Roinn an Chultúir ag Sinn Féin

Is cosúil go bhfuil Roinn an Chultúir, Ealaíon agus Foilliochta roghnaithe ag Sinn Féin San Fheidhmeannas ó thuaidh. Ní ainmneofar na hAirí go dtí Dé Luain.
Ós rud é go raibh mé glórach ag cáineadh SF roimhe seo nuair a lig siad le buachaillí chúinne an DUP, Edwin Poots, Gregory Campbell agus Nelson McCausland faoi sheach an Aireacht le cúram na Gaeilge a ghlacadh (agus a scrios!), táim chun rud éigean a rá faoin gcinneadh seo.
Deascéal a bheadh tugtha agam air roimhe seo – ach ní anois.
Tá sé ró dhéanach. Tá an dochar déanta. Tá an Ghaeilge anois ceangailte leis an Ultais mar a bheadh cúpla ó Shiam. Liacht pholatúil de ard scil atá ag teastáil chun iad a scarúint agus an teanga a thabhairt slán. I bhfianaise a léirigh SF faoi chás daltaí Choláiste Feirste I gContae an
Dhúin, tá mé go mór in amhras go bhfuil an cumas – nó an toil – iontu beartú dá réir.

5 thuairim ar “Roinn an Chultúir ag Sinn Féin

  1. Concubhar

    Beidh sin ag Sinn Féin freisin, rud a thugann an bréag do mhaíomh ag roinnt I 2007 go mbeadh an Ghaeloideachas thíos leis dá roghnódh SF Cultúr.

    Freagra
  2. séamus mac seáin B'Feirste

    a bhuí le Dia a Choncubhair go bhfuil abhar éigin ann a dtig liom easaontú leat mar gheall air. Ainneoin a bhfuil ráite agamsa mar gheall ar an éagóir a rinneadh ar Pháistí Coláiste Feirste (agus dúirt mé go leor) cuirim fáilte roimhe SF a bheith i mbun Oideachais arís nó ainneoin cás Choláiste Feirste rinne siad go leor ar son na hearnála le cúig bliana anuas agus bhéinn ag súil go leanfaidh siad ag déanamh sin feasta. D’fhéadfadh tionchur an mhór a bheith ag an trí Aireacht atá roghnaithe acu ar chúrsaí Gaeilge Thuaidh agus Theas sna cúig bliana atá romhainn ach lucht na Gaeilge eagar a chur orthu féin agus éilimh chéillí shiosmaideacha a chur ina láthair agus gan sin a bheith ag brath an iomarca ar “Mhaorlathas na Gaeilge” le déanamh ar ár son. Tá Oideachas,Cultúr agus Timpéalacht ar na rannógaí is tabhachtaí b’fhéidir sa Rialtas ó thaobh na Gaeilge de a fhad agus néilíonn muid beart cinnte praictícálta a bheith déanta agus nach gcromann muid de bharraíocht ar an siombálachas amháin. Ní “aitheantas” mar Ghaeil amháin atá ag teastáil uainn sa stát ina mhaireann muid ach cuid dár gcuid airgid féin a fháil arais le caitheamh ar na rudaí ar an talamh a dhéanann pobal ar leith dínn. Thig le daoine a liosta féin a dhéanamh de na riachtanais atá againn mar phobal agus iad a chur chun tosaigh nó is dócha go mbeidh cluas le héisteach againn ar feadh tamaill ar scor ar bith..

    Freagra
  3. séamus mac seáin B'Feirste

    Luaigh mé an Timpeallacht mar Aireacht atá tabhacht ach níor luaigh mé gur ag an SDLP atá sé sin. Mar sin tá an trí rannóg sin ag Naisiúntóirí/ Poblachtóirí agus ar a laghad beidh tuigbheáil éigin acu ar chúrsaí Gaeilge. Dar ndóigh tá cuid mhór ag brath ar na hAirí iad féin ag á néifeacht

    Freagra
  4. Lúcás Ó Callanáin

    D’aontóinn go hiomlán le Seámus. Sílim go bhfuil sé rud ana dhearfach gan dabht. Mar a dúradh, tá trí rannóg ríthabhachtach ó thaobh na teanga ag Náisiúnaithe anois. Sin rud nach féidir le gaeilgeoir ar bith sna sé contae a bheith míshásta leis! Is féidir le muintir na Gaeilge ó thuaidh brú a chur ar na hÁirí áirithe anois. Dearfainn go bhfuil gach seans go mbeidh an Aireacht Cultúir ag Barra Mac Giolla Dhuibh ach ní bheadh fhios a’d faoi oideachas. Ach a Choncubhar, cé nach shíleann tú go bhfuil seasamh láidir ag SF maidir leis an nGaeilge san fheidhmeannas, nach n’aontófá go raibh sé seo an toradh is fearr do phobal na Gaeilge?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s