfuil ach cúpla míle Euro caite ar seo le blianta beaga anuas! Ach níl an t-airgead sin ann níos mó agus gach rud faoi bhagairt anois i ré na ngiorruithe. Beatha na Gaeltachta féin.
An rud is mó a dúirt Seán a chuir meangadh ar mo bhéal, go raibh seisean beo sa saol réalaíoch.
Tá dualgas air, gan amhras, maoirseoireacht de short éigean a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is éard a rinne mé im alt ná ceist a thogáil faoi brí agus eifeacht na reachtaíochta sin i gcomhthéacs an lae inniu agus i gcomhthéacs, fosta, an staid ina bhfuil an Ghaeilge inniu, gan nuachtán agus an tua á thabhairt do chláracha raidió agus teilífíse ar gach taobh… ceal acmhainní.
Ba cheart don Choimisinéir a aithint fosta gur deis iontach é seo an dea scéal a scaipeadh ar ardán níos mó ná mar a bheadh aige choiche ó aon nuachtán Ghaeilge, dá fheabhas é, nó meán Ghaeilge eile. Tá deis aige anois an argóínt a dhéanamh, mar a rinne mise, ar son a léargas ar cheist na Gaeilge. aistriúcháin is eile. Ní gá do ach ceart freagartha a éileamh ar Eagarthóir an Sunday Independent agus de bharr go bhfuil an nuachtán sin ina bhall de Chomhairle Phreasa na hÉireann, beidh ar an nuachtán sin an ceart sin a gheilleadh do agus spás a chur ar fáil sa chéad eagrán eile chun an mí léamh a deir sé gur rinne mé ar an méid a dúirt sé a ‘cheartú’.
Níl a fhios agam cén fath nach n-aithníonn sé an deis sin agus nach dtapaíonn sé í. An é go bhfuil eagla air dul i ngleic le na mictíre sna meáin Bhéarla ar eagla go réabfaidís a chosaint ar an gceist seo ó bhaithis go bonn? An é go gceapann sé go dtabharfadh freagra uaidh siúd ardán domsa agus go méadódh sé mo sheasamh leis an nuachtán? An é go bhfuil sé ag iarraidh a mholadh a choimead faoi rún nó nach ionann an rud atá ar bun aige go dtí seo ach bheith ag díriú ar sciar bheag den phobal – is é sin pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge – gan a bheith ag dul i ngleic leis an bpobal mhór?
B’fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad aige ar an scéal. Níl a fhios agam.
Maidir le daoine atá ag iarraidh freagra a thabhairt ar m’alt agus litir a sheoladh chuig an Sunday Independent ach go gcreideann siad nach bhfoilseoidh an nuachtán sin na litreacha céanna – agus is iomaí litir uaimse nár fhoilsigh an nuachtán céanna – is féidir leo iad a sheoladh anseo agus chomh fada agus go ndíríonn siad ar an argóint seachas ormsa – mar a dhein Gael Gan Náire ina fhreagra – foilseofar iad anseo, i mBéarla nó i nGaeilge.
Is é an fath gur bheartaigh mise alt a scríobh ar an ábhar seo faoin cheist seo don Sunday Independent go raibh mé tinn tuirseach de litreacha uaim a bheith fagtha gan foilsiú. Táim ag seasamh ar son polasaí ciallmhar ar son na Gaeilge – seachas cur amú airgid gan ciall ar rudaí nach mbainfear úsáid astu agus nach bhfuil ann, is cosúil, ach chun ‘stadas’ na Gaeilge a dhaingniú sa stát chóras.
Níl faic a dhaingneoidh stadas na Gaeilge seachas í a labhairt agus a scríobh agus a léamh agus a chraoladh agus a mhúineadh. Ní chuidíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla le seo.