Cartlanna Clibe: Barack Obama

Faoi gheasa ag….’Triúr Sa Draighean’

Triúr sa Draighean ag seinnt ceoil

Áilleacht.   Cad  is áilleacht ann?   Aoibh an gháire atá ar do bhean chéile?  Gan amhras.   Do pháistí?   Ar ndóigh.  An radharc siar ó Dhoire’n Chuillin?  Cinnte.

Tá liosta gairid de nithe sa tsaol seo a chreidim-se iad a bheith ‘álainn’.    Chuireas mír amháin eile leis an liosta gairid sin ar maidin.

‘Triúr Sa Draighean’ an dhluth cheirnín nua ó Pheadar Uí Riada atá ag seinnt a chuid ceoil féin ar an albam in éineacht le Martin Hayes agus Caoimhín Ó Raghallaigh, beirt bhfeidhleadóir nach gá a chur in aithne is ar éigean.

Níl ach cúpla rian cloiste agam go fóill – Tráthann an Taoide, amhrán – agus táim ag éisteacht le ‘N’fheadar’ faoi láthair.  Tá an ceol chomh milis is chomh gar don ghnámh ag an am chéanna is ar éigean go bhfuilim ag scríobh ach go bhfuil mo mhéara ag rínce ar an mhéarchlár.

Cé gur ceoltóir é Peadar a sheineann go leor ionstraimí, is an consairtín is mó a sheineann sé ar an albam seo.     Ach tá go leor ionstraimí eile le clos anseo freisin – tambura ón Ind ar ‘Tráthann an Taoide’ mar shampla, uirlis a thugann ghné ón domhan eile go píosa filíochta atá ag plé go díreach leis an dtaobh eile.     Dónal Ó Liatháin, m’athair nach maireann, a chum focail ‘Tráthann an Taoide’ ar iarratas ó Pheadar a raibh ag lorg dán le cur le fonn neamh ghnach a bhí cumtha aige féin.  Píosa é, idir ceol agus filíocht, a cumadh in onóir do Dhiarmuidín Ó Shúilleabháin, amhránaí, iriseoir agus ball de Chór Chúil Aodha, a cailleadh go tubaisteach i dtimpist ghluaisteán.   Ní h-é an t-aon bhall den Chóir a cailleadh go ró-óg agus bhí píosa ag teastáil chun cuimhne ár gcomrádaithe go léir a chuaigh romhainn a thabhairt chun cuimhne agus a chomóradh.

Tá an píosa, “Spórt/Fiach”, anois á sheinnt – fidil agus feadóg stáin.   Píosa lán le spraoi é seo a mheallann an éisteoir le laethannta na leanbaíochta a thabhairt chun cuimhne.

Tá naoi fhonn deag ar an sé rian deag ar an albam seo.   Albam é a sheasfaidh an fhód mar sheod d’ár gcultúir é ar feadh na mblianta romhainn – ach ná bac liomsa, téigí amach agus ceannaigí é agus tugaigí cluas do sibh féin.

Rud amháin eile a dhéarfaidh mé, go bhfuil píosa ceoil ar leith ar an albam tiomnaithe do Bharack Obama, Uachtarán nua thofa Mheirceá.   De réir an eolais a thug Martin Hayes do Pheadar, bionn babhta aclaíochta ag an Uachtarán gach maidin agus é ag éisteacht le ceol ar an iPod lena linn.  An rian deireannach a bhionn sé ag éisteacht leis, is é sin rian de chuid an banna ceoil ‘Lúnasa’.  Mar sin de is léir go mbaineann sé taithneamh as cheol traidisiúnta na hÉireann agus chreid an Triúr go mba chóir doibh píosa ceoil a chumadh do chun é a chur ag rínce.  Chreid siad gur cheart go mbeadh sé ina rínceoir maith ós rud é gur mhothaigh siad go raibh an éirim sin ann.

Ní fheadar an mbeidh éinne ábalta an píosa ceoil sin a sheoladh chuig Barack Obama le go mbainfeadh sé triail as.   Tá sé cloiste agam agus is ríl gleoite atá ann….ach ní h-aon rínceoir mise!

Sláinte, a Uachtaráin

Is cosúil go mbeidh ré nua i gcúram sláinte i Stait Aontaithe Mheircea ar cheann de na mhór bheartais a fhagfaidh Barack Obama mar oidhreacht nuair a chriochnóidh a sheal sa Teach Bhán i gceann trí bliana nó, b’fhéidir, seacht mbliana.

