Cartlanna Clibe: Bórd Snip Nua

Deireadh na Roinne?

Má tá an Ghaeilge slán mar ábhar riachtanach Ard Teiste – agus is ‘má’ de chineál éigean an méid sin – is cosúil go bhfuil ísliú céime i ndán di agus don Ghaeltacht sa Chomhaireacht.

de réir na luaidreáin atá san aer anocht, níl aon chinnteacht ann go mbeidh Aire Shinsearach le cúram na Gaeilge aige nó aici sa Rialtas nua. Tá ainm Dinny Mac Fhionnghaile á lua mar Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus is cinnte, má cheaptar é, go mbeidh duine maith i mbun an chúraim.

Ach tá daoine nach nglacfaidh leis an ísliú stadais seo don teanga – is cineál mantra é le blianta fada gur cheart go mbeadh Aire Gaeltachta ag bórd na Comhaireachta.

Nílim cinnte gur chuidigh an ‘stadas’ seo leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht riamh – bímíd ró bhuartha uaireannta faoi stadas

Creidim, áfach, gur botún é gan an Ghaeilge/An Ghaeltacht bheith ag Bord an Rialtais mar gheall go gcreidim gur féidir go mbeadh an teanga mar chuid den réiteach ar fhadhbanna na tíre. Creidim go bhfuil poiteansal sa Ghaeilge agus sa chultúr chun sinn a fhuascailt ón mharbhfhaisc atá ar an bpobal le cúpla bliain anois.

Dar liom go raibh an Roinn, mar atá, ag treabhadh sna goirt mícheart le tamall anuas – Acht na dTeangacha Oifigiúla, An Rannóg Aistriúcháin nua agus an Chomhairliúcháin faoin Chaighdeán – gan trácht ar an útamáil fhadalach leis an Straitéis 20 Bliain – ní raibh siad san, níl siad san ag iompar an teanga is an Ghaeltacht, sa chiall is leithne den téarma, go dtí an spás inar cheart di bheith.

Dá mbeadh Roinn ann a leireodh don phobal mhór, is don Rialtas, go raibh an Ghaeilge lárnach san phroiseas chun athbheochan chultúrtha a chur ar bun sa tír, ní doigh liom go mbeadh faobhar á chur ar an tua chun í a dhícheannú anois. In áit sin tá an Roinn tar éis bheith ag baint airgid ó Údarás na Gaeltachta le blianta fada ar mhaithe le cad é, níl a fhios agam.

Má tá éinne le lochtú as an ísliú céime seo, is é an iar Aire Éamon Ó Cuív an t-é sin. Eisean a raibh ina Aire nuair a rinne Colm McCarthy an mholadh fáil reidh leis an Roinn agus é i mbun Bórd Snip Nua agus níl sa bheartas seo ach an tuairisc sin á chur i bhfeidhm. Dá mba rud é go raibh an Roinn lárnach in iarracht chun athbheochan chultúrtha a thiomsú, ní bheadh sé tar éis an moladh a dhéanamh. Is amhlaidh nach raibh an Roinn lárnach i saol an phobail. In áit sin bhí an iar Aire sáite i gcoimhlintí gan brí (An Daingean/Dingle) agus é báite go dtí a dhá chluas i maorláthas mire a spreag sé féin.

Beidh íontas orm má bhionn an maorláthas breise a bhí á moladh sa Straitéis 20 Bliain – go leathnófaí cúramaí Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge, cúram Fhoras na Gaeilge, a chuimsiú. B’é an oidhreacht a d’fhag Ó Cuív, An Aire Gaeltachta is Measa Riamh dar liom, ná spaghetti junction de mhaorláthas. An chúram a bheidh ar an Aire nua, bíodh sé ina Aire Shínsearach nó ina Aire Shoisireach, an maorláthas sin atá ag tachtadh na teanga a chur ar cheal, an teanga a shaoradh.

Mar a dúirt Ó Riordáin:
Níl laistigh d’aon daoirse ach saoirse ón daoirse sin…

An ghaoth fhuar ó Shráid Teamhair

Dé Luain seo chaite bhí eagarfhocal san Irish Times ar an gconspóid faoi Willie O’Dea – agus roimh dheireadh na seachtaine, bhí an Teachta Dála imithe go dtí na cúlbhínsí.    Thit sé ar a chlaíomh, is cosúil, tar éis do an bhriathar chath a bhuachaint sa Dáil oiche Dé Chéadaoin.

