Cartlanna Clibe: Conamara

Ní leor Fry chun spéis a mhúscailt i Ros na Rún


Tar éis na cainte go léir atá déanta ar chúrsaí Ros na Rún sna meáin le tamall bheag anuas, mar gheall ar chuairt an aisteora Shasanaigh úd,, caithfidh mé a rá gur beag spéis a chuir mé sa scéal go dtí gur léigh mé an t-alt seo inniu.

Is doigh liom go bhfuil an scéal droim ar ais ag an scríobhnóir. Níl ag eirí le Ros na Rún, dar liom, lucht féachana mhór a mhealladh – níl sé mór fiú más 100,000 é – mar go bhfuil sé go h-iomlán as tiúin leis an lucht féachana a fhéadfadh bheith aige.

Deirtear linn go bhfuil Ros na Rún suite i nGaeltacht Chonamara – ach i bhfírinne ní bhaineann an saol a léiritear leis an bhfíor shaol i gConamara. Ní bhionn aon chaint ar chúrsaí áitiúla nó níl aon leid ann – idir amhránaíocht ar an sean nós is a leithéid, Pléaracá, Comórtas Peile na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, pleananna teanga is a leithéid – go bhfuil an sraidbhaile seo sa Ghaeltacht in aon chorr. Is dócha go bhfuil cúiseanna le seo – cúrsaí clúmhillte, rialacha an fhormaid seo, an sobal dhráma is araile – ach is féidir bheith cúramach i dtaobh clúmhilleadh agus cén fath go gcaithfidh sobal Ghaeilge cloí le rialacha an fhormaid?

In áit sin tá ‘Bialann Tapas’ agus ‘striapaigh’ is ‘loan sharks’ is a leithéid- b’shin an méid a phioc mé suas ón gclár is déanaí a chonac. (Agus ní chiallaíonn sin gur ‘phioc mé suas striapach’!) Maith go leor is cuid den saol comhaimseartha a leithéid agus tá an saol sin chomh beo i gConamara is atá sé i mBaile Átha Cliath nó i Múscraí.

An cheist a chuirim: An é sprioc Ros na Rún a léiriú go bhfuil an Ghaeltacht cosúil leis an chuid eile den tír nó an áit éagsúil é sa Ghaeltacht ina bhfuil gnéithe den ghnath shaol Éireannach is comhaimseartha le feiscint ann?

Feictear dom go bhfuil tuiscint éagsúil ar fhreagra na ceiste sin agam is atá ag léiritheoirí Ros na Rún. Ní nach íonadh, is duine den lucht féachana mise agus baineann siad san le h-aos ghairmiúil na teilifíse Tá cuid acu agus clú is cáil orthu ó thaobh na h-aisteoireachta de is na leiriúcháin – ach ní h-ionann sin is go bhfuil gach eolas acu.

Ag an am chéanna is nach bhfuil Ros na Rún ‘Conamarach’ a dhóthain, tá sé ‘ró Chonamarach’. Tá an chlár báite i mblas Chonamara Shéamus Mhicil Tom is Tadhg is Mícheál – agus i mblas Blea Chliathach Vince agus an dream nua. Corr Conallach anseo agus ansiúd agus ar éigean go mbionn Muimhneach le clos riamh ar an gclár. Arís ní léargas firinneach é sin ar an saol – amhail is go bhfuil cliar an chláir ag brath ar na h-aisteoirí a bheith ar fáíl, cuma cén chanúint atá acu.

Is léir, áfach, go bhfuil sé indéanta Gaeilge a mhúineadh d’aon dhuine chun a bheith páirteach i sobal – b’fhéidir gur cheart do leiritheoirí Ros na Rún teacht timpeall na tíre chun daoine eile a aimsiú seachas bheith ag feitheamh ar leitheidí Stephen Fry teacht chuthu.

