Cartlanna Clibe: Pól Ó Muirí

Cé h-é ‘Deep Throat’ Comhar?

B’fhéidir go bhfuil todhchaí ann go fóill do Comhar – nó de réir an aguisín is déanaí ag Ceart agus Comhar, tá feith na samhlaíochta le braistint i dtuarascáil a chur bórd na h-irise i láthair an Fhorais faoin ‘dul chun cinn’ atá déanta ag an iris le sé mhí anuas mura bhfuil sé le tabhairt faoi ndeara san iris féin.

Tá go leor ráite agamsa faoi Comhar nó chuir mé isteach ar an bpost eagarthóireachta anuraidh, eispearas mífhortúnach an cur síos is carthanaí a bheadh agam faoin mhéid a lean sin.

Ní fheadar ar roinn mé libh an méid a tharla tar éis gur dheineas an ghearán faoin bproiseas agallaimh. Fuaireas litir ó chathaoirleach an bhoird ag séanadh mo ghearán scun scan, ag dearbhú, áfach, gur dhearna cathaoirleach an Bhoird Agallaimh teagmháil le daoine éagsúil le linn an tréimhse roimh an dáta deiridh d’iarratasaí ag tathant orthu cur isteach ar an gcomórtas. Ós rud é nár sheol mé m’iarratas go dtí gar don dáta deiridh, aithním anois ná raibh aon col pearsanta i mo leith anseo cé go gcreidim nach bhfuil proiseas mar seo ag teacht leis an deachleachtas a bheithfeá ag súil leis ó chomhlacht pobal mhaoinithe cosúil le Comhar.

De réir Ceart agus Comhar, is cosúil gur úsáideadh an ghearán seo agus an t-am a caitheadh leis an freagra a chumadh mar leithscéal ar an easpa dul chun cinn a deineadh.

Tá aguisín agam féin leis an scéal. Le linn na litreach tugadh éitheach do ghearán a dheineas go raibh sé go h-iomlán mí ghairmiúil toradh an chomórtais a fhógairt go poiblí – mar a deineadh san Irish Times thart ar an 25ú Meitheamh – sara raibh an scéal tugtha do na h-iarrthóirí. Rinneas gearán faoi sin ag an am agus díomá orm – agus bhí sé luaite agam sa litir a sheolas chuig Comhar i mí Feabhra na bliana seo sa chomhthéacs go raibh aiféaltas orm faoin dara tuplais, mar a chreid mé, sa phroiseas earcaíochta etc.

Go gairid tar éis gur dheineas an ghearán don chéad uair fuaireas litir i láimh an chathaoirligh ag gabhail leithscéil as an scéal a bheith foilsithe roimh do na h-iarrthóirí bheith curtha ar an eolas. Dúradh liom ná raibh aon duine ag obair in oifig Comhar an tseachtain sin agus ná raibh a fhios aige cé bhí freagrach as an sceitheadh eolais &rl.

Maith go leor, is dócha, cheapas ag an am. Ní rabhas sásta am a chaitheamh leis an scéal ós rud é go raibh m’athair breoite is bhí cúramaí eile orm.

Sa litir, litir clóscríofa an uair seo, a fuaireas ar mo ghearán i mí Feabhra, bhí séanadh ar an eachtra seo ar fad agus maíomh míchruinn gur cuireadh an scéal in iúl dom ar an lá a foilsíodh é san Irish Times agus rabhadh go raibh taifead ríomh phoist ar seo. Sa chás seo tá dhá litir ón fhear céanna, ag tabhairt dhá leagan éagsúil ar an scéal céanna. Caithfidh go bhfuil ar a laghad leagan amháin den dhá leagan a thug sé míchruinn.

De réir Ceart agus Comhar freisin, ní chlóbhuailtear ach 650 coip de gach eagrán, rud a fhagann go bhfuil deontas de €16.50 ar a laghad ag dul do gach coip de gach eagrán a foilsítear, bunaithe ar an libhéal deontais atá á fháil ag Comhar.

Is léir go bhfuil an iris ó laige go laige faoi láthair. Mór an trua. Tá oidhreacht ársa na h-irise, oidhreacht radacach na h-irise ach go h-áirithe, á ligint le sruth i láthair na h-uaire.

Tá sé seo ag titim amach trath go bhfuil gá níos mó ná riamh le h-iris dúshlánach agus le h-iriseoireacht fiosraitheach.

Sampla den iriseoireacht fiosrach dúshlánach atáim ag tagairt dho an saothar seo ó Lorraine Nic Eachmharcaigh, údar Ceart agus Comhar.

Fagfaidh mé an fhocal dheireannach aici agus ceist libh: Cé h-é nó cé h-í an ‘deep throat’/an comhalta ar bhórd Comhar atá ag tabhairt an eolais di?

Is é Ceart agus Comhar, thar aon áit eile, a thug scéal Chomhar chun solais. Is beag de na meáin eile a bhí sásta an scéal tábhachtach seo a chlúdach. Tá aitheantas faighte againn as an obair seo ag an-chuid daoine, agus tugann tuarascáil bhord Chomhar aitheantas breise. Déantar ionsaí ansin ar Ceart agus Comhar, ag rá go bhfuil “bréag-eolas” ar an suíomh seo, “tagtha ó fhoinse leataobhach”.

Maidir le foinsí leataobhacha, tarraingíonn an suíomh seo ar an-chuid foinsí, agus fuair sé cabhair ó dhaoine éagsúla. Ina measc, tá ball de bhord Chomhar, nár mhaith leis/léi go bhfoilseofaí a (h)ainm anseo, ach a chuir go leor eolais ar fáil. Is tríd an bhall sin a fuaireamar cóip den tuarascáil. Cén t‑eolas ar an suíomh seo atá bréagach? Níl an bord in ann é sin a rá, mar is eol dóibh gur fíor-eolas atá á scaipeadh anseo. Bíonn an fhírinne searbh, agus tá sé soiléir gur mian leis an bhord an fhírinne sin a cheilt. Tá fáilte is fiche roimh bhord Chomhar freagra a thabhairt ar rud ar bith atá ráite ar an suíomh seo, agus foilseofar é ina iomláine anseo. Má tá freagra acu, cloisimis é. Mura bhfuil, tuigfidh an saol cén fáth.

An Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh agus an dubh ina gheal

Cheapfá go raibh a dhothain dochar déanta ag Sinn Féin do na meáin Ghaeilge nó tá ionadaithe an pháirtí ar bhord Fhoras na Gaeilge tar éis suí ar a lámha agus dhá nuachtán Ghaeilge á dhruidim ceal tacaíochta ón bhForas céanna.

Anois tá siad ag iarraidh grúpa comhairleach a chur ar bun chun “moltaí a chur le chéile agus agus a chur faoi bhráid an rialtais maidir le todhchaí na meán clóite agus na meáin craolta in Éirinn”.

De réir sceala ar Gaelport:

Labhair Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin, ag an gcruinniú agus luaigh sé cás Foinse mar shampla don ghéarghá atá ann do pholasaithe agus reachtaíocht a chur ar bun agus tiomantas agus tacaíocht do na meáin dúchasacha a léiriú.

Agus dúirt sé, gan aon tuiscint ar an íoróin, is léir:

Dúirt sé go raibh sé do-ghlactha go raibh a phort deireanach seinnte ag Foinse, a d’fhoilsigh an t-eagrán deireanach ag an deireadh seachtaine.

Má tá sé doghlactha aige go raibh port deireannach Foinse seinnte, cén fath go raibh sé inghlactha ag a chomhleacaithe atá ina suí ar bhórd Fhoras na Gaeilge?

Tá soir agus siar ann faoi fhiúntas Foinse agus an slí gur tháinig deireadh leis an nuachtán agus daoine den tuairim ná raibh an scéal iomlán á roinnt ag Pádraig Ó Céidigh linn. Bhí dhá stiúrthóir ar an gcomhlacht, mar shampla, agus ní raibh, is cosúil, aon bhaint acu le reachtáil na comhlachta ó lá go lá ach tá ceist ann faoi cé acu an raibh siad araon ag tarraingt tuarastal substaintiúil ón gcomhlacht.

Más amhlaidh go raibh, cén fath go raibh? Táimse den tuairim go mba cheart go mbeadh stiurthóirí na comhlachta ag fáíl sciar den brabhús ós rud é gurb iad a bhunaigh an nuachtán – ach níl a fhios agam an bhfuil sé ceart go mbeadh tuarastal á tharraingt acu agus gan iad fostaithe go foirmeálta ag an gcomhlacht….

Ag an am chéanna, tá gá le diancheistiú ar ionadaithe Shinn Féin agus ionadaithe na bpairtithe eile atá ina shuí timpeall ar bhórd an Fhorais féachaint cén fath gur lig siad an dara nuachtán Ghaeilge chun báis i dtréimhse sé mhí.

Níl sé maith a dhothain go bhfuil an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh ag dul thart agus ag béicigh faoi dhúnadh Foinse agus go gcaithfidh an Rialtas seo, siúd agus eile a dhéanamh faoi seo nuair atá neamh íontas á dhéanamh aige de ról a pháirtí féin sa chliseadh is déanaí – agus sa chliseadh a chuaigh roimhe. An é nach dtuigeann sé an scéal iomlán nó an bhfuil sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn?

alt ag Seán Tadhg Ó Gairbhí i dTuarascáil inniu agus é ag caint ar an ghá atá le nuachtán Ghaeilge agus an baol ina bhfuil an teanga anois d’uireasa Foinse. Rinne sé tagairt sleasach do Lá Nua – gan ainm an nuachtáin a lua – an é Lá Nua an t-ainm nach féidir a chur i gcló ar cholún Ghaeilge an Irish Times ar chúis éigean?

Foinse – an ‘nuachtán is fearr ag pobal na Gaeilge’? Ní doigh liom é!

Tá go leor scríte anseo le seachtain faoi chás Foinse – agus sílim go raibh sé cothrom don nuachtán agus an priacal ina raibh sé – agus ina bhfuil sé go fóill.

Má tá an cothromas le leanacht, ní mór dom a rá go gcreidim go raibh caighdeán an nuachtáin imithe i léig go mór, ní le gairid ach ó thús 2000 cheapfainnse. Bhí cuma stálaithe ar an bhfoilseacháin ó thaobh dearadh de agus ní raibh ach corr seachtain ann gur shíl mé gur bhuail siad an marc le tuairisc nuachta. Tá na h-ailt tuairimíochta, taobh amuigh de chúpla éiseacht, gan bhrí gan téagar – motháim nach bhfuil tada fiúntach nó substaintiúil ráite in altanna na bpríomhcholúnaithe, Póílín Ní Chiaráin nó Cathal Mac Coille, le mo chuimhne. Athrá a bhionn iontu de ghnath ar an méid atá ráite ag trachtairí aitheanta sna meáin Bhéarla an tseachtain roimhe, dar liom.

Cén fath an racht seo uaim anois? Ag léamh dom Tuarascáil na maidine seo san Irish Times, tugaim faoi ndeara na sliochtaí seo i gcolún Phoil Uí Mhuirí ar an ábhar seo.

Tá an nuachtán Gaeilge is fearr dá raibh ag pobal le Gaeilge le glúin ar tí druidim

Agus:

an nuachtán Gaeilge is fearr atá ag lucht na Gaeilge le fada a chailleadh

A leithéid de bhladhmann ón Mhuiríoch, fear atá ag scríobh ‘colún’ do Foinse le fada an lá. Agus ansan deir sé an méid seo:

Seo nuachtán a thug dúshlán gach aon dreama eile lena gcuid féin a dhéanamh d’earnáil na nuachtán agus rinne siad go stuama céillí agus gan bladhmann é.

Níl a fhios agam conas ar féidir le h-eagarthóir Ghaeilge an Irish Times alt a scriobh faoin ábhar seo, priacal nuachtán Ghaeilge agus iad ag plé leis an bhForas, gan Lá Nua a lua. Shamhlófá go raibh sé ábharach. Ach creidim go dtuigim cén fath. D’eirigh leis an Irish Times clúmhilleadh a dhéanamh faoi dhó ar lucht Lá – agus b’é Ó Muiri a scrigh an dhá alt. Níl a fhios agam an bhfuil cosc air ón Eagarthóir, Geraldine Kennedy, Lá/Lá Nua a lua ach shamhlófá go raibh sé ag iarraidh gan Lá a lua ar chúis éigean.