Ar maidin inniu tá eagarfhocal san Irish Times ina bhfuil an méid seo ráite ag Bean Uasal Sraid Tara agus í ag caint ar an riachtanas atá ann go ndéanfaí athshuathadh ar an gComhaireacht, amhail is go bhfuil flúirse talainne ar chúl bhínsí an Rialtais a thabharfadh slán sinn ón sainn inar chuir an Rialtas sin ann sinn:

Colm McCarthy indicated a way forward in last year’s “Bord Snip” report. He recommended abolishing the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs and a critical examination of the Department of Arts, Sports and Tourism. He also cast a cold eye on the Department of Enterprise, Trade and Employment which is responsible for 14 non-commercial State agencies and more than 4,000 staff. Splitting the latter department’s functions while reallocating and merging other Cabinet responsibilities could provide more effective government. At the very least, it would get rid of dead wood.

Dar leis an eagarfhocal, tá airí sa Rialtas nach bhfuil ag cothú muiníne an phobail.

Mr O’Dea’s departure provides the Taoiseach with the opportunity for a fresh political start. The Government needs a thorough shake-up and filling a single vacancy at the Department of Defence will not serve that purpose. After 13 years in office, some ministers lack ideas and have become stale, detached and complacent. Others are simply out of their depth and should be replaced.

Tá sé soiléir cé ar mhaith leis an Irish Times go dtabharfaí bata agus bóthar dóibh – An Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, an Aire Ealaíon, Sport agus Turasóireachta, Martin Cullen, agus an Aire Fiontraíochta agus Trádala, Mary Coughlan.

Tá folúntas le líonadh ag an dTaoiseach, nó is é féin an Aire Cosanta faoi láthair, ar bhonn sealadach nó, níos fearr b’fhéidir ar eagla na míthuisceana, eatramhach.    Ach an bhfuil sé in  am do athshuathadh níos iomláine a dhéanamh agus an deis seo a thapú anois?

Ni dócha go gcuirfí Brian Lenihan san áíreamh sa reicneáil sin ach, ar maidin inniu, chaill sciaranna Banc na hÉireann suas le 11% dá luach.  Le linn na deireadh seachtaine, fuair Rialtas na hÉireann luach €250m de sciaranna an bhainc sin in áit díbhinn airgid.   Mar sin, roimh tosnú ar obair ar maidin,  roimh bhricfeasta go deimhin, bhí breis is €27m caillte againn.  Bhí an Aire Airgeadais ar an Raidió ar maidin ag cosaint an chinnidh glacadh leis na sciaranna seachas an airgead.  Is cosúil gur riail Eorpach atá i gceist – nach féidir leis an Banc  a fuair tacaíocht ón Stát airgead a thabhairt in áit dibhinn.   Dar le Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Patrick Honohan, is gné míshlachtmhar de phroiseas NAMA é seo.  ‘Mí-shlachtmhar’ isea cur síos carthannach ar an gceist.

Táim féin ‘míshlachtmhar’ – ach níor chaill mé riamh €27m roimh bhricfeasta!  Nó, go deimhin, ag am ar bith.

An fath go bhfuilim ag lua an sampla seo chun a chur in iúl go bhfuil easpa talainne i measc ár gcinnirí.  Sin rud atá’s againn go maith. Nach sinne a thoghann iad!   Ag an am chéanna, ní raibh an easpa seo riamh chomh follasach is atá sé anois.   I gcead do Theachtaí Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais, nó aon pháirtí go deimhin, ní fheictear dom go bhfuil na daoine is fearr againn chun tabhairt faoin obair atá riachtanach.

Ceist ar fiú a chur:  An scil ann féin an pholataíocht?  An mbeadh sé éasca a leithéid a mhúineadh d’eacnamaí nó do shaineolaí oideachais nó do chomhairleoir leighis?   Nó do phleanálaí teanga?    Seachas polaiteoirí a cheapadh ina Airí ar réimsí tabhachtacha na tíre, an fiú dúinn féachaint ar an sampla Meirceánach agus daoine a cheapadh ina Airí atá sainscil acu sna réimsí oibre ina bhfuil taithí agus saineolas acu?  Ní gá go ndeanfaí thú a dhíchailliú de bharr gur polaiteoir thú. Ach tá gá le modh oibre nua, dar liom.  Níl an chóras ag obair mar atá sé.