Tá sé ráite agam roimhe gur mhaith liom deireadh a chur le Ros na Rún ar TG4 agus dramaíocht nua a chur ina áit. Mothaím go bhfuil deireadh ré na sobal dhramaí ag teannadh linn agus go bhfuil rud éigean le faobhar níos géire air ag teastáil.

Gaeilge Chonamara = Béarla aistrithe

“Níl i nGaeilge Chonamára anois ach Béarla aistrithe, don chuid is mó. Chuala duine desna dea-chainteoirí, léiritheoir, ar RNG le déanaí á rá so.. Casfaimid sean-téipeanna daoibh agus má tá aon téipeanna agaibh ar mhaith libh iad a ROINNT linn, seolaigí chugainn iad.”

Seo teachtairecht a foilsíodh ar m’fhalla Facebook inniu.   Muimhneach a d’fhoilsigh é agus b’fhéidir go raibh roinnt mioscais i gceist – ach b’fhéidir go bhfuil blúirín den fhírinne ann freisin.

Tá’s agam go mbeidh sibh ag fiafraí céard sa diabhal atá ar bun ag mo leithéidse ag caint faoi dhroch chaighdeán Ghaeilge muintir Chonamara – más fíor – nuair atáim féin chomh lochtach.  Ag an am chéanna, níl ionam ach an teachtaire an uair seo.   Níor mhiste dá mbeadh diospóireacht oscailte ar an ábhar.

Ritheann sé liom go bhféadfadh a léithéid bheith fíor ar chúiseanna fónta.  De bhrí go bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail i gConamara thar mar atá sí á labhairt amhlaidh in aon cheantar eile sa tír, agus go bhfuil gach pobal Ghaeltachta agus Ghaeilge go mór faoi anál an Bhéarla trí na meáin, caithfidh go bhfuil deacrachtaí ag cainteoirí dhúchais chun teacht ar na focail chun iad féin a chur in iúl i nGaeilge.  Cad é an Ghaeilge ar ‘flatscreen TV’ mar shampla?    Tá sé fánach bheith ag rá le daoine imeacht go Focal nó go dtí an fhoclóir nuair atá tú ag iarraidh an focal ceart a úsáid i gcomhrá le do chomharsan.

Ceist é seo a bhaineann le saibhreas teanga.   Baineann saibhreas teanga, den chuid is mó, leis an sean aimsir.  Bím féin ag caint le m’úncail agus tá togha na Gaoluinne aige agus ar ndóigh bionn sé i gconaí mo cheartú.  Dár leis go bhfuil an líon daoine le fíor saibhreas teanga ana thearc ar fad, duine nó beirt i ngach pobal Gaeltachta.

Mar sin de, conas a bheadh an ghnath chainteoir Ghaeilge ábalta na focail atá gá acu leo a úsáid nuair atá an saol athruithe an oiread sin nach bhféadfadh na daoine a bhíodh fíor saibhreas teanga acu é a aithint.

Ná bac na gnath chainteoirí Gaeilge.  Cad faoi na daoine a shaothraíonn a slí beatha ón nGaeilge?  Is beag dealramh idir teanga na n-aistritheoirí agus an teanga a bhionn á úsáid ag an pobal.    Bionn lucht Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcónaí ag caint faoi ‘cheisteanna a ardú’ – agus is aistriuchán lom é sin ar an mBéarla ‘to raise a question’.   Creidimse go bhfuil sin micheart agus gur cirte ‘ceist a chur’ ná ‘ceist a ardú’.    Sin iad na cineál rudaí atá ag baint ó shaibhreas na teanga.