Ar aon nós, tá sean taithí agamsa ar iriseoireacht aisteach Uí Mhuirí chomh fada agus a bhaineann sé Lá Nua agus tá’s agam go dtuigeann sibh an seasamh atá agam.

Cúpla uair ina alt tógann Ó Muirí an cheist faoin slí ar thárla an titim amach is déanaí idir an bhForas agus Foinse/Moinéar Teo. Bheinnse ag tógáil ceiste faoi sin freisin. Cheapas i gcónaí go raibh caidreamh ana shocúil idir an dhá dream.

Ach é sin ráite, ni mór dúinn a thuiscint nach dtuigeann Foras na Gaeilge gnó na bhfoilseacháin. Níl aon duine i measc na gcomhaltaí, a bheadh saineolas acu cé go bhfuil cúpla duine ar an mbórd a bhí ag obair le nuachtán nó ag solathar altanna do nuachtán.

Nílim ag maíomh má dheirim gur ag Lá is fearr atá an taithí ar nuachtáin Ghaeilge. Bhí sé ag daoine romham ann – agus ansan bhí páirt agam féin i mbunú nuachtán laethúil Ghaeilge, an t-aon nuachtán laethúil i dteanga Cheilteach d’aon tsort riamh agus d’eirigh linn sin a dhéanamh i 2003. Dheineamar é gan cead a lorg ón bhForas ach bhí an Fhoras ann ar lá a seolta, ag oscailt na mbuidéil seaimpéin is ag ól is ag ithe na smailceanna a cuireadh ar fáil.

Bhí go leor lochtanna ar Lá, an nuachtán laethúil, ach locht amháin ná raibh air nár aithin an fhoireann go raibh orthu leanacht ag cur barr snáis ar an nuachtán i gcónaí, ag forbairt, ag feabhsú, ag athrú. Ba phroiseas leanúnach a bhí ann -bhaineamar triail as rudaí ag féachaint cé acu an n-oibreodh siad. Nuair nár oibrigh, rinneamar leasuithe agus athruithe go dti gur oibrigh nó dtí gur dheineamar cinneadh rud eigean eile a thriail.

Na nithe sin ar fad, ní fhéadfadh leithéid an Fhorais iad a thuiscint. Ní bheadh gá le saineolas ar nuachtáin chun iad a thuiscint – ní bheadh gá ach le daonnacht. Ach sin rud nach bhfuil i measc acmhainní an Fhorais, de réir dealraimh.

Cinnte tá cuid is mó den cheart ag Ó Muirí nuair a deir sé:

Bhain Móinéar an conradh do nuachtán seachtainiúil nuair a bhí Bord na Gaeilge ann; bhain siad é nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge agus lean siad de bheith á bhaint. Léirigh an méid sin féin éifeacht a gcuid oibre agus léirigh breithiúnas cruinn ceart an Fhorais gur thuig siad fiúntas an tionscnaimh a bhí acu.

Dá bharr sin, shílfeá, as measc gach aon rud eile, go mbeadh an caidreamh oibre idir Móinéar agus an Foras ag éirí níos doimhne agus níos rathúla le himeacht na mblianta. Shílfeá go dtuigfeadh an dá dhream a chéile faoi seo.

Ní thuigeann an Fhoras páirtíocht cé go mbionn siad ag caint faoi go minic. Lig siad Lá/Lá Nua chun báis cé go raibh, is dócha, breis is milliún euro caite acu leis. Tá i bhfad Éireann níos mó caite acu ar Foinse – agus tá siad sásta é sin go léir a ligint le sruth agus an tuairim seo á scaipeadh, via an Aire Uí Chuív, go bhféadfadh go mbeadh grúpa eile amuigh ansin a chuirfeadh nuachtán ar fáil ar airgead níos lú ná mar a bhí lorg ag Foinse.

Bíodh is go bhfuil an Druma Mór/Nuacht 24 ann agus iad ag déanamh sar obair, agus nach bhfuil pingin faighte acu ón bhForas, táim ag ceapadh nach mbeadh an Fhoras ag smaoineamh ar tacú leis an dtogra fiúntach sin. Tá sé ró ‘thuaisceartach’ nó tá sé ró ‘neamhspleach’ nó tá sé ró ‘nuálach’. Ní féidir smacht a chur air – nior thosnaigh sé le deontas ón bhForas. An t-aon deontas a fuair Nuacht 24 an t-am agus an duthracht a chuireann an t-eagarthóir agus a fhoireann ar fáil don togra seachtain i ndiaidh seachtaine.

I gcás Foinse, ba ar airgead stáit ar fad a bhí sé beo. Ní raibh sé beo ar dhíolachán – tá meastúcháin éagsúla feicthe is cloiste agam den díolachán a bhí á dhéanamh ag Foinse ó sheachtain go seachtain – idir 4,000 agus 6,000 cóip. Níl a fhios agam go cinnte ach is é mo bharúil gur ró mheastúchán a bhí anseo – nó ba é 6,000 an díolachán is mó a bhí ag an nuachtán de réir ABC ach bhí dáileachán ‘saor’ a deineadh leis an Independent san áireamh le sin agus nior deineadh aon dáileachán saor dá leithéid ó shin mar gur athraíodh na rialacha ag cur cosc ar áireamh na cóipeanna a dáíleadh go saor i measc cóipeanna díolta.

Mar sin de, níl aon áireamh údarásach ann. Níl ann ach meastúcháin.

