Cartlanna Clibe: Nuacht TG4

Vóta Jim Allister ag RTÉ Nuacht TG4

Suaitheantas RTÉ Nuacht TG4 do Thoghchán na Breataine agus Tuaisceart na hÉireann

Tá olltoghchán ar bun sa Bhreatain agus i dTuaisceart na hÉireann inniu agus tá go leor tuairisciú ar an vóta céanna ar gach meán.  Tá an tuairimíocht laidir ann nach mbeidh aon toradh chinnte a bheidh ann ag deireadh an lae – go mbeidh pairlimint ‘crochta’ ann.   Ar ndóigh is iomaí duine a chreideann gur cheart go gcrochfaí baill Phairlimint Westminster agus na Dála – ach sin scéal eile.

Thug mé faoi ndeara cúpla lá ó shin – agus tá áthas orm gur chuir Ciarán ó Brolcháin i gcuimhne dhom é ar Facebook go raibh grafaic thar a bheith míchruinn agus claonta in úsáíd ag RTÉ Nuacht TG4 mar léaráid toghcháín ar an dtuairisciú atá á dhéanamh acu ar an dtoghchán.

Ní gá do dhuine bheith ina phoblachtóir nó náisiúntóír mire chun a aithint gur léaráid é seo atá míchuí amach is amach le cur síos a dhéanamh ar Thuaisceart na hÉireann.  Níl aon bhrát ag TÉ go h-oifigiúil agus aithnítear go bhfuil an brat, an Union Jack, conspóideach agus níl cead í a bheith ar foluain ar fhoirgnimh oifigiúla ach ar laethannta ainmnithe, sé nó seacht gcinn deag más buan mo chuimhne.

Ar aon nós, is é seo an cineál léaráide a chuirfeadh gliondar chroí ar leithéidí Jim Allister agus na díneasáir eile i ngluaiseacht na hAondachta – agus tá go leor díneasáir i ngluaiseacht na Poblachta a bhainfeadh leas as freisin.

Níos measa ná an léaráid seo, áfach, an easpa tuairisciú atá á dhéanamh ag Nuacht TG4 ar an dtoghchán seo ina bhfuil baint díreach aige le cuid dá lucht féachana is dílsí.   Bíodh is go gcreideann Nuacht TG4 gur tír iasachta í TÉ, nó níl oiread is noimead breise luaite le cláracha Nuacht TG4 chun tuairisciú a dhéanamh ar an dtoghchán seo inniu (Déardaoin) nó amarach (Dé hAoine), tá ról ar leith acu i saol an tuaiscirt agus baineann an staisiún, TG4, a bhfuil cúram na nuachta ar RTÉ Nuacht TG4 ina leith, leas as an ról sin tre cláracha fordheonaithe a fháíl ón gCiste Craoltóíreachta ó thuaidh.   Tá TG4 nó TnaG luaite go sonrach i gComhaontú Aoine an Chéasta agus mar sin ba cheart go n-aithneodh seirbhís nuachta an staisiún, atá faoi smacht RTÉ go fóill, go bhfuil dualgas ar an staisiún i leith Tuaisceart na hÉireann thar mar a bheadh air i leith toghchán SAM mar shampla!

Is mór an náire do Nuacht TG4 agus do TG4 nach bhfuil aon chlár speisialta chúrsaí reatha inniu nó amarach luaite le tuairisciú an toghcháin seo.   An é go gcaithfidh lucht leanta an olltoghcháin seo an fuaim a mhúchadh ar chláracha an BBC agus RTÉ agus éisteacht leis an dtuairisciú chuimsitheach a dheineann Raidió na Gaeltachta ar Lá an Chomhairimh

.   Díreach mar a bheidh orainn déanamh maidir le na cluichí móra CLG ar feadh an chuid eile den bhliain!

Dráma ar chúl stáitse ag an Taibhdhearc

Níl aon dráma ar an ardán ag ‘Amharclann Náisiúnta na Gaeilge’ – An Taibhdhearc – faoi láthair agus ós rud é nach mbeidh aon mhaoiniú á fháil ag an amharclann ón Roinn Ghnóthaí Pobail, Gaeltachta agus Comhionannais i  mbliana, gach seans nach mbeidh aon léiriú ar ardán na Taibhdheirce i 2010 ar fad.

Dála an scéil, thugas cuairt ar shuíomh na Roinne níos luaithe inniu.  Is cosúil nach bhfuil an scéal cloiste ag an Roinn go bhfuil ainm nua ar an Roinn – nach an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá ar an Roinn níos mó ach an Roinn Ghnóthaí Pobail, Gaeltachta agus Comhionannais.

