Tá sé dearbhaithe anois ag TG4 go mbeidh diospóireacht idir na gceannairí, iad san atá san iomaíocht do phost an Taoisigh ar aon nós, á chraoladh ag an staisiún ar an gCéadaoin, 16 Feabhra, ag 7in. Beidh an diospóireacht á thaifeadadh níos luaithe an lá céanna, ag a 10rn, chun deis a thabhairt do TG4 fotheidealú a dhéanamh ar an bplé. Eimear Ní Chonghaile a bheidh sa chathaoir. Cé go gceapaim féin go ndéanfaidh sí jab brea, b’fhearr liom Páidí Ó Lionaird a bheith ann ós rud é go bhfuil sé ag laithriú an t-aon clár chúrsaí reatha atá ag TG4. Tá difríocht mór idir laithriú chláracha chúrsaí reatha agus feasachán nuachta. Tá súil agam nach mbaineann an chinneadh seo le RTÉ a bheith ag iarraidh baint a bheith acu leis an ocáid stairiúil seo, a la Charlie Haughey ar an Champs Élysées nuair a bhuaigh Stephen Roche Le Tour i 1987. I gcaitheamh na mblianta fada nior dhein RTE tada chun diospóireachtaí den chineal seo a reachtáil agus a chraoladh.
http://ow.ly/3SlNe
Cartlanna Clibe: An Lucht OIbre
Comhairle d’iarrthóirí FF: Laghdaigh an logó, méadaigh an vóta!
Agus í ag caint ar Newstalk ar maidin, d’admhaigh Mary Hanafin, Aire Ghnóthaí Phobail is Shoisialta an Rialtais, go raibh dornán iarrthóirí tar éis logó an phairtí ar a bpostaeirí a laghdú agus ná raibh siad de réir an teimpléid a bhí scaipithe ag lár oifig an pháirtí.
Maolaisnéis na seachtaine nó an fheachtais ar fad. Ar ndóigh tugadh an fheinimeán seo faoi ndeara anseo agus anseo roimhe. An mbeidh éiric le h-ioc as comhghleacaithe Crowley as an ‘dicheangal’ feiceálach seo idir iarrthóirí an pháirtí agus branda an pháirtí?
Níl tús curtha leis an gcomhaireamh fós sna toghcháin Eorpacha ach is léir ó lucht tailí go bhfuil Brian Crowley, an t-é a tugadh faoi ndeara anseo ag laghdú a cheangal le FF leis an logó pháirtí is lú riamh, chun suiochán a bhaint go h-éasca an iarraidh seo. Deirtear liom gur iarrthóir mhaith é agus go ngéilleann a fhreasúra pholatúil fiú go bhfuil sé ina fheisire fhónta.
Go ginearálta, is droch thoradh a bheidh ann d’Fhianna Fáil. Ní lá íontach a bheidh ann do Shinn Féin ach an oiread, ar libhéal na hEorpa ar aon nós, agus nach mbeidh na Glasaigh ró shásta lena dtorthaí ach an oiread.
Ar an láimh eile, is lá íontach é do Joe Higgins agus na neamh spleaigh ar an éite clé: tá suíochán bainte ag Maureen O’Sullivan, comhleacaí le Tony Gregory, go ndéana Dia trócaire air, i mBaile Átha Cliath Láir, agus tá Joe Higgins féin san iomaíocht don suiochán Eorpach i mBÁC; An Chiarraíoch Shoisialach a bheidh sa reicneáil in éineacht le Mary Lou McDonald (SF) agus Eoin Ryan (FF) i mBÁC. Gach seans gur ag Joe a bheidh an suíochán mar go mbeidh seisean ábalta nios mó aistriúcháin a mhealladh ó gach taobh.
Lá maith é freisin don Lucht Oibre agus do Fine Gael. Beidh dhá shuíochán ag páirtí Éamon Gilmore – Nessa Childers san Oirthear agus Proinsias de Rossa i mBÁC – agus tá Alan Kelly sa reicneáil sa Deisceart.
Tá Fine Gael ag baint an Fhómhair anois ó na síolta a chuir Enda Kenny ón uair gur toghadh é i 2002. Tá cuma ar FG go bhféadfaidís bheith sa Rialtas – nó is páirtí atá ana éagsúil é ón pháirtí a bhí John Bruton ina cheannaire air.
