
Seosamh Mac Donncha, Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge, ag tabhairt a chaint ag an Scoil Earraigh
Táim ag frreastal ag tús na seachtaine seo ar Scoil Earraigh faoi Phleanáíl Teanga atá á reachtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge – cé go bhfuil gnóthaí eile agam sa Ghaillimh freisin. Tuilleadh faoi sin ar ball.
Nuair a shroich mé Aras na Macléinn ag an Ollscoil maidin inné, tar éis eirí moch agus turas fada agus, ag amanntaí, baolach, bhí an seomra comhdhála lán go doras agus Seosamh Mac Dhonncha ag cur deireadh lena chaint ar an Stráitéis 20 Bliana i leith na Gaeilge. Ar éigean go raibh spás ann le seasamh.
Is maith ann an Scoil Earraigh seo, fóram chun cúrsaí pleanála teanga a phlé agus léargas an dream atá ag déanamh dian staidéir ar cheisteanna thar a bheith deacair agus casta.
Tháinig mé le dearcadh daingean i mo cheann go raibh dul amú san cur chuige deighilteach, dar liom, a bhionn á chraobhscaoileadh ag Mac Donncha agus a chomrádaithe i leith idirdhealú a dhéanamh idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht. Thug an méid a chuala mé ag an Comhdháil dúshlán dom mo chuid claontaí féin a cheistiú – agus ní doigh liom go bhfuil siad chomh daingean.
Nuair a deirim go bhfuil an cur chuige deighilteach, is éard atá i gceist agam go bhfuil an deighilt dlithiúil atá ann idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht deighilteach ann féin agus nílim cinnte im cheann féin go bhfuil sin ar leas na Gaeilge nó pobal na teanga, cibé áit ina bhfuil siad. Cén fath, mar shampla, go mbeadh deontas á dhíol le teaghlaigh sa Ghaeltacht faoi Scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus nach bhfuil aon deontas á dhíol le teaghlaigh atá chomh Gaelach céanna taobh amuigh den Ghaeltacht?
Is cinnte go bhfuil sé molta agam anseo deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge mar go dtagaim, go pointe, leis an moladh i dTuarascáil an Bhoird Snip deireadh a chur leis an riar dhifriúil a dheintear ar an nGaeltacht i gcodarsnacht leis an chuid eile den tír, ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh ceisteanna eile.
Maidir le Seosamh Mac Donnchadha agus Conchúr O Giollagáin agus eile san Acadamh, is leor a rá gur saineolaithe iad a thuigeann an abhar atá idir láímhe acu agus go bhfuil léargas ar leith acu ar na ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an abhar, tá an t-adh linn go bhfuil siad ann agus ag labhairt amach ar na ceisteanna seo.
Tá an chaidreamh idir an dochtúir agus an othar cosúil leis an ghaol idir an saineolaí phleanáíl teanga agus polaiteoirí/na h-údaráis. Tá othar tinn ann – is í sin an Ghaeilge sa Ghaeltacht). Téann an pholaiteoir go dtí an Acadamh ag lorg cómhairle maidir leis an oideas is fearr. Deineann na saineolaithe agus na comhairleoirí leigheas teangan scrudú ar an othar agus aimsíonn siad an fhadhb, tugann siad an diagnosis agus an prognosis don othar mura gcloítear leis an leigheas atá molta ag na comhairleoirí. Más buan mo chuimhne, b’é an ceannlíne, de reir mar a foilsíodh i Foinse é i 2007 nuair a sceitheadh an tuarascáil i Lúnasa na bliana sin, go raibh an bás i ndán don Ghaeilge taobh istigh de 15 bliain.
Táimíd go léir, is dócha, ag iarraidh an chinniúint sin a sheachaint. Deirim ‘is dócha’ mar go mbím éadochasach uaireannta go bhfuil comhcheilg ar bun ag na h-údaráís is an Rialtas chun an Ghaeilge a mharú – bá i maorláithis an bealach chun báis atá roghnaithe acu dar liom.