Cad é mar gheall ar chomhlachtaí Ghaeilge sa Ghaillimh go gcaitheann siad ‘X Náisiúnta na Gaeilge’ a chur orthu féin?   Foinse isea ‘nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ agus An Taibhdhearc an Amharclann Náisiúnta.

Fagfaimíd Foinse mar atá go fóill – cé go bhfuil seans agat votáil ar shon foireann iriseoireachta Foinse 1996-2009 do bhuaic gradam cumarsáide an Oireachtais anseo.  Fhaid is atá tú ann, b’fhéidir go ndéanfá votáil sna catargóirí eile fosta.

An rud a bhaineann leis An Taibhdhearc go bhfuil na dóirse dúnta ann ó bhí 2007 nuair a chuaigh an amharclann tre thine.  Tá daoine a deir go raibh meoin Bhoird na Taibhdheirce dúnta i bhfad roimhe sin.  Tá tuairiscí éagsúla ann faoin méid airgid a fuair an Taibhdhearc mar chúiteamh ar an dámaiste a deineadh – deirtear liomsa gur €180,000 a fuarthas ón gcomhlacht arachais.  Tá sé á thuairisciú ar Raidió na Gaeltachta gurb é an fhigiúir atá á thabhairt amach ag an dTaibhdhearc gur €120,000 atá i gceist.  Más fíor sin, ciallaíonn sé go bhfuil €60,000 imithe ar iarraidh nó, ar a laghad, as radharc.

Ach tá go leor a fhéadfaí a dhéanamh le €120,000 nó €180,000.   Cur le sin airgead a gheall an Roinn anuraidh ar an gcoinnioll go mbeadh airgead ag teacht ón gComhairle Cathrach agus bheadh cnapshuim deas ann chun obair dheisiúchán a dhéanamh.  Sna pictiúir a taispeanadh ar TG4 aréir, ní raibh aon fhianaise gur deineadh morán dochair don amharclann féin ach tuigtear go bhfuil dochar áirithe déanta don chóras leictreachais.

Níl aon airgead ag an gComhairle Cathrach chun tabhairt faoi bhailiú brúscair agus cúramaí eile dá leithéid agus mar sin de is beag seans atá ann go dtiocfaidh siad chun tosaigh le h-airgead do phlean uaillmhianach na Taibhdheirce suas le €900,000 a infhéistiú san fhoirgneamh.     Tá seo ráite ag an gComhairle faoi thrí leis an dTaibhdhearc.

An féidir go bhfuil an Taibhdhearc – nó ar a laghad an bórd stiúrtha – den tuairim gur féidir leanúint ar aghaidh amhail is nach bhfuil géarchéim sa gheilleagar agus go dtiocfaidh airgead ina dtreo mar, mar a dúirt Roisín Ní Dhuignáin, Cathaoirleach na hAmharclainne, ar Nuacht TG4, ‘is muidne an Taibhdhearc, is muidne Amharclann Náisiúnta na Gaeilge’.

I gcead do Roisín agus a comhleacaithe, níl tada náisiúnta faoin Taibhdhearc faoi láthair.  Dream beag ó chathair na Gaillimhe atá ar an mbórd agus ní fhacthas dráma ón Taibhdhearc anseo i Múscraí nó in aon ngiorracht dúinn le cuimhne na gcat.    Deirtear liom go raibh dráma brea, leagan Ghaeilge de The Cripple of Inis Meáin, ar an ardán ann anuraidh, léiriú de chuid Beairtle M. O Flatharta – ach níor chuaigh sé ar chamchuairt sa taobh seo tíre.

Ní féidir le h-aon dream Amharclann Náisiúnta na Gaeilge a thabhairt orthu féin gan meas mar is ceart a léiriú don méid atá ráite sa mhaíomh sin – má tá An Taibhdhearc náisiúnta, ba cheart go mbeadh a rian le tabhairt faoi ndeara timpeall na tíre ar fad, thuaidh agus theas.  Níl sin amhlaidh.   Ba cheart go mbeadh daoine ar an mbórd atá ionadaíoch ar phobal Ghaeilge na tíre.  Nil sin amhlaidh.    Ar an dul chéanna, níor cheart go mbeadh Amharclann na Mainistreach ag tabhairt an Amharclann Náisiúnta uirthí féin gan í bheith ionadaíoch ar phobal na Gaeilge nó ag déanamh riar ar an gcuid suntasach den phobal ar mhaith leo, anois is arís, dráma Ghaeilge a fheiceáíl ar ardán na hAmharclainne ar Shraid na Mainistreach!

