Ritheann sé liom agus mé ag déanamh mo mhachnamh ar na thorthaí na nGradam Cumarsáide ar an Aoine go bhfuil gá le h-aisfhreagra eile seachas gearán is teoiricí comhcheilge.
Baineann na Gradaim Cumarsáide faoi mar atá siad leagtha amach agus á bhronnadh le blianta fada anois le ré eile, leis an chéad seo chaite. Gradaim analógacha le h-aghaidh meáin analógach atá i gceist. Mairimíd sa ré digiteach – níl siad in oiriúint don ré sin nó do na meáin ina bhfuilimid ag saothrú.
Tá an t-ábhar seo á phlé agam le tamall anois agus is dócha go bhfuil sé in am bogadh chun tosaigh seachas bheith greamaithe i dtrínse agus ag argóínt le lucht an Oireachtais. Rinneamar ár ndícheall iad a mhealladh inár dtreo – ach anois caithfear rud éigean eile a thriail.
Níos luaithe i mbliana d’eirigh liom an Gradam don Bhlag is Fearr a Bhain Úsáid as an nGaeilge a bhuachaint ag na Irish Blog Awards. Bronnadh an gradam ag ocáid fíor thaithneamhach nua-aoiseach ag Ostán Aerfort Chorcai.
Cúpla pointe mar gheall ar na Gradaim seo – sa chéad dul síos bhí sé iomlán oscailte agus deis ag gach blagadóir cur isteach ar a rogha chatargóir.
Bhí painéal moltóirí ann, roghnaithe ag lucht eagraithe na nGradaim as a saineolas sa réimse áirithe sin don bhlagadóireacht. Agus b’acu san a bhí an focal deiridh faoi na buaiteoirí. Níor tháinig an phainéal le cheile, chomh fada agus ab eol dom, agus sheol siad a dtorthaí chuig eagraí na h-ocáide.
Bronnadh na gradaim ag ocáid fíor thaithneamhach. Bhí lucht eagar na h-ocáide tar éis go leor urraithe a aimsiú chun urraiocht a dhéanamh ar chodanna áirithe den ocáid. Thug Heineken buidéal mór beorach do gach buaiteoir, thug dream eile suaitheantais ‘aerofoam’ i bhfoirm an fhocail ‘winner’ agus bhí urraí ar leith ar gach gach gradam ar leith.
Mar chuid den ocáid, agus rud a chuir go mór le spraoi na h-oíche, bhí ‘bouncy castle’ i bhfoirm an cluiche sin, ‘twister’. Agus ba ionad fíor nuálach an ostán seo don ocáid freisin.
Ní h-é go bhfuilim ag moladh go n-eagrófaí leagan Ghaeilge de na Blog Awards a bheadh cosúil leis an ocáid sin síos go dtí an ‘bouncy castle’.
Ach ba cheart dúinn an ceacht a fhoghlaim. Cuireadh ar bun na gradaim seo de bharr ná raibh gradaim ann don réimse seo de na meáin. Tá na gradaim seo tabhachtach i réimse na blagadóireachta – bionn daoine ag iarraidh iad a bhuachaint. Má bhuann siad, bionn siad ag maíomh as agus feictear suaitheantas ar shuíomhanna na mbuaiteoirí. Fiú má bhionn siad ar an ngearrliosta, bionn suaitheantais le feiscint.
Tá tabhacht le na gradaim freisin de bhrí go spreagann sé daoine chun barr feabhais a chur ar a mblaganna. Fiú buaiteoirí, ní bhionn siad ag iarraidh fánúint san áit chéanna.
Tá tabhacht ag baint le na gradaim blagadóireachta chomh maith de bhrí go dtugann sé deis don blagadóirí aghaidh a chur leis an pearsantacht idirlín.
Sílim gur múnla é arbh fhiú staidéar a dhéanamh air – agus aithris a dhéanamh ar ghnéithe de cinnte – agus sinn ag iarraidh bogadh chun tosaigh le dóchas agus le muinín.
Ní ar mhaithe le gradam eile a ghnóthú dom féin atáim. Is cinnte go mbeidh daoine a chuirfidh i mo leith go bhfuilim míshásta leis an gcinneadh a deineadh chun an Gradam don Cholúnaí is Fearr a bhronnadh ar Chathal Mac Coille. Agus is cinnte go bhfuil blúirín den fhírinne ansan. Chomh fada agus go bhfeictear domsa é, ní bhionn aon rud le rá i gcolún Chathail seachas athrá ar na ‘chinnlínte’ ón seachtain a chuaigh roimhe. Tá cúpla duine a léann a cholún agus b’fhéidir go ndéarfaidh siad liom cé acu an raibh aon rud ‘úr’ nó ‘conspóideach’ ann riamh. Fuair sé an gradam de bhrí gur ‘ainm mhór’ é atá ag snámh i ‘bpoll bheag’.