Is cinnte go bhfuil Foinse ag fulaingt mar atá nuachtáin eile ar fud na cruinne de bharr an laghdú i bhfograíocht. Ach ní gnath fograiocht a bhí i Foinse – ní bhíodh Dunnes Stores nó Tesco ag ceannach leathnaigh iomlána chun fogairt a dhéanamh ar na slad mhargaí is déanaí acu. Fograíocht stáit a bhí i gceist agus bhí an fhograíocht sin á fháil acu de bharr go raibh siad lonnaithe ó dheas agus gur chreid na rannoga stait is na h-eagrais poiblí go raibh orthu fograíocht a dhéanamh i nGaeilge de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla. Agus nuair a fuair siad amach nár ghá seo a dhéanamh, nuair a dhiultaigh an Aire Ó Cuív an fhoráil sin san Acht a chur i bhfeidhm i mí Bealtaine 2008, a d’athraigh an phort. Laghdaíodh go mór ar an méid fograíochta i nGaeilge i nuachtáin ar nós Foinse agus Lá Nua – cé go bhfaca mé go leor fógraí ‘dhá theangacha’ i nuachtáin eile ó shin, fograí a bhionn i bhfad níos costasaí ná mar a bheadh sé fogra i mBéarla a fhoilsiú i nuachtán Bhéarla agus fógra i nGaeilge sa nuachtán Ghaeilge.

Táimse ar son Foinse – cé go bhfuilim cáinteach anseo faoi chaighdeáin an nuachtáin, ní doigh liom gur féidir locht a chur ar an bhfoireann buan nó tá siad ag obair le na h-acmhainní atá acu agus b’fhéidir go bhfuil daoine ann ar mhalairt tuairime liomsa faoi chaighdeáin an nuachtáin. Dar liomsa nach aon ghar do Foinse go mbeadh leithéidí Pól Ó Muirí á moladh go h-ard na spéire nuair nach bhfuil an moladh sin tuillte acu.

Táim ar son Foinse a choinneáil mar go gcreidim gurb é sin an slí is fearr le h-iriseoireacht chlóite na Gaeilge a thabhairt slán agus má tá an nuachtán beo, is féidir feabhas a chur air.

Mothaímse nach bhfuil Ó Muirí géar a dhothain ar an bhForas ina alt – ar ndóigh b’fhéidir nach féidir leis a bheith nó nach é eagarthóir Comhar freisin, an iris mhiosúil atá ag fáil deontas substaintiúil, breis is €11,000 in aghaidh an eagráin i 2008. Mar sin de, fiú má theipeann Foinse, beidh seisean go fóill beo ar dheontas ó Fhoras na Gaeilge.

Sa pharagraf deireannach den alt, deir Ó Muirí:

Tá an nuachtán Gaeilge is fearr dá raibh ag pobal le Gaeilge le glúin ar tí druidim. Tá an Foras agus Móinéar Teo ina seasamh ar aill. Ní gá dóibh titim léi; níor chóir dóibh titim; níor cheart go ligfí dóibh titim.

Níl an Fhoras i mbaol ar bith. Má theipeann orthu teacht i gcabhair ar Foinse, leanfaidh siad orthu. Beidh siad beo. Beidh foireann Foinse ar an dól – ach nár chuir Foras na Gaeilge daoine ar an dól roimhe agus nior chuir sé isteach orthu? Agus ní chuirfidh sé isteach nó amach orthu go mbeidh níos lú measa orthu de bharr an chinnidh – an bhféadfadh meas nios lú bheith ar an bhForas ná mar atá?

Mar a tharlaíonn sé tá alt eile ag Ó Muirí a léiríonn go beacht an mí-eifeacht seo. Tuairiscítear go bhfuil na coimisiún a rinne an Fhoras ar leabhair nua don bhliain seo tarraingthe siar ag an bhForas agus gur ‘trí thaisme’ a cuireadh amach litreacha chuig na bhfoilsitheoirí ag fogairt is ag diultú coimisiúin roimhe seo.

An bhfuil Foras na Gaeilge chun deireadh a chur le scriobh na Gaeilge mar ghairm ar fad i mbliana agus scríobh leabhair Ghaeilge a fhágáil faoi na páistí scoile?

An ceart glan ag Pól Ó Muirí!

B’fhéidir go bhfaigheann sibh deacair an cheannlíne sin a chreidiúint ar thrachtaireacht ar an mblag seo. Ná bí ag caint – níl sé leath chomh deacair agus é a fheiscint ón dtaobh seo. Tá sean rá ann sa Bhéarla, go mbionn fiú sean chlóg ceart dhá uair sa ló – sin míniú amháín a thabharfainn ar an scéal.

Ach is é an míniú eile go bhfuil alt inniu ag Pól Ó Muirín, mo shean chara(!), i dTuarascáil an Irish Times faoi eispearas a bhí aige le Foras na Gaeilge, an chomhlacht teanga tras teorainn atá anois i bhfeidhil ar fhoilsiú leabhair Ghaeilge. Roimhe seo b’é Bórd na Leabhar Gaeilge a bhí i bhfeidhil ach chuir an tAire Ó Cuív deireadh le sin ag an Oireachtas i gCathair na Mart i 2007.

In alt Uí Mhuirí deirtear go beacht é:

Ba é Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív a chuir deireadh le Bord na Leabhar Gaeilge agus a d’aistrigh cúram na leabhar faoin Fhoras. Níor mhínigh sé go sásúil riamh cén fáth go ndearna sé é sin agus níor chosúil go raibh gach foilsitheoir ag iarraidh athrú den sórt. B’fhéidir go ndearna sé an t-athrú i ndúil is go dtiocfadh tuilleadh feabhais ar chúrsaí scríbhneoireachta. I gcás an scríbhneora seo de, ní hamhlaidh an scéal.

Roimhe seo, bhí an seanbhord leabhar neamhspleách ar an Fhoras – agus seo ceann de na rudaí díomácha faoi chinneadh seo an chláir – thug an seanbhord tacaíocht dom leabhair eile d’fhoghlaimeoirí agus do dhéagóirí a scríobh mé. Tá sraith bheag leabhar agam san earnáil seo nach mbeadh scríofa murach an tacaíocht sin agus bhain cuid acu gradaim – aitheantas dom féin agus, gan amhras, don bhord as iad a choimisiniú an chéad lá riamh.