Anuas ar sin, tá ceist eile ann.  Céard faoin airgead a raibh luaite i mbuiséad na Roinne leis an Taibhdhearc don bhliain seo ach nach bhfuil ar fáíl anois don amharclann de bhrí nach bhfuil an Roinn sásta leis an bplean ghnó atá curtha chun tosaigh ag an dTaibhdhearc.  Isteach is amach le €450,000 a bhí ar fáil don Taibhdhearc anuraidh – méid súntasach airgid.

Nár cheart an t-airgead sin anois a roinnt ar leithéidí an Chomhlachas Náisiúnta Dramaíochta – comhlacht atá náisiúnta gan aon agó nó ceist – agus compántais dramaíochta ar nós Salamandar, Aisling Ghéar ,  Fibín agus eile, compántais atá ag déanamh a seacht ndícheall dramaíocht na Gaeilge a bheathú trath na h-eigeandála eacnamaíochta, an trath is géire go bhfuil gá leis an dramaíocht céanna, dar liom?

Beag an baol go mbeidh an Roinn ag iarraidh an t-airgead atá coigilte leis an diultú don Taibhdhearc a threorú i dtreo dramaíocht na Gaeilge, cheapfainn, ach b’fhéidir gur bhfiú an cheist a chur mar sin féin.

Is léir go bhfuil gníomh nó dhó fagtha sa dhráma seo go fóíll.  Is mór an trua gur ar chúl an ardáin seachas i lár stáitse atá an dramaíocht seo ag titim amach.  Ag an am chéanna, déanfadsa iarracht an spotsholas a dhíriú i dtreo an aicsin….

Gaeilge Chonamara = Béarla aistrithe

“Níl i nGaeilge Chonamára anois ach Béarla aistrithe, don chuid is mó. Chuala duine desna dea-chainteoirí, léiritheoir, ar RNG le déanaí á rá so.. Casfaimid sean-téipeanna daoibh agus má tá aon téipeanna agaibh ar mhaith libh iad a ROINNT linn, seolaigí chugainn iad.”

Seo teachtairecht a foilsíodh ar m’fhalla Facebook inniu.   Muimhneach a d’fhoilsigh é agus b’fhéidir go raibh roinnt mioscais i gceist – ach b’fhéidir go bhfuil blúirín den fhírinne ann freisin.

Tá’s agam go mbeidh sibh ag fiafraí céard sa diabhal atá ar bun ag mo leithéidse ag caint faoi dhroch chaighdeán Ghaeilge muintir Chonamara – más fíor – nuair atáim féin chomh lochtach.  Ag an am chéanna, níl ionam ach an teachtaire an uair seo.   Níor mhiste dá mbeadh diospóireacht oscailte ar an ábhar.

Ritheann sé liom go bhféadfadh a léithéid bheith fíor ar chúiseanna fónta.  De bhrí go bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail i gConamara thar mar atá sí á labhairt amhlaidh in aon cheantar eile sa tír, agus go bhfuil gach pobal Ghaeltachta agus Ghaeilge go mór faoi anál an Bhéarla trí na meáin, caithfidh go bhfuil deacrachtaí ag cainteoirí dhúchais chun teacht ar na focail chun iad féin a chur in iúl i nGaeilge.  Cad é an Ghaeilge ar ‘flatscreen TV’ mar shampla?    Tá sé fánach bheith ag rá le daoine imeacht go Focal nó go dtí an fhoclóir nuair atá tú ag iarraidh an focal ceart a úsáid i gcomhrá le do chomharsan.

Ceist é seo a bhaineann le saibhreas teanga.   Baineann saibhreas teanga, den chuid is mó, leis an sean aimsir.  Bím féin ag caint le m’úncail agus tá togha na Gaoluinne aige agus ar ndóigh bionn sé i gconaí mo cheartú.  Dár leis go bhfuil an líon daoine le fíor saibhreas teanga ana thearc ar fad, duine nó beirt i ngach pobal Gaeltachta.

Mar sin de, conas a bheadh an ghnath chainteoir Ghaeilge ábalta na focail atá gá acu leo a úsáid nuair atá an saol athruithe an oiread sin nach bhféadfadh na daoine a bhíodh fíor saibhreas teanga acu é a aithint.

