Grand Slam na Gaeilge


Ar dtúis bhí Barack Obama ann lena chúpla focal – agus seo chugainn anois Brian O’Driscoll ag cur deireadh le preas agallamh faoin gcluiche mór amarach leis an dhá fhocal ‘Sin é’. Ní mór an méid é ach nuair a chuireann tú san áireamh gurb é Barack Obama an fear is mó ar domhan ar a bhfuil meas agusgo bhfuil an Driosceoileach, laoch chaptaen na hÉireann, ar na daoine is mó ar a bhfuil meas sa tír seo, is fiú morán na focail sin. Dá mba rud é go dtosnódh Bono ag labhairt i nGaeilge anois, d’fhéadfaí a rá go raibh ‘Grand Slam’ ag an nGaeilge! Fiú chuala mé Charlie Bird ag labhairt cúpla focal de bharr an méid a dúirt Obama….ní raibh sé ach a aistriú.

Mar thoradh ar an cúpla focal a bhí ag Barack Obama, bhí alt sa New York Times faoin nGaeilge – ní raibh an alt ró chothrom agus bhí sé claonta i dtreo áirithe dar liom, ach bhí sé ann.

Ní fheadar an mbeidh toradh chomh dearfach céanna ar an cúpla focal ó Bhrian Ó Driosceoil. Ní fheicim go bhfuil morán seans go mbeidh Gerry Thornley, príomh scríobhnóir rugbaí an Times, ag scríobh a réamh bhreith [ag tuar bua d’Éirinn ar ndóigh] i nGaeilge amarach.

Nior cheart go mbeadh íontas orainn go mbeadh cúpla focal i nGaeilge ag Ó Driosceoil. Chaith sé na blianta ar chúrsa samhraidh i gCamus i gConamara agus é ina cheannaire ann. Chuaigh a chlann ar fad ar an gcoláiste samhraidh céanna. Mafia Chluain Tairbh a tugadh orthu.

Is cuimhin liom gur dheineas iarracht agallamh a fháil leis an Driosceoilach uair amháin ach séanadh sin orm ar chúiseanna nach dtuigim. Ach ní doigh liom go bhfuil aon meán Ghaeilge tar éis fiú ceist i nGaeilge a chur ar Ó Driosceoil ag preas agallamh. Má tá, maith dhom an éagóir, ach mura bhfuil, cén fath nach bhfuil?

Tá cluiche mór amarach i gCaerdydd agus tá súil agam go mbeidh an bua ag Éire. Ceapaim gur féidir go mbeidh an bua acu. Ach rud amháin cinnte, ní bheidh aon cheist ann ach go mbeidh imreoir nó triúr ó fhoireann na Breataine Bige sásta agallamh a thabhairt i mBreatnais do S4C i ndiaidh an cluiche, cé acu an bua nó diomua a bheidh ann.

Ba dheas liom freisin dá ndéanfadh Aontas Rugbaí na hÉireann athmhachnamh ar an dearadh ar léine na foirne. Is docha go mbeidh léine nua ann ar aon nós agus mar sin niorbh olc an rud é go gcuirfidís san áireamh ainm na tíre, Éire, a chur ar an léine i nGaeilge. Tá ainm ‘Alba’ ar léine na hAlban agus ainm ‘Cymru’ ar léine na Breataine Bige.

6 thuairim ar “Grand Slam na Gaeilge

  1. seanmor

    I ndiaidh dom an dá fhocal sin a chluinstin, b’fhéidir go n-amharcfaidh mé ar an diabhal spóirt seo anois! Níor amharc mé riamh ar aon chluiche rugbaí le mo bheo.

    Freagra
  2. An ghaoth aduaidh

    Cluiche gallda. Nach cuma. Chím go bhfuil lucht na stailce amuigh don chluiche dé Domhnaigh. Up the Banner!

    Freagra
  3. Seán Mícháel O Donnchadha

    Chuala mé agallamh is dócha i TG4 leis an cliathanaí Luke Fitzgerald agus togha na Gaeilge aige.Tá súil agam go bhfuil Gaeilge maith ag imireoirí éile san fhoireann ach na meán na ceisteanna a chur ortha i nGaeilge.Tá súil agam go mbeidh an bua againn agus ní aontaoim le Gatty go bhfuil aon drochmheas ag muintir na Breataine Bhige ar a gcomhgleachaithe Cheilteach muintir na hÉireann.

    Freagra
  4. Seán Mícháel O Donnchadha

    Comhghairdeas do fhoireann iontach na hÉireann cé gur bheag nár bhuail taom croí mé.Im thuairmse bhí foireann na hÉireann i bhfad níos fearr na an Bhreatain Bheag, dha úd igcoinnne zero san aireamh, ach bhí an iomarca teannas in imirt na hÉireann.Braithimse go n-imreoidh an foireann seo i bhfad níos fearr amach anseo nuair nách mbeidh brú seasca h-aon bhliain orthú.Beidh alán acu ag dul go dtí an Aifric Theas sa samhradh leis na León agus cuidoidh sé seo leo.Beidh captaen na Leon idir Brian Ó’Drisceoil agus Paul Uí Chonaill.Bá cheart go mbeadh Kidney ag dul mar bhainisteoir ach ta Gatland roghnaithe cheanna Féin.Tá mé ag tnút go mór leis an samhradh san “Veld árd”.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s