D’iarr mé cúpla noimead ó shin an mó athruithe a bhí déanta ar an ndréacht straitéis le straitéis na seachtaine seo a thabhairt dúinn: A bhuiochas de Éamon Mhic Niallais, seo chugainn an anailís sin:
Dréacht Straitéis 2010 Vs Straitéis Foilsithe Nollaig 2011
Seo thíos na píosaí a cuireadh leis an Straitéis i gcomparáid leis an chead dréacht.
Tá sé leagtha amach corr uair agam chomh maith cén píosa a baineadh amach(marcáilte I gcló iodalach).
1. An Fhís
Tá sé ina dhlúthchuid de pholasaí an Rialtais i leith na
teanga go ndéanfaí cúram agus soláthar ar leith
don teanga sa Ghaeltacht go háirithe i
bhfianaise an taighde a léiríonn go bhfuil
géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na
Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh
sa Ghaeltacht.(lth 3)
————————————————————————
Baineadh seo amach:
tacaíocht teanga a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge;
Cuireadh seo isteach:
tacaíocht theangeolaíoch a sholáthar don
Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge a
thugann aitheantas do shainriachtanais na
gceantar sin ina bhfuil an Ghaeilge mar
theanga phobail agus theaghlaigh(lth 3)
——————————————————————————
Aithníonn an Rialtas chomh maith, áfach, na riachtanais ar
leith atá ag an nGaeltacht mar cheantar sainiúil
teanga agus sa chomhthéacs sin aithnítear nach
i gcónaí a oireann polasaí dátheangach do
cheantair Ghaeltachta.(lth 3)
agus níos faide síos sa píosa céanna:
Tá tábhacht nach beag ag baint leis seo
i gcomhthéacs na Gaeltachta.(lth 3)
———————————————————————–
2. Comhthéacs Polasaí
Sa chomhthéacs seo, tá tábhacht
ar leith ag baint le caomhnú agus cur chun cinn
na Gaeilge sa Ghaeltacht ar mhaithe le
hoidhreacht, cultúr agus saíocht na teanga a
chaomhnú agus a chosaint sna háiteanna sin ina
bhfuil sí fós mar theanga phobail agus
theaghlaigh. Aithnítear chomh maith go
gcuireann stádas na Gaeilge mar theanga
phobail sa Ghaeltacht le cuspóir na Straitéise
úsáid na Gaeilge a leathnú ar bhonn náisiúnta.(lth 5)
3. Straitéis Chéimnithe
Tá leagan amach na céimeanna athruithe beagan agus baineadh
amach na blianta a bhí luaite leo.(lth. 8)
4. Cuspóirí Sonracha na Straitéise
• an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa
Ghaeltacht gach lá a ardú faoi 25% tríd is
tríd, mar beidh borradh a chur faoin
nGaeltacht fíorthábhachtach don Straitéis
fhoriomlán. Táthar ag súil leis go mbeidh
spriocanna sonracha do cheantair
Ghaeltachta ar leith leagtha amach sna
pleananna teanga áitiúla atá molta(lth 9)
5. Struchtúr Feidhmithe
Baineann tábhacht ar leith le scoileanna toisc an tionchar a
bhíonn acu ar fheasacht ar an teanga agus ar
iompraíocht teanga, agus mar sin ní mór díriú
freisin ar shaineolas agus scileanna a fhorbairt i
measc an lucht teagaisc chun luach agus tábhacht
chultúrtha na Gaeilge a léiriú do mhuintir na
hÉireann.(lth 10)
———————————————————————————
Baineadh seo amach:
Maidir leis an bpríomhghníomhaireacht feidhmithe a bheidh freagrach as an Straitéis a sheachadadh moltar go ndéanfaí athstruchtúrú bunúsach ar ghníomhaireacht Ghaeilge atá ann cheana féin – Údarás na Gaeltachta – go gníomhaireacht Ghaeilge nua náisiúnta – Údarás na Gaeilge.