Ná bac na gnath chainteoirí Gaeilge.  Cad faoi na daoine a shaothraíonn a slí beatha ón nGaeilge?  Is beag dealramh idir teanga na n-aistritheoirí agus an teanga a bhionn á úsáid ag an pobal.    Bionn lucht Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcónaí ag caint faoi ‘cheisteanna a ardú’ – agus is aistriuchán lom é sin ar an mBéarla ‘to raise a question’.   Creidimse go bhfuil sin micheart agus gur cirte ‘ceist a chur’ ná ‘ceist a ardú’.    Sin iad na cineál rudaí atá ag baint ó shaibhreas na teanga.

Is cuimhin liom bheith ag obair le Lá trath agus gur chuireamar ‘Clabhsúr Cogaidh’ mar cheannlíne ar scéal chéad leathnaigh faoi ocáid a shíleamar a bheith ag léiriú go raibh cogadh an IRA ag teacht chun deiridh.  Fuaireamar barántas ina dhiaidh sin ó dhream i mBaile Atha Cliath a bhí ag faire amach do “Bhéarlachas” sna meáin Ghaeilge.  Bhíos ábalta a léiriú go raibh an focal ‘clabhsúr’ i bhfoclóirí eagsúla Ghaeilge, Foclóir Uí Dhuinnín san áireamh, agus nach bhféadfaí bheith ag maíomh gur focal Béarla ‘aistrithe go Gaeilge’ a bhí ann.  Ach gan amhras b’fhéidir gur aistríodh é sara tháinig An Duinníneach ar an bhfód.    Focal eile a thaitníonn liom ‘aidbhintiúr’ mar aistriúchán ar ‘adventure’.  An bhfuil sin mícheart freisin?

Bhíodh comórtas seachtainiúil i dTuarascáil an Irish Times fadó, nuair a bhíodh dealramh leis an gcolún sin agus leithéidí Deaglán de Bréadún agus Daire Mag Cuill ina mbun, agus an pointe a bhí leis an gcomórtas aistriúcháin glic agus saibhir a aimsiú le h-aghaidh téarmaí nua aimseartha.  Mura bhfuil dearúd orm, is ón gcomórtas sin a tháinig an leagan Ghaeilge de mobile phone – fón póca.

Deirtear liom go bhfuil coiste téarmaíochta ag obair go dícheallach chun leaganacha Ghaeilge ar theanga ár linne – ach ní bheidh sé riamh tapaidh a dhothain chun an téarmaíocht atá i mbéal an phobail a shárú.

Nuair a bhionn plé ar chúrsaí teanga mar seo bionn an baol ann go mbionn an plé dirithe ar cheisteanna gramadaí – mo ghramadach – agus gan tuiscint ar an scéal iomlán, conas is féidir cur le saibhreas na Gaeilge don ghlúin atá le teacht le cinntiú go mbeidh an teanga acu atá i dtiúin leis an saol ina bhfuil siad beo?

Is dócha nach mbeadh morán measa ag sean laochra na teanga ar ár nGaeilge agus is lú fós a meas ar Gaeilge na glúinte a thiocfaidh in ár ndiaidh.  B’fhéidir nach bhfuil leigheas ar sin – ach cad is feidir déanamh ag an bpointe seo agus san am atá romhainn le cinntiú nach breac theanga a bheidh sa Ghaeilge amach anseo?

Ar aghaidh leis an diospóireacht….

Moill le bheith ar ‘Gaelscéal’?

Na Ceithre Chúirteanna - an blár catha is déanaí le h-aghaidh strachailt na nuachtán Ghaeilge.

Táim díreach tar éis féachaint ar an dtuairisc a bhí ag Nuacht TG4 Dé hAoine faoin dúshlán dlithiúil atá á thabhairt ag Cló Ceart Teorannta, iar bhaill foirne sean ‘Foinse’, d’Fhoras na Gaeilge  mar gheall ar an bproiseas a h-úsáideadh chun buaiteoir an chomórtais le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a roghnú.

Mar ar tuairiscíodh anseo, bhí éisteacht den chás Dé hAoine seo chaite sna Ceithre Chúirteanna.  De réir na tuairisce ag Nuacht TG4 is é údar gearáin muintir Cló Ceart Teo nár úsáídeadh na critéir chun an buaiteoir a roghnú mar is ceart.   Glacaim leis go bhfuil Foras na Gaeilge ag cosaint clú na h-institiúide teanga tras teorainne in éadan an liamhain sin ach ní raibh aon rud le rá ag urlabhraí an Fhorais ach ná raibh siad ag caint faoin chás agus é ‘sub judice’.