An rud atá gá leis anois féachaint go fuarchúiseach ar na dúshláin atá romhainn agus an fhoireann is fearr gur féidir linn chun tabhairt faoi na dúshláin sin a sharú.   Níor cheart go mbeadh srian orainn an fhoireann is fearr a roghnú ó 166 TD – ba cheart go mbeadh pobal na hÉireann ar fuaid an domhain ábalta cur isteach ar an bpost.   Nílim chomh cinnte faoi na ‘Giovanni Trapattonis’ nó na “Jack Charltons’  – is é sin eachtrannaigh a roghnú chun tabhairt faoin obair seo – ní h-é mar gheall ar chúrsaí chine nó rud ar bith mar sin.  Nior mhaith liom daoine a roghnú chun teacht i dtarrtháil orainn agus ná beadh spéis ag an duine sin ach i dtuarastal agus aguisín deas don CV.

Rialtas na dtalannaí atá uainn, seachas rialtas na bpolaiteoirí.     Is uirlis nó scil breise an pholataíocht – ach tá gá go mbeadh níos mó ná sin le tairiscint ag an dream ar a mbronnfaimís an chumhacht.

An vóta agus na ceachtanna atá le foghlaim

Tá an reifreann ar son Chonradh Liospóin buaite – nó caillte – ag brath ar do dhearcadh.   Agus is é an toradh amháin cinnte ar an vóta seo: ní bheidh aon vóta eile in Éirinn ar reifreann a bhaineann le ceist faoin Aontas Eorpach.

B’fhéidir nach bhfuil sin fíor, fiú.  Nó má chuireann Poblacht na Seice moill ar an dearbhú go dtí go mbeidh olltoghchán sa Bhreatain.  Má tharlaíonn sin, beidh reifreann sa tír sin  – nó sin atá geallta ag David Cameron, ceannaire na gCaomhach atá chun tosaigh sa choimhlint pholatúil sin faoi láthair, agus má théann an Bhreatain in éadan an Chonartha, bhuel beidh sé deacair a fheiscint an leanfaidh an Aontas le tionscnamh Liospóin.  Murab ionann agus an tír seo, tugann an Bhreatain níos mó airgid don Aontas ná mar a fhaigheann si.

Má tá aon solás le baint ón toradh seo, go bhfuair lucht an UKIP agus a gcomhthaistealaithe, Sinn Féin, freagra diultach.

Gan amhras, chaitheas féin mo vóta in éadan an Chonartha.  Thar aon ní eile, ní raibh mé sásta go mbeadh an dara vóta ar an gConradh céanna tar éis go raibh vóta chomh cinniúnach ann anuraidh.

Ritheann sé liom nach mbeadh rialtas Fhianna Fáil – agus a leath bhadóirí sa Chomhaontas Glas – chomh tapaidh ag tabhairt an dara seans don phobal le h-Olltoghchán, fiú is gur léir go bhfuil bá an phobail caillte go h-iomlán acu thar mar a bhí acu dhá bhliain ó shin nuair a bhí an Olltoghchán ann go deireannach.

Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón reifreann seo.  Is féidir eagla a chur ar an dtoghlach le bagairtí agus le h-imeaglú – agus b’shin an rud a dhein lucht ‘Tá’ leis an gcaint a bhí acu go ndeinfí immeallú orainn dá dtabharfaimís an dara ‘Níl’ do Liospóin.  Ní raibh lucht ‘Níl’ thar moladh beirte lena gcaint faoi ginmhilleadh agus conscríobh ach an oiread.

Ceacht cinnte atá le foghlaim ag pobal na Gaeilge gur féidir le grúpaí nach pairtithe polatúla tionchar a bheith acu.  Bhunaigh leithéidí Pat Cox agus Olivia Buckley grúpaí a thug tacaíocht nach beag don fheachtas ar son ‘Tá’ agus ní aibhéil a rá nach dócha go lagóidh seo a dtionchar amach anseo.