Níl mé orthu sin a thaithníonn leabhair Uí Mhuirí liom ach bhéinn ag ínsint bréig dá ndéarfainn ná raibh fiúntas lena scéalta bleachtaireachta faoin bhangharda Paloma – níl a fhios agam cad as a bhfuair sé an t-ainm ach sin scéal eile. Is é an fiúntas a bhaineann le saothair den chineál seo agus saothair údair eile, go h-áirithe Ré Ó Laighléis agus Méadhbh Ní hEadhra, go bhfuil siad ag mealladh leitheoirí óga.

Léitheoirí is mó atá ag teastáil – cé nach féidir liom locht a fháil ar an scéim nua atá á reachtáil ag an Fhoras ‘ Scríobh Leabhar’. An cheist a bheadh agam ná seo: céard a dhéanfaidh na páistí atá á spreagadh chun ‘leabhair’ a scríobh nuair atá siad ag iarraidh, amach anseo, tabhairt faoi úrscéal Ghaeilge a scríobh?

Níl a fhios agam – nó ag aoinne eile, thabharfainn buille faoi thuairim – conas mar a dheineann Foras na Gaeilge leabhair a cheadú nó a dhiultú? An bhfuil ‘fochoiste’ ann chun seo a dhéanamh, in áít a bhíodh bórd ann roimhe? An bhfuil aoinne ar an bhfochoiste sin le h-eolas beacht ar na leabhair Ghaeilge atá de dhíth?

Ar ndóigh tá leabhair faoin nGaeilge á fhoilsiú? Foilsíodh an leabhar ‘A New View Of Irish’ anuraidh – Cois LIfe a d’fhoilsigh agus Caolfhionn Nic Pháidín, comhalta boird ar Fhoras na Gaeilge, agus Seán Ó Cearnaigh, feidhmeannach sinsearach san Fhoras, a bhí ina h-eagarthóirí ar an saothar. Cheapas nárbh fhiú morán an leabhar sin – taobh amuigh de leithéidí Lillis Ó Laoire is Breandán Delap, is beag meas a bheadh agam ar dhearcadh dhuine ar bith a scrígh ann. Agus sin ráite, d’fhéadfainn easaontú lena dtuairimí siúd freisin!

Tugaim faoi ndeara freisin go bhfuil leabhar nua ar an mhargadh faoi oidhreacht an Phiarsaigh, leabhar eile lán le h-aistí troma faoin réabhlóidí. Is cosúil go bhfuair an leabhar seo tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus mura bhfuil dearúd orm is saothar dhá theangach é. Tá ard mholadh faighte aige ó phearsaí ní lú ná Ruth Dudley Edwards, údar ar bheathaisnéis an Phiarsaigh roimhe seo agus mór phearsa i Scoil na nAthscríobhaí Staire.

Ag an am chéanna, má tá acmhainní an Fhorais á chaitheamh ar shaothair troma acadúla in áít ar leabhair éadroma siamsaíochta is bleachtaireachta, tá lúb ar lár ann. Caithfear nós na leitheoireachta a chur mar shíol sa leitheoir óg le go bhfasfaidh sé.

Agus is léir nach bhfuil seo ag tarlú mar is ceart. Tá an ceart glan ag Pól Ó Muirí an ceist a chur faoin mbealach atá Foras na Gaeilge ag caitheamh le leabhair Ghaeilge agus le spreagadh is tacú údair chun leabhair Ghaeilge a scríobh. Tá sé ag tochas a cheirtlín féin, gan amhras, ach ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil tabhacht leis an méid a deir sé dúinn go léir ar suim leo léamh agus scríobh na Gaeilge.

Tá dearcadh ‘frith óige’ léirithe ag an bhForas go dtí seo i réimse na litríochta is na h-iriseoireachta nó tharraing siad siar tacaíocht don nuachtán laethúil Ghaeilge, tá tarraingt na gcos ar siúl faoin tacaíocht don nuachtán seachtainiúil Ghaeilge agus níl aon tacaíocht ar chorr ar bith á thabhairt do na tograí is bisiúla in iriseoireacht na Gaeilge, nós* agus An Druma Mór/Nuacht 24.

Is boichte sinn de bharr ciorrú ‘Foinse’

Is cosúil gur gearáin is mó a thaithníonn leis an dream a thaithíonn an bhlag seo – nó thug mé faoi ndeara ná raibh leath an oiread cuairteanna ann mar thoradh ar an dtrachtaireacht, Is Aoibhinn An Saol, ná mar a bhí na laethannta roimhe.

Mar sin de ar cheart dom riar a dhéanamh ar an éileamh sin?

Rith sé liom mar shampla go mbeadh go leor gearáin a bhféadfainn déanamh nuair a léigh mé an alt a bhí i dTuarascáil an Irish Times an tseachtain seo faoi fhoireann ‘Foinse’ a bheith ag glacadh le laghdú 10% ar a dtuarastail.

Seo Pól Ó Muirí, eagarthóir Ghaeilge an Irish Times agus colúnaí spoirt le Foinse, ag bolscaireacht faoin nuachtán seachtainiúil arís eile. Seo foireann Foinse, a bhí ag fáil tuarastal ró árd, is dócha, ag maíomh as a bheith ag glacadh le ciorrú.

Cuirfear schadenfreude im leith as tagairt ar bith a dhéanamh den scéal cé gur boichte saol na Gaeilge de bharr seo. Tréaslaím a gcinneadh le lucht Foinse.

Ach ní ar sin ar mhaith liom aird a dhíriú. An fath go bhfuil an ciorrú seo á dhéanamh ar thuarastail ‘Foinse’ go bhfuil titim tubaisteach ar an ioncam a bhí á fháil ag an nuachtán sin ó fhograíocht ón earnáil stáit ó dheas.

Ar feadh na mblianta fada bhí an nuachtán lán le fógrai ó gach cineál áisínteacht, cuid mhaith acu nach mbeadh aon cheangal ar leith acu leis an nGaeilge. Is cinnte go raibh ioncam substaintiúil ón foinse seo ag an nuachtán seachtainiúil, sruth ná raibh ar fáil ag Lá Nua de bharr go raibh an nuachtán sin lonnaithe ó thuaidh den criochdheighilt pholatúil ar an oileán seo.