Ar shlí is cuma faoi cé acu an bhfuil údar gearáin ag Cló Ceart Teo. nó nach bhfuil ach má tugtar breith ar an 26ú Feabhra go bhfuil cás d’aon tsort ag Cló Ceart Teoranta, d’fhéadfadh sé cur as go mór don bhForas agus, go h-áirithe, don phlean atá ann go mbeidh Gaelscéal á fhoilsiú den chéad uair ar 26ú Márta seo chugainn.

Anois níl aon eolas agam nach bhfuil ag an dara duine ach is cinnte go bhfuil sé i gcónaí dainséarach dul chun cúirte agus gur fánach an gaisce é mura bhfuil pócaí lána agat nó cás mhaith.    Ach an rud amháin atá cinnte, más amhlaidh go meilleann muilte Dé go mall agus go mín, meileann muilte an dlí níos moille fós.

Agus más amhlaidh go n-éiríonn le lucht Cló Ceart Teorannta, cén toradh a fhéadfadh bheith ar an gcás ach go dtionscnófaí comórtas eile arís.   Bhí níos mó ná Cló Ceart Teo a mhothaigh, b’fhéidir, go raibh ceisteanna faoin bproiseas measúnaithe.  Conas, mar shampla, go bhféadfadh Foras na Gaeilge conradh a bhronnadh ar iarratas ná raibh aon nuachtán samplach curtha ar fáíl acu nó ná raibh aon eagarthóir in áít ag an iarratas?      Más amhlaidh go raibh nuachtán samplach ag Gaelscéal, ba dheas linn é a fheiceáíl CHUN GO DTUIGFIMÍS NÍOS FEARR CÉN FATH GUR AR GAELSCÉAL A BRONNADH AN CHONRADH SEACHAS AR CHLÓ CEART NÓ NUACHT 7 NÓ EILE.

Le bheith cothrom ar Gaelscéal, ní ar an nuachtán sin ar cheart a bheith ag díriú méar an amhrais sna h-imeachtaí seo ar fad.  Tá siad i lár na stoirme.   Is é an seasamh phoiblí atá ag Gaelscéal go mbeidh an nuachtán á fhoilsiú den chéad uair ar 26ú Márta.

Ar aon nós, tá an scéal seo ag eirí spéisiúil agus ní chuirfinn aon airgead ar an dtoradh, bealach amháin nó eile.   An rud eile a dhéarfainn, go bhféadfadh casadh nó trí eile a bheith fagtha ann go fóill.    An bhfuil aon tuairisceoir amuigh ansin tar éis céist a chur ar na h-iomaitheoirí eile amuigh ansin ar a ndearcadh i leith an chomórtais?

Deirdre de Búrca nó Deirdre de Burqa?

Is cosúil go bhfuil deacracht ag Bryan Dobson, laithreoir RTÉ News.    Bhuel mura bhfuil deacracht aige, is cinnte go bhfuil deacracht agamsa lena fhoghraíocht.

Agus é ag ceistiú John Gormley, Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, ar an News anocht, faoi chinneadh Dheirdre de Búrca eirí as an Seanad agus seasamh siar ón bpáirti, is iomaí iarracht a rinne sé a h-ainm a fhoghrú.  Ach ní raibh ceann ar bith acu i gceart.

Chriochnaigh sé agus é ag tabhairt Deirdre de Burqa ar an iar Sheanadóir.

Creidimse nár cheart go mbeadh duine nach bhfuil in ann foghrú mar is ceart a dhéanamh ar ainm  an phríomh phearsa i scéal mór an lae ag léamh na nuachta, gan bacadh le bheith ag cur i láthair na scéala sin.   Ní bhaineann sé seo le Gaeilge an oiread is go mbaineann sé le gairmiúlacht an laithreora.   Ba cheart go raibh Dobson tar éis dul i gcomhairle le duine eigean chun an fhoghrú a fháil i gceart.   Agus ní raibh fada le dul aige nó nach bhfuil Sharon Ní Bheoláin ag suí lena ais sa stuideo.

Mura raibh Sharon ábalta cuidiú leis, ba cheart go mbeadh stiurthóir an chláir ábalta focal a chur ina chluas.   Nach é sin an feidhm atá leo, treoir a chur ar an laithreoir agus é/í ar an aer?