B’é an bun teachtaireacht a bhí á chraobhscaoileadh ag an gcomhdháil ná raibh sa Straitéis 20 Bliain na Gaeilge [dréacht] ach scath den oideas téigeartha a mhol siad sa Staidéar Chuimsitheach. Go raibh go leor den ‘an oiread agus is féidir’ agus ‘a luaithe agus is féidir’ sa dara chaipéis agus, níos measa ná sin, ná raibh aon leid ann gur thuig an Rialtas go raibh an chainteoir dúchais éagsúil ón fhoghlaimeoir, go deimhin ná raibh ann don chainteoir dúchais ar chorr ar bith nó nior luadh oiread is uair amháin sa chaipéis (aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge deirtear linn anois] a d’fhoilsigh Roinn Uí Chuív.
Níl ann don phobal dhá theangach i bhfirinne. Níl a leithéid de rud ann agus dhá theangachas cothrom, an sprioc atá luaite leis an dréacht straitéis.
Sa Ghaeltacht, is rud dealaitheach é an dhá theangachas. Is éigean don dhuine a bheith dhá theangach. Taobh amuigh den Ghaeltacht, is rud breisitheach é. Tugann cumas sa Ghaeilge breis cumhachta don t-é atá an chumas sin acu. Is rogha saoil a dheineann daoine. B’shin an anailis a rinne an saineolaí, Brian O Curnáin, ina chaint an spéisiúil agus dúshlánach.
Deineadh go leor cainte ar chumhacht agus an slí a bhaintear feidhm aistí agus na caidrimh éagsúla cumhachta sa tír seo de reir mar a imríonn siad tionchar ar pholasaithe Ghaeilge is Ghaeltachta.
An deacracht ar chúl na cainte ar fad go bhfuil a fhios ag an saol mór gur ar eigean go bhfuil airgead ann chun na mianta i gceachtar den dhá chaipéis, an Staidéar Chuimsitheach nó an Straitéis 20 Bliana (Dréacht), a thabhairt chun aibíochta.
Ní h-é sin an chúram atá ar lucht an Acadaimh, áfach. Is iad san na comhairleoirí atá ag tairiscint comhairle. Iarradh orthu an comhairle sin a thairiscint. Ní féidir leo iacaill a chur ar na h-udaráis glacadh leis an gcomhairle a chuireann siad ar fáil, fiú amháin go mbeadh aontú ann faoi chomh stuama is atá an chomhairle sin.
Tá cuinsí polatúla i gceist, gan amhras, maidir leis an gcomhairle seo a ghlacadh nó gan glacadh leis. Bheadh sé ina mhí adh amach is amach go bhfaigheadh na cuimsí polatúla sin tús áite i gcás chúrsaí teangan. Ag an am chéanna, tá’s againn an rud a thiteann amach sa tír seo.
Níl anseo ach an clochmhíle is déanaí sa phlé leanúnach seo. Ba mhaith liom, sna laethannta romhainn, díriú ar roinnt phointí is argóíntí a cuireadh inár láthair ag an Scoil Earraigh. Le cúnamh Dé beidh na caipéisí cuí agam ón Acadamh chun cuidiú leis an bplé sin.
Ar aghaidh leis an diospóireacht….
Dhá aguisín:
1. Tá brón orm gurb é seo an chéad tuairisc ón gComhdháíl seo. Bhí sé i gceist agam tuairisciú leanúnach a dhéanamh. Ach bhí deacrachtaí ar leith agam ceangal leis an idirlíon ag an Ollscoil – de reir dealraimh theastódh rud éigean cosúil le dispeansáid Phapúil chun ligint dom úsaid as an gcóras Wifi.
2. Dea scéal[?] Beidh mé féin ag glacadh pairte ar 7 Lá anocht. TG4 7.30in.