Cé atá ag cur cás na Gaeilge?

Is dócha gur cheart bheith ag súil lena leitheid ach seo alt aineolach leataobhach eile faoi staid na Gaeilge – an uair seo ní i nuachtán Éireannach atá sé ach sa New York Times.

Tá blúirín den bhfirinne ann – sa chiall is go bhfuil cabhair á fháil ag an nGaeilge agus go bhfuil sí in ísle brí sa chóras oideachais – ach sa deireadh thiar is bolscaireacht é atá fréamhaithe go mór in aineolas agus binibeacht frith Ghaeilge leitheidí Kevin Myers.

Kevin Myers, a columnist for the Irish Independent in Dublin, has concluded that the Irish language is dying, and wonders aloud why Ireland’s government, by continuing to pay for things like Irish-language television and education, is spending so much money to postpone the inevitable.

Mr. Myers recently told the German broadcaster Deutsche Welle (in the report embedded at the foot of this post) that he thinks the Irish government is wasting money on a revival project that has obviously failed:

Languages die. This is a norm. Dozens of languages die every year. Is it good? No, it’s not culturally good, it’s not good for the world that something happens, but it does happen, that’s it. Species become extinct, other species emerge. It is the world we live in. You can weep about the world we live in — and with every reason to — but that’s not going to change anything. Putting money into the Irish language is to say “I’m going to burn this money.” It’s like getting a big bonfire, throwing all your millions of euros on it and setting fire to it. That’s what it is.

Nuair a léim altanna mar seo, bíonn díomá orm. Bionn fearg orm freisin – ach is leis an easpa aistroda a bhím i bhfeirg seachas leis an aineolas agus bolscaireacht san alt mí-amharach.

Cé h-iad a chuireann cás na Gaeilge nuair a thagann sí íonsaí mar seo?

Déinimse é go rialta anseo – agus ar bhlaganna eile agus i bhfóraim eile.

Ní mór a aithint, áfach, go bhfuil go leor cur amú airgid i gceist leis an mbealach a chaitheann an Stát leis an dteanga.

Nuair a mhaíonn Kevin Myers gur ionann agus do chuid airgid a chaitheamh ar thine chnamh agus airgead a chaitheamh leis an nGaeilge, tá fírinne ag baint leis chomh fada agus go bhfuil tú ag caint ar an airgead a chaitear ar aistriúcháín nach léitear de chaipéisí nach léitear i dteanga ar bith.

8 dtuairim ar “Cé atá ag cur cás na Gaeilge?

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Bionn an-imní igconaí ar leitheidí Kevin Myers faoin mhéid a chaithfear ar an nGaeilge.Aontaoim gur láige igcás na Gaeilge an méid a chaithfear ar áistriúcháin ar Tuarascálacha Bliantúla nách léifear fiú i mbéarla iad.Bheadh sé níos fearr ar Kevin Myers bheith ag scriobh faoi na baincéirí cama agus an finíochas ina bpaipéar féin.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    tá mise sean go leor le cuimhne a bheith agam ar 50’í agus 60’í na haoise seo thart agus na hionsaíthe fíochmhara a bhí á ndéanamh ar an Ghaeilge an tam sin ag dream a bhí níos eagraíthe na KM agus a chairde.An tam sin bhí an feachtas in éadan “Gaeilge éigeantach” sa choras oideachais agus cinnte d’fhreagair lucht na Gaeilge iad ar na paipéir agus ag cruinnithe srl ach chomh maith le sin chuaigh siad amach agus bhunaigh siad an córas Gaelscolaíochta,bhunaigh siad Gael Linn,léirigh siad dramaí,Rinne siad scannain, bhunaigh siad coláistí Gaeilge srl,srl.Is iad na gníomhartha dana dasachtacha cruthaíocha cosúil leis an bhlag seo agus rudaí eile cosúil leo a chuirfeas Kevin cóir ina thost.Cuimhnimís i gcónaí ar an sean fhocal “Bíonn dhá dtrian tormán le soitheach folamh”