Is cuimhin liom uair amháin an cheist a chur in eagarfhocal i Lá Nua faoin claonadh a bhí ag na h-aisínteachtaí stait is ranna rialtais fograí dhá theangacha a fhoilsiú sna nuachtáin Bhéarla – is cuimhin liom go bhfaca mé figiúir de €500,000 in aghaidh na bliana luaite leis an gcaiteachas seo i bhfreagra a tugadh ar cheist Dála. Dar liom gur cheart go mbeadh sé níos saoire, fiú an am sin, go mbeadh leaganacha Ghaeilge na bhfógraí dhá theangacha seo sna nuachtáin Ghaeilge agus go mbeadh na leaganacha Béarla amháin sna nuachtáin Bhéarla. Dar liom go sabhálfaí taoscán mhaith den leath mhilliún Euro sin. Ní gá dom a rá, is dócha, go raibh mé dochasach go mbeadh dea thoradh do Lá Nua ar an gceist seo.

An aischothú a fuair mé, bhí sé thar a bheith aisteach. Fuaireas glaoch ó fheidhmeannach shinsearach in eite Ghaeilge an stat chórais ag tabhairt le fios dom nár cheart a leithéid de cheist a chur go poiblí mar go raibh an baol ann go dtosnódh na h-aisínteachtaí stait is na ranna rialtais ag cur ceisteanna faoin chaiteachas seo agus gurb é an toradh ar na ceisteanna seo go mbeadh comhairle á chur ar na ranna sin nach raibh aon cheangal orthu, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, aon leagan Ghaeilge d’fhógra phoiblí a fhoilsiú. Mar sin gurb é an toradh ar an gceist sin uaimse nach mbeadh aon fógra Ghaeilge á fhoilsiú ón earnáil phoilbí i nuachtán ar bith.

Is cosúil anois go bhfuil sé aitheanta anois ag duine éigean go raibh míthreo ar na rannaí stáit na fógraí móra costasacha dá theangacha seo a fhoilsiú sna nuachtáin Bhéarla agus na leaganacha Ghaeilge sa nuachtán Ghaeilge agus go bhfuil stop nach mór iomlán ar an sruth seo ioncaim.

Tugann seo chun cuimhne an cheist clúiteach a chur WB Yeats ar féin: Did that play of mine send out good men the English shot?

Ach mothaím go bhfuil an ciorrú is déanaí mar thoradh ar na fiosruithe atá á dhéanamh ag leithéidí an Bhórd Snip faoi chiorruithe gur féidir a dhéanamh san earnáil phoiblí seachas ar cheist fánach uaimse.

Agus creidim nach bhfuil ann ach an tús. Creidim go mbeidh lán stad ar chur i bhfeidhm aon mhír den Acht nach bhfuil curtha i bhfeidhm go n-uige seo. Anuas ar sin, ní chuirfeadh sé íontas orm dá mbeadh beart éigean ann a chiallódh go mbeadh aon bhuntáiste don phobal ón Acht á chur ar ceal.

Sílim go mbeidh gaoth fuar ag séideadh ar earnáil na Gaeilge ón 7 Márta. Ní an Foras amháin a bheidh á shéideadh óna gceannaras insilithe i gCearnóg Mhuirfean.

An rud nach bhfeicim, seachas i gcúinne Ghaeilge na h-idirlíne, an plean B ag earnáil na Gaeilge athshamhlú a dhéanamh ar thodhchaí ina mbeidh tacaíocht ón stat i bhfad Éireann níos deacra teacht air do bheartais Ghaeilge as seo amach.

An bhfuil an cholúnaí ina chodladh nó ina mhúscailt?

Saothar ón dtaispeantas i Leabharlann Chreagai
Saothar ón dtaispeantas i Leabharlann Chreagaí

Tá sé ráite agams roimhe anseo agus ní bheidh mé cuthallach faoi anois.  Is beag mo mheas ar an gcolúnaí leis an Irish Times, Eagarthóír Ghaeilge an nuachtáín sin, Pól  O Muirí.   Tá dearcadh éagsúil agam ar an slí a d’fhás an Ghaeilge ó thuaidh i gcaitheamh na mblianta agus ní réitím lena dhearcadh. 

Ar aon nós, tá a dhearcadh éagsúil le tabhairt faoi ndeara go soiléir ina cholún san Belfast Telegraph inniu agus é ag cur síos ar an dtaispeantas faoi leabhar Cholmcille a osclaíodh le déanaí ag Leabarlann na Carraige /Cregagh an tseachtain seo chaite. 

Ba seo a bhí le rá aige agus é ag cur síos ar an ‘mbua’ iomráiteach seo: 

What a cultural coup for the organisers of the event: Colmcille, an organisation that aims to strengthen links between Irish-speaking Ireland and Gaelic-speaking Scotland and the ULTACH Trust, a group who promote Irish on a cross-community basis — and a group who have had to endure some vicious criticism from the Provo language brigade over the years. Still, what a victory. It was not the slabbers, the table-thumpers or the fantasists who brought Paisley into the language fold, it was the quiet, conscientious and dedicated workers of Colmcille and the ULTACH Trust.

Níl a fhios agamsa faoi Phól ach níor chréid mé riamh go raibh ann don ‘Provo Language Brigade’ agus ní aithním ón aithne atá agam ar phobal na Gaeilge i mBéal Feirste na ‘slabbers’ agus ‘table thumpers’ seo a luann sé.  B’fheidir go bhfuil corr ‘fantasist’ ann nó cad is Cultúrlann McAdam O Fiaich ann ach toradh  ar shaothar cúpla ‘fantasist’!