Is cuimhin liom bheith ag obair le Lá trath agus gur chuireamar ‘Clabhsúr Cogaidh’ mar cheannlíne ar scéal chéad leathnaigh faoi ocáid a shíleamar a bheith ag léiriú go raibh cogadh an IRA ag teacht chun deiridh.  Fuaireamar barántas ina dhiaidh sin ó dhream i mBaile Atha Cliath a bhí ag faire amach do “Bhéarlachas” sna meáin Ghaeilge.  Bhíos ábalta a léiriú go raibh an focal ‘clabhsúr’ i bhfoclóirí eagsúla Ghaeilge, Foclóir Uí Dhuinnín san áireamh, agus nach bhféadfaí bheith ag maíomh gur focal Béarla ‘aistrithe go Gaeilge’ a bhí ann.  Ach gan amhras b’fhéidir gur aistríodh é sara tháinig An Duinníneach ar an bhfód.    Focal eile a thaitníonn liom ‘aidbhintiúr’ mar aistriúchán ar ‘adventure’.  An bhfuil sin mícheart freisin?

Bhíodh comórtas seachtainiúil i dTuarascáil an Irish Times fadó, nuair a bhíodh dealramh leis an gcolún sin agus leithéidí Deaglán de Bréadún agus Daire Mag Cuill ina mbun, agus an pointe a bhí leis an gcomórtas aistriúcháin glic agus saibhir a aimsiú le h-aghaidh téarmaí nua aimseartha.  Mura bhfuil dearúd orm, is ón gcomórtas sin a tháinig an leagan Ghaeilge de mobile phone – fón póca.

Deirtear liom go bhfuil coiste téarmaíochta ag obair go dícheallach chun leaganacha Ghaeilge ar theanga ár linne – ach ní bheidh sé riamh tapaidh a dhothain chun an téarmaíocht atá i mbéal an phobail a shárú.

Nuair a bhionn plé ar chúrsaí teanga mar seo bionn an baol ann go mbionn an plé dirithe ar cheisteanna gramadaí – mo ghramadach – agus gan tuiscint ar an scéal iomlán, conas is féidir cur le saibhreas na Gaeilge don ghlúin atá le teacht le cinntiú go mbeidh an teanga acu atá i dtiúin leis an saol ina bhfuil siad beo?

Is dócha nach mbeadh morán measa ag sean laochra na teanga ar ár nGaeilge agus is lú fós a meas ar Gaeilge na glúinte a thiocfaidh in ár ndiaidh.  B’fhéidir nach bhfuil leigheas ar sin – ach cad is feidir déanamh ag an bpointe seo agus san am atá romhainn le cinntiú nach breac theanga a bheidh sa Ghaeilge amach anseo?

Ar aghaidh leis an diospóireacht….

An mbionn tú ag ‘cúl éisteacht’ le RTÉ Raidió na Gaeltachta?

Ag éisteacht dom le ‘Iris Aniar’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar maidin chuala mé agallamh le Leas Cheannasaí an staisiúin, Dónal O Braonáin agus é ag déanamh cur síos ar shuirbhé phríobháideach a rinne an staisiún coimisiúnú air chun líon agus spéis na n-éisteoirí a mheas. 

Ar chúis nár rinneadh ró shoileir le linn an agallaimh, ní chuirtear RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh le linn suirbhéanna éisteoirí an JNLR.   Ait liom an méid sin os rud é, má tá figiúiri an tsuirbhé le creidmheáil agus caithfear glacadh leis, is dócha, gur suirbhé neamhspleach a dhothain é in ainneoin gurb é RTÉ RnaG atá á choimsiúnú agus á fhoilsiú, tá sciar mhór den lucht éisteachta ag RTÉ RnaG i gceantair Ghaeltachta áirithe. 

Tabhair faoi ndeara nár deineadh an suirbhé seo, is cosúil, ach i gceantair Ghaeltachta.  Agus nior deineadh i ngach ceantar Ghaeltachta é ach an oiread.  Tá sé amhail is go bhfuil Raidió na Gaeltachta tar éis cinneadh a ghlacadh as a stuaim féin, gan imeacht i gcomhairle le duine ar bith, gan pobail sna Gaeltachtaí beaga, leithéidí An Rinn, Rath Chairn, Múscraí agus Oileán Cléire a chur san áireamh.   