Agus RTÉ ag caint faoin dhí ghalarú atá le déanamh ar George Lee agus é ag filleadh ar an staisiún tar éis an seal a chaith sé sa pholataíocht, b’fhéidir go bhfuil proiseas eile le cur sa tsiúl acu sa stáisiún féin.  Slacht a chur ar fhoghraíocht agus comhréir is cruinneas na laithreoirí is na comhfhreagraithe is na laithreoirí éagsúla.     Tá caighdeáin laithreoireachta is foghraíóchta na ‘réaltaí’ móra le rá, íoctha go daor, ag imeacht chun donais.

An oíche dheireannach, oíche Dé Chéadaoin, bhíos ag éisteacht leis an Nuacht ag 9.50in agus mé ag filleadh ó chruinniú.   Bhí Ronán  O Domhnaill ag tuairisciú faoi chruinniú Phairtí Phairliminte Fhine Gael an oíche sin – ach cheap seisean go raibh sé ag caint faoin Bhínse Tosaigh agus thuairiscigh sé go raibh ‘triúr agus trí scór ar an mBínse Tosaigh’ ag Fine Gael i láthair ag an gcruinniú.  Ní h-aon íontas go raibh smailc ar George agus é ag imeacht ó Fhine Gael go raibh gach duine sa Phairtí Phairliminteach ar an mBínse Tosaigh, gach duine seachas é féin!

Ní sa Ghaeilge amháin a bhionn an míchúram seo á léiriú ag lucht RTÉ.  Is iomaí uair ar lá ar bith ar  mhaith leat a léiríonn laithreoir nó tuairisceoir éigean an míshlacht céanna – fagann siad focail ar lár ó abáirtí go minic, déanann siad ainmneacha daoine agus áíteanna a aithris agus gan a fhios acu i gceart conas na h-ainmneacha sin a fhoghrú.

Tá’s ag an saol gur olc an mhaise domsa, is dócha, bheith ag gearán faoi easpa cruinnis muintir RTÉ i gcúrsaí teanga is foghraíochta.  Nach bhfuil an oiread lochtanna ar mo chuid Ghaeilge féin a dhíchailíonn mé óna leithéid de bhreithiúnas a thabhairt?

Bheinn, agus go leor eile, ag súíl  le caighdeáin níos airde ó chomhlacht stáit ar nóa RTÉ, comhlacht atá sé d’acmhainn ag an gcomhlacht comhfhreagraithe agus eagarthóirí, gan Ghaeilge ionas nach bhféadfadh siad tuairiscí a sheoladh chugainn sa dhá theanga oifigiúil, a chur go Washington agus Beising?

An féidir leo duine nó aonad amháin taobh istigh de RTÉ a chur ag obair ar an gcúram seo?  Dá mbeadh Gaeilge ag George Lee bocht, bheadh go leor oibre aige sa chúram sin a choinneodh as trioblóid é seo go dtí an taobh eile den Olltoghchán!

Charlie criochnaithe i Washington

Seo Charlie Bird ....is dócha

Chaith mé leath shúil an oíche dheireannach ar Charlie Bird, comhfhreagraí RTÉ i Washington, agus é ag cur i láthair chláir faoin bliain a bhí caite i bpríomh chathair Mheirceá.  Thosnaigh sé agus ré Obama ag breacadh ann – ach is cosúil go bhfuil sé i gceist aige eirí as go luath nó de réir na dtuairiscí, tá sé thar a bheith uaigneach ann.

Is cuimhin liom nuair a thosnaíos ag obair le nuachtán an chéad lá, fiche bliain ó shin go díreach, cuireadh ag obair mé i Lios Tuathail i dtuaisceart Chiarraí agus, go deimhin féin, tuigim cuid den uaigneas atá ar Charlie.  Ag an am chéanna, ní rabhas chomh fada sin ó bhaile agus bhíos i gCúil Aodha geall leis gach deireadh seachtaine ar feadh i bhfad.

Nuair atá tú i mbaile nua, gan cara agat ann, agus dualgas ort saol an bhaile sin a chur i lathair i nuachtán seachtainiúil, bhuel, tá’s agat go bhfuil cúramaí ort agus tá obair le déanamh.  De ghnath má oibríonn tú go cruaigh reiteofar na fadhbanna.  Maolófar an t-uaigneas agus eireoidh an obair níos éasca.

Sin mar a tharla domsa.