Tá sé maith go leor bheith ag bunú gluaiseachtaí ar nós ‘Guth na Gaeltachta’ chun cur in aghaidh giorruithe atá molta i dTuarascáil McCarthy – cé acu an bhfuil an cnamhdroma ag an Rialtas na ciorruithe sin a chur i bhfeidhm sin ceist eile – ach caithfear trathchlár dearfach a léireoidh gur ionann leas na Gaeilge agus leas na tíre (go h-iomlán) a chur i láthair agus níl sin déanta go h-eifeachtach ag aon dream go fóill.

Táim ar mo shaoire i gCeatharlach – mar sin slán go fóill…..

Cowen an Slánaitheoir?

Is éan é, is eitleán é, ní h-ea, is é seo an Fior Thaoiseach,...

Is éan é, is eitleán é, ní h-ea, is é seo an Fior Thaoiseach,...

Is cosúil, de réir tuairiscí,  go bhfuil sé ráite ag an dTaoiseach, Brian Cowen, NACH bhfuil sé i gceist aige glacadh le moladh Mhic Charthaigh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Cúis cheiliúrtha?

Níl a fhios agam.  Sa chéad dul síos, ní raibh i gceist ag Tuairisc Mhic Carthaigh ach liosta de chiorruithe a fhéadfaí a dhéanamh ar son choigiltis de bhreis is €5bn don bhliain seo – nó, mar is léir anois, an bhliain seo chugainn.

Mar sin ní bheadh morán airgid á shábháil tre deireadh a chur leis an Roinn seo – cé nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtiocfadh na deontais éagsúla atá ag teacht ón Roinn slán ón tua atá á bhagairt.

Dar liomsa, tá gá le athshamhlú agus athstruchtúrú dá réir ar an nGaeltacht agus an slí a roinntear airgead ar thograí Ghaeilge agus ní miste liom an slí a tharlaíonn sin.  Níl an ‘status quo’ ina cur chuige cothrom ná ceart don ré seo nó don aimsir atá romhainn.

An deacracht a bhí agus atá le moltaí Mhic Carthaigh go bhfuil siad ró dhubh agus bán – ní aithníonn siad go bhfuil an maith á chaitheamh amach in éineacht leis an olc.   Cad is fiú deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge nuair a ghineann an scéim sin i bhfad Éireann nios mó ioncaim don Ghaeltacht – agus don statchiste – ná an bhuninfheistíocht.  Mar eacnamaí, is léir nach bhfuil fios a ghnó ag an tUasal Mac Carthaigh.

Cinnte, bhí fírinne searbh sa mhéid a dúirt sé:

In examining this Programme, the Group notes that substantial resources have been invested in

various incentive schemes to develop Gaeltacht areas.  The Group is of the view that resources

should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are

not justifiable.

An oibríonn Scéim Labhairt na Gaeilge?   Ní chreidim é.   An mbeadh sé níos fearr an t-airgead sin a chaitheamh ar leabhair chearta [nó acmhainní ar líne] do pháistí scoile na Gaeltachta – creidim é.    Níl a leithéid ar fáil faoi láthair.

Ar ndóígh, bheadh a leithéid ina bhuntáiste do gach páiste, cibé an raibh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nó lasmuigh.

Ní luíonn an moladh atá aige go gcuirfí deireadh le hUdarás na Gaeltachta le ciall ach an oiread.  Cruthaíonn an aisínteacht seo go leor postanna sa Ghaeltacht agus tá siad thar a bheith eifeachtach á dhéanamh seo ar chostas nach mó é ná costas na bpostanna a chruthaíonn leithéidí Enterprise Ireland/Fiontar Éireann.  Ar ndóigh, is léir nach bhfuil ceantar lár Chorcaí nó ceantaracha maguaird na nGaeltachtaí eile ar radar FÉ nó is beag tionscail atá lonnaithe sna ceantracha sin ag FÉ le blianta beaga anuas.


