Cartlanna Clibe: Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Cuairt filíochta agus luaidreáin an luaithreach

Ní fhéadfadh an ghnath dhuine cur síos a dhéanamh ar Chuairt na bhFilí Albanacha go Múscraí aréir (Dé Máirt).  Ghlacfadh sé file chun sin a dhéanamh.    Ar ndóigh ní file mé – cé gur de shliocht filí mé – is iriseoir/ainniseoir mé.     Ach roinnfidh mé mo smaointe ar an ocáid libh ar aon nós.

Ritheann líne ó dhán a scrígh Seán O Riordáin liom agus mé ag meabhrú ar dhraíocht na h-oíche aréir san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne.  Ag tagairt do ar bhean a aithris dán ag an Dáimh Scoil i Múscraí tar éis gur fhreastail sé air, dúirt sé an líne seo: “Ní file an bean, ach filíocht”.

Leis an chaint go léir faoin scamall luaithrigh a d’eisigh an Bolcáin úd san Ioslainn, ba cheart a lua gur eirigh leis na filí agus na ceoltóirí seo teacht thar Shruth na Maoile gan aon dua ró mhór agus bhí oíche bhrea acu i gCorcaigh, i dTabhairne an Long Valley oíche Dé Luain, sara tháinig siad chomh fada le Múscraí. Ar aon nós, bhí fearadh na fáilte rompu chuig Múscraí,Aonghas Pàdraig Caimbeul agus Pàdraig MacAoidh, na filí, agus Shona Masson is Joy Dunlop, an cheoltóír agus an amhránaí faoi sheach.   Ag cur fáilte rompu bhí Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn, Peadar O Riada agus Gobnait Ní Chruadhlaoich, maraon le slua brea ón chomharsanacht.

Filí Mhúscraí agus na hAlban ag an Ionad Chultúrtha i mBaile Bhuirne an tseachtain seo

Idir ceol traidisiúnta nua chumtha agus sean amhráin, dánta ó óg agus sean, poirtíní béil agus jigeannaí, bhí oíche bhrea chultúrtha againn.   Agus fíon dearg is chnóanna ón gcomhlacht áitiúil, Bia Sláintiúil na hÉireann, mar sholáistí, bhí gach mian sásta, d’fhéadfá a rá.

Ag deireadh na h-oíche, bhí deoch agus comhrá againn sa Mhuileann agus thugas aghaidh ar an mbóthar abhaile.   Tá na filí anois ar a mbealach ó thuaidh go Baile Atha Cliath agus deirtear liom go mbeidh siad ag tabhairt cuairte ar Charraig Chaisil sara sroicheann siad an Ard Chathair.    Má bhionn deis agat dul ann, ná caill é.    Glanfaidh sé luaidreáin na luaithreach ód’ inchinnn…..

Beidh an chéad fhíseán ón oíche [thuas] ar fáil go luath – is amhlaidh go bhfuil sé uaslódáilte ach tá sé go fóill á phroiseáil.

Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar athló…..

De bharr an droch aimsir, tá sé socruithe NACH mbeidh Dáimh Scoil Mhúscraí ar siúl ar an Luan, 4 Eanair, mar a bhí fógraithe.   Beidh an Dáimh Scoil ar siúl a luaithe agus is féidir bheith cinnte nach gcuirfidh cúrsaí aimsire isteach ar an ocáid. Bí ag faire anseo le h-aghaidh a thuilleadh eolais.

Dáimh Scoil Mhúscraí chugainn arís

Beidh an t-aon Chúirt Filíochta a mhaireann beo sa tír á reachtáil i Múscraí Uí Fhloinn ag tús Mhí Eanair agus tá fearadh na fáílte roimh rannairí is filí agus iad san a thaitníonn filíocht agus dea ghiumar leo bheith i láthair le h-éisteacht a thabhairt nó le dán dá gcuid a aithris.

Murar féidir libh bheith i láthair, is féidir libh freagra ar an gCeist thíos a fhoilsiú ar an suíomh seo agus déanfad deimhin go ndeinfear é a aithris ar an oíche.    Craoltar an Dáímh Scoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh mireanna á thaifeadadh agam le foilsiú ar You Tube ar ball.

