Sean chara dem chuid é Ian Malcolm – an Dr. Ian Malcolm – a chas mé leis ó thuaidh le linn mo sheal ansin. Colúnaí i Lá Nua a bhí ann agus i Lá roimhe sin.
Aondachtóir go smior – ach Gaeilgeoir freisin. Chaith sé na blianta i mbun staidéir ar an gcaidreamh idir Protastúnaigh agus an Ghaeilge agus is an staidéar sin a shaothraigh sé a dhochtúireacht.
Anois tá leabhar bunaithe ar seo foilsithe aige – Towards Inclusion, Protestants and the Irish Language – agus is cinnte go mbeadh sé ina leabhar úsáideach is taitneamhach le léamh.
Níl sé léite agam go fóill agus tá súil agam mo choip a fháil go leabhar. Idir an dhá linn tá alt ag Robert McMillen san Irish News i nGaeilge faoin leabhar inniu….b’fhiú é a léamh agus tá sé ar fáil anseo.
Is ag amanntaí mar seo a áirímíd uainn Nollaig Ó Gadhra. Ceapadh údarás sealadach RTÉ an tseachtain seo – agus ní léir go bhfuil aon ionadaí ann ó phobal na Gaeilge faoi mar a bhíodh le blianta fada.
Ian Malcolm, iar cholúnaí le Lá/Lá Nua a bhí ann roimhe, ceapachán a thug Nollaig le fios dom go raibh láimh aige féin ann nó mhol sé ainm an aondachtach neamh leithscéalach seo don rialtas ag an am úd.
Is beag bórd stát atá caidrimh ar bith aige leis an Ghaeilge ná raibh ball nó dhó ainmnithe ar bórd an bhóird sin de bharr comhairle a thug Nollaig. Sin a dúirt sé liom, ar aon nós, agus ní raibh aon chúis agam gan glacadh leis an méid a bhí le rá aige.
Níl a fhios agam cén dearcadh a bhí ag Ian ar a sheal ar Údarás RTÉ. Gach seans gur beag an tionchar ar féidir le duine aonair a imirt ar shoitheach chomh mór – agus chomh folamh – leis an gcraoltóír náisiúnta.
Is cinnte nach bhfuil morán Gaeilge sa bhreis le feiscint ar an staisiún le blianta fada anuas – ach bhí an meath sin tosnaithe roimh am Ian.
Is é seo Iarla Ó Lionaird, an amhranaí agus ceoltóir iomráiteach ó Ghaeltacht Mhúscraí, agus é i mbun coirm cheoil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste deich mbliain ó shin go díreach, trath go raibh mé cois cuain agus ag scannánaíocht liom ar mo dhícheall ag iarraidh slí beatha a shaothrú ó TG4.
Tá súil agam nach miste leis go bhfuil an taifead seo agus é ag canadh Aoibhinn Cronán, dán de chuid An Chraoibhín Aoibhínn – Dúbhglas de hÍde a chuir Peadar Ó Riada ceol leis – beo ar an idirlíon. Tháinig mé air ó chianaibh agus mé i mbun píosa scannánaíochta anseo i Múscraí agus thuig mé laithreach an luach a bhí leis.
Léiríonn sé seo an pointe a bhí á dhéanamh agam aréir – faoi An Ghaeilge 2.0 – go soiléir. Gan tuiscint nó cumas na Gaeilge ní bheadh tuiscint againn ar áilleacht an phíosa filíochta is an phíosa ceoil seo. Is é sin an fath go mbímíd ag plé leis an teanga, ní ar mhaithe leis an teanga féin ach an saibhreas a chuireann sí ar fáil dúinn.
Níl i gceist leis An Ghaeilge 2.0 ach nath cainte ar shlí amháin ach ar shlí eile ba mhaith liom amharc mar shlí eile chun smaoineamh ar an gceist seo, cur chuige nua ar fad.
Cad faoi seo mar smaoineamh – táimíd go léir ag caint ar dhroch chás Lá Nua – agus bhí alt bhrea ag Ian Malcolm inniu faoi seo i Lá Nua – agus cad a thiocfaidh i gcomharbacht air. Tá Nuacht Líne an Druma Mór ann gan amhras agus iGaeilge is eile, ach cad faoi cainéal Ghaeilge ar You Tube. Agus cad faoi gaeil ar fuaid na tíre agus ar fuaid an domhain píosaí scannáin a dheineann siad féin a fhoilsiú ann. Is féidir leas a bhaint as suíomh You Tube iGaeilge más maith libh ach é a chur in iúl dom.
D’fhéadfadh gur nuacht nó siamsaíocht nó spórt a bheadh i gceist – an príomh rud go mbeadh áit amháin ar an líon a bheadh gach scannán Ghaeilge le fáil ann….