An deacracht le na torthaí seo go mbeidh deis ag FF teacht chuthu féin agus iad fós i gcumhacht agus ag ullmhú d’olltoghchán nach gá, de réir dlí, a ghairm go dtí 2012! Theana féin tá casadh á chur ar an scéal ag urlabhraithe an pháirtí – bhí Dermot Ahern, an Aire Dlí agus Cirt, ar an raidió ag rá go raibh FF sásta an pháirtí a íbirt ar son na tíre. Bhí sé ag caint faoin uair – idir mí Iúil agus Meán Fómhar seo chaite – gur bheartaigh an Rialtas tabhairt faoin dtír a thabhairt slán ón eigeandáil eacnamaíochta. Más buan mo chuimhne b’shin an tréimhse ná raibh teacht ar Aire FF in aon áit mar go rabhdar ar laethannta saoire! Ar ndóigh níl aon léiriú ach an oiread ar an dtuiscint atá agam agus ag daoine eile go raibh láimh ag FF sa tubaiste eacnamúil seo, go raibh gaoth FF i seolta na mbanc agus na bhforbróirí agus iad ag seoladh na tíre i dtreo na carraigeacha.
Ach mura mbíonn athrú ar an scéal ó thaobh na nGlásach agus an tacaíocht uatha san don Rialtas – agus tá leid nó dhó le clos ó Chiarán Cuffe ar an gceist seo agus é ag smaoineamh ós árd faoin tairbhe a bheidh le baint as an socrú atá acu le FF faoi láthair a leanúint – beidh FF ar an Rialtas.
Ag filleadh ar cheist SF, ní thosnófar an chomhaireamh ó thuaidh go dtí Dé Luain ach is léir go mbeidh an lá ag Bairbre de Brún agus go gcriochnóidh sí ar bharr an liosta. Tá súntas ag baint le sin mar gheall ar an bhfeachtas a bhí ag an DUP – theastaigh ó Diane Dodds a chinntiú nach mbuafadh SF an toghchán. Anois is cosúil go bhfeadfadh sí féin bheith i mbaol de bharr go bhfuil teacht aniar léirithe ag an bPáirtí Aondachtach ón chomhnascadh a rinne siad le Tóraithe Shasana agus go bhfuil an tacaíocht is aintoiscí agus is seictí a bhí ag an DUP ag sceitheadh go dtí an TUV.
Ní crith talún pholatúil ó thuaidh go dtí lá go mbeidh an lá ag SF i dtoghchán ar fuaid an fho chúige!
Ach má tá SF le dul i bhfeidhm ar bhonn uile Éireann, caithfidh an pháirtí iarrthóirí eile ar nós Toireasa Ferris a aimsiú, aghaidh úr is cur chuige nua ar fad a chur i bhfearas. Níl sin as an áireamh.
Mothaím go bhfuilimíd ag feiscint don chéad uair tonn an athruithe i bpolataíocht na hÉireann. Beidh le feiceáil cé an mbaileoidh an tonn céanna nirt agus go mbrisfidh sé le fórsa ar an dtrá nuair a reachtáilfear an olltoghchán go luath nó níos moille.
San iarthuaisceart tá Declan Ganley ag déanamh níos fearr ná mar a bhí á thuar sna pobalbhreitheanna. Gach seans go mbainfidh sé an triú suiochán.
Mo thuar don toghchán Eorpach ag an bpointe seo:
BÁC Gay Mitchell FG, Proinsias de Rossa Lucht Oibre, Joe Higgins (Páirtí Soisialach)
Éire Thoir: Mairéad McGuinness FG, Nessa Childers LO, John Paul Phelan FG
Éire Thiar: Jim Higgins FG, Marian Harkin Neamhspleach, Declan Ganley Libertas
Éire Theas: Brian Crowley FF, Sean Kelly FG, Kathy Sinnott NS.
Agus ná deintear dearúd – grma a Instagsign – ar Éire Thuaidh.
Éire Thuaidh: Bairbre de Brún SF, Jim Nicholson UUNF, Jim Allister TUV.
Lá cinniúnach é seo freisin do lucht bhlagála agus tá siad ag léiriú ag fiúntas an chéird agus foireann blagála ag déanamh tuairisciú 60/60/24/7 ar an dtoghchán. Is féidir an tuairisciú seo a leanúint anseo.
Ceisteanna agus Freagraí
Tá moladh ag dul do Chonradh na Gaeilge as ucht an suirbhé thíos a rinne siad ar na h-iarrthóirí ar fad atá á gcur féin ós comhair na votairí agus iad sa tóir ar shuíochán i bPairlimint na hEorpa don toghchán sin an tseachtain seo chugainn.
Tá mo bharúil féin agam faoi na bhfreagraí – nuair a deir polaiteoir go mbeidh sé ag úsáid na Gaeilge, an féidir linn sin a chreidiúint? Má deir siad go bhfuil siad ar son an mhaolú ar úsáid na Gaeilge sa Phairlimint a thabhairt chun deiridh, an leor seo a rá nó ar cheart go ndéarfaidh siad go mbeidh siad i mbun feachtais ghníomhaigh chun seo a dhéanamh.