Ní chreidim gur ann don ‘Provo Language Brigade’ seo a luann sé.  Tá daoine ann i

Pól Ó Muiri, Eagarthóir Ghaeilge an Irish Times, Colúnai le Foinse agus an Belfast Telegraph

Pól Ó Muirí, Eagarthóir Ghaeilge an Irish Times, Colúnaí le Foinse agus an Belfast Telegraph

 ngluaiseacht na poblachta, maith go leor, a shanntaíonn an Ghaeilge.  Bhí agus tá daoine sa ghluaiseacht céanna a thacaíonn go dluth leis an teanga agus gur mó an cloch é ar a bpáidrín ná an Phoblacht féin fiú – agus tá an oiread ceart acu san tacú leis an teanga is atá ag Ian Paisley nó ag duine ar bith eile.   Ach, don mórchuid, is gluaiseacht gallda é gluaiseacht na poblachta, gluaiseacht atá cúl tugtha aici le fada don teanga ach a bhaineann úsáid aistí ó am go chéile ar mhaithe le cúinsí pholatúla.   Uaireannta tá seo ar leas na Gaeilge, uaireannta eile níl.  Ba léiriú ar an dearcadh pholatúil atá ag an ngluaiseacht seo ar an nGaeilge go raibh ráiteas scor an IRA i Lúnasa 2005  go h-iomlán i mBéarla.  Más buan mo chuimhne, ní raibh riamh ráiteas ón IRA i nGaeilge. 

Is cuimhin liom bheith míshásta faoi seo uair amháin, trath ar deineadh an forogra.   Cainteoir Ghaeilge aitheanta, go deimhin tá sé ina bhall ainmnithe ar Fhoras na Gaeilge ag Sinn Féin anois, an t-é a dhein an forogra, Séanna Breathnach, agus mhothaigh mé go mbeadh sé ina ‘choup’ deas don Ghaeilge ar bhonn domhanda dá mbeadh an ráiteas stairiúil seo i nGaeilge.  Ní amhlaidh a tharla – agus anois táim díreach chomh sasta. 

An rud a chuireann íontas orm faoin ráiteas ó cholún Uí Mhuirí atá le léamh thuas nár léir ón ráiteas go raibh a fhios ag an cholúnaí go raibh Ian Paisley faoi agallamh ar Raidió Fáílte, staisiún raidió atá go h-iomlán oscailte don phobal agus chomh tras phobalach is nach bhféadfadh colúnaí ón Belfast Telegraph a shamhlú, agus é i láthair ag an ocáid atá faoi chaibidil aige. 

An amhlaidh nár thug  an cholúnaí faoi ndeara na tuairiscí sa Belfast Telegraph féin faoin ‘scúp’ stairiúil seo?   

Nó an é go bhfuil O Muirí ag caitheamh le Raidió Fáílte sa chás seo mar ar chaith sé ar feadh na mblianta le Lá/Lá Nua, is é sin gan tagairt dá laghad a dhéanamh don obair atá ar bun ag leitheidí Raidió Fáílte, Cultúrlann McAdam O Fiaich agus eile [agus a bhí ar bun ag Lá Nua, gan amhras] chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus an oiread de gach pobal agus ar féidir a thabhairt lei?

Bhí an dearcadh sin, Gaeilgeoirí maithe agus droch Ghaeilgeoirí, go mór chun cinn scór bliain ó shin.  Bhí sé mar pholasaí Rialtais ag an am a chinntiú nach bhfaigheadh eagrais áirithe aon chabhair airgid de bharr ‘amhras’ go raibh an t-airgead sin ag dul i dtreo paraimilitigh an IRA.  Ní raibh bunús leis an uair sin – agus níl bunús leis anois. 

Níl a fhios agam cad a chreideann Pól O Muirí faoi Raidió Fáilte agus an bhfuil tuairim aige nó nach bhfuil faoin scúp a fuair an staisiún raidió sin, agallamh le hIan Paisley, ag an ocáid seo, oscailt oifigiúil an taispeantais ealaíne is seoladh an leabhair faoi Cholmcille.   Bheadh ar dhuine bheith ina chodladh le seachtain anuas gan an scéal faoin scúp a thabhairt faoi ndeara.  Bheadh ar dhuine bheith ina chodladh le fiche bliain gan a thabhairt faoi ndeara go bhfuil deireadh tagtha le ré na ndea Gaeilgeoirí is na ndroch Ghaeilgeoirí.  Fiú aithníonn Ian Paisley an méid sin anois!   

Agus ar eagla na mí-thuisceana, ní h-ionann seo agus íonsaí ar Iontaobhas ULTACH nó Colmcille.  Tá ard mheas agam ar obair an Iontaobhais agus iad ag déanamh na h-oibre ar chúrsaí craoltóíreachta is eile i gcaitheamh na mblianta.  Bhí níos mó ná argóint amháin agam leo ach glacaim leis go bhfuil an obair atá ar bun acu maidir le h-íomhá na Gaeilge a thogáil leis an bpobal eile tabhachtach.  Is amhlaidh go gcreidim go bhfuil an obair céanna ar bun ag leitheidí Cultúrlann McAdam O Fiaich, Raidió Fáilte agus, go deimhin Lá Nua/Lá, gan buiochas ó Phól Uí Mhuirí ná a chomhionann le blianta fada. 

Máirtin Ó Muilleoir, Aodán Mac Póilin, Ian Paisley, Beth Porter agus Sammy Douglas ag seoladh an taispeantais

Máirtín Ó Muilleoir, Aodán Mac Póilín, Ian Paisley, Beth Porter agus Sammy Douglas ag seoladh an taispeantais


 

 

 

 

Domhan dhrúisiúil na meáin Ghaeilge

Tháinig casadh eile sa chonspóid faoin iris Comhar inniu, nuair a fhograíodh ar Foinse, go raibh eagarthóir nua ceaptha le teacht sa bhearna atá fagtha de bharr eirí as Aindrias O Cathasaigh. 

Is cosúil gurb é Pól O Muirí, Eagarthóir Ghaeilge an Irish Times, an t-é atá ceaptha le bheith ina ‘eagarthóir’ ar Comhar tar éis gur eirigh Aindrias as an chúram nuair a cuireadh ar a shúile do go mbeadh ar an iris a chuir faoi bhraid an bhoird sara bhfoilseofaí é agus gur deineadh cinsireacht ar thrí eagarfhocal a bhí sé i gceist aige foilsiú. 

Foilsíodh na h-altanna seo sa deireadh thiar i Lá Nua agus is furaist a fheiscint cén fath nár fhoilsigh bórd Comhar, atá ag brath ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge, na h-altanna.  Ceann de na h-altanna, cháin sé bórd an Fhorais agus bhí dímholadh ar leith ann do chomhaltaí SF an bhoird as ucht cinneadh an bhoird i leith an nuachtáin laethúil. 

Níl aon meas agamsa ar Phól Uí Mhuirí mar iriseoir nó mar eagarthóir.  Is cinnte nach mó a mheas orm ná mo mheas air.  Cé gur cuireadh mé faoi agallamh do phost eagarthóra Comhar roimhe seo, nuair a fhograíodh an fholúntas ar dtúis, is léir dom anois go raibh an t-adh liom nár ceapadh sa phost mé. Dá achrannaí é Aindrias do bhord Comhar, is cinnte gur mó an achrann mise doibh.  Ní ghlacfainn le post Comhar sna cuinsí seo ná baol air nó mhothóinn go raibh mé ag cuidiú leis an gcinsireacht atá ar bun, dar liom, ag bórd Comhar.   Ní raibh páirt agam riamh le cinsireacht agus ní bheidh.  Agus is mó an difir idir cinsireacht is eagarthóireacht ná mar a thuigfidh bórd Comhar riamh. 

Cuireann sé imní nach beag orm anois gur gar go mbeidh manaplacht in iriseoireacht chlóite na Gaeilge i seilbh dhornán bheag dhaoine.  Nuair a imeoidh Lá Nua i mbéal na Nollag, ní bheidh ach cúpla ball fagtha sa chlub – Foinse, Comhar, trian leathnaigh Ghaeilge an Irish Times, Feasta, An Sagart….agus, bhuel, buiochas le Dia, nós*.   

Ar an liosta sin, is ag an Foinse, Comhar agus an IT a bheidh an fhorlamhas.  Scríobhann Pól O Muirí do Foinse agus is é an Eagarthóir Ghaeilge ar an Irish Times agus Eagarthóir Comhar.  Fiú dá n-aontófá leis an Muiríoch i ngach alt a tháinig riamh óna pheann, bheithfeá den tuairim nach slaintiúil an rud é go raibh a chuid práisigh ar fud na miasa ar fad mar is léir go mbeidh.   

Beag tagairt a deineadh do mhion shonraithe na conspóide i dtuairisc Foinse ar an gceapachán inniu.  Léiriú arís eile go bhfuil an drúisiúlacht atá ag teacht chun tosaigh sna meáín chlóite Ghaeilge ag cothú cinsireacht nó féin chinsireacht nach bhfuil sláintiúil don iriseoireacht nó don dhaonláthas.  

Deirtear sa tuairisc i Foinse, gur ceapachán ‘eatramhach’ é seo.  B’fheidir é, ach tá nós ag ceapacháin eatramhacha iompú ina gceapacháin buana.   Ní h-é seo an chéad uair do bheith ina eagarthóir ar Comhar agus ní cuimhin liom gur chuaigh sé i bhfeidhm orm mar eagarthóir ceannródach nó dúshlánach le linn a thréimhse deiridh sa phost seo.   

Tá gá le h-iris cosúil le Comhar.  Tá gá le leirmheastóireacht ar leabhair Ghaeilge nach deintear ach go h-ánnamh i nuachtáin ar nós an Irish Times – aisteach go leor bhí leirmheas ar leabhar nua le hÉilís Ní Dhuibhne, Dún an Airgid, san Irish Times inniu, i mBéarla ach bhí sé ann.  Tá gá freisin le h-iris ina ndeintear plé réasúnta doimhin ar ábhair a bhaineann le cúrsaí reatha agus polataíocht ach ní féidir é sin a dhéanamh go h-oibiachtúil agus scamall na cinsireachta a bheith ag crochadh os do chionn.  Agus is é sin an chás le Comhar anois, cuma cé bheadh ina eagarthóir air.  Níl a fhios agamsa nó ag aon duine a bheadh fonn ar an iris a léamh an raibh ar an iris seo bheith scagtha ar dtúis ag bórd Comhar ar eagla na h-eagla go gcuirfeadh sé olc ar aoinne, mar shampla bord an Fhorais. 

Roimhe seo ní bhíodh de thoradh ar an ndrúis a bhí ar bun sna meáín chlóite Ghaeilge ach go gcoinneodh Foinse agus a gcáirde greim daingean ar na gradaim a bhíodh á roinnt ag Gradaim na Meáin Chumarsáide Ghaeilge ag an Oireachtas.  Dheineas gearán faoi sin ag an am – de bharr go raibh na gradaim seo á chinneadh de reir ‘vóta’ i measc ‘daoine áirithe’ sna meáin, a bhfurmhór siúd roinnte idir RnaG, TG4, Foinse.  Duaireas ós árd gur cheart painéal mholtóírí a bheith ann, mar a bhionn ag gach comórtas eile ag an Oireachtas, chun buaiteoirí na gcomórtaisí seo a roghnú.  Samhlaigh dá mbeadh buaiteoir Chorn Uí Riada á roghnú de reir vóta, seachas de réir breith mholtóirí!  Ar aon nós, níor tugadh cluas dom ach an rud a rinne Stiurthóír an Oireachtais, Liam O Maolaodha, eagrú na h-ocáide a chur i lámha chomhlacht caidrimh poiblí, amhail is go leigheasfadh sé sin an fhadhb.   

Anois tá rud eigean níos luachmhaire ar fad ná vása criostail i mbaol, tá léargas neamhspleach na h-iriseoireachta Gaeilge ar shaol na Gaeilge agus an domhan mhór i bpriacal. 

Sa mhéid is go gcreidim go bhfuil gá le h-iris cosúil le Comhar, guím rath ar an eagarthóir nua-cheaptha.  Guím nach ngeillfidh sé don cinsireacht nó don dhrúis mhí-shláintiúil seo.  Guím nach ngeillfidh sé d’Fhoras na Gaeilge agus a gclaonadh gach guth easaontach a chuir ina thost más féidir leo é seo a dhéanamh.    Tá amhras orm faoi thodhchaí Comhar agus faoi thodhchaí na h-iriseoireachta chlóite Ghaeilge ar pháipéar.   

Tá amhras agus imní orm.