I mbliana, baineann an Cheist le cúrsaí na tíre seo.  An daille ár gceannairí pholatúla ar an ród atá romhainn ná Raifteirí an file gan radharc agus é ag siúl na mbóithre na céadta bliain ó shin?

Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn 2010

3 Eanair, 2010 8in

Ostán Ghobnatan Baile Mhúirne

An Cheist

Im aonar dom ag spaisteoireacht

Go dur doilíosach atuirseach

Lem’ smaointe duairce damanta

Ag casaoid leis an saol.

An spéir im thimpeall scamallach

Anuas dem dhruim am thachtadh ‘steach

Guairneain gaoithe ag sealadaíocht

Ag póirseáil claí is carraig fraoigh,

Ag tuar báistí is anaithe,

Gan mhoill fé mo dhéin

Ansan braon is mile fearthainne,

Do raid anuas go neafaiseach,

Ag sileadh síos go talamh uaim

Na dhíle fuar, fuar bréan

Do rith tríóm cheann cás Raiftéirí

Nuair bhuaoil an síon san clagar é,

Ar bord Ath Cinn ag taisteal do,

Gan scath ach an spéir.

Sean-sceach gan díon ná fascadh beag,

Do fuair ar thaoibh an bhealaigh chúng

Gur b’ann ón síon do chaith é féin,

Is a chroí suas chun Dé.

A bhardaibh cuirim ceist oraibh

An doigh libh na baill atá i gceannas againn

Gur daille iad ná Raiftéirí

Agus gur lú é a gcéim.

An Tiogar Ceilteach caite acu

Billiúin is bainc i dtranglam

Gach lion tí seana chreachta acu

An mileán ar bhainc is a gceannairí

Ach gan pioc orthu féin.

An Cléireach (Peadar Ó Liatháin)

“Is é breitheamh an aighnis an scairteadh gáirí”


An Cuireadh

Fáilte agus fiche go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh baird agus éigis lucht léinn is filí

Fágaíg bhúr mbuartha, bhúr mbrón is imní

Is bíodh caidreamh bhúr gcarad ag ardú bhúr gcroí

Fáilte roimh an ógra , cáilíní agus buachaillí

Fáilte roimh an ngasra ó Chathair Chorcaí

Fáilte roimh an geaingiléirí ó Contae Chiarraí

Fáilte roimh na sluaite ó bhailte Mhúscraí

Beidh ceist chrosta chealgánta ó pheann an rúnaí

Le suaitheadh, le fregairt, le h-áiteamh teasaí

Cé ná beidh baol an go raghfar chun dlí

Agus sé breitheamh an aighnis an scairteadh gáirí

Beidh lucht ráidió agus páipéar is an uair seo TV

Ag scaipeadh is ag alpadh dánta is dréachtaí

Beidh Betsy is an bhantracht ag réiteach cóir bídh

A shásóidh gach éinne gan bhagairt gardaí

An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta

An tUachtarán

An Cheist ag Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Ag an Dáimh Scoil i Múscraí gach bliain, cuirtear ceist cealganta faoi ábhar éigean, bionn baint aige le cúrsaí reatha go minic, chun ábhar machnaimh a thabhairt do na filí is na rannairí.

Ceist na Dáimhe

Im aonar dom ag spaisteoireacht

An spéir im thimpeall scamallach

Anuas dem dhruim am’ thachtadh ’steach

Lem smaointe duairce damanta

ag casaoid leis an saol

Ansan braon is míle fearthainne

Do raid anuas go tarcuisneach

Ag sileadh síos go talamh uaim

na dhíle fuar bréan

Do rith trím chroí cás Rafteirí

Ar bord  Áth Cinn ag taisteal do

Le na bhaitin bán ag priocadh leis,

is a mhaidrín dílis fairis riamh

Gan amharc ar an saol.

Nach daille sinn ná Raifteirí

nach mí-adhmharai, nach bascaithe

Le rialtóirí gan faic acu ach glam agus béic

A chaith na miliúin airgid,

d’fhág sinn sa draoib mar bhacachaibh

Ag iarraidh déirc ar sheandaoine

ní áirím na mic léinn.