Bíodh sin mar atá – an t-aon dream nach bhfaighidh aon vóta nó tacaíocht uaimse, na polaiteoirí a bhí ró leisciúil nó ró bhiogóideach in éadan na Gaeilge (iarrthóírí an UUP agus an DUP!) freagra a thabhairt ar na gceisteanna réasúnta seo.
Molaim Conradh na Gaeilge as an mbeartas seo – ach sílim go bhfuil gá le h-athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige in am don olltoghchán atá ag teacht. Creidim gur cheart go n-eagrófaí ocáid phoiblí nó sraith ocáidí agus go dtabharfaí cuireadh do na ceannairí ar fad teacht os comhair phobal na Gaeilge agus a seasamh ar cheisteanna móra an phobail sin a mhíniú. Arís ní dímholadh é sin ar an mbeartas seo – ach creidim go dtabharfadh an cur chuige atá molta agamsa seasamh níos fearr don Ghaeilge san fheachtas toghcháin….
Agus, ar cheist eile, ritheann sé liom gur beag seans a tharlódh tada mar seo, litir nó ocáid phoiblí, gan leithéidí Conradh na Gaeilge a bheith ann agus chomh gníomhach is atá….
Seo chugaibh na ceisteanna agus achoimre ar na bhfreagraí. Is féidir na freagraí ina iomláine a léamh anseo.
CAITH DO VÓTA LEIS AN nGAEILGE
FREAGRA NA nIARRTHÓIRÍ DO PHARLAIMINT AN AONTAIS EORPAIGH AR CHEISTEANNA NA GAEILGE
1. (a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go
rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?
nó
(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do
chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh / cúrsa féin‐foghlaim ar líne a dhéanamh chun
a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san
Aontas Eorpach ag baint úsáid as an bpríomhtheanga náisiúnta?
2. An gcabhróidh tú le deireadh a chur leis an
maolú maidir le stádas na Gaeilge san Aontas
Eorpach (AE) trí bhrú a chur ar Rialtas na hÉireann
agus ar an Aontas Eorpach chuige sin?
An Seanadóir Alan Kelly, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Deiscirt:
1. Níl sé ar a chompórd ag labhairt i nGaeilge, seachas ‘cúpla focal’. Ag iarraidh í a fhoghlaim.
2. Ba mhaith leis breis eolais faoin mhaolú. Thacódh sé beartas ar bith a bheadh chun leasa na Gaeilge.
Alban Maginness, SDLP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige. Bheadh sé ag iarraidh í a fhoghlaim. Tá an SDLP ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh chun réimse seirbhísí a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
2. Ar son mholadh an Chonartha.
Bairbre de Brún, Sinn Féin Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1 & 2 ”Ar siúl aici go leanúnach.”
Brian Crowley, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bionn cúpla abairt aige i nGaeilge i ngach oráid ach ní bheadh sé compórdach ag tabhairt oráide iomlán i nGaeilge.
2. Ar shon deireadh a chur leis an maolú chomh fada is go mbeadh an foireann aistritheoirí agus dlíodóirí/theanga-eolaithe ar fáil.
Caroline Simons, Libertas, Toghcheantar Átha Cliath
1) Tá sí sásta an Ghaeilge a úsáid sa Phairlimint.
2) Ar shon réimse iomlán seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil.
Colm Burke, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
Gan freagra / No answer
Dan Boyle, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar an Deiscirt
1. Cé nach bhfuil líofacht bainte amach ag Dan sa Ghaeilge go fóill, bheadh sé an‐shásta úsáid a bhaint as acmhainní
teanga ar bith a mholfadh an Conradh.
2. Bhí an Comhaontas Glas mar chuid den bhFreasúra nuair a cuireadh an maolú speisialta don Ghaeilge san AE i
bhfeidhm. Bhíomar ina choinne ansin agus táimid fós ina choinne.
Declan Ganley, Libertas, Toghcheantar an Iarthair
Go raibh maith agat as ucht do ríomhphost.
1 Ar bheagán Gaeilge.
2 Breis eolais á lorg aige. Ar shon stadas na Gaeilge a chaomhnú san AE.
Deirdre de Búrca, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Atha Cliath.
1.Ta ar intinn agam Gaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint Eorpach ma thoghfar me ar 5u Meitheamh, agus gan dabht
beidh orm feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge! Chaith me seachtain sa Ghaeltacht i mBaile Feirtear an bhliain so
chaite agus déanfaidh mé an rud céanna an bliain seo.
2. Ar shon fáil reidh leis an mhaolú.
Diane Dodds, DUP, Toghcheantar an Tuaiscirt
Gan freagra / No answer
Eibhlin Byrne, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Ar son a cuid Gaeilge a úsáid sa phairlimint.