Cinnte is reigiún speisialta an Ghaeltacht.  Ach is é an slí go bhfuil sí speisialta faoi láthair ná go bhfuil sí imeallaithe ag an bpobal mór agus na h-údaráis.   Tá leathan-bhanda níos moille sa Ghaeltacht, tá na bóithre níos measa, tá an bonneagar ar chaighdeán níos ísle, ní ann do chóras iompair.  Ach toisc go bhfuil na deontais suaracha ar nós Scéim Labhairt na Gaeilge ann, deitear go bhfuilimíd ag crú go deireadh bó bainne an Stáit anseo sa Ghaeltacht.

Tuairiscíodh freisin go ndúirt an Taoiseach go bhfoilseofar Plean 2028 roimh deireadh na bliana.  Níor thug sé le fios cén bhliain….

Tá freagra substaintiúil tugtha ag Conradh na Gaeilge ar mholtaí Mhic Charthaigh agus tá sé ar fáil anseo.    Creidim go bhfuil gá le plean substaintiúil anois ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun sinn féin a chur in oiriúínt do threimhse amach romhainn ina mbeidh deireadh le sruth na ndeontaisí.

Ní bua é seo ach gairm dúiste.

Feachtas in éadan Bord Snip ag géarú

bordsniplogo

Caithfidh mé a rá go dtaitníonn an manna nua atá á n-úsáid ag eagrais Ghaeltachta atá ag cur in éadan Bord Snip agus a mholtaí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta liom.      Is íomhá laidir an ‘Cosc ar Sciosúir’ agus braithim dóchas in eirí na gréine.  Glacaim leis go bhfuil baint ag mo shean chomhleacaí ag Lá Nua, Caomhán  O Scolaí, leis an íomhá seo. 

Mar atá ráite agam roimhe, tá gá le cur chuige éagsúil anseo le cinntiú go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht níos fearr as sa deireadh thiar.     Tá go leor rudaí caite isteach sa phota ag lucht an fheachtais seo – agus cuid acu b’fhearr iad a fhagaint ar leataobh. 

Ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil eigeandáil sa tir faoi láthair, stoirm foirfe d’eigeandáil, agus nach féidir le pobal na Gaeltachta seasamh lasmuigh den eigeandáil sin mar ‘phobal ar leith’.   Caithfimíd a léiriú go bhfuilimíd an oiread is gach éinne eile ag iarraidh an tír a tharraingt amach as an dhuibheagán, duibheagán inar fhag an Rialtas mí-chúramach linn. 

Liosta le h-áireamh iad na rudaí a chuirfear deireadh leo – de réir Pléarácá ar aon nós. 

Is é an rud a cheapaimse atá mícheart leis an anailis atá ag Pléarácá go gcreideann siad gur ‘pobal ar leith’ pobal na Gaeltachta agus go gcaithfidh sé bheith imdhíónaithe ar na gciorruithe.  

Is é an rud a chaithfear béim a leagadh air, dar liom, na nithe fónta a choimead (Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge aka Deontas na mBan Tí)  agus na rudaí chothaíonn deighilteanna idir pobal na Gaeltachta agus an pobal mór, Scéim Labhairt na Gaeilge, An Deontas Tithíochta is a leitheid, a chur ar ceal.  

Ní fheictear dom go bhfuil aon ról fiúntach ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair – ach tá sé thar a bheith tabhachtach, dar liom, go gcosnaítear Udarás na Gaeltachta.   

De réir an tsuirbhé eisteoirí a rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí, tá lucht éisteachta 45% ag an staisiún i gceantar Chonamara.  Go fóill, áfach, níl fograiocht díolta ar an staisiún.   Cén fath nach lorgaíonn an staisiún airgead ar fhógraí seachas ciorruithe a dhéanamh ar an sceideal? 

Déarfaidh mé an rud atá ráite agam roimhe in athuair anseo.   Ní sheasfaidh an Ghaeltacht mar atá sé.  Tá gá práinneach le h-athshamhlú a dhéanamh ar an nGaeltacht.   Tuigim nach dtacaíonn sciar de phobal na Gaeltachta le seo nó tá eagla ar dhaoine faoin rud a tharlóidh de bharr an athshamhlú seo.  Creidimse, áfach, gur lú an dainséar do phobal na Gaeltachta ón chur chuige nua a leanfadh athshamhlú macánta ná ó leanúint leis an Status Quo….