Sláinte, a Uachtaráin

Is cosúil go mbeidh ré nua i gcúram sláinte i Stait Aontaithe Mheircea ar cheann de na mhór bheartais a fhagfaidh Barack Obama mar oidhreacht nuair a chriochnóidh a sheal sa Teach Bhán i gceann trí bliana nó, b’fhéidir, seacht mbliana.

Achoimre an BBC ar an bpacáíste

De réir an eolais atá againn ar an bpacáíste ar votáil teachtaí i dTeach na dTeachtaí 219-212 ar a shon inné, ní bheidh cead ag comhlachtaí arachais seirbhís a dhiultú ar dhaoine le ‘pre-existing conditions’.   Beidh ar gach fostaí arachas sláínte a bheith acu faoin reachtaíocht nua.

Is cinnte nach bhfuil deireadh leis an argóínt go fóíll agus go bhfuil Pairtí Phoblachtánach Mheirceá, atá go mór i bpóca na gcomhlachtaí arachais sláinte, chun leanúint leis an bhfeachtas i gcoinne na mbeartas seo.

Inniu, áfach, tréaslaim leis an Uachtarán Obama agus tabhairt faoin fhadhb seo a réiteach.  Ní réiteach foirfe é seo – ach tá clochmhíle stairiúil sroichte ag an Uachtarán agus d’eirigh leis i slí nár eirigh le Teddy Roosevelt roimhe.

Dá mbeadh ceannairí leis an gcnamh droma céanna acu ar an dtaobh seo den Atlantach, ní bheadh an easpa cinnireachta a mhothaímíd faoi láthair ag cur as dúinn.

Tuilleadh faoi seo ar ball.

4 thuairim ar “Sláinte, a Uachtaráin

  1. séamus Mac Seáin

    sinne sna sé chontae íocann muid as an chóras sláinte tríd an córas cánach agus bíonn sé ar fáil nuair atá sé de dhith ach cad é an difir atá idir an chóras nua i Meiricea agus córas na 26Co.?

    Freagra
  2. Seosamh Ó Beirgin

    “…d’eirigh leis i slí nár eirigh le Teddy Roosevelt roimhe…”

    Teddy Roosevelt, A Choncubhair! An bhfuil tú cinnte? Cineál ‘Great White Hunter’, a bhí i dTeddy Roosevelt.

    Franklin D Roosevelt, b’fhéidir, atá i gceist agat.

    Freagra
  3. Seosamh Ó Beirgin

    Gabh mo leithscéal, tá an ceart agat. Rinne Teddy Roosevelt iarracht bille slainte a thabhairt isteach céad bhliain ó shin, de réir Lara Marlowe san Irish Times inné.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s