2. ?
Eoin Ryan, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Níl Gaeilge aige – ach ar son tacú lei.
2. Níl a dhothain aistritheoirí ann faoi láthair ach ag obair i dtreo an uair go mbeidh sin amhlaidh.
Gay Mitchell Fine Gael, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Gaeilge aige agus ar son í a usáíd.
2. Ceist casta é seo nach féidir leis a fhreagairt.
Ian Parsley, Alliance
1. Roinnt Ghaeilge aige agus ag iarraidh í a fhoghlaim ach dar leis gur tabhachtai ‘priomh theangacha na hEorpa a fhoghlaim’.
2. Níl sé ar son deireadh leis mhaolú – ach tá sé ar shon breis airgid a chur ar fáil le h-aghaidh foilsitheoireacht agus craoladh i nGaeilge.
Jim Higgins, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. 90% dá chuid oráíd i nGaeilge mar atá.
2. Ar son stadas níos laidre don Ghaeilge.
Jim Nicholson, UUP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann.
Gan freagra / No answer
Joe O’Reilly, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. Úsáidfidh sé an Ghaeilge sa Phairlimint.
2.Gan amhras ar shon deireadh a chur leis an maolú.
Joe Higgins, An Pháirtí Shoisialach, Toghcheantar Átha Cliath
1. Bainfidh sé úsáid as an nGaeilge an oiread agus is féidir.
2. Caithfidh na cearta caoi a thabhairt don teanga.
John Paul Phelan, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
Gan freagra / No answer
Kathleen Funchion
1. Ar bheagan Gaeilge ach ag iarraidh í a fheabhasú.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú agus deiseanna fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeilge.
Kathy Sinnot, Neamhspleách, Toghlach an Deiscirt.
Gan freagra / No answer
Liam Aylward, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
1. Cúpla oráid i nGaeilge déanta aige. Ceal misnigh an chúis leis an neamairt seo. Níl sé i gceist aige aon chúrsa a dhéanamh chun cur lena chumas.
2. Gá le h-aistritheoirí.
Máiread McGuinness, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
1.Sea/ YES
2. Sea/ YES
Marian Harkin Neamhspleách, Toghcheantar an Iarthair
Gan freagra / No answer
Mary Lou McDonald, Sinn Féin, Toghcheantar Átha Cliath
1. Beidh sí ag iarraidh cur lena cumas agus ansan tabharfaidh sí faoi níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.
Ned O’Keeffe, Fianna Fáil
1. Ar bheagan Gaeilge, chun freastal ar ranganna.
2 Ar son deireadh a chur leis an maolú.
Nessa Childers, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Oirthir
1. – Ar bheagan Ghaeilge, chun cur lena cumas agus níos mó úsáide a bhaint aisti.
2. – Níl sí ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sí ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.
Padraig Mac Lochlainn, Sinn Féin, Toghcheantar an Iarthair.
Ag tacú leis an dá cheist
Paschal Mooney, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son ach ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son.
Pat the Cope Gallagher, Fianna Fáil, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son
2. Ar son
Proinsias de Rossa, An Lucht OIbre, Toghcheantar Atha Cliath
1. Ar son an Ghaeilge a úsáid, mar a bhí riamh.
2. Níl sé ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sé ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.
Raymond O’ Malley, Libertas, Toghcheantar an Oirthir
1. Ar son cé go bhfuil sé ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.
Seán Kelly, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
1. Sea/Yes
2. Sea/yes
Steven Agnew. An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige ná níl sé de rún aige í a fhoghlaim.
2. Ag iarraidh eolais faoi míbhuntáistí do phobal na Gaeilge de bharr an maolú.
Susan O’Keeffe, An Lucht OIbre, Toghcheantar an Iarthair
1. Ag foghlaim na Gaeilge in athuair. Sasta í a úsáid
2. Sásta brú a chur chun deireadh a chur leis an maolú.
Thomas Byrne, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
Gan freagra / No answer
Toireasa Ferris, Sinn Féin, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bainfidh sí úsáid as an nGaeilge sa Phairlimint má thoghtar í
2. Sásta oibriú chun deireadh a chur leis an maolú.
Tomas Sharkey, Sinn Féin, Toghcheantar an Oirthir
1. Tá sé chun an Ghaeilge a úsáid sa phairlimint agus i ngach gné dá chuid oibre ann.
2. Tá sé chun iarracht a dhéanamh ar an maolú a chur ar cheal.
Ag brú na gcnaipí
I bhfianaise an méid a tháinig chun solais inniu (Dé Luain) faoi sé ranna Rialtais bheith ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla, máthair roinn na reachtaíochta san áireamh, is dócha nár cheart go mbeadh íontas orainn go bhfuil suíomh idirlín FF fós gan Ghaeilge. Tá níos mó i bPolainnis ar an suíomh ná mar atá i nGaeilge.