Má táím ag déanamh éagóir ar Raidió na Gaeltachta, maith dhom é.  Chuala mé an tUas.  O Braonáin ag rá go sonrach gur deineadh an suirbhé sna mór cheantair Gaeltachta, Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill. 

Ní raibh a fhios agam go raibh teorainneacha na Gaeltachta gearrtha theana féin – is cosúil gur tharla sé i nganfhios dúinn go léir. 

Ar ndóigh, ní ceist Gaeltachta amháin é seo.  Má ghlacaimíd leis an méid a deir an tUas. O Braonáin mar admháil nach bhfuil RTÉ RnaG ach in ainm is riar a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta – pobal Ghaeltachtaí ar leith is é sin le rá nach bhfuil aon riar ceart á dhéanamh ar na céadta, na mílte chainteoirí Ghaeilge  ar fuaid na tíre atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.    Ar a laghad, is féidir a rá gur cuma sa tsioc le bainistíocht Raidió na Gaeltachta cad é barúil na ndaoine seo, a n-eisteoirí, faoin seirbhís a bhfaigheann siad ó RnaG. 

Tá sé in am, agus thar am, go mbeadh riar mar is ceart á dhéanamh ag an gcraoltóir náisiúnta ar éisteoirí Ghaeilge na tíre ina iomlán agus bíodh is gur sciar bheag den phobal éisteachta sin pobal na Gaeltachta, níl sé maith a dhothain, dar liom, go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú amhail is gur staisiún áitiúil é sna mór cheantair Gaeltachta seachas bheith ina staisiún náisiúnta Ghaeilge. 

Léiríonn gach suirbhé dá bhfuil á dhéanamh – fiú an Daonáireamh féin – go bhfuil furmhór na nGaeilgeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht agus mar sin ba cheart go mbeadh riar níos fearr á dhéanamh orthu le cláracha cúrsaí reatha, cláracha ceoil, cláracha siamsaíochta is eile. 

Molaimse an Raidió as an méid atá déanta acu ó 1973 i leith.  Ach anois creidim go gcaithfidh an Raidió an cur chuige a athrú – sin nó caithfidh an Rialtas dul i gcomhar le RTÉ agus staisiún raidió Ghaeilge don náisiún ar fad a bhunú, cothrom Raidió 1 ach i nGaeilge.   Tuigtear an méid seo, má tá tusa id chónaí i gceantar nach ceantar Gaeltachta é, tá tú i dteideal an oiread is an áitritheoir Gaeltachta, seirbhis craoltóireachta i dteanga oifigiúil na tíre atá ag déanamh riar ort seachas tú bheith curtha san áireamh mar chúl éisteoir ar sheirbhís atá ag ioc as go daor ód cheadúnas teilifíse! 

An bhfuilim mí réasúnta san éileamh sin?

Deireadh seachtaine i gConamara

Oíche Dé Domhnaigh atá ann agus tá deireadh ag teacht le mo dheireadh seachtaine i gConamara. Cé go raibh sé fliuch báite furmhór an ama, bhaineas spórt as mar a bhain na páisti agus iad ag rince sa chaislean ‘bouncy’ sa ghairdín. Bhí siad faoi chlúdach i rith an ama cé go raibh orm athrú stocaí a bheith ar fáil go mion is go minic.

Ar aon nós, ritheann smaointe fánacha liom ag a leithéid seo d’am. Tugaim m’athair chun cuimhne, suaimhneas sioraí do, agus ansan cruann mo dhearcadh, nuair a smaoiním ar an raic atá fagtha ag an gcriú mí fhortúnach atá i gcumhacht.