    Freagra
  3. Ursula

    Cuireann an cineál sin ailt déistean ormsa freisin. Ach ná deanaimis dearud go bhfuil na mílte i Meiriceá ag foghlaim Gaeilge agus go bhfuil a fhios acu siúd go bhfuil an teanga fós beo mar go mbíonn siad ag éisteacht le RnG ar an idirlíon, ag léamh blaganna agus ag teacht ar cuairt go dtí an tír seo. Le cúnamh Dé freagróidh cuid des na Meiriceánaigh sin an t-alt sa NY Times. Faraor caithfidh mé aontú le Kevin Myers go gcuirtear airgead amú ar thograí áiféiseacha Gaeilge ach sin í cuid den fhadhb atá againn le heaspa freagrachta san airneáil phoiblí in Éirinn i gcoitinne, ní haon eisceacht í réimse na Gaeilge.

    Freagra
  4. Colm

    Ó thaobh an airgid a chaitheamh ag aistriú cáipéisí go Gaeilge, ba mhaith liom na cáipéisí céanna a fheiceáil á scríobh i nGaeilge. Ach go dtí go mbeidh córas riaracháin againn a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, ní tharlóidh sé sin.
    Ar an taobh eile de, níl mé cinnte gur cur amú airgid ar fad é an obair seo. Glacaim leis nach obair cruthaitheach atá inti, ach is foinse oibre atá ann do lucht labhartha (scríofa) na Gaeilge, agus sna blianta atá romhainn tá gach seans ann go mbeidh a leithéid gann go leor. Níl ann ach grabhrógaí ach ná caithfimis uainn an obair seo go dtí go mbeidh rud níos fearr le fáil.

    Freagra
  5. Concubhar O Liatháin

    Ní aontaim leat – tá tionscal an aistriúcháin chun aimhleas na Gaeilge. Níl aoinne ag léamh an ábhair seo agus ag an am chéanna tá páistí gan téacsleabhair cearta sna scoileanna. An ar mire atáimíd ag foilsiú stuif nach bhfuil á léamh agus ag ceilt ábhar leitheoireachta ar dhaoine ar mhian leo é a léamh?

    Freagra
  6. Colm

    Nílim ag rá nach bhfuil an ceart agat go bunúsach.
    Ach is féidir a bheith cinnte, dá bhfaigheadh Myers agus a leithéidí a ghuí, nach ar théacsleabhair ná ar ábhar léitheoireachta do pháistí ná do dhaoine fásta a chaithfí an t-airgead a shábhálfaí.
    Chun go dtarlódh an méid a deir tú, theastódh athrúintí millteacha sa tír agus sa gcaoi ina ndéantar an riarachán. Ní fheicim go dtarlóidh na hathrúintí sin go luath.

    Freagra
  7. Ping: Fógra Gaeilge ar an New York Times - cás don tUasal Ó Ripley « iGaeilge

  8. Ciarán

    Tá an Ghaeilge maith go leor. Agus tá sí láidir go leor sna ceantair Ghaeltachta sa lá atá inniu ann. Tá sí ag éirí níos faiseanta i measc na n-óg. Tá an-obair déanta acu siúd atá go mór i mbéal an phobail ó thaobh na teanga de. Bhí an teanga á marú sna scoltachta leis na siollabais, tá sé sin ag athrú ó thús na scoilbhliana seo chugainn buíochas mór le Dia. Tá an t-athrú céanna de dhíth go mór.
    Is í an bhunfhadhb a bhaineann le staid na teanga ná dearcadh poiblí ar an teanga. Cloiseann daoine uimhreacha. An méid airgid a chaithear ar aistriúchán agus araile. rudaí gan úsáid. Chaithfí sin a athrú chun na maitheasa. Tá an-obair ar siúl agat ar an mblag seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s