Go deimhin is másla dúbalta i gceist – nuair a bhrúnn tú an chnáipe Ghaeilge, leathnach i mBéarla a fhoilsítear. An ‘ga’ sin ar barr, sin ‘gaeilge’.
Seoladh an suíomh seo roimh Ard Fhéis FF i mí an Mhárta. Sin dhá mhí ó shin. Ní fios cé mhéid airgid ar chosain sé – go fóill, áfach, níl aon Ghaeilge ann.
Níl aon Ghaeilge ar shuíomh Fhine Gael ach an oiread.
Is beag Ghaeilge atá ar shuíomh Shinn Féin – tá cúpla focal i nGaeilge ar an bpríomh leathnach – ‘Aisling do Thodhchaí na hÉIreann’. Agus má dheineann tú cuardach ar an nGaeilge, gheobhaidh tú roinnt preas raitis faoin nGaeilge i mBéarla agus roinnt d’oráidí Gerry Adams ina bhfuil roinnt Ghaeilge ann. Ach níl leagan Ghaeilge den suíomh.
Ar shuíomh an Lucht Oibre, tá uirlis aistriúcháin Google ach cé gur feidir an suíomh a aistriú go Rúisis, níl focal Ghaeilge ar an suíomh.
Ar shuíomh Libertas, tá cnaipe ann mar atá ar shuíomh FF agus deir sé leat má bhrúann tú an chnáipe go bhfaighidh tú suíomh Ghaeilge nó Gaeilge nó ‘Irish’. Beag an baol. Níl focal i nGaeilge ar shuíomh Libertas.
Fear Gaeltachta é Joe Higgins agus bheithfeá ag súil le blúirín i nGaeilge ar suíomh a pháirtí. Beag an baol. Níl focal Ghaeilge ar http://www.socialistparty.net.
An Chomhaontas Glas – ar a laghad nuair a bhrúann tú an cnaipe Ghaeilge ar an suíomh seo, faigheann tú Gaeilge. Ní mór an méid é – ach tá sí ann agus tá an pháirtí le moladh as seo.
Is bocht an iarracht atá á dhéanamh ag na pairtithe pholatúla ar fad chun aon súntas a thabhairt don Ghaeilge ar a suíomhanna idirlín. Beag an costas a bheadh leis – costas an aistriúcháín amháin. [Agus cuireann sé sin as an áireamh go mbeadh Gaeilgeoir éigean sna pairtithe a dhéanfadh an aistriúchán mar ghar dá pháirtí!] Má thoghtar iad, is cinnte go mbeidh siad ag caitheamh na céadta mílte nó na milliún ag aistriú ábhar nach léifimíd ar chorr ar bith i dteanga ar bith go Gaeilge.
Cheapfá freisin, i bhfianaise gur deineadh teanga oifigiúil oibre den Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2005, go mbeadh na pairtithe Éireannacha atá ag cur iarrthóirí chun tosaigh don toghchán Eorpach sásta an Ghaeilge a úsáid ar a suíomhanna idirlín. Beag an bhaol….
Cothrom na Féinne do FG
Inné agus mé ag glacadh páirte i siulóid urraithe ar son Scoil Náisiúnta Chúil Aodha, agus lá alainn a bhí ann don siúlóid, thánag ar an bpostaer seo ó Fhine Gael, cáite sa dhíog.
Is minic go mbionn Gaeilgeoirí tarcaisneach i leith an pháirtí seo mar gheall ar easpa choimitmint don teanga – ach tá an Chomhairleoir seo, Michael Creed, le moladh as an iarracht atá déanta aige. Go deimhin, os rud é gur postaer é seo atá bunaithe ar theimpléid ón lár oifig, ní foláir ach go bhfuil moladh ag dul don pháirtí freisin. I mBéarla amháin atá postaer FG don toghchán Eorpach ar son Colm Burke agus Seán Kelly.
Tá postaeir ag iarrthóir Eorpach FF sa thoghcheantar, Brian Crowley, agus is i mBéarla go h-iomlán atá siad. Agus níl ach focal amháin Ghaeilge ar phostaeir SF don toghchán áitiúil – Votáil Des O’Grady 1. Agus níl focal Ghaeilge ar phostaer Toireasa Ferris – níl aon focal ann seachas ‘Sinn Féin’ (agus fagaimíd ainmneacha na bpairtithe as an áireamh) agus ainm an iarrthóra.
Postaeir i mBéarla amháin atá ag an iarrthóir don Lucht Oibre sa cheantar, Martin Coughlan. Níl aon rian go fóill ar phostaeir iarrthóír an Lucht OIbre sa Toghchán Eorpach i Múscraí – cé go bhfuil na postaeir thuas le fada i gceantaracha eile sa toghcheantar.