Cuireadh seo isteach:
Maidir leis an bpríomhghníomhaireacht
forfheidhmithe a bheidh freagrach as an
Straitéis a sheachadadh, moltar Údarás Gaeilge
agus Gaeltachta a bhunú (Údarás na Gaeilge
agus na Gaeltachta) a ghníomhóidh ar bhonn
náisiúnta agus a chomhlíonfaidh feidhmeanna
ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta
agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha
eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí.(lth 10)
agus níos faide síos sa píosa céanna:
Leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an
Údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht a
fhoilseofar sa bhliain 2011.(lth 10)
6. Réimsí Gnímh
Oideachas
Naisc le húsáid na teanga lasmuigh den scoil
Rinneadh roinnt athruithe ar an píosa faoi na Colaistí Samhraidh:
Leanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail,
Comhionannais agus Gaeltachta, i gcomhar leis
an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur le
forbairt chóras na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa
Ghaeltacht. Leagfar béim faoi leith ar chúnamh
a thabhairt do na coláistí agus do na teaghlaigh
a chuireann cóiríocht ar fáil do na foghlaimeoirí
teanga le cothabháil a dhéanamh ar éifeachtacht
agus ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthraíonn
siad agus le cur leo. I gcomhpháirt le CONCOS –
scátheagraíocht na gcoláistí – agus leis na
teaghlaigh sa Ghaeltacht, oibreoidh an Roinn
Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta
lena chinntiú go mbeidh taithí Ghaeilge ag mic
léinn agus go mbeidh teagmháil sheasta lena linn
ag na mic léinn le Gaeilge mar theanga bheo na
Gaeltachta ó lá go lá. Óna thaobh sin, cuideoidh
an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus
Gaeltachta le forbairt a dhéanamh ar thaithí
fhoghlama teanga teaghlaigh le go bhféadfar
gréasáin d’úsáid nádúrtha na Gaeilge a chur chun
cinn agus go mbeidh meicníochtaí ann le go
leanfaidh siad sin ar aghaidh le linn na bliana ar
fad. Cuideoidh athstruchtúrú agus feabhsú ar
chláir a bheidh dírithe ar ábhair bhunmhúinteoirí
leis sin agus beidh sé freisin mar chuid de
leasuithe níos leithne a bheidh an Chomhairle
Mhúinteoireachta a chur chun cinn i gcúrsaí
tosaigh oideachais do bhunmhúinteoirí.(lth 12)
Páirt Tumadh
Beidh sé fós ina pholasaí náisiúnta tumoideachas
trí Ghaeilge i ngach ábhar seachas Béarla i
scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna
agus i naíonraí a chur chun cinn.(lth 12)
Curaclam do mhuineadh na Gaeilge
Ag an mbunleibhéal, tá forbairt déanta ar
churaclam Gaeilge ar leithligh do scoileanna
Gaeltachta agus do ghaelscoileanna a thugann
ar aird riachtanais teanga forbartha éagsúla a
bhaineann le daltaí i scoileanna Béarla agus i
ngaelscoileanna. Déanfar coigeartú ar an
gcuraclam i ngaelscoileanna le níos mó béime a
chur ar ról na Gaeilge ó thaobh fhorbairt
chognaíoch agus mhothachtálach ghinearálta
leanaí a chur chun cinn.(lth 13)
—————————————————————
Tá siollabas athbhreithnithe i nGaeilge na
hArdteistiméireachta á fheidhmiú i ngach scoil
agus scrúdófar den chéad uair é in 2012. Tá sé
leagtha amach sa chaoi go ndíreofar níos mó ar
idirghníomhú ó thaobh na cainte sa seomra
ranga agus beidh ardú go 40% sna marcanna a
cheadófar don mheasúnú cainte. Déanfaidh an
Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus
Measúnachta athbhreithniú ar fheidhmiú an
tsiollabais i gcomhthéacs thaithí an chéad
chohórt de na hiarrthóirí faoin gcóras
measúnaithe athbhreithnithe. Ar na ceisteanna
a bhreithneofar san athbhreithniú sin, beidh
chomh maith agus a d’éirigh leis an siollabas ó
thaobh aghaidh a thabhairt go cuí ar riachtanais
gach dalta, lena n-áirítear daltaí a bhfuil
ardchumas i nGaeilge acu, go háirithe i
scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna.