É sin ráite, ní raibh aon súil agam le bua sa chomórtas seo agus chuir sé íontas orm go raibh mé luaite ar an ngearrliosta. Chuir mé isteach ar an gcomórtas don sport agus bhí sé i gceist agam freastal ar an ocáid bronnta ach go raibh cúinsí dosheachanta ann a chuir stop le mo shodar i dtreo Farmleigh. Bhí sé deacair dom an bua a shamhlú liom féin nó ní colún atá agam – ach blag. Cloch corr i measc na gcolún irise is nuachtáin.
Ag an am chéanna, baineadh úsáid as iGaeilge sa réamh phoiblíocht, go h-áirithe san alt seo sa Sunday Business Post, chun cuma ‘nua aoiseach’ a chur ar Ghradaim Cumarsáide an OIreachtais. Bhí roinnt mhaith cainte ann freisin faoi na gradaim bheith ‘oscailte’ de bhrí go raibh leithéidí ‘nós*’, an Druma Mór/Nuacht 24, Ráidió Fáilte agus Ráidió Rí Rá bheith ainmnithe ar an ngearrliosta.
Cén fath nach mbeadh siad ainmnithe? Tá siad ag saothrú i ngort na meáin Ghaeilge. Tá obair den scoth ar siúl acu, nios minicí ná a mhalairt ar bheagan acmhainní (i gcodarsnacht le na meáin analógacha, traidisiúnta ar aon nós).
An cheist atá agamsa ná seo: cén fath go mbeadh ainmniuchán ag leithéidí Pól Ó Muirí – iriseoir na bliana? Tugaigí suaimhneas dom…tá sibh ag déanamh mo cheann isteach. An t-é a líon an phost a d’fhag Aindrias Ó Cathasaigh tar éis aighneas faoi chinsireacht idir é agus bórd Comhar, nior cheart, dar liom, go mbeadh sé i ngiorracht scread asail do ghearrliosta den tsort seo.
Cén fear grinn a thug ainmniúchán do Bob Collins don bhuaic ghradam cumarsáide? Tá Bob Collins ina phríomh choimisinéir ar an gCoimisiún Chomhionannais i mBéal Feirste, coimisiún atá go dian dícheallach ag iarraidh cosc a chur ar úsáid na Gaeilge sa réimse phoiblí ar eagla go gcuirfeadh sé olc ar aondachtaithe ar mire a chloisfeadh é tre thimpist….
Dheimhnigh bua SBB gur gradam sórt ‘Hall of Fame’ é seo – ní théann tú in iomaíocht do. Tugtar duit é tar éis do shaol a chaitheamh ag treabhadh an ghoirt. Ciallaíonn sé nach gá dod chomhleacaithe vása criostail a cheannach duit is tú ag fagaint d’ionad oibre don uair dheireannach. Tá ard mheas agam ar SBB – rinne sé go leor i gcaitheamh a shaoil a bhí ceannródach is dúshlánach. Ach táím cinnte go bhfuil an gradam seo ceangailte leis an ceiliúradh a bhí ann roinnt seachtainí ó shin tar éis do an trí scór a shroichint agus bheith ag craoladh ar feadh dhá scór bliain. Tá súil agam go mbeidh sé ag craoladh ar feadh go leor blianta go fóill – ach tá súil agam freisin, i bhfianaise an méid a chuala an tír ar fad ar Charity You’re A Star cúpla bliain ó shin, nár chan sé amhrán ag ocáid bronnta na ngradaim.
Cuirfidh mé uaim an racht feirge atá ag briseadh amach ar an leathnach seo. An rud atá riachtanach anois ná bogadh chun tosaigh – tá gá dar liom le gradaim do na meáín cumarsáide nua i nGaeilge, gradaim a bheadh dírithe ar na meáin sin go h-áirithe a bhaineann úsáid as an idirlíon. Ní gá do bheith ceangailte leis na meáin Ghaeilge amháin – d’fhéadfaí gradaim a bhronnadh ar an suíomh ghnó Ghaeilge is fearr mar shampla nó an pháirtí pholatúil is fearr a bhaineann úsáid as an nGaeilge. An clár ‘iphone’ is fearr i nGaeilge? An cluiche wii is fearr i nGaeilge?
Táím cinnte faoi seo – is ar an idirlíon is mó a bhéimíd ag brath sna blianta atá romhainn chun an Ghaeilge a chur chun cinn go nuálach. Agus is cuid riachtanach den phroiseas chun barr feabhais a chur ar an bhfaobhar a bheidh le sin go mbeidh proiseas éigean chun aitheantas is gradam, mas maith leat, a thabhairt doibh san is fearr atá ag saothrú sa ghort uilíoch seo.
Tá sé mar sprioc agam na Gradaim seo, gradaim gan ainm go fóill, a reachtáil an bhliain seo chughainn. Má tá fonn ar aoinne cuidiú liom, agus bheith páirteach sa mheitheal, cuir seo in iúl dom ar an leathnach seo nó tar i dteagmháil liom ag mo sheoladh riomhphoist.