Cartlanna Ranga: Míreanna Mire

Postálacha nach féidir a chur faoi bhrat ar bith.

Arbh fhéidir go bhfuil ‘Feasta’ faoi bhagairt chomh maith?

Cé mhéid a chosnódh sé do leitheoirí/lucht tacaíochta na nirisí seo a mhaoiniú sinn féin? Tá sé thar am againn an freagracht a ghlacadh chúgainn féin seachas bheith ag caoineadh nuair a chuireann Foras na Gaeilge, ‘Hannibal Lecter’ na nuachtán is na nirisí Gaeilge.

An Tuairisceoir

Ciarán Dúnbarrach

Beidh ar ‘An tUltach’ agus ar ‘Feasta’ cur isteach ar dheontas ar leith ó Fhoras na Gaeilge chun an tréimhse idir Iúil agus Nollaig 2013 a mhaoiniú.cludach

Tá sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don ‘Tuairisceoir’ gur “thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin.”

“Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de,” a deir an ráiteas.

Tuigtear dúinn nach bhfuil aon chinnteacht go bhfaighidh ceachtar acu aon mhaoiniú.

Fuair ‘An Tuairisceoir’ an ráiteas seo a…

Amharc ar an alt bunaidh 459 d’fhocla eile

Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dár laochra sa Ghairdín Chuimhneacháin.

Radharc stairiúil…..

Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dár laochra sa Ghairdín Chuimhneacháin, de réir mar a léiríodh é ar shuíomh nuachta an BBC.

Cad a cheapfadh ‘The Boys of Kilmichael’ faoina leithéid de radharc? Banríon Shasana, Eilís II, ag tabhairt omóis dóibh agus dá gcomhleacaithe ar fad a throid ar son saoirse na hÉireann in Eirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus na réabhlóidí éagsúla roimhe sin.

Má tá cumhacht ag íomhánna, tá cumhacht ar leith leis an íomhá seo nó chrom Banríon Shasana a ceann agus í ag tabhairt omóis do na laochra a throid ar son ár saoirse (fiú nár bhain siad saoirse amach don tír iomlán) agus cuid mhór acu ar áirigh réamhchomharbaí Eilís II mar chomhionann Osama Bin Laden an lae inniu.

Ní h-amháin sin ach is in Aerfort Mhic Easmainn i mBaile Uí Dhónaill láimh le Baile Átha Cliath a thuirling an eitleán ar a raibh Cheann Stáit na Breataine. Is in omós Ruairí Mhic Easmainn a h-ainmníodh an aerphort seo – cé nach bhfuil sin luaite i dtuairiscí an BBC – an Ruairí Mhic Easmainn céanna ar a bronnadh ridireacht trath as a sheirbhís sa Chongó agus a chroch na Sasanaigh i 1916 as ‘tréas’ le linn an Chogaidh Mhóir.

Bí ag caint ar shiombalachas. Ach mar a dúirt an t-é a ndúirt, ní féidir siombail a ithe! Ní bheathaíonn siad na braithre.

Ar ndóigh bhí léirsithe i mBaile Átha Cliath inniu, agóid amháin ag Eirigi agus iad ag déanamh amadáin díobh féin. Stócaigh óga le postaeirí ag fógairt ‘British out of Ireland’ agus na buachaillí céanna ag caitheamh léinte na gCeilteach agus Manchester United. Bhí cuma ólta ar chuid acu freisin.

Bhí léirsiú ag Sinn Féin freisin agus shaor an pháirtí 1000 bhalún dhubh mar chomhartha shiombalach faoi ról na Breataine in Éirinn agus, go h-áirithe, buamáil Bhaile Átha Cliath/Múineacháin, uafás a tharla 37 bliain is an lá inniu agus ina bhfuil amhras mhór go raibh fórsaí na Breataine, na Banríona, páirteach ann.

Tacaím le na h-iarrachtaí atá ar bun an fhírinne maidir leis an mbuamáil seo a thabhairt chun solais. Creidim go raibh lámh ag na Sasanaigh ann, an t-uafás ba mhó le linn na dTrioblóidí ar fad, ár inar maraíodh 34 duine ar an lá amháin.