Más gá, déanfar tuilleadh forbartha ar an
siollabas i gcomhthéacs thorthaí an
athbhreithnithe. (lth 13)
Oideachas Ardleibhéil in Éirinn
• deiseanna do mhic léinn leas a bhaint as
tréimhsí fada socrúcháin/staidéir sa
Ghaeltacht le cur lena gcumas sa teanga i
dtimpeallacht ina labhraítear an teanga go
nádúrtha(lth 15)
———————————————————-
Tá sé tábhachtach ó thaobh normalú a
dhéanamh ar úsáid na teanga go mbeadh
teacht ar ranganna agus ar ghníomhaíochtaí
Gaeilge agus go gcruthófaí atmaisféar ar
champas a aithníonn gur cuid dhlúth den saol
sóisialta chomh maith le cuid dhlúth den saol
acadúil sa choláiste í an teanga. Tá ról
tábhachtach ag institiúidí tríú leibhéal ó thaobh
tionchar a imirt ar an teanga a labhróidh duine
ar feadh a shaoil agus ó thaobh a húsáide i
measc mic léinn agus maidir le tacú le
tionscnaimh theanga áitiúla sa phobal trí chéile
agus spreagfar iad leis sin a dhéanamh.(lth 16)
Oideachas sa Ghaeltacht
• Beidh sé fós ina pholasaí náisiúnta
tumoideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn i
ngach ábhar seachas Béarla i scoileanna
Gaeltachta agus i ngaelscoileanna agus i
naíonraí;(lth 17)
Bunú Scoileanna Nua
Leagann an tAcht Oideachais 1998 oibleagáidí
sonracha ar an gcóras cur leis an bpolasaí agus
na cuspóirí náisiúnta maidir leis an nGaeilge a
bhaint amach, an Ghaeilge a chothú mar
phríomhtheanga phobail i limistéir Ghaeltachta
agus riachtanais teanga agus chultúir mhic léinn
a chur chun cinn ag féachaint do roghanna a
gcuid tuismitheoirí.
Bhí cur chun cinn na Gaeilge mar aidhm
thábhachtach ag rialtas i ndiaidh rialtais in
Éirinn agus tá freastal déanta ag an Roinn
Oideachais agus Scileanna ar éilimh ar scolaíocht
trí mheán na Gaeilge atá imithe i méid le
blianta beaga anuas. Tá sé sin soiléir ag an
mbunleibhéal ón líon níos airde gaelscoileanna
a bunaíodh lasmuigh de limistéir Ghaeltachta.
Tá 17 gaelscoil nua aitheanta ag an Roinn ar an
iomlán ó 2005, sin 138 gaelscoil san iomlán a
bhfuil aitheantas acu. Ag an iarbhunleibhéal, tá
an líon gaelcholáistí (gaelscoileanna dara
leibhéal) ardaithe go 45 (agus 13 díobh sin
bunaithe ó 2000) agus in éineacht leis sin, tá 10
n-aonad (sain-aonaid ina bhfuil an Ghaeilge mar
mheán agus atá nasctha le scoil dara leibhéal)
agus 10 sruth (sruth nó rang labhartha Gaeilge i
scoil ina bhfuil an Béarla mar mheán).
Éascaíonn struchtúr an aonaid agus an tsrutha
soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge sa chás
go bhfuil éileamh mór ar oideachas trí mheán
na Gaeilge ach nach mbeadh dóthain éilimh ann
do ghaelscoil neamhspleách.
STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030
18
B’éigean níos mó áiteanna scoile breise a
sholáthar i gceantair áirithe ar fud na tíre mar
gheall ar an ardú sa daonra le deich mbliana
anuas nó mar sin agus meastar go leanfaidh an
t-ardú sin sa tréimhse ghearrthéarmach go dtí an
tréimhse mheántéarmach. Tá éileamh níos mó
ann ar éagsúlacht ó thaobh cineálacha
scoileanna, lena n-áirítear oideachas trí mheán
na Gaeilge, ar fud na tíre in áiteanna a bhfuil an
daonra ag fás iontu agus áiteanna nach bhfuil.
Fágann na héilimh sin atá ag dul i neart go
gcaithfear leasú a dhéanamh ar na nósanna
imeachta ó thaobh aitheantais a thabhairt do
bhunscoileanna nua. Go dtí go mbeidh an
t-athbhreithniú sin déanta, bhí ar an Roinn
Oideachais agus Scileanna glacadh le straitéis
eatramhach faoina gceadaítear bunscoileanna
nua a bhunú chun freastal a dhéanamh ar fhás
déimeagrafach agus sin amháin, chun go mbainfí
amach an tosaíocht fhoriomlán go mbeidh áit
scoile ar fáil do gach leanbh. Is é an Coimisiún
um Chóiríocht Scoile atá i mbun an
athbhreithnithe, a bhfuil dul chun cinn maith
déanta ann, agus tá na comhpháirtithe
oideachais ar fad páirteach san obair. Is é an
toradh a bheidh ar an athbhreithniú go
mbreithneofar socruithe nua ó thaobh
bunscoileanna nua a aithint agus go nglacfar leo.