Achoimre an BBC ar an bpacáíste

De réir an eolais atá againn ar an bpacáíste ar votáil teachtaí i dTeach na dTeachtaí 219-212 ar a shon inné, ní bheidh cead ag comhlachtaí arachais seirbhís a dhiultú ar dhaoine le ‘pre-existing conditions’.   Beidh ar gach fostaí arachas sláínte a bheith acu faoin reachtaíocht nua.

Is cinnte nach bhfuil deireadh leis an argóínt go fóíll agus go bhfuil Pairtí Phoblachtánach Mheirceá, atá go mór i bpóca na gcomhlachtaí arachais sláinte, chun leanúint leis an bhfeachtas i gcoinne na mbeartas seo.

Inniu, áfach, tréaslaim leis an Uachtarán Obama agus tabhairt faoin fhadhb seo a réiteach.  Ní réiteach foirfe é seo – ach tá clochmhíle stairiúil sroichte ag an Uachtarán agus d’eirigh leis i slí nár eirigh le Teddy Roosevelt roimhe.

Dá mbeadh ceannairí leis an gcnamh droma céanna acu ar an dtaobh seo den Atlantach, ní bheadh an easpa cinnireachta a mhothaímíd faoi láthair ag cur as dúinn.

Tuilleadh faoi seo ar ball.

Czar na Gaeilge – cé bheadh ann?

alansugar
Le linn an chíor thuathail ar fad le seachtain anuas sa Bhreatain agus Gordon Brown le cos san uaigh agus ar tí bheith caite isteach ag a pháirtí, bheartaigh sé Alan Sugar, réalt ‘The Apprentice’, a fhostú mar Czar Fiontraíochta. Is é an tUasal Sugar an Czar is déanaí atá fostaithe ag ceannairí Rialtais chun tabhairt faoi dhúshlán ar leith.

De réir dealraimh séard a dúirt John McCain le déanaí faoin Uachtarán Obama, go raibh níos mó Czar ag Uachtarán SAM ná mar a bhí ag teaghlach Romanov na Rúise. Bhí 18 acu – tá 20 ag Obama.

Ag an am chéanna, is tuairim é arbh fhiú é a thriail chun saol na Gaeilge a shuathadh. Duine cumasach a aimsiú chun rudaí a chur ag gluaiseacht sa treo ceart agus ag gluaiseacht go tapaidh sa treo sin. Ní bheadh an fheidhmeannach seo ceangailte le maorláthas agus bheadh buiséad neamhspleach aige nó aici, buiséad substaintiúil.

Cé h-é nó h-é an duine a roghnófá don phost sin, dá mba rud é gurb é sin ceann de na moltaí ar tháinig as an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge atá le foilsiú go luath, sara ndeinfear athshuathadh ar an gComhaireacht pé scéal é! Agus go mbeadh sé i gceist na moltaí sa Phlean a chur i bhfeidhm, a deirim sotto voce!

An chaint úd i gCairo….


Tá sé deacair a shamhlú, i ré seo an ‘soundbite’, go bhféadfadh oráid ó pholaiteoir bheith spreagúil, géar chúiseach agus dea thomhaiste. Ach is iad san – agus eile- na deathréithe atá á lua leis an gcaint a thug Barack Obama, Uachtarán Stait Aontaithe Mheiriceá, i gCairo inniu agus é ag iarraidh tús a chur le caidreamh nua idir SAM agus an domhan Mhuslamach.

Ní Muslamach mé – ach creidim gur eirigh leis an Uachtarán Obama aghaidh a thabhairt ar na gceisteanna tabhachtacha agus na lochtanna a bhí ar an dhá thaobh go h-eifeachtach agus i dteanga cúramach ach firinneach ag an am chéanna.

An mó uair a éisteann tú le polaiteoir agus iad ag ‘going forward’ agus a leithéid agus go dtuigeann tú go bhfuil sé nó sí i gcaint nach dtuigeann eisteoir nó cainteoir?

B’fhéidir go mbeidh mé ábalta teacht ar leagan físe den chaint ar Youtube ar ball – go dtí seo, is féidir an oráid a léamh i gcló anseo.

Fogra Gaeilge ar an New York Times – cás don tUasal Ó Ripley

Seo mise ag spáisteoireacht timpeall an idirlín agus fuaireas alt bhrea, agallamh le hUachtarán SAM, Barack Ó Bama, le fear ón New York Times. Bhíos ag léamh liom nuair a thugas faoi ndeara fogra ar thaobh an leathnaigh.
gaelfonnyt
Ní fhéadfadh sé sin bheith ann….d’fhéachas arís, níos géire an dara uair.
gaelfonnyt2
Ghlacas cúpla griangraf den leathnach ar an scaileán – bhí eagla orm nach gcreidfí mé dá ndéanfainn é a thuairisciú anseo ar iGaeilge.