Ach creidim nach féidir le Sinn Féin an chás a dhéanamh ar son na fírinne a thabhairt chun solais sa chás seo nuair atá pearsaí sa phairtí céanna ag ceilt na fírinne ar sladanna ina raibh na daoine sin páirteach iontu – leithéidí Aoine na Fola i mBéal Feirste, buamáíl Ostán La Mon is go leor maruithe eile.

Creidim go bhfuil meascán mearaí ar Shinn Féin faoin gcuairt seo. Nuair a thagann an Banríon ar chuairt go dtí an chuid den tír atá ó thuaidh den teorainn, ní bhacann siad leí. Ní bhionn agóid nó leath agóid ann faoin gcuairt. Anseo ó dheas tá gach deis á thapú chun píosa bolscaireachta a dhéanamh. Go deimhin tá leas SF á dhéanamh ag an gcuairt seo. Ní h-aon íontas mar sin go bhfuil Gerry Adams idir dhá chomhairle ar an gcuairt, é ag maíomh i mí Feabhra go bhfuil an chuairt ró luath agus mí-adhúil. Ar an Satharn scrígh sé alt san Irish Examiner inar thagair sé do chomhoidhreacht na pobail éagsúla ar na h-oileáin seo, céim sa tre cheart. An lá céanna d’fhill sé ar dhearcadh mhí Feabhra. Anois tá siad ag agóidíocht in aghaidh na cuairte. An ag teacht nó ag imeacht atá an pháirtí – nó an bhfuil a fhios acu?

Tá tacaíocht níos leithne ag feachtas mhuintir na n-iosbartach a maraíodh ar 17 Bealtaine 1974 i mBÁC agus Múineahán agus beidh an cheist á phlé amárach nuair a chasfaidh an Taoiseach ar Phríomh Aire na Breataine.

Ní duine mé a thugann omós do rithe nó do bhanrithe. Is poblachtóír mé. Mar sin féin (ach ní mar Shinn Féin) creidim go raibh dignit agus meas – is comhmheas – san fháilte a fhearadh roimh Eilís II inniu. Bhí sé ceart agus cóir agus guím gach rath ar an gcuid eile den chuairt.

An bhfuil an ‘Feirm Factor’ agat?


Tá iarrtha ag cara liom go bhfoilseoinn achainí ar iGaeilge le h-aghaidh feirmeoirí atá ag iarraidh pairt a ghlacadh i ‘Feirm Factor’. Is cosúil go bhfuil an ceathrú sraith ag tosnú go luath ar TG4 agus tá iomaitheoirí á lorg chun páirt a ghlacadh ann. Más feirmeoir thú – nó más amhlaidh gur mhaith leat dul sa tseans – lean ort agus glac páirt.

Seo chugat na sonraithe maidir leis an gcomórtas seo….

SRAITH NUA 2012
Tá 12 iomaitheoir á lorg again atá 18+ bliain d’aois, fir/mná, a thaispeánfaidh scoth na feirmeoireachta.
An bhfuil an Feirm Factor agat?
Más ea, déan teagmháil le Good Company Productions ar 057 9323847 nó seol ríomhphost chuig: feirmfactor@goodcompany.ie

Is féidir leat an fhoirm iarratais atá ar líne ar láithreán gréasáin TG4 a chomhlánú: www.feirmfactor.ie

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná 5pm, Dé Luain an 25 Aibreán 2011.

Sarah Carey, ceap milleáin an chinsil

Cé go raibh go leor a scrígh sí nár aontaigh mé leis, tá trua agam ar maidin do Sarah Carey. Chuir na h-altanna uaithi faoin ngaelscolaíocht alltacht orm de bharr na claonta frith Ghaeilge a léiríodh iontu. Ach níar gheall orthu san a raibh uirthi eirí as a colún leis an Irish Times, seanbhean chraifeach Sraid Teamhair. http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2011/0326/1224293137825.html

Ms Kennedy told Ms Carey yesterday that her credibility as a columnist had been damaged by the findings of the report of the Moriarty tribunal and its aftermath. In order to protect the reputation of The Irish Times, her position as a columnist was untenable.