Gaeilge na bpolaiteoirí agus na poilíní teanga….
Seo sliocht i nGaeilge ó oráid Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael ag an deireadh seachtaine.
Chuir sé isteach orm go mór gur dúnmharú triúr sa Tuaisceart le deanaí. Ar mo mholadh féin, ghlac Dáil Éireann le rún comhbhrón agus bhí tacaíocht ó chuile pháirti i gcoinne an feall sin. Chuir an Dáil amach teachtaireacht láidir don Teach Bán, do mhuintir na hEorpa agus don domhain ar fad nach glacann muintir na hÉireann, Tuaisceart agus Deisceart, leis an eacht úfásach sin. Caithfear deireadh a chur le seo laithreach. D’oibrigh an iomairce daoine ró dian agus ró fhada chun go ligfear go dtosnodh an troid sin arís. Leanfaimid ar aghaidh le síocháin seasamach as seo amach.
Agus seo míreanna ó oráid John Gormley, Ceannaire, An Chomhaontas Ghlas, ag comhdháil bliantúil a phairtí an mhí seo chaite.
Cuireann aois an pháirtí iontas ar go leor daoine atá den tuairim gur páirtí nua an é an Chomhaontas Glas. Bíonn iontas orthu go bhfuil muid ar an bhfód beagnach aon triú cuid do stair na tíre seo.
Cé gur thóg sé tamaill orainn áit a bhaint amach i lár an aonaigh, tá marc láidir an Chomhaontais Glas le feiceáil
ar an 30ú Dáil.Is léir do chách go bhfuil an Rialtas ag plé le géarchéim eacnamaíochta atá ar leibhéal domhanda faoi láthair . . . D’éirigh leis an Comhaontas Glas chuid mhaith d’ár bpolasaí féin a chuir chun cinn.
Leanfaidh muid leis an obair seo mar go gcreideann muid gurb chun leasa na Tíre na polasaí atá againn.
Is oth liom, agus muid ar fad ag iarradh teacht i dtír an ngéarchéim atá linn faoi láthair, go bhfuil páirtí an fhreasúra ag baint úsáid polaitíochta as seo.
Tá mise don tuairim gurb fhearr i bhfad dóibh, agus don Tír, iarracht a dhéanamh anois tarraingt ar na maidí leis na páirtí eile ar fad san Oireachtas.
Ag tús mhí na Márta a bhí Ard Fheis Fhianna Fáil agus ba seo an mhéid i nGaeilge a bhí le rá ag an dTaoiseach, Brian Cowen, agus é ag tabhairt oráid na hUachtarántachta ag an ocáid sin.
Tá focal Gaeilge a theastaíonn a thabhairt isteach sa gcomhra seo anocht. Agus an focal sin ná meitheal. Daoine ag obair le chéile ar son a chéile. Teastaíonn spiorad an Mheitheal anois níos mó ná riamh. Spiorad an chomharsanacht, spiorad an chomhoibriú. Ni neart go cur le chéile a chairde agus seo í an t-am chun brú ar aghaidh I teannta a chéile agus le tacaíocht dá chéile…
Tagaigí liom a chairde.
I mí Feabhra a reachtáil Sinn Féin Ard Fhéis an pháirtí sin. B’é seo a bhí le rá ag Uachtarán an pháirtí, Gerry Adams, i nGaeilge:
Comhghairdheas. Tá muid agus lucht oibre na hÉireann buíoch daoibh as an méid atá déanta agaibh. Ag an uair deacair seo tá sibhse de dhíth go mór mór ar mhuintir ár dtíre. Ádh mór oraibh uilig. Agus ná déanaigi dearmad. Bígí láidir agus beidh cumhacht agaibh.
Agus caithfidh muidne agus caithfidh pobal uile na hÉireann cruthú nach sinne amháin na daoine a bheas thíos leis an tubaiste seo. Caithfidh muid cinntiú go mbeidh na daoine santacha a chruthaigh an deacracht seo go mbeidh siadsan ag íoc as anois.
Go dtí seo d’éalaigh siad saor.Le cupla bliain anuas nuair a tharraing muid aire ar an phrácás bhí ár gcairde sna meáin ag spochadh asainn. Dúirt na polaiteoirí eile nár thuig muid cúrsaí airgeadais!
Cá bhfuil na fir glice seo anois?Tá rud éigin lófa fán chóras airgeadais, ní amháin ar an oileán seo ach ar fud an domhain iarthar. Ach tá cúrsaí níos measa anseo, b’fhéidir mar gheall ar an stair atá againn agus an bochtanas a chonaic muid rómhaith le tríocha bliain anuas.
