Cic eile arís don Ghaeilge ó Shinn Féin

Aire OIdeachais na Sé Contae, Caitríona Ruane


In agallamh don Belfast Telegraph, seo mar a labhair Aire OIdeachais an Tuaiscirt, Caitríona Ruane, faoi chúrsaí teanga:

Ms Ruane also indicated that she would like to remain as Education Minister after the May election and set out some of her priorities in a new Assembly term.

She said: “I would like to see the option to learn Irish. I do think we are moving to a situation in our society where more young people from the Protestant community will be learning Irish.”

Some controlled schools, which mainly serve the Protestant community, already offer Irish as part of the curriculum.

She continued: “Obviously I would like our system harmonised across the island because I think there are benefits for us and we should remove all obstacles through mobility.

“Leaving Certificate pupils in the Republic study six core subjects for two years but have the option to take up to eight, with six counting towards university entrance.

“Junior Cert and GCSE are very similar, post Junior Cert and post GCSE we have big differences. When you start your Leaving Cert cycle this is where I think the Southern system is better than the system here in the North.”

Is é seo an cineál cainte a chinnteoidh go mbeidh treimhse dorcha i ndán don Ghaeilge san chéad fheidhmeannas eile. Ós rud é nach mbeidh na hAondachtaithe ábalta, go h-éasca, oidhreacht Ruane maidir leis an 11+ a chur ó mhaith, íonsóidh siad an teanga go fiochmhar.

Beidh SF go breá sásta le seo mar beidh siad ábalta an sean cluiche a imirt arís eile, iad ag maíomh go bhfuil na hAondachtaithe ag tromaíocht ar an nGaeilge.

Cuireann sé i gcuimhne dhom ar an gcluiche cartaí a imrím le mo mhac Art – Go Fish. Mura mbionn fagtha agat ach carta de short amháin, bionn ar an bhfear eile leanúint air ag filleadh ar an líon go dtí go lorgaíonn sé sin an carta céanna leat. Is cineál fáinne fí é. Bionn ar duine éigean briseadh amach ón bhfáinne chun an chluiche a bhrú ar aghaidh go deireadh.

Is cinnte gur rinne Caitríona Ruane rud maith agus deireadh a chur leis an 11+ gí gur fhag an bealach a rinne sí é droch bhlas i mbéal gach duine. Is blár catha anois an earnáil oideachais agus is cinnte gur peil pholatúil í an Ghaeilge atá ciceáil fiochmhar i ndán di sa tréimhse amach romhainn.

Ní h-é nár thug SF – via Caitriona Ruane – ciceáil don teanga lena linn. Ní gá ach féachaint ar an gcúis atá á chur ag Coláiste Feirste in éadan na Roinne mar gheall ar an ndiultú don iarratas ó roinnt dhaltaí ó Ard Mhic Neascadh córas iompair go dtí Coláiste Feirste a chur ar fáil.

Nuair a thugann tú faoi ndeara an méid a deir an Aire faoin Ard Teist, agus í ag maíomh gur mhaith lei é a bheith ó thuaidh mar go bhfuil sé níos fearr, dar lei, ná córas an A Libhéal, tuigeann tú go bhfuil rud éigean ar iarraidh. Tá an Ard Teist ina scrúdú gan tairbhe fabhtach clochaoiseach nach bhfuil oiriúnach don 21ú Aois.

Is mór an tura go bhfuil Sinn Féin ag féachaint ar cheisteanna den tsort seo trí gloiní glasa agus gan iad ag déanamh anailíse ar an ábhar mar is ceart, ón mbunphrionsabal. Cad é an bealach is fearr chun oideachas a roinnt lenár bpáistí?

Tá siad chomh h-olc leis na PDs – nach maireann – agus an dearcadh siocaithe ar cheisteanna na n-oisbidéal is araile.

Beidh toghchán tionóil ann i mbliana agus má tá aon meas ag SF ar an nGaeilge beidh orthu a chinntiú nach bhfaigheann an DUP nó UUP an Aireacht OIdeachais, le cinntiú nach scaoiltear duine éigean ar nós Nelson ‘Flat Earth’ McCausland isteach sa Roinn chun tuilleadh scriosa a dheanamh ar an dteanga.

Agus beidh orthu tabhairt faoi cur chuige nua faoin oideachas, cur chuige radacach a ligfidh do gach éinne teacht ar bhórd, cur chuige atá ar leas an oideachas is fearr a chur ar fáil do pháistí an tuaiscirt.

Caol seans go dtarlóidh sin, ceapaim.

3 thuairim ar “Cic eile arís don Ghaeilge ó Shinn Féin

  1. coc

    Is cinnte gur ualach trom ar dhroim na teangan é an Ardteist ach ní hé sin le rá nach bhfuil na A-levels níos measa arís. Nach dóigh leat go bhfuil na A-levels i bhfad ró-cúng mar oideachais do dhaltaí i ndiaidh 15 nó 16? Is oinseach cheart i Ruane ach ní chiallaíonn sé seo go bhfuil sí i gcónaí go hiomlán mícheart.

    Freagra
  2. Concubhar Ó Liatháín

    B’fhéidir go bhfuil tú ceart nach bhfuil na A Levels chomh maith leis an Ard, ach ní doigh liom go bhfuil an Ard maith go leor don ré seo, go spreagann sé ‘foghlaim de ghlan mheabhair’ seachas cumas oideachais. Athrú ó bhonn atá ag teastáil seachas an Ard ó thuaidh is ó dheas chun SF a shásamh….

    Freagra
  3. séamus mac seáin B'Feirste

    mar thuismitheoir a ndearna a chuid páistí an Ardteist sna 26 co agus an Ardleibhéal sna 6cho ( bíodh agus go bhfuil sé breis agus fiche bliain ó shin) cheap mé ag an am gurbh fhearr an Ardteist ó thaobh oideachas níos leithne a chur ar fáil do dhaltaí. Tá an Ardleibhéal sna 6 cho ró chúng dar liom ach ní hionann agus a rá nach bhfuil athrú de dhith ar gach córas go tráthrialta is cuma cad é an stát atá i gceist. I dtaca leis an bhean uasal Ruane de cuirfidh sé iontas orm ma bhíonn sí i mbun Roinn Rialtais sna sé cho i ndiaidh an chéad toghcháin eile ach sílim go nglacfaidh Sinn Féin an Roinn Oideachas má bhíonn sé ar fáil agus duine éigin eile ina bun.( ach níl ansin ach mo bharúil agus níl sé bunaithe ar aon eolas ar an taobh istigh).Tá sé ag brath cuid mhór ar na suíochain a gheobhaidh siad. Tá an ceart agat gur náire shaolta atá ann go bhfuil Sinn Féin ag déanamh leatrom ar pháistí bochta as Dún Phádraig a dteasatoíonn uathu oideachas darna leibhéal a fháil trí mheán na Gaeilge agus iad ag diúltú taisteál a chur ar fail dóibh mar atá a chur ar fail ón bhaile chéanna do chuid de scoileanna is mó snobaireachta as an bhaile chéanna. Sannall atá ann go gcaithfidh Coláiste Feirste cearta bunúsacha a gcuid páistí a thastáil sa chúirt ar mhaithe le cothrom na féinne a fháil is cuma cé a bheadh i gceannas sa Roinn Oideachais ach ó thrala gurb é Sinn Féinn atá igceannas is iad atá ciontach DAS comhghairdeas as an ghradam agus go maire tú é

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s