Is cosúil gur thug Sarah Carey, a chaith seal ag obair le Denis O’Brien, eolas do Stephen Collins, eagarthóir pholatúil an Tribune ag an am ach sa phost céanna leis an Irish Times anois.

, “with data about donations made by Denis O’Brien to all political parties . . .

Maith go leor. Nuair a cheistigh dlíodóirí an Bhínse Fiosruithe í i gceistneoir faoin sceitheadh seo, shéan sí aon lámh a bheith aici ann.

Ms Carey said it was “important to reiterate that I did not [her emphasis] lie under oath to the tribunal. Indeed, when I came to give evidence under oath at the tribunal, I told the whole truth about the leak and denial.

“All of this was known to The Irish Time s – indeed had been reported in that paper by Colm Keena on Thursday, January 22nd, 2004, four years before they hired me as a columnist.”

Cuireann an t-eolas sin, a tuairisciodh san IT ar maidin, craiceann nua ar an scéal. Bhí a fhios ag Geraldine Kenny nuair a d’earcaigh sí Carey faoin méid ar tharla roimhe agus cheap sí Carey ar aon nós. Bhí a fhios ag leitheoirí an IT agus, dá bhrí sin, an phobal mhór an méid sin.

Anois tá bata agus bóthar tugtha ag Kennedy, bean eile, don bhean mífhortúnach seo, Sarah Carey,9 mar gur sceith sí eolas agus nuair a cheistigh na h-údaráis í, shéan sí an sceitheadh. Dá ndéanfadh iriseoir amhlaidh, dheinfí laoch de! Go deimhin is mar gheall ar a leithéid de sheasamh a bhain Geraldine Kennedy a clú amach.

Ms Carey said she would be taking a break from presenting on TV3 but she would continue to present her radio show on Newstalk.(is le Denis O Brien
an staisiún).

Is í an t-aon duine a chaill a post go dti seo mar gheall ar Bhínse Fiosruithe McCarthy. Athtoghadh Michael Lowry, is biliúnaí é Denis O’Brien. Na stat seirbhísigh go léir nár chreid Moriarty, nior chaill duine acu a phost.

As bínse fiosruithe a chosain na céadta milliúin, is í Carey a roghnaitear mar cheap milleáin chun éiric na h-éagora a ioc.

Mar a dúradh i Hamlet:
There is something wrong in the state of Denmark.

Na Rubber Bandits – níos fearr arís i nGaeilge!

Tá ardmholadh ag dul na ceithearnaigh úd ó Luimneach,na Rubber Bandits, fiú dá mbeinn im thost, mar gheall ar an leagan Ghaeilge atá éisithe acu den amhrán nua uatha, I Want To Fight Your Father.

Ní h-é go mbeadh ‘Ba mhaith liom bruíon le d’athair’ ar mo ghnath rogha cheoil – ach táim ag eirí ceanúil air de réir mar a éistim leis! Agus an rud is annamh is íontach, físeán leis an amhrán i nGaeilge. Ó thaobh na Gaeilge de i mbliana, is iad Na Rubber Bandits an buaic phointe. Dá mbeadh Foinse ag rith an chomórtas a bhíodh acu dornán de bhlianta ó shin, Gael na Bliana, ní bheadh ach ainm amháin sa hata ag deireadh na bliana, na Rubber Bandits.

Ar ndóigh ní h-ionann an ghradam úd dá luachmhaire é agus airgead sa bhanc – rud atá an mheas ag na Bandits air!

Ritheann sé liom gur maith an rud é nach bhfuil scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla i réim ag na Bandits. Dá mbeadh, ghlacfadh sé trí bliana orthu an leagan Ghaeilge a éisiúint den amhrán agus idir an dhá linn bheadh cúpla rabhadh ‘laidir’ faighte acu ón gCoimisinéir Teanga! NOT.

Is sa treo seo – seachas i dtreo an mhaorláthais – ar cheart do phobal na Gaeilge díriú – ach cad a dhéanfadh caoire ach an phocán a leanúint fiú mas thar an faill féin é!