Fogra d’fhón phoca Samsung, ár sean chara Gaelach, an Tocco, os comhair mo shúile ar leathnach [idirlín] de chuid an IrishNew York Times! A leithéid de radharc. An rara avis cinnte! Ní doigh liom go bhfaca mé a leithéid ar leathnaigh an Irish Times fiú.

Nach é seo an New York Times céanna ina raibh díspeagadh ar an nGaeilge le linn mhí na Márta, nuair a thug Brian Cowen ar Barack Obama le h-aghaidh Lá Fhéile Phádraig! Rinneas tagairt do anseo agus spreag mo chuid tuairimí ar an gceist ar bhlar dhiospóireachta an NYT féin roinnt aischothú feargach ó thrachtairí éagsúla.

Ní thuigim cé acu an bhfuil níos mó airgead ná ciall ag lucht Samsung agus go bhfuil siad ag ceannach fograí ar leathnaigh idirlín an New York Times don ghaelfón? An amhlaidh go gceapann siad go mbeidh corr Ghael fánach ag léamh na leathnaigh seo agus go rithfidh siad amach chun an fón a cheannach.

Sa chás seo bhí an Gael corr agus fánach seo ag léamh an leathnaigh – ach ar droch amharaí an tsaoil, tá Tocco agam theana féin.

Nó an é go bhfuil bogearraí chomh cliste sin ag an New York Times go n-aithníonn siad gur Éireannach mé, le suim sa Ghaeilge, agus go bhfuil an fogra seo á threorú i mo threosa. Mas amhlaidh an scéal, nár cheart go mbeadh eagla orm. Sin cumhacht theicneolaíocht na faisnéise duit. Sin cumhacht lán stad.

Tar éis é sin go léir, chuas ar ais go dtí an leathnach arís. Bhí sé druidte agam agus bhí orm é a athlódáil. Bhí an fogra don Ghael Fón imithe agus ceann eile ina áit. B’fhéidir gur mearú súl a bhí ann.

Ach féach ar na griangrafanna arís. Tá sé ann. Ní mearú súl – agus níor dhein mé ‘Photo-shopáil’ air ach an oiread.

Cás é seo don tUasal Ó Ripley, creidim!

Barack Obama ag obair ar son Ghaelcholáiste nua…


Is cosúil go bhfuil Barack Obama earcaithe ag gluaiseacht na Gaeilge le cuidiú linn sna fiontair agus na beartais éagsúla atá idir láímhibh againn. Nuair a luaigh mé an tseachtain seo chaite go raibh ceacht Ghaeilge faighte aige ón Taoiseach, Brian Cowen, an tseachtain seo chaite ag an ocáid sa Teach Bhán ar Lá Fhéile Phádraig, nior thuig mé go h-iomlán na feidireachtaí.

Seo an úsáid a bhain dream nua atá ag iarraidh Gaelcholáiste nua a bhunú i ndeisceart Bhaile Atha Cliath as na focail draíochta sin, ‘Is Féidir Linn’. Is maith liom é agus tá sé cliste – tá ár dtacaíocht tuillte aige.

Tá an cúlú thart!

Brian Ó Driosceoil, captaen na hÉireann, ag ardú Chorn na Sé Náisiúin

Brian Ó Driosceoil, captaen na hÉireann, ag ardú Chorn na Sé Náisiúin

Bhí sé gránna fhaid a mhair sé ach anois is féidir a fhógairt go bhfuil an cúlú eacnamaíochta thart. Sin é an fhógra ar féidir le Brian Cowen a dhéanamh agus bheadh sé oiriúnach dá ndéanfadh sé a léitheid d’fhogra tar éis do scaird eitleán a eitilt, é féin, agus tuirlingt ar bhórd oll-iompróir éitleáin ar a mbeadh baincéirí agus togálaithe móra na tíre agus leis an mbrat – ‘Mission Accomplished’ – ar a chúl.

Cén fath go gceapaim go bhfuil gach rud ina cheart agus an ghéarchéim thart. Bhuel nach bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach ag ár bhfoireann rugbaí don chéad uair i 61 bliain agus, ar an oíche chéanna, bhuaigh Bernard Dunne gradam dornálaíochta domhanda nuair a sharaigh sé Cordoba san 02.

Nach é sin an cineal ardú croí atá ag teastáil chun sinn a thabhairt as an sáínn seo! Deirtear go minic gurb é an bua a bhí ag Éire ar Shasana sa sacar ag Euro 1998 a chuir tús le ré an Tiogair – agus an uair sin féin, ní raibh ach an bua amháin i gceist. Cad é an toradh a bheadh ar chúig bhua ar fhoirne rugbaí mhóra le rá!