Déanfar na héilimh ar leathnú ar sholáthar
oideachais trí mheán na Gaeilge a bhreithniú i
gcomhthéacs na socruithe nua a bhunófar ó
thaobh aitheantas a thabhairt do scoileanna nua.
Ag an iar-bhunleibhéal, bunaíodh socruithe nua
d’aitheantas scoileanna dara leibhéal i mí Iúil
2010. Tá soláthar iontu sin do chreat nua ina
leagtar amach critéir shoiléire faoina ndéanfar
iarratais ar scoileanna nua dara leibhéal a
mheas. Samhlaíonn na critéir nua sin nach
mbunófar scoileanna nua ach in áiteanna ina
mbeidh éileamh déimeagrafach agus gur idir
800 agus 1000 dalta ar an meán a bheidh sna
scoileanna nua. Leag na critéir amach freisin
gur 400 an bhonntairseach do ghaelcholáistí, ag
féachaint don rogha ar aonad a bhunú laistigh
de scoil.(lth 17 & 18)
An Chomhairle um Oideachas
Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
(COGG)
Beidh príomhról ag an gComhairle um
Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i
bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais i
gcomhar leis na gníomhaireachtaí atá ann.
Cuirfear an fhoireann chuí agus na hacmhainní
cuí ar fáil don Chomhairle lena dualgas a
chomhlíonadh mar atá:
• soláthar téacsleabhar agus áiseanna
d’fhoghlaim agus do mhúineadh trí Ghaeilge
a phleanáil agus a chomhordú;
• comhairle a chur ar an Aire maidir le polasaithe
a bhaineann le hoideachas trí mheán na
Gaeilge a chur ar fáil agus a chur chun cinn i
scoileanna aitheanta i gcoitinne agus i
scoileanna atá suite i limistéar Gaeltachta;
• seirbhísí taca trí mheán na Gaeilge a chur ar
fáil do na scoileanna sin;
• taighde a sheoladh ar aon ní nó ar gach ní
lena mbaineann an mhír seo; agus
• soláthar téacsleabhar agus áiseanna
d’fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge a
phleanáil agus a chomhordú agus taighde a
sheoladh agus comhairle a chur ar an Aire
maidir le straitéisí a bhfuil an cuspóir acu
feabhas a chur ar éifeachtacht mhúineadh na
Gaeilge i scoileanna aitheanta agus i lárionaid
oideachais.
Neartófar ról COGG mar aitheantas ar an ngá le
dul i ngleic le saincheisteanna éagsúla a
bhaineann go sonrach le teagasc agus le
foghlaim na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú
trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus
lasmuigh di araon, agus le teagasc na Gaeilge i
ngach scoil aitheanta. Beidh ról lárnach ag
COGG ó thaobh comhairle dhíreach a chur ar
ghaelscoileanna faoi dhea-chleachtas i dtaca le
hoideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
I ndáil leis an tsaincheist thábhachtach a
bhaineann le riachtanais shainiúla scoileanna
Gaeltachta agus riachtanais shainiúla
ghaelscoileanna, déanfaidh grúpa ardleibhéil
athbhreithniú ar na polasaithe atá ann i láthair
na huaire agus déanfaidh siad iniúchadh ar
athruithe féideartha, lena n-áirítear forbairt
polasaithe nua do scoileanna Gaeltachta agus
do ghaelscoileanna. Déanfar feidhmeanna
féideartha eile do COGG a bhreithniú i
gcomhthéacs an phlé sin.
Beidh ionadaithe de chuid na bpáirtithe
leasmhara ábhartha ar an ngrúpa ardleibhéil,
lena n-áirítear an Roinn Oideachais agus
Scileanna, an Roinn Gnóthaí Pobail,
Comhionannais agus Gaeltachta, an Chomhairle
um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta,
Foras na Gaeilge agus Údarás nua na Gaeilge
agus na Gaeltachta.(lth 18)
6.2 Réimse Gnímh- An Ghaeltacht
Stadas teanga pobal Gaeltachta- reachtaíocht nua
Athraíodh an focal ‘athruithe’ go dtí ‘mionathruithe’ san abairt seo a leanas:
Glacann an Rialtas tríd is tríd le treo ghinearálta
na moltaí sa Staidéar Cuimsitheach
Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht
maidir le stádas na Gaeltachta a bheith
bunaithe ar chritéir teanga. Tabharfar stádas
reachtúil dó sin trí Acht Gaeltachta nua. Beidh
an sainmