Cartlanna Ranga: Nuacht

Roinn an Chultúir ag Sinn Féin

Is cosúil go bhfuil Roinn an Chultúir, Ealaíon agus Foilliochta roghnaithe ag Sinn Féin San Fheidhmeannas ó thuaidh. Ní ainmneofar na hAirí go dtí Dé Luain.
Ós rud é go raibh mé glórach ag cáineadh SF roimhe seo nuair a lig siad le buachaillí chúinne an DUP, Edwin Poots, Gregory Campbell agus Nelson McCausland faoi sheach an Aireacht le cúram na Gaeilge a ghlacadh (agus a scrios!), táim chun rud éigean a rá faoin gcinneadh seo.
Deascéal a bheadh tugtha agam air roimhe seo – ach ní anois.
Tá sé ró dhéanach. Tá an dochar déanta. Tá an Ghaeilge anois ceangailte leis an Ultais mar a bheadh cúpla ó Shiam. Liacht pholatúil de ard scil atá ag teastáil chun iad a scarúint agus an teanga a thabhairt slán. I bhfianaise a léirigh SF faoi chás daltaí Choláiste Feirste I gContae an
Dhúin, tá mé go mór in amhras go bhfuil an cumas – nó an toil – iontu beartú dá réir.

An Eoraifís – teach fuar don Ghaeilge

alt agam i nGaelscéal inniu mar gheall ar an Eoraifís, teach fuar don Ghaeilge, agus cuirim an cheist ar cheart feachtas a bhunú le brú a chur ar RTÉ amhrán i nGaeilge, an teanga oifigiúil eile, a chur san iomaíocht ar ár son an bhliain seo chugainn, dhá scór bliain ó raibh an amhrán Ghaeilge deireannach san iomaíocht.