Ag an am chéanna thuigeas go raibh mé ag snamh in aghaidh an easa i gCiarraí Thuaidh agus i Lios Tuathail nó dá fheabhas mo chuid iriseoireachta agus na scéalta uaim a bhí á fhoilsiú sa nuachtán, The Kingdom, ní raibh spás sa cheantar dár nuachtán nó bhí bhí paipéar eile ann romhainn, the Kerryman agus Kerry’s Eye, dhá nuachtán an iomaíoch go deo.   An rud a bhí ar bun agam, i ndáiríre, go raibh mé ag cur i láthair an saol i dtuaisceart Chiarraí do phobal leitheoireachta an nuachtáin a bhí suite, don chuid is mó, i gCill Airne agus i ndeisceart an chontae.   Ba bheag suim a bhí ag muintir Lios Tuathail féin agus an cheantair mhaguaird sa mhéid a bhí le scríobh agam – cé gur bhain mé stangadh astu ó am go cheile le scéalta speisiúla agus eisiacha, scéal a fuaireas in ainneoin na ndeacrachtaí agus na ndúshlán ó na nuachtáín eile fad bhunaithe sa cheantar.

Tá codarsnachtaí agus cosúlachtaí idir mo scéal agus cás Charlie Bird, creid nó ná creid.

Is léir gurb iad sinne, pobal na hÉireann, lucht féachana Charlie Bird nó is beag an suim atá ag pobal SAM nó Washington sa mhéid a thuairiscíonn sé.    Ar éigean go bhfeicimíd Charlie Bird ag cur agallamh ar an Uachtarán Obama riamh, mar shampla, cé go bhféadfadh sé tarlú taca toghcháin i 2013.

Ag am seo an ghatair, agus ciorruithe á dhéanamh ar an sceideal i ngach slí [ní chraolfar ach aifreann amháin sa mhí feasta ar RnaG, mar shampla], an bhfuil gá le comhfhreagraí buan i Washington ag RTÉ?  Nó sa tSín?  Nó i Londain?  Nó sa Bhruiséal?   Nach feidir na seirbhísí céanna a cheannach ar phraghas i bhfad níos lú tre conraí a thabhairt d’iriseoirí atá ag cur futha sna h-áíteanna sin theana féin?  Nó an é nach bhfuil i gceist leis na postanna seo ach cineál buaileam sciath ag RTÉ?

Rud eile a thugaim faoi ndeara, agus tuigim go dtagann sé seo salach ar an bpointe thuas, ach má tá RTÉ le comhfhreeagraí buan a fhostú sna h-áíteanna seo, nár cheart go mbeadh an comhfhreagraí sin a bheith ábalta tuairiscí a chur ar fáil don “News” AGUS don “Nuacht” ag an am chéanna?  Nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag tuairisceoirí RTÉ?  Mura bhfuil, nach bocht an léargas a thugann sin ar an oideachas atá faighte acu tar éis 13 bhliain deag, ar a laghad, a chaitheamh i scoileanna agus meanscoileanna na tíre?

Tugaim faoi ndeara go bhfuil Tomás Ó Mainín ó TG4 ag tuairisciú do RTÉ anois i Haiti agus tá slacht ar a chuid tuairiscí ón oileán buailte sin gan amhras.   Nuair a luaitear ainmneacha ‘réaltaí’ éagsúla ó TG4 leis an bhfolúntas i Washington nuair a fhileann Charlie, cén fath nach gcuirfí tuairisceoir dhá theangach san áireamh?   [Agus nílimse sa tóir ar an bpost seo mé féin, dála an scéil!]

Ceapaim go bhfuil go leor bealaí againn chun ár gcuid nuacht a fháíl na laethannta seo gan a bheith ag brath ar ghuth lár Atlantaigh ó RTÉ chun a bheith ar an láthair i Washington agus i geeantaracha eile ó cheann ceann na bliana.   Creidim gur cur amú airgid é postanna eachtracha den chineal seo agus ní h-é gur duine mé nach bhfuil dearcadh leathan agam ar an domhan ach nach gá do dhuine ar bith an nuacht a scagadh ar mo shon.  Is féidir liom mo chinneadh féin a dhéanamh faoin nuacht atá suim agam ann, atá tabhacht lei, nó a mhalairt.

Ní eisceacht mise.  De bharr an idirlín agus Nuacht 24/7 ar an dteilifís,  is féidir le duine i gCúil Aodha bheith ar an eolas faoi chúrsaí reatha Washington an oiread leis an gnath dhuine i Washington, fiú an tuairisceoir Eireannach ann.

