“Níl i nGaeilge Chonamára anois ach Béarla aistrithe, don chuid is mó. Chuala duine desna dea-chainteoirí, léiritheoir, ar RNG le déanaí á rá so.. Casfaimid sean-téipeanna daoibh agus má tá aon téipeanna agaibh ar mhaith libh iad a ROINNT linn, seolaigí chugainn iad.”
Seo teachtairecht a foilsíodh ar m’fhalla Facebook inniu. Muimhneach a d’fhoilsigh é agus b’fhéidir go raibh roinnt mioscais i gceist – ach b’fhéidir go bhfuil blúirín den fhírinne ann freisin.
Tá’s agam go mbeidh sibh ag fiafraí céard sa diabhal atá ar bun ag mo leithéidse ag caint faoi dhroch chaighdeán Ghaeilge muintir Chonamara – más fíor – nuair atáim féin chomh lochtach. Ag an am chéanna, níl ionam ach an teachtaire an uair seo. Níor mhiste dá mbeadh diospóireacht oscailte ar an ábhar.
Ritheann sé liom go bhféadfadh a léithéid bheith fíor ar chúiseanna fónta. De bhrí go bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail i gConamara thar mar atá sí á labhairt amhlaidh in aon cheantar eile sa tír, agus go bhfuil gach pobal Ghaeltachta agus Ghaeilge go mór faoi anál an Bhéarla trí na meáin, caithfidh go bhfuil deacrachtaí ag cainteoirí dhúchais chun teacht ar na focail chun iad féin a chur in iúl i nGaeilge. Cad é an Ghaeilge ar ‘flatscreen TV’ mar shampla? Tá sé fánach bheith ag rá le daoine imeacht go Focal nó go dtí an fhoclóir nuair atá tú ag iarraidh an focal ceart a úsáid i gcomhrá le do chomharsan.
Ceist é seo a bhaineann le saibhreas teanga. Baineann saibhreas teanga, den chuid is mó, leis an sean aimsir. Bím féin ag caint le m’úncail agus tá togha na Gaoluinne aige agus ar ndóigh bionn sé i gconaí mo cheartú. Dár leis go bhfuil an líon daoine le fíor saibhreas teanga ana thearc ar fad, duine nó beirt i ngach pobal Gaeltachta.
Mar sin de, conas a bheadh an ghnath chainteoir Ghaeilge ábalta na focail atá gá acu leo a úsáid nuair atá an saol athruithe an oiread sin nach bhféadfadh na daoine a bhíodh fíor saibhreas teanga acu é a aithint.
Ná bac na gnath chainteoirí Gaeilge. Cad faoi na daoine a shaothraíonn a slí beatha ón nGaeilge? Is beag dealramh idir teanga na n-aistritheoirí agus an teanga a bhionn á úsáid ag an pobal. Bionn lucht Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcónaí ag caint faoi ‘cheisteanna a ardú’ – agus is aistriuchán lom é sin ar an mBéarla ‘to raise a question’. Creidimse go bhfuil sin micheart agus gur cirte ‘ceist a chur’ ná ‘ceist a ardú’. Sin iad na cineál rudaí atá ag baint ó shaibhreas na teanga.
Is cuimhin liom bheith ag obair le Lá trath agus gur chuireamar ‘Clabhsúr Cogaidh’ mar cheannlíne ar scéal chéad leathnaigh faoi ocáid a shíleamar a bheith ag léiriú go raibh cogadh an IRA ag teacht chun deiridh. Fuaireamar barántas ina dhiaidh sin ó dhream i mBaile Atha Cliath a bhí ag faire amach do “Bhéarlachas” sna meáin Ghaeilge. Bhíos ábalta a léiriú go raibh an focal ‘clabhsúr’ i bhfoclóirí eagsúla Ghaeilge, Foclóir Uí Dhuinnín san áireamh, agus nach bhféadfaí bheith ag maíomh gur focal Béarla ‘aistrithe go Gaeilge’ a bhí ann. Ach gan amhras b’fhéidir gur aistríodh é sara tháinig An Duinníneach ar an bhfód. Focal eile a thaitníonn liom ‘aidbhintiúr’ mar aistriúchán ar ‘adventure’. An bhfuil sin mícheart freisin?
Bhíodh comórtas seachtainiúil i dTuarascáil an Irish Times fadó, nuair a bhíodh dealramh leis an gcolún sin agus leithéidí Deaglán de Bréadún agus Daire Mag Cuill ina mbun, agus an pointe a bhí leis an gcomórtas aistriúcháin glic agus saibhir a aimsiú le h-aghaidh téarmaí nua aimseartha. Mura bhfuil dearúd orm, is ón gcomórtas sin a tháinig an leagan Ghaeilge de mobile phone – fón póca.
Deirtear liom go bhfuil coiste téarmaíochta ag obair go dícheallach chun leaganacha Ghaeilge ar theanga ár linne – ach ní bheidh sé riamh tapaidh a dhothain chun an téarmaíocht atá i mbéal an phobail a shárú.
Nuair a bhionn plé ar chúrsaí teanga mar seo bionn an baol ann go mbionn an plé dirithe ar cheisteanna gramadaí – mo ghramadach – agus gan tuiscint ar an scéal iomlán, conas is féidir cur le saibhreas na Gaeilge don ghlúin atá le teacht le cinntiú go mbeidh an teanga acu atá i dtiúin leis an saol ina bhfuil siad beo?
Is dócha nach mbeadh morán measa ag sean laochra na teanga ar ár nGaeilge agus is lú fós a meas ar Gaeilge na glúinte a thiocfaidh in ár ndiaidh. B’fhéidir nach bhfuil leigheas ar sin – ach cad is feidir déanamh ag an bpointe seo agus san am atá romhainn le cinntiú nach breac theanga a bheidh sa Ghaeilge amach anseo?
Ar aghaidh leis an diospóireacht….