“Éistigí, éistigí, cloisim arís é, ceol an ghrá…”
Ba é sin an céad líne ón amhrán deireannach i nGaeilge a sheas an fód ar son na hÉireann i gComórtas na hEoraifíse. Go deimhin ba é ‘Ceol an Ghrá’ an t-aon amhrán i nGaeilge a rinne ionadaíocht ar son na tíre ó thosaigh an ceiliúradh cultúrtha seo sna 50í.
An bhliain seo chugainn, beidh dhá scór bliain caite ó chan Sandy Jones an t-amhrán a chum Joe Burkett agus ar chuir Liam Mac Uistín na focail leis i nDún Éideann. Tugadh an méid sin chun solais i gclár faisnéise spéisiúil a chraol TG4 ag an deireadh seachtaine agus babhta ceannais de chomórtas Eoraifíse na bliana seo ag teannadh linn Dé Sathairn. Le linn do Sandy bheith ag canadh i gcraobh na hEoraifíse, phléasc tine ealaíne go giorraisc sa lucht féachana mar agóid ó aondachtaithe, maítear, in éadan dhánaíocht na hÉireann amhrán Gaeilge a chur san iomaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta.
Lean Sandy léi ag ceol agus chríochnaigh an comórtas le 72 marc agus sa 15ú áit as 18 iomaitheoir. Mura bhfuair Sandy Jones an teachtaireacht ón ghiorraisc aondachtach nach raibh fáilte roimh an amhrán i nGaeilge, fuair RTÉ, an craoltóir náisiúnta, ar a bhfuil freagracht ag Aontas Craoltóireachta na hEorpa maidir le roghnú iontráil na tíre seo, go soiléir é. Níl amhrán i nGaeilge tágtha i ngiorracht scread asail do Chomórtas na hEoraifíse ó shin. Má bhí aon locht ar chlár TG4, níor thug sé aghaidh ar an gceist mhór a bhí agam. Cén fath nach bhfuil amhrán Gaeilge curtha san iomaíocht ó shin? Dá am agus don chomórtas seo, b’amhrán den scoth é ‘Ceol an Ghrá’. Cé nár bhuaigh sé, d’éirigh níos fearr leis ná mar a chruthaigh amhráin eile ón dtír seo le blianta beaga anuas. Ní bhfuair amhrán na hÉireann ach 25 pointe anuraidh agus le dhá nó thrí bhliain roimhe sin níor éirigh leis an iontráil Éireannach gabháil thar an babhta leathcheannais. Sheolamar turcaí nach raibh Gaeilge ná Béarla aige chuig an Eoraifís in 2008 leis an amhrán ‘Irelande Douze Pointe’ – n’fheadar an bhfuil sin cruinn ceart i dteanga ar bith!
Ní raibh iarracht Éireannach sa ‘Bharr 10’ ach dhá uair ó 1999 agus bhaineamar an áit dheireannach amach den gcéad uair in 2007. Is comórtas é an Eoraifís atá dírithe ar an amhrán is fearr san Eoraip a aithint – cé go mbíonn an sprioc sin dofheicthe go minic sa cheo draíochta ar an ardán ar an oíche mór. Is faoi RTÉ atá sé an comórtas a reáchtáil sa tír seo, cuireadh a thabhairt do scríbhneoirí amhrán liricí agus ceol cuí a chumadh, scagadh a dhéanamh ar na hiarratais agus gearrliosta d’amhráin a chur ós comhair na tíre don Chomórtas Náisiúnta. Bhí tráth ann go mbíodh seo ina oíche mhór ann féin ach anois níl ann ach mír ar an Late Late Show, teach fuar don Ghaeilge riamh.
I mbliana – agus le roinnt blianta anois – ní raibh amhrán Gaeilge le clos i mbabhta ceannais na hÉireann. I mbliana ba é an t-amhrán “Lipstick” a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad an cúpla gruaigeach, Jedward, a cheolann an t-amhrán ach b’iad Daniel Priddy, Lars Halvor Jensen agus Martin Michael Larsson, cumadóirí ceoil ón Danmhairg, a chum é. Tá na torthaí imithe an oiread sin chun donais go bhfuil ár gcraoltóir náisiúnta, ar a bhfuil dualgas reachtúil an Ghaeilge a chur chun cinn, anois ag déanamh aithrise ar Chumann Sacair na hÉireann agus a gcuid iarrachtaí imreoirí sacair le dúchas Éireannach a aimsiú chun imirt ar son na tíre. Ní léir go bhfuil fiú seanmháthair de bhunadh na tíre i ngéaga ginealaigh na gcumadóirí a chuir iarracht na bliana seo chun tosaigh. An t-amhrán deireannach i nGaeilge ar chuimhin liom é bheith san iomaíocht sa chomórtas náisiúnta, ba é ‘Bon Bon Carr’. Cé nach liric é a bhí thar mholadh beirte ó thaobh doimhneachta de, bhí bua éigin san fhonn a d’fhág mé á cheol faoi m’anáil agus in ainneoin chomhairle na n-aingeal. Tháinig ‘Bon Bon Carr’ agus amhráin ar nós ‘An Dreoilín’ chuig an gComórtas Naisiúnta via comórtas ‘Réalta’ RnaG, comórtas chun iontráil Ghaeilge a roghnú agus a bhí thar a bheith rathúil. Cuireadh deireadh leis in 2002/3, tráth go raibh an craoltóir ag iarraidh ciorruithe móra a chur i bhfeidhm. Cé go raibh rath ar RTÉ idir 2003 agus 2008, níor deineadh ‘Réalta’ a atbheochan. Mar sin, gan agó, chuir an craoltóir náisiúnta deireadh leis an Ghaeilge san Eoraifís.
Beidh go leor i measc phobal na Gaeilge a déarfaidh nach cailliúint é. Nílimse ina measc. Táimid ró-ardnósach, cuid againn. Ní fhéadfadh sé ach cuidiú le stádas na Gaeilge bheith ar ardán a mbeadh aird ag breis is 200 milliún duine air, fiú nach mbeadh i gceist ach seal gairid. Dhéanfadh sé níos mó i gcúpla nóiméad ar son stádas agus úsáid na teanga ná mar a dhéanfadh maidhm pháipéarachais, tuarascálacha oifigiúla agus foirmeacha dothuigthe agus dolíonta.
Nuair a bheidh Eoraifís na bliana seo curtha thar abhainn, pé toradh a bheidh ag Jedward ar ár son, ba cheart teagmháil a dhéanamh le RTÉ chun a chur in iúl go bhfuil sé thar am deis a thabhairt d’amhrán Gaeilge, an teanga oifigiúil eile, bheith páirteach ar ár son sa cheiliúradh cultúrtha Eorpach seo. Éistigí, éistigí, an gcloisfimíd arís é, ceol an ghrá?