Taithníonn sé le leithéidí RTÉ bheith ábalta maíomh gur craoltóir é atá ábalta oifig a bheith ag an gcainéal i Washington.   Tá siad ábalta snámh sna h-uiscí céanna le na h-éisc móra – ach, mar a léirigh an clár an tseachtain seo chaite faoi shaol Bird, níl teacht acu ar dorchlaí na cumhachta.  Bheadh sé nios éasca domsa nó duitse cuairt a thabhairt ar an dTeach Bhán le víosa chuairteora, ná mar a bheadh sé do Charlie Bird nó a mhacasamhail.

Mar sin, má tá RTÉ le post Charlie Bird a líonadh, ba cheart go líonfadh an craoltóír náisiúnta an post sin le comhfhreagraí dhá theangach, Gaeilge agus Béarla.

Seachas sin, ná bac an post a líonadh in aon chorr.  Caith an t-airgead ar chúpla aifreann sa bhreis a chraoladh agus cúiteofar libh sa tsioraíocht é sin!

‘Sí an Ghaeltacht – ach ní mar is eol dúinn

Tuairisc spéisiúil ar Nuacht TG4 anocht faoi ‘leid laidir’ atá tugtha ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív, go gcuirfidh sé na toghcháin le h-aghaidh Udarás na Gaeltachta, atá sé luaite leo go mbeidh siad á thionól i mí Dheireadh Fómhair 2010, ar athló.

De réir na tuairisce ag Ronán Mac an Iomaire, tá seo á phlé mar gheall ar an ‘athstructurú’ ó bhonn atá le déanamh ar eagar na Gaeilge mar chuid de Phlean 20 Bliain na Gaeilge.   De réir an meid eolais atá á sceitheadh faoi láthair, bheadh feidhm náisiúnta ag an tUdarás faoin phlean seo agus ní bheadh ach áiteanna ar an mbórd d’ionadaithe Ghaeltachta ó na mór Ghaeltachtaí – Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill is dóichí, agus bheadh ionadaíocht náisiúnta ó phobal Ghaeilge na tíre.

Bheinn in amhras faoina leithéid de phlean cé go dtacaím go ginearálta leis an aidhm go mbeadh an tír – an t-oileán ar fad – ina Ghaeltacht agus mar sin go mbeadh ionadaíocht ó gach cearn den tír ar bhórd stiúrtha eagras dá leithéid.

Ach nach bhfuil ceann acu sin theana féin – mar atá Foras na Gaeilge.  Bíodh is go gcreidimíd nach bhfeidhmíonn an Fhoras go h-eifeachtach, tá an struchtúr ann.   Ní bheinn ar shon go mbeadh cead ag an Aire furmhór na mbaill a ainmniú ar an mbord nó an fhianaise go dtí seo go ndeineann Aire an lae riar ar a phairtí pholatúil féin agus na ‘suimeanna leasmhara’ san órd sin agus gur beag an spás atá ann d’ionadaithe fónta le samhalaíocht agus cnamhdroma.

Nior mhiste liom, dá mbeadh na h-acmhainní ann chuige, go mbeadh toghcháin uile Eireannda chun ionadaithe a thoghadh ar an mbórd seo – ach arís, fagann sin gur féidir go mbeadh cuma phairtí pholatúil ar an mbórd agus ní eireodh linn tada a dhéanamh.

Tá sé ráite agam go minic go bhfuil gá le h-ath-shamhlú a dhéanamh ar an nGaeltacht – agus is cinnte gur athshamhlú a bheadh i gceist anseo.   Ní féidir leanúint níos mó leis an gcur chuige cine dheighilteach – Gaeltacht V Galltacht – atá ina bhunchloch ar an straitéis – nó easpa straitéise – atá á leanúint ó bhunú an Stáit.

Tá a dhothain ráite agam faoi amáil an phlean seo – go bhfuil sé bliain níos déanaí ná an sceideal a fhograíodh nuair a seoladh Straitéis an Rialtais i leith na Gaeilge i mbéal na Nollag i 2006.  Ach is í an amáil a bhaineann leis an bplean seo a bheith ag teacht chun tosaigh trath go bhfuil an eigeandáil is contúirtí i saol an stáit ina phúca ag an mbórd is measa ar fad.

Cibé cén plean a fhoilseofar agus a aontófar ina dhiaidh sin, cad iad na h-acmhainní a bheidh ann chun an plean a chur i bhfeidhm trath go bhfuil an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais ar lic a’ dorais againn?

Mura bhfuil freagra inchreidte agus seasmhach ar an gceist sin, is caint san aer ar fad é bheith ag caint faoi uaillmhian an Phlean 20 Bliain seo.   Uaillmhian gan seasamh.