Nach aithis is nach eascaine a bhfuil le fáil ag na h-airí sin

Iostas cuí is tiománaí ar bhóthar nó san aer.

Ní fios cé méid ins na h-oifigí ná luach stampaí ar litreacha

Nách suimiúla a bheadh na billí sin

dá ndíolfá iad tú féin.

Peadar  Ó Liatháin

An Cléireach

An Sean Bhean Bhocht i 2009

Tá an tír seo anois i bponc a deir an tSean Bhean Bhocht
De bharr na fiacha ag na bainc arsa an tSean Bhean Bhocht
Beimíd go léir ag íoc go daor
As praiseach na millionaires
Is ní bhéimíd saor go n-éag arsa an tsean bhean bhocht.

An bhfuil aon réiteach ar ár gcás a deir an tsean bhean bhocht
Aon leigheas ar an bprachás arsa an tsean bhean bhocht
Táimid faoi ghruaim ag an lágtrá
Ag dul in olcas ó lá go lá
Agus ní bhéimíd saor go brách arsa an tSean Bhean Bhocht

Gabhaimis buiochas lenár gcinnirí arsa an tSean Bhean Bhocht
Idir airí agus teachtaí arsa an tSean Bhean Bhocht
Is doibh siúd ar cheart bheith buioch
As an éadóchas seo go leir
Is nár iocamar iad go daor arsa an tsean bhean bhocht

Nach iad a thuill a gcostaisí arsa an tSean Bhean Bhocht
A bpá is liúntaisí arsa an tSean Bhean Bhocht
Tréis a thoghamar iad i Naid a Seacht
Ba ghairid chughainn an ‘shock’
Agus anois tá an tír bacach arsa an tSean Bhean Bhocht

Cad atá i ndán don bhreakfast roll arsa an tsean bhean bhocht
Arán feoil agus cholestrol arsa an tsean bhean bhocht
An córas sláínte beidh sé buioch
As an teip sa building trade
Agus nach orainn a bheidh an ‘shape’ arsa an tsean bhean bhocht.

Ní cuimhin liom riamh bheith bocht arsa an tsean bhean bhocht
Ach ní ormsa atá an locht arsa an tsean bhean bhocht
Beidh na glúinte im dhiaidh ag díol
De bharr gur thiomáineamaran spraoi
Nach acu a bheidh an taithi arsan an tsean bhean bhocht

Tá an Tiogar Cheilteach anois ar fán arsa an tsean bhean bhocht
Tá sé imithe leis thar sáil arsa an tSean Bhean Bhocht
Soir go dtí an Pholóinn
Is ó thuaidh go dtí an Eastóin
Agus beimíd go luath ar a thóir arsa an tSean Bhean Bhocht

Ar an dtír seo fadó fadó, arsa an tsean bhean bhocht
Bhí meas is omós arsa an tsean bhean bhocht
Ach anois tá an géar chéim
Is tá ár stór ag dul i léig
Is tá máistrí nua á thuar arsa an tSean Bhean Bhocht

 

Beidh an IMF chugainn go luath arsa an tsean bhean bhocht

Is ansan beidh orainn dua arsa an tsean bhean bhocht

Ioc as ár gcuid billí
Cíos is ús is dí
Is cá bhfaighimíd an LSD arsa an tSean Bhean Bhocht.

Anois tá gá le ceannairí arsa an tsean bhean bhocht
Ach táimíd I bhfainne fí arsa an tsean bhean bhocht
Nó gach aon toghchán
Is sinne bhionn i sáinn
Agus deintear dínn amadáin arsa an tsean bhean bhocht

Tá réiteach agam don fhadhb arsa an tsean bhean bhocht
Cuirfimíd iad thar faill arsa an tsean bhean bhocht
Agus tosnóimid an jab arís
Gan craos, gan saint gan baois
Nach agam atá an fís arsa an tsean bhean bhocht

Nuair a tionóladh an chead Dáil arsa an tSean Bhocht
Gan Fine Gael ann ná Fianna Fáíl arsa an tSean Bhean Bhocht
Ar thuig siad gurb é seo an crioch
Ar a réabhlóid faobhrach fioch
Tír go doimhin i bhfiach arsa an tsean bhean bhocht

Concubhar O Liatháin