Tá shin millteanach dona agus mí cheart. Níl sé cothrom agus tá réitigh agus stráteisí ag Sinn Féin ar an ghéarchéim seo. Cuirfidh muid stad air.
Tá muid ag obair chun clár Gaeilge iomlán a bhrú chun tosaigh sa tuaisceart. Ina measc:
• Tá ceist na nGaelscoileanna;
• Tá maoiniú do tograí teanga agus pobal; níl go leor ann ach tá Sinn Féin ag deanamh ár ndiceall níos mó a fháil.
Agus bith cinnte faoi Acht na Gaeilge.Beidh Acht na Gaeilge ann.Tá stráitéis againn.
Tá plean againn ach ní féidir an obair seo a dhéanamh gan cairde agus comhghuallaithe ag seasamh linn agus ag cuidiú linn.Mar a dúirt mé tapaigí an deis labhairt agus éisteacht le daoine faoi na rudaí atá tabhachtach dóibh. Agus déanfaidh muid sin. Ar fud na tíre beidh Sinn Féin ag obair libh.
Tá dea-thoil an domhain uilig ag dul leis ach tá brú mór air agus dóchas iontach ag brath air fosta.
D’amharc muid ar an teilifís agus léigh muid inár nuachtáin fán chosmhuintir i nGaza agus d’fhulaing muid leo. Tá muid cinnte de go dtig réiteach a fháil ar an choimhlinct sa réigiún má bhíonn an toil ann.
Tá obair maith ag dul ar aghaidh sa pháirtí le cur chun cinn na Gaeilge, go háirthe leis na cumainn gaelacha. Ach tá alán le déanamh go fóill.
Tá sár obair déanta againn. Tá an teanga beo mar tá sibhse ag obair ar son cúis na Gaeilge. Tá muid buíoch daoibhse go léir.
Bhailigh muid le chéile sa chathair seo ceithre seachtain ó shin – sa Teach Ardmhéara do cheiliúrú ar an Chéad Dáil, nócha bliain ó shin. Oíche speisialta a bhí ann má bhí tú ábalta fáil isteach! Bhí an áit plodaithe.
Tá raon nua deiseanna ag oscailt dúinn. Agus ní mór dúinn bheith reidh.
Bígí linn.
An Phoblacht Abú
Ní raibh focal i nGaeilge in oráid Éamon Gilmore ag Comhdháil Bhliantúil Pháirtí an Lucht Oibre.
Tá cúpla ceist agam ag eascairt as an méid thuas luaite. Tá cúpla rud soiléir. Bhí níos mó Ghaeilge in oráid Gerry Adams ná mar a bhí ag aon cheannaire eile. Ní raibh ach cúpla focal ag Brian Cowen agus ag Enda Kenny. Chuir John Gormley íontas orm leis an méid Ghaeilge a bhí ina oráid uachtarántachta. Bheadh locht ag poilín teanga ar gach oráid acu as ucht an méid botúin gramadai is litrithe a bhí sna h-oráidí.
Sa deireadh thiar, áfach, léirigh siad go raibh fonn orthu úsáid a bhaint as an nGaeilge. Bhí siad sásta dul sa seans cé ná raibh an Ghaeilge acu go líofa. Is cinnte agus na h-oráidí á léamh againn i solas an lae, go mbeadh ábhar imní ann do mhúinteoir Ghaeilge.
Ag an am céanna, deirtear sa Bhéarla, the perfect is the enemy of the good. Má chaithimíd le na ceannairí seo go tarcaisneach, mar ar caitheadh liomsa an tseachtain seo chaite, an é an toradh a bheidh ar an scéal nach mbeidh aon Ghaeilge in aon chorr sna h-oráidí an bhliain seo chughainn?
Sa deireadh thiar thall, is beag an méid Ghaeilge atá in úsáid ag na ceannairí seo agus níl aon uirlis éifeachtach againn chun tabhairt orthu níos mó a úsáid. Cad is féidir déanamh chun an bunfhadhb seo a réiteach? Nó mura mbionn an Ghaeilge á úsáid ag na ceannairí, ní thuigfidh lucht a leanta go bhfuil tabhacht lei. Mura gcreideann lucht a leanta go bhfuil tabhacht lei, ní bhainfidh na cinnirí úsáid aistí. Fainne fí foirfe.
Agus pé rud eile ar féidir a rá, ní chuidíonn an bhéim atá i réimse áirithe de shaol na Gaeilge ar ‘fhoirfeacht’ teanga agus an teanga a chosaint ón bhagarit lasmuigh le cas na Gaeilge.
Teachtaireacht ó Bhrian Cowen…..
