Tugaim faoi ndeara go bhfuil mo shean chara, Máirtín O Muilleoir, ar thuras lena chomhleacaithe ó Chiste Infhéistíochta na Gaeilge ar Shabhal Mór Ostaigh ar Oileán Sgiathánach sna hOileáin Thiar. Is fiú a rá go bhfuil an buíon infhéisteoirí imithe ar an dturas ar a gcostas féin – rud a léiríonn dearcadh nua ón gcur chuige a bhionn i réim de ghnath ar ‘quangoes’ ó thuaidh is ó dheas. Tá siad ann chun léargas a fháil ar an slí ar eirigh leis an ionad ceeannródach seo an fhás agus an fhorbairt atá déanta a dhéanamh. Anois aithnítear Sabhal Mór Ostaigh mar an phríomh ionad léinn is cultúir is teicneolaíochta do Ghaeil sna h-oileáin seo.
Nuair a leandáileas i mBéal Feirste geall leis ceithre bhliain deag ó shin, ceapadh mé ar bhórd Fhorbairt Feirste agus bhí láímh agam i bhforbairt togra bunaithe ar Shabhail Mhór Ostaigh, an Nasc, ionad ina mbeadh fiontarlann, chun gnólachtaí nua a spreagadh agus a áisiú, is scéal-lann, ina mbeadh scileanna scéalaíochta ag baint úsáide as an nua theiceneolaíocht idir scannánaíocht, teilifís, raidió is eile, á mhúineadh don aos óg agus a bheadh ina cheanncheathrú do thionsal chlos-amhairc an Tuaiscirt.
Thugamar cúpla turas orainn féin, turas amháin ó dheas go Gaillimh is Luimneach, chun taighde a dhéanamh ar an bhfiontar agus d’oibríomar ar roinnt roghanna chun suíomh oiriúnach a aimsiú. Sa deireadh níor tháinig an mhaoiniú chun an togra go léir a chur i bhfeidhm agus níor fhorbraíodh ach an ‘Fiontarlann’ is roinnt oifigi san Nasc, foirgneamh atá suite ar Bhóthar na bhFal. Is ceann cheathrú Forbairt Feirste é seo anois agus is cinnte go bhfuil go leor oibre fiúntach déanta ag an eagras, go h-áirithe agus é faoi stiur Jake Mac Siacais, le blianta beaga anuas.
An rud ar moladh an chuid is mó de scór bliain ó shin anois, is é sin an rud, go bunasach, atá ag teastáil go fóíll. Idir an dhá linn tá go leor oibre déanta chun an toirt chriticiúil a chur in áit le go mbainfí usáid fónta as an ionad seo – bunú Raidió Fáilte agus Nuacht 24 sa chéad dul síos.
Agus níl aon ghá foirgneamh nua a aimsiú. Ar chúl na Cultúrlainne, tá foirgneamh an Springfield Charitable Association agus ba cheart é seo a cheannach laithreach, ar phraghas réasúnta agus é a fhorbairt mar an ‘Scéalann’. Is é an Chultúrlann an áit nádúrtha don fhorbairt seo agus má chuirtear in áít é gan ró mhoill, beidh rath ar an dtionscnamh, creidim.
Thóg mé roinnt ceisteanna faoin Chiste seo mar níor thuigeas, nó ní thuigim go fóill, cén fath gur bunaíodh é go rúnda, gan aon phroiseas phoiblí chun baill an choiste a cheapadh, go h-airithe i bhfianaise go raibh deontas £8bn d’airgead phoiblí á fháil ag an gciste. Tá cuid de na ceisteanna sin gan freagra go fóill cé gur aimsigh Danny Browne ar shon Gaelscéal ainmneacha bhallraíocht an Choiste do Ghaelscéal, tar éis gur chuireas an cheist anseo.
É sin ráite, ní mór bogadh ar aghaidh agus an spotsholas a fhágaint ar an gCiste le cinntiú go gníomhaíonn sé gan ró mhoill le beartas a léireoidh go bhfuil ré nua i bhfeidhm ó thuaidh ó thaobh cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge de, mar a mhaíonn Mairtín ar a bhlag:
This is a fortuitous time to visit Samhal Mor Ostaig as we enter a new era of Irish language protection and promotion in the North of Ireland and the advent of the new £8m Irish Language Investment Fund (whose members are here, at their own cost, on a fact-finding mission) but here’s a sobering thought: one building at Samhal Mor Ostaig, the Fas building cost as much as our entire kitty, £8m.
An bhfuil ré nua ann, i bhfírinne? Níl a fhios agam. Creidim go leireodh cinneadh infheistiocht i dtionscnamh ar nós ‘An Scéalann’ mar atá molta agamsa go raibh tús leis. Mar a deir Mairtín, ní mór an méid é £8m – ach, níl anseo ach an chuid is lú den infheistíocht. Is iad pobal Ghaelach Bhéal Feirste, i gcaitheamh na mblianta, ceannródaithe Bhóthair Seoighe is na Cultúrlainne is Lá/Lá Nua (nach maireann) is Raidió Fáílte is Aisling Ghéar is Gaeloiliúint(nach maireann) is Chumainn Chluain Aird a dhein an infheistiú ar fad go dtí seo. Na milliún uaireannta chloig oibre tugtha go deonach, saothar nach bhfiuil saibhreas ann chun an obair seo a chúiteamh, an infheistíocht sin.