Jimmy, mo mhíle stór

Jimmy Deenihan - Aire nua Ghnóthaí Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá an-athas orm go bhfuil sean-chara liom, Jimmy Deenihan, ceaptha ina Aire ar an Ealaíon, an Oidhreacht agus ar Ghnóthaí Gaeltachta. Fear stuama é Jimmy ar chuir mé aithne air le linn dom bheith im thuairisceoir i gCiarraí Thuaidh beagnach scór bliain ó shin.

Tá sé súntasach freisin go mbeidh an Ghaeltacht ag Bórd na Comhaireachta.

Ní mar sin a cheapfá agus sinn ag léamh na luaidreán aréir. Ní fios an raibh athrú poirt ann – cheapfá go gcaithfidh gur amhlaidh a thit amach ón méid a bhí le rá ag Ronán Ó Domhnaill ar Nuacht TG4 – nó arbh é seo an plean i rith an ama.

Pé rud é, tá fear nua I nDún Aimhirgin. Gach rath air!

5 thuairim ar “Jimmy, mo mhíle stór

  1. séamus mac seáin

    i lár na nóchaidí a choncubhair is cuimhin liom é a theacht ar chuairt chuig Cultúrlann McAdam/Ó Fiaich i mBéal Feirste leis an Mheánscoil Ghaelach a fheiceáil a bhí lonaithe san ait ag an am. Bhí Gaeilge de shaghas éigin aige. Níl a fhios agam ar chuir sé feabhas uirthi ó shin. Ní raibh ann ach cuairt ghoirid ach ba léir gur fear mór cuideachta a bhí ann. Bímis ag guí go néireoidh leis maith éigin a dhéanamh ó thaobh na Gaeltachta de. Is dóigh liom gurbh é an chéad Muimhneach é bhí ina Aire Gaeltachta ó bhí Tom Ó Domhnaill ann agus bhí seisean fuinniúl go leor gidh nach raibh iomrá na Gaeilge air sula bhfuair sé an post. b’fhéidir go mbeidh Denihan chomh fuinniúl chéanna le cuidiú Dé

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Cad é go díreach atá i gceist agat le ‘Is dócha go mbeadh Dinny an soláthair na Gaeilge”. Ní thuigim é….

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Bhí cineál amhrais ar Séamus (thuas) faoi cumas Gaeilge Jimmy Deenihan agus bhí mé ag iarraidh a rá go mbeadh an Gaeilge ag Dinny Mc Ginley, fiú dá mbeadh an chumhacht ag fanacht le Jimmy.

      (Nuair a breac mé síos é ar dtús cheap mé go raibh sé greanmhair ach anois ceapaim go raibh sé ciotach.

      Sin mar atá an saol.)

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s