Tá an cúlú thart!

Brian Ó Driosceoil, captaen na hÉireann, ag ardú Chorn na Sé Náisiúin

Brian Ó Driosceoil, captaen na hÉireann, ag ardú Chorn na Sé Náisiúin

Bhí sé gránna fhaid a mhair sé ach anois is féidir a fhógairt go bhfuil an cúlú eacnamaíochta thart. Sin é an fhógra ar féidir le Brian Cowen a dhéanamh agus bheadh sé oiriúnach dá ndéanfadh sé a léitheid d’fhogra tar éis do scaird eitleán a eitilt, é féin, agus tuirlingt ar bhórd oll-iompróir éitleáin ar a mbeadh baincéirí agus togálaithe móra na tíre agus leis an mbrat – ‘Mission Accomplished’ – ar a chúl.

Cén fath go gceapaim go bhfuil gach rud ina cheart agus an ghéarchéim thart. Bhuel nach bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach ag ár bhfoireann rugbaí don chéad uair i 61 bliain agus, ar an oíche chéanna, bhuaigh Bernard Dunne gradam dornálaíochta domhanda nuair a sharaigh sé Cordoba san 02.

Nach é sin an cineal ardú croí atá ag teastáil chun sinn a thabhairt as an sáínn seo! Deirtear go minic gurb é an bua a bhí ag Éire ar Shasana sa sacar ag Euro 1998 a chuir tús le ré an Tiogair – agus an uair sin féin, ní raibh ach an bua amháin i gceist. Cad é an toradh a bheadh ar chúig bhua ar fhoirne rugbaí mhóra le rá!

Agus tharla seo an tseachtain céanna inar labhair Uachtarán Mheirceá, Barack Obama, an fear is cumhachtaí agus is cumasaí ar domhan, cúpla focal Ghaeilge. Tá ár chupa a chur thar maoil!

B’fheidir go bhfuilim blúirín ró shoiniceach – ach creidim go bhfuil ard mholadh tuillte ag Brian Ó Driosceoil agus a fhoireann agus Declan Kidney, Bernard Dunne agus, sa deireadh thiar, Barack Obama is a mhúinteoir Gaeilge, as ucht údar a thabhairt dúinn ár gcroithe a ardú. Táim tinn tuirseach den ghruaim is den chrá croí a bhionn le clos lá i ndiaidh lae ar na méain [Bhéarla gan dabht!] agus is dócha nach fada go dtosnófar ar an bport sin a sheint in athuair.

Ach ar feadh an lae inniu, bíodh gliondar inár gcroí agus gáire ar ár smúis agus tabharfaimís aghaidh ar an chuid eile den tseachtain leis an spiorad dochlóite céanna. B’fhéidir gur cheart don Rialtas iarratas a dhéanamh ar an bhfoireann rugbaí an chorn a thabhairt timpeall na tíre le go mbeadh deis ag gach pobal ar fuaid na hÉireann a meas agus a mbuiochas a chur in iul don mheitheal mhiorúilteach seo.

4 thuairim ar “Tá an cúlú thart!

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Aontaoim leat a Choncubhair.Árdú meanma a bhí go mór de dhith orainn.Tá ár mbuíochas tuilte go mór ag Kidney agus Ó’Drisceoil.Ach camchuairt timpeall na tíre, n’ fheadair!!!Tá Kindey ró chúthail do sin.Ar aon chuma nár Córcaíoch é agus ná raibh sé ag tnúth leis an mbua sa chéad áit? Mo chomhgairdeas do Bernard Dunne freisin. Bhí sé i dtrioblóid luath sa chaith, fiú leagadh go talamh é faoi dhó ach thainigh sé ar ais go tréan, laoch mór an fear seo le croí cróga. Tá ár laochra spóirt taréis dea shampla a thabhairt duinn in aimsir na géarchéime.Bhain taithneamh as.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Lean ort ag amharc ar Éirinn sa Chorn Domhanda mar sin, ldt. B’fheidir gur tusa bheith ag amharc a thug an buntáiste breise don bhfoireann!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s