Agus tharla seo an tseachtain céanna inar labhair Uachtarán Mheirceá, Barack Obama, an fear is cumhachtaí agus is cumasaí ar domhan, cúpla focal Ghaeilge. Tá ár chupa a chur thar maoil!

B’fheidir go bhfuilim blúirín ró shoiniceach – ach creidim go bhfuil ard mholadh tuillte ag Brian Ó Driosceoil agus a fhoireann agus Declan Kidney, Bernard Dunne agus, sa deireadh thiar, Barack Obama is a mhúinteoir Gaeilge, as ucht údar a thabhairt dúinn ár gcroithe a ardú. Táim tinn tuirseach den ghruaim is den chrá croí a bhionn le clos lá i ndiaidh lae ar na méain [Bhéarla gan dabht!] agus is dócha nach fada go dtosnófar ar an bport sin a sheint in athuair.

Ach ar feadh an lae inniu, bíodh gliondar inár gcroí agus gáire ar ár smúis agus tabharfaimís aghaidh ar an chuid eile den tseachtain leis an spiorad dochlóite céanna. B’fhéidir gur cheart don Rialtas iarratas a dhéanamh ar an bhfoireann rugbaí an chorn a thabhairt timpeall na tíre le go mbeadh deis ag gach pobal ar fuaid na hÉireann a meas agus a mbuiochas a chur in iul don mheitheal mhiorúilteach seo.

Grand Slam na Gaeilge


Ar dtúis bhí Barack Obama ann lena chúpla focal – agus seo chugainn anois Brian O’Driscoll ag cur deireadh le preas agallamh faoin gcluiche mór amarach leis an dhá fhocal ‘Sin é’. Ní mór an méid é ach nuair a chuireann tú san áireamh gurb é Barack Obama an fear is mó ar domhan ar a bhfuil meas agusgo bhfuil an Driosceoileach, laoch chaptaen na hÉireann, ar na daoine is mó ar a bhfuil meas sa tír seo, is fiú morán na focail sin. Dá mba rud é go dtosnódh Bono ag labhairt i nGaeilge anois, d’fhéadfaí a rá go raibh ‘Grand Slam’ ag an nGaeilge! Fiú chuala mé Charlie Bird ag labhairt cúpla focal de bharr an méid a dúirt Obama….ní raibh sé ach a aistriú.

Mar thoradh ar an cúpla focal a bhí ag Barack Obama, bhí alt sa New York Times faoin nGaeilge – ní raibh an alt ró chothrom agus bhí sé claonta i dtreo áirithe dar liom, ach bhí sé ann.

Ní fheadar an mbeidh toradh chomh dearfach céanna ar an cúpla focal ó Bhrian Ó Driosceoil. Ní fheicim go bhfuil morán seans go mbeidh Gerry Thornley, príomh scríobhnóir rugbaí an Times, ag scríobh a réamh bhreith [ag tuar bua d’Éirinn ar ndóigh] i nGaeilge amarach.

Nior cheart go mbeadh íontas orainn go mbeadh cúpla focal i nGaeilge ag Ó Driosceoil. Chaith sé na blianta ar chúrsa samhraidh i gCamus i gConamara agus é ina cheannaire ann. Chuaigh a chlann ar fad ar an gcoláiste samhraidh céanna. Mafia Chluain Tairbh a tugadh orthu.

Is cuimhin liom gur dheineas iarracht agallamh a fháil leis an Driosceoilach uair amháin ach séanadh sin orm ar chúiseanna nach dtuigim. Ach ní doigh liom go bhfuil aon meán Ghaeilge tar éis fiú ceist i nGaeilge a chur ar Ó Driosceoil ag preas agallamh. Má tá, maith dhom an éagóir, ach mura bhfuil, cén fath nach bhfuil?

Tá cluiche mór amarach i gCaerdydd agus tá súil agam go mbeidh an bua ag Éire. Ceapaim gur féidir go mbeidh an bua acu. Ach rud amháin cinnte, ní bheidh aon cheist ann ach go mbeidh imreoir nó triúr ó fhoireann na Breataine Bige sásta agallamh a thabhairt i mBreatnais do S4C i ndiaidh an cluiche, cé acu an bua nó diomua a bheidh ann.

Ba dheas liom freisin dá ndéanfadh Aontas Rugbaí na hÉireann athmhachnamh ar an dearadh ar léine na foirne. Is docha go mbeidh léine nua ann ar aon nós agus mar sin niorbh olc an rud é go gcuirfidís san áireamh ainm na tíre, Éire, a chur ar an léine i nGaeilge. Tá ainm ‘Alba’ ar léine na hAlban agus ainm ‘Cymru’ ar léine na Breataine Bige.