Fuaireas teachtaireacht r-phoist ó Bhrian Cowen, An Taoiseach, ar maidin. Tá saghas taithí agam ar theachtaireachtaí a fháil ó dhaoine cumhachtacha nó is minic, freisin, go bhfaighim teachtaireacht ón Uachtarán Barack Obama.
Ní h-é go bhfuil siad ag iarraidh mo bhlag a léamh – cé go bhfuair mé teachtaireacht inniu ó dhuine anaithnid ag fiafraí díom an raibh aon eolas agam ar bhog earra a aistreodh Gaeilge go Béarla le brú cnaipe. {Tá cnaipe ar shuíomh Fhianna Fáil a athraíonn an fhocal ‘Gaeilge’ go ‘English’ – ach ní oibríonn sin d’aon chuid eile den suíomh.]
Ar aon nós, fuaireas teachtaireacht ó Bhrian Cowen ar maidin agus bhí sé ag fiafraí díom an raibh aon cheisteanna agam do.
An chéad cheist atá agam: Cén fath go bhfuil an teachtaireacht seo go léir i mBéarla? Nach tusa an Taoiseach a bhaineann úsáíd as an nGaeilge go rialta id oráidí?
Nílim ag lorg teachtaireacht iomlán i mBéarla – díreach cúpla abairt nó alt chun a chur in iúl dom nach bhfuil tú tar éis í a ligint i ndearúd. Gan amhras thuigfinn go bhfuil tú faoi bhrú – ach dar liomsa is cuid den réiteach í an nGaeilge, seachas cuid den bhfadhb.
Dear friend,
Ireland’s economy has been damaged by the global economic downturn. I have been honest with the country and acknowledged that the times ahead will be tough. While we work night and day to get Ireland through these difficulties, I want to engage with you directly, so that you know what we’re doing.
That’s why, in launching a new Fianna Fail website, I want to offer you an opportunity to ask me directly about the challenges we face and the route that I’m proposing to get Ireland back onto the path of sustained economic growth.
Ask your questions by clicking here and I’ll post a video on March 12th answering as many as I can:
http://www.fiannafail.ie/askthetaoiseach
Ireland is facing economic conditions unlike any we’ve seen before. Our banks required government support. Unemployment across the country is rising and many businesses are being hit hard. The public finances have suffered and we’ve been forced to make really tough choices.
We’ll meet these challenges head on. We’ll fix our banking system. We’ll make sure that a new regulatory system is put in place that the people can have confidence in.
We’ll help people to retrain if they become unemployed. We’ll extend further help to businesses for whom credit is no longer available and whose future is under threat.
We’re taking tough decisions now, so that Ireland can emerge from this recession quickly and fairly. We’re building Ireland for tomorrow – and a better future for us all.
If you ask me – directly and simply – about our plans, I will respond in kind. Submit your questions to:
http://www.fiannafail.ie/askthetaoiseach
I’ll admit we haven’t got everything right, and if you want to tell me where you think we can improve our proposals or offer alternatives, I’ll listen. Only by listening to each other, learning the lessons of recent times and working together – summoning a national effort – will we move back towards the levels of economic growth which have made Ireland the envy of many over the past 20 years.
I look forward to hearing from you.
Brian Cowen
Taoiseach
Níl a fhios agam an chuideoidh a leitheid seo d’admháil: I’ll admit we haven’t got everything right, and if you want to tell me where you think we can improve our proposals or offer alternatives, I’ll listen. le Fianna Fáíl teacht aniar sna pobal bhreitheanna. De reir an suirbhé is déanaí, níl ach duine as gach deichniúr a cheapann go bhfuil an Rialtas ag déanamh dea oibre agus iad ag iarraidh sinn a thabhairt slán ón bpriacal seo.
De reir an suirbhé céanna, tá tacaíocht de 42% ag malairt rialtais den éite clé ina mbeadh An Lucht Oibre(22%), Sinn Féin (7%) agus na Glasaigh(5%), maraon leis na neamh-spleaigh(10%). 52% de thacaíocht atá ag An Lucht Oibre agus Fine Gael (30%) le cheile, 55% atá ag Rialtas Náisiúnta d’Fhianna Fáil (25%) agus Fine Gael.
42% – sin isteach is amach leis an tacaíocht a bhí ag Fianna Fáil agus iad ag dul i mbun Rialtais an uair dheireannach – ach gan dabht bhí cúpla duine sa bhreis uatha agus bheadh ar a leitheid seo de chomhghuaillíocht iad san a fháíl, bunaithe ar anailís ar fhigiúirí an lae inniu, ó Fhianna Fáil nó ó Fhine Gael. Cá bhfios, áfach, cad a tharlóidh idir seo agus trath toghcháin – ach b’fheidir go mbeidh sé níos túisce ná mar atáimíd – agus Brian Cowen – ag ceapadh.