Cad é bhúr mbarúil?

Sinn Féin: Tóraithe an Tuaiscirt

Sinn Féin - tóraithe an tuaiscirt


Tá feachtas toghcháin faoi sheol ó thuaidh i lathair na h-uaire cé go bhfuil sé osréalaíoch amach is amach, fiú ón áit seo, bheith ag faire air. Toisc go bhfuil comhrialtas idir na gceithre príomhpháirtí sainorduithe de réir dlí, níl i gceist ach athshuathadh na gcathaoireacha ar dheic an Titanic.

Mar sin féin tá na páirtithe éagsúla ag déanamh na rudaí a dheineann pairtithe ar ocáidí den tsort seo. Tá forograí toghcháin á éisiúint is a leithéid.

De réir forogra Shinn Féin, tá an pháirtí ag tairiscint ‘ceannasaíocht ar fud Éireann’ agus ag maíomh faoin méid ar bhain siad amach le linn an ceithre bhliain atá díreach caite.

SA RIALTAS

» Chuir muid acmhainní £20 milliún ar fáil
don chiste craoltóireachta Gaeilge, lena
n-áireofar tionscadail tógála caipitlíochta a
comhaontaíodh in Hillsborough i Mí Eanáir
2010.

Seo maíomh aisteach ó Shinn Féin. Bhí ciste craoltóireachta Ghaeilge ann nuair a tháinig an pháirtí i gcumhacht. Rinne SF cinneadh gan glacadh leis an Roinn Chultúrtha nuair a tugadh an rogha don pháirtí agus fuair an DUP é. Ní sin is measa – le linn d’airí éagsula an DUP bheith ag déanamh sceannairte ar pé ní a bhí bainte amach roimhe sin tre brú leanúnach ó Ghaeil an tuaiscirt, bhí Sinn Féin ag suí ar a lámha. I measc na rudaí ar thit faoi thua an DUP, comhphairtí SF san Fheidhmeannas, bhí an chiste craoltóireachta Ghaeilge. Tugadh seo chun solais i Lá Nua ag an am agus mar gheall ar an bhfeachtas a thionscnaigh an nuachtán agus an gleo a rinne na Gaeilgeoirí, bhí ar SF gníomhú. I mBealtaine 2008, mar gheall ar ‘eigeandáil’ ag Stormont, mar gheall ar eirí as Ian Paisley, d’eirigh le SF ciste £20m a fháil don Ghaeilge, £4m in aghaidh na bliana ar feadh trí bhliain agus £8m do Chiste Infhéistíochta na Gaeilge.

Deirtear go minic mar chosaint ar chinneadh SF gan glacadh leis an Roinn Cultúr, go mbeadh an Roinn Oideachais caillte acu. Bíodh is gur bréag follasach é seo, fiú go raibh an Roinn Oideachais ag SF, is léir ná raibh an cothromas nó an Ghaeilge ar bharr liosta tosaíochtaí an pháirtí faoi mar atá maíte anseo:

» Cinntiú go bhfuil an córas oideachais
bunaithe ar an dá aidhm ar fheabhas
agus ar chomhionannas, agus aghaidh a
thabhairt ar neamhionannais struchtúrtha
cibé áit a mairfidh siad.
» Caighdeáin a ardú agus cinntiú go dtugtar
an seans céanna do gach leanbh inár
gcóras
» Gaeloideachas a chur chun cinn agus a
éascú

Ní gá a lua ach an chás chúirte atá ar siúl faoi láthair idir Choláiste Feirste agus an Roinn OIdeachais mar gheall ar chinneadh an Aire gan tacú le daltaí ar mhaith leo freastal ar an gcoláiste ard chaighdeán seo. Bréagnaíonn sé sin gach rud a deir SF faoin nGaeilge, faoin oideachas agus faoi chothromas i gclár toghcháin an pháirtí.