Le linn na seachtaine fograíodh go mbeadh Ryan Tubridy ina láithreoir nua ar an Late Late Show. Maith go leor. De réir dealraimh dúirt sé in agallamh le linn na seachtaine nach léann sé an Sunday Independent agus fuair sé íde béil as ucht seo inniu sa nuachtán céanna ó mo shean chara, Eoghan Harris. Dar le Harris is peaca é do a leithéid a rá agus a thabhairt le fios go bhfuil sé ar shlí éigean ró uasal don Indo.

Léimse an Indo -agus légh mé riamh é. Tá sé tabhachtach léargas a fháil ón dtaobh eile. Agus bhíos á léamh inniu agus ag smaoineamh ar an slí nár staon an nuachtán ó bheith ag tacú le Bertie agus a cháirde roimh an Olltoghchán in 07 agus an oiread is a bhíodh siad ag caitheamh anuas ar George Lee agus David McWilliams agus aoinne eile a shoilsigh solas ar chaimiléireacht an Rialtais. Ní cheapfá gur an nuachtán céanna atá ann inniu agus scuaine colúnaithe ag tabhairt le fios go bhfuil seo ar an Rialtas is measa riamh agus gurb é Brian Cowen an Taoiseach is measa riamh.

Mar a bhím á mheabhrú díbh go minic, thugas le fios go gcaillfeadh FF suas le 35 suiochán in Olltoghchán 07 in alt a fhoilsíodh i Lá Nua. Chreideas go raibh an tóin ag titim as cúrsaí eacnamúla agus go raibh an géarchéim sna seirbhísí poiblí – cúrsaí sláinte is oideachais go h-áirithe chomh h-olc go gcaithfí amach ar a dtónacha iad. Níor tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin ag an am. Ach tiocfaidh sé go luath.

Thugas faoi ndeara gur cailliúint 35 suíochán a bhí a thuar do FF san Indo inniu agus John Drennan ag scríobh faoi Olltoghchán nach bhfuil fógartha go fóill….

Chasas le Seosamh Ó Cuaig, glór neamhspleach Chonamara, tar éis aifrinn ar an gCeathrú Rua inniu. Tá sé ina iarrthóir sna toghcháin áitiúil – go n-éirí leis. Tá sean cara eile liom san iomaíocht leis i gConamara – Trevor Ó Clochartaigh. Guím gach rath ar Trevor freisin cé go gcreidim gur sa pháirtí mí cheart atá sé. Tá sé ag seasamh le SF.

Tréaslaím a bhua le fear Uibh Fháilí….sa ghalf. Rinne tú go maith a Shane Mhic an Labhradh. Aon ghaol agat le laochra peile Uibh Fháilí?

Aréir bhíos ag faire ar an Eurovision. An bhua ag fear óg an Iorua agus amhrán maith freisin ag bean na hÍoslainne. An chéad uair eile, caithfidh RTÉ amhrán Ghaeilge a sheoladh go dtí Osló. Bhaineamar triail as turcaí anuraidh agus amhrán Meirceánach i mbliana – cad faoi amhrán a léiríonn rud éigean faoi chultúr dúchasach na hÉireann i 2010?

Beag an baol…píosa deas sa Sunday Business Post inniu faoi Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tagairt domsa ann agus m’ainmniúchán ar ghearrliosta na gcolúnaí is fearr. An é seo mo bhliain? Cá bhfios….

Ná dein é, a Trevor!

Trevor Ó Clochartaigh

Trevor Ó Clochartaigh

Tá aithne agam ar Trevor Ó Clochartaigh ar feadh na mblianta fada agus is é mo thuairim gur duine den scoth é. Tá sé cumasach agus éifeachtach, dílis don teanga agus dílis don phobal. Ní fhéadfainn é a mholadh árd go leor.

Ach creidim go bhfuil botún á dhéanamh ag Trevor clarú le Sinn Féin agus seasamh don pháirtí sin i gConamara. Is dearúd mór é ag duine ar bith a chreidiúint go bhfuil Sinn Féin ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta. Ar a son féin atá Sinn Féin.