Le linn do dhliodóirí an Aire bheith ag argóint sa chúirt, tá sé ráite acu nach bhfuil i gComhaontú Aoine an Chéasta ach ‘aspirational document’. Mar sin de, ní gá cloí leis ar chorr ar bith. Ní gá ach obair ina threo. Ní gá duit bheith id saineolaí pholatúil chun a thuiscint gur seo rud a théann go díreach i gcoinne an méid a votáil an phobal, thuaidh is theas, ar a shon i 1998.

An rud is mó a léiríonn an clár toghcháin seo, nuair a ghlactar leis i bpáirt leis an méid atá déanta/raite ag SF le ceithre bhliain anuas, go bhfuil an pháirtí díreach chomh mí-eifeachtach agus chomh féin-sásta i gcumhacht is atá gach páirtí eile. Is é an príomh obair atá acu ná cumhacht a choimeád – a la Fianna Fáil ó dheas nó na Tóraithe sa Bhreatain Mhór – seachas leas an phobail.

Is maith liom Fianna Fáil LIte a thabhairt ar an pháirtí. Níl morán idir SF agus FF – seachas am. B’fhéidir nach fada go mbeidh SF níos cosúila le na Tóraithe sa Bhreatain Mhór, iad chomh fonnmhar céanna ag cur giorruithe i réim ach ag maíomh go poiblí gur a mhalairt atá á dhéanamh acu.

Agus seo iad na cinnlínte…

Agus seo iad na cínnlínte...

Tar éis dom ghearán le déanaí go raibh cinnlínte i nGaeilge ar shuíomh nua TG4, ba cheart dom cothrom na féinne a thabhairt don chraoltóir agus a chur in iúl go bhfuil cinnlínte i nGaeilge ann anois.

Níl na cinnlínte ag ceangal le h-aon scéalta nuachta – roimhe seo bhí ceangal le suíomh an Irish Times. Ní doigh liom go bhfuil an nuachtán sin chun scéalta nuachta a aistriú go Gaeilge anois nó go luath.

Mar sin féin is fearr an leath-bhulóg gan aon arán in aon chorr. Creidim féin go bhfuil sé suas do RTÉ, an t-aon solathróir nuachta san earnáil phoiblí, cúram a dhéanamh den ghnó seo.

Gan a thuilleadh moille.

Gaelscéal bliain d’aois inniu….bhúr mbarúil


Is cosúil gur cheart go mbeadh ceiliúradh éigean á dhéanamh ag muintir Gaelscéal inniu ós rud é go bhfuil an fhoilseachán ar an margadh anois le bliain.

Léigh mé am lón é agus, bhuel, nílim cinnte an bhfuil aon dul chun cínn súntasach déanta ag foireann an nuachtáin. Má tá rud ar bith fíor, is é mo bharúil gur ag dul ar gcúl atá sé, le scéalta nuachta an lae inné á athínsint i nGaeilge ar an bpríomh leathnach agus béim thar a bheith paróistiúil is cúng ar chúrsaí ‘Gaeilge’. Ní h-é nach bhfuil scéalta ‘Gaeilge’ tabhachtach iontu féin ach is féidir dul thar fóir – agus bhí trí scéal ar an bpríomh leathnach ar maidin le ‘Gaeilge’ sa cheannteideal.

Bainim taithneamh i gcónaí as altanna Eoghain Uí Néill, fiú nach n-aontaím leo, agus altanna ó Thomás Mhic Síomóin. Ag an am chéanna tá réimse an chúng trachtaireachta sa nuachtán agus is easnamh mhór é sin.

An tseachtain seo, den dara seachtain as a cheile, tá agallamh le mór phearsa ó Shinn Féin sa nuachtán. An tseachtain seo chaite b’é Martin Ferris a bhí ann, an tseachtain seo is í Caitríona Ruane atá i gceist. An bhfuil sé i gceist gach polaiteoir ó Shinn Féin a chur faoi agallamh i nGaelscéal? Arbh é sin coinnioll sa chonradh ar shínigh Gaelscéal le lucht an Fhorais – ceathrar SF ar bhórd an Fhorais.

Nuair a bhí Lá agus sean Foinse á fhoilsiú is cinnte go rabhmar araon ar chuar foghlamtha. Bhí go leor botúin ann is nior baineadh go leor spriocanna amach. Ag an am chéanna bhí dul chun cínn á dhéanamh.

An bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Gaelscéal? Cé mhéid cóip in aghaidh na seachtaine atá á dhíol ag an nuachtán? An bhfuil brabhús á dhéanamh? An bhfuil na maoinitheoirí den tuairim gur dul chun cinn é seo ón bpointe ag a raibh Lá Nua agus sean Foinse nuair a tháinig deireadh leo?

Cad é bhúr mbarúil?

Rialtas gan freasúra

Tá an aimsir go h-álainn faoi láthair. Bhuaigh foireann rugbaí na hÉireann ar Shasana ag an deireadh seachtaine, bua a tháinig sna sála ar bhua Éireannach eile ar Shasana i gcruicéad. Tá Banríon Shasana agus Uachtarán SAM ag teacht go h-Éireann go luath. Bí ag caint ar mhí na meala do Enda Kenny. Is cinnte go bhfuil gaoth ina sheol ó toghadh ina thaoieach é agus tá árdú meanman le sonrú ar fuaid na tíre.

Bhí gach rud go brea go dtí gur foilsíodh gan coinne Tuairisc Mhoriarty an tseachtain seo. Ní h-é go raibh easpa eolais faoin mhéid a bhí le rá sa tuairisc sin. Is cinnte go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Rialtas seo mar gheall ar an méid atá scríte sa tuairisc sin. Tá ceisteanna le freagairt ag Michael Lowry faoin gcleasaíocht a bhí ar bun aige agus é ina Aire, cleasaíocht a thug cabhair suntasach do Denis O’Brien an conradh a bhuachaint don bhfón póca. Mar gheall ar an gconradh sin, is é Denis O’Brien duine des na daoine is saibhre sa tír anois. Is leis nuachtáin agus staisiún raidió. Is deoraí cánach é anuas ar sin. Dar leis an dtuairisc, fuair Michael Lowry airgead agus iasacht airgid ó Denis O’Brien agus ceanglaítear an t-airgead leis an gcúnamh a thug Lowry do O’Brien. Ag an am go raibh seo go léir ag titim amach, bhí cúigear atá anois sa Rialtas seo ag suí timpeall an bhoird ag an gComhaireacht le Lowry. Cheapfá gurb é seo buille an bháis don Rialtas seo.

Fiú is gur dúradh sa tuairisc ná raibh aon mileán le cur ar an gComhaireacht sin, táimíd ag caint faoi 1995/6 ar eagla na mí thuisceana, mar gheall ar iarrachtaí Lowry eolas cuí a chur faoi cheilt óna chomhleacaithe Rialtais, tá ceisteanna le freagairt ag an Rialtas faoin deontas $50,000 a fuarthas ó mhathair chomhlacht ESAT, Telenor, seic nár athraíodh go h-airgead riamh agus ar tugadh ar ais.

Na ceisteanna go léir sin san áireamh, na h-amhrais a chothaíonn siad chun tosaigh inár n-inchinn, ní baol do Enda Kenny agus a Rialtas. Ar ndóigh tá móramh ollmhór aige ach fiú mura raibh, tá an freasúra chomh lag is gan brí nach féidir leis ach iad a shárú.

Ba bheag an béim a leag ceannaire FF, Mícheál Martin, ar eachtraíocht Michael Lowry. Conas a bhféadfadh sé nó ná raibh an Rialtas a raibh sé mar chuid de ar feadh ceithre bhliain deag ag brath ar vóta Michael Lowry ar feadh cuid mhór den tréimhse sin? Ní fheadar an raibh aon tairbhe a bheith ag cur ceisteanna ach an oiread faoin deontas ó Telenor? Mar a dúirt Enda Kenny, cén fath go mbeadh siad buartha faoi seic nár cuireadh sa bhanc nuair a raibh ceannaire FF ag glacadh le ‘whiparounds’ ag béilí?

D’iompaigh an cheistiú go seó grinn nuair a sheas Gerry Adams ar a dhá chos. Thosnaigh seisean ag cur ceisteanna faoi ‘níocháin airgid’ agus bhris lucht FG amach ag gairí. Agus iad ag scairteadh le gairí, ní fhéadfaí ach na focail ‘Northern Bank’ a chlos ós cionn torann an ghrinn. Creidim gur botún tubaisteach é ag SF Gerry Adams a chur ó dheas – b’fhearr i bhfad dá dtoghfaidís duine gan bagaiste Adams ina cheannaire. Is cuma liom, áfach, nó nílim ag iarraidh go dtiocfadh feabhas ar SF agus go mbeadh an pháirtí níos éifeachtaí. A mhalairt glan atá uaim. Is ailse i gcóras pholatúil na tíre é SF anois.

Nuair atá freasúra chomh lag agus chomh smálaithe le SF/FF againn, cé a chuirfidh na ceisteanna ar an Rialtas? Cé a chinnteoidh go ndéanfaidh an Rialtas beart de réir briathar?

Mar a dúirt fealsúnaí trath, ní h-amháin go bhfuil an t-adh le Enda Kenny go bhfuil móramh laidir ar a shon sa Dáil, is mó arís go bhfuil sé beannaithe mar gheall ar a namhaid a bheith mí-oiriúnach.

Cic eile arís don Ghaeilge ó Shinn Féin

Aire OIdeachais na Sé Contae, Caitríona Ruane


In agallamh don Belfast Telegraph, seo mar a labhair Aire OIdeachais an Tuaiscirt, Caitríona Ruane, faoi chúrsaí teanga:

Ms Ruane also indicated that she would like to remain as Education Minister after the May election and set out some of her priorities in a new Assembly term.

She said: “I would like to see the option to learn Irish. I do think we are moving to a situation in our society where more young people from the Protestant community will be learning Irish.”

Some controlled schools, which mainly serve the Protestant community, already offer Irish as part of the curriculum.

She continued: “Obviously I would like our system harmonised across the island because I think there are benefits for us and we should remove all obstacles through mobility.

“Leaving Certificate pupils in the Republic study six core subjects for two years but have the option to take up to eight, with six counting towards university entrance.

“Junior Cert and GCSE are very similar, post Junior Cert and post GCSE we have big differences. When you start your Leaving Cert cycle this is where I think the Southern system is better than the system here in the North.”

Is é seo an cineál cainte a chinnteoidh go mbeidh treimhse dorcha i ndán don Ghaeilge san chéad fheidhmeannas eile. Ós rud é nach mbeidh na hAondachtaithe ábalta, go h-éasca, oidhreacht Ruane maidir leis an 11+ a chur ó mhaith, íonsóidh siad an teanga go fiochmhar.

Beidh SF go breá sásta le seo mar beidh siad ábalta an sean cluiche a imirt arís eile, iad ag maíomh go bhfuil na hAondachtaithe ag tromaíocht ar an nGaeilge.

Cuireann sé i gcuimhne dhom ar an gcluiche cartaí a imrím le mo mhac Art – Go Fish. Mura mbionn fagtha agat ach carta de short amháin, bionn ar an bhfear eile leanúint air ag filleadh ar an líon go dtí go lorgaíonn sé sin an carta céanna leat. Is cineál fáinne fí é. Bionn ar duine éigean briseadh amach ón bhfáinne chun an chluiche a bhrú ar aghaidh go deireadh.

Is cinnte gur rinne Caitríona Ruane rud maith agus deireadh a chur leis an 11+ gí gur fhag an bealach a rinne sí é droch bhlas i mbéal gach duine. Is blár catha anois an earnáil oideachais agus is cinnte gur peil pholatúil í an Ghaeilge atá ciceáil fiochmhar i ndán di sa tréimhse amach romhainn.

Ní h-é nár thug SF – via Caitriona Ruane – ciceáil don teanga lena linn. Ní gá ach féachaint ar an gcúis atá á chur ag Coláiste Feirste in éadan na Roinne mar gheall ar an ndiultú don iarratas ó roinnt dhaltaí ó Ard Mhic Neascadh córas iompair go dtí Coláiste Feirste a chur ar fáil.

Nuair a thugann tú faoi ndeara an méid a deir an Aire faoin Ard Teist, agus í ag maíomh gur mhaith lei é a bheith ó thuaidh mar go bhfuil sé níos fearr, dar lei, ná córas an A Libhéal, tuigeann tú go bhfuil rud éigean ar iarraidh. Tá an Ard Teist ina scrúdú gan tairbhe fabhtach clochaoiseach nach bhfuil oiriúnach don 21ú Aois.

Is mór an tura go bhfuil Sinn Féin ag féachaint ar cheisteanna den tsort seo trí gloiní glasa agus gan iad ag déanamh anailíse ar an ábhar mar is ceart, ón mbunphrionsabal. Cad é an bealach is fearr chun oideachas a roinnt lenár bpáistí?

Tá siad chomh h-olc leis na PDs – nach maireann – agus an dearcadh siocaithe ar cheisteanna na n-oisbidéal is araile.

Beidh toghchán tionóil ann i mbliana agus má tá aon meas ag SF ar an nGaeilge beidh orthu a chinntiú nach bhfaigheann an DUP nó UUP an Aireacht OIdeachais, le cinntiú nach scaoiltear duine éigean ar nós Nelson ‘Flat Earth’ McCausland isteach sa Roinn chun tuilleadh scriosa a dheanamh ar an dteanga.

Agus beidh orthu tabhairt faoi cur chuige nua faoin oideachas, cur chuige radacach a ligfidh do gach éinne teacht ar bhórd, cur chuige atá ar leas an oideachas is fearr a chur ar fáil do pháistí an tuaiscirt.

Caol seans go dtarlóidh sin, ceapaim.

Sean nós ar an John Murray Show

Níor chuala mé seo beo cé gur ghnach liom bheith ag obair le leathchluas agam leis an John Murray Show ach chonaic mé go raibh sé ar fáil ar Youtube. Tamall ó shin agus mé sínte sa leaba le fliú, chuala mé John Murray ag cur agallamh ar bhean faoi chúrsaí Opera agus bhí sraith ann d’agallaimh ag iarraidh bun nithe Opera a mhúineadh do dhaoine. Bhí sé an spéisiúil – agus sheol mé ‘tweet’ chuige dá réir agus ag moladh go ndéanfadh sé amhlaidh leis an sean nós. D’fhreagair sé go ndéanfadh sé amhlaidh – agus seo toradh ar sin…..

Jimmy, mo mhíle stór

Jimmy Deenihan - Aire nua Ghnóthaí Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá an-athas orm go bhfuil sean-chara liom, Jimmy Deenihan, ceaptha ina Aire ar an Ealaíon, an Oidhreacht agus ar Ghnóthaí Gaeltachta. Fear stuama é Jimmy ar chuir mé aithne air le linn dom bheith im thuairisceoir i gCiarraí Thuaidh beagnach scór bliain ó shin.

Tá sé súntasach freisin go mbeidh an Ghaeltacht ag Bórd na Comhaireachta.

Ní mar sin a cheapfá agus sinn ag léamh na luaidreán aréir. Ní fios an raibh athrú poirt ann – cheapfá go gcaithfidh gur amhlaidh a thit amach ón méid a bhí le rá ag Ronán Ó Domhnaill ar Nuacht TG4 – nó arbh é seo an plean i rith an ama.

Pé rud é, tá fear nua I nDún Aimhirgin. Gach rath air!

Deireadh na Roinne?

Má tá an Ghaeilge slán mar ábhar riachtanach Ard Teiste – agus is ‘má’ de chineál éigean an méid sin – is cosúil go bhfuil ísliú céime i ndán di agus don Ghaeltacht sa Chomhaireacht.

de réir na luaidreáin atá san aer anocht, níl aon chinnteacht ann go mbeidh Aire Shinsearach le cúram na Gaeilge aige nó aici sa Rialtas nua. Tá ainm Dinny Mac Fhionnghaile á lua mar Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus is cinnte, má cheaptar é, go mbeidh duine maith i mbun an chúraim.

Ach tá daoine nach nglacfaidh leis an ísliú stadais seo don teanga – is cineál mantra é le blianta fada gur cheart go mbeadh Aire Gaeltachta ag bórd na Comhaireachta.

Nílim cinnte gur chuidigh an ‘stadas’ seo leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht riamh – bímíd ró bhuartha uaireannta faoi stadas

Creidim, áfach, gur botún é gan an Ghaeilge/An Ghaeltacht bheith ag Bord an Rialtais mar gheall go gcreidim gur féidir go mbeadh an teanga mar chuid den réiteach ar fhadhbanna na tíre. Creidim go bhfuil poiteansal sa Ghaeilge agus sa chultúr chun sinn a fhuascailt ón mharbhfhaisc atá ar an bpobal le cúpla bliain anois.

Dar liom go raibh an Roinn, mar atá, ag treabhadh sna goirt mícheart le tamall anuas – Acht na dTeangacha Oifigiúla, An Rannóg Aistriúcháin nua agus an Chomhairliúcháin faoin Chaighdeán – gan trácht ar an útamáil fhadalach leis an Straitéis 20 Bliain – ní raibh siad san, níl siad san ag iompar an teanga is an Ghaeltacht, sa chiall is leithne den téarma, go dtí an spás inar cheart di bheith.

Dá mbeadh Roinn ann a leireodh don phobal mhór, is don Rialtas, go raibh an Ghaeilge lárnach san phroiseas chun athbheochan chultúrtha a chur ar bun sa tír, ní doigh liom go mbeadh faobhar á chur ar an tua chun í a dhícheannú anois. In áit sin tá an Roinn tar éis bheith ag baint airgid ó Údarás na Gaeltachta le blianta fada ar mhaithe le cad é, níl a fhios agam.

Má tá éinne le lochtú as an ísliú céime seo, is é an iar Aire Éamon Ó Cuív an t-é sin. Eisean a raibh ina Aire nuair a rinne Colm McCarthy an mholadh fáil reidh leis an Roinn agus é i mbun Bórd Snip Nua agus níl sa bheartas seo ach an tuairisc sin á chur i bhfeidhm. Dá mba rud é go raibh an Roinn lárnach in iarracht chun athbheochan chultúrtha a thiomsú, ní bheadh sé tar éis an moladh a dhéanamh. Is amhlaidh nach raibh an Roinn lárnach i saol an phobail. In áit sin bhí an iar Aire sáite i gcoimhlintí gan brí (An Daingean/Dingle) agus é báite go dtí a dhá chluas i maorláthas mire a spreag sé féin.

Beidh íontas orm má bhionn an maorláthas breise a bhí á moladh sa Straitéis 20 Bliain – go leathnófaí cúramaí Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge, cúram Fhoras na Gaeilge, a chuimsiú. B’é an oidhreacht a d’fhag Ó Cuív, An Aire Gaeltachta is Measa Riamh dar liom, ná spaghetti junction de mhaorláthas. An chúram a bheidh ar an Aire nua, bíodh sé ina Aire Shínsearach nó ina Aire Shoisireach, an maorláthas sin atá ag tachtadh na teanga a chur ar cheal, an teanga a shaoradh.

Mar a dúirt Ó Riordáin:
Níl laistigh d’aon daoirse ach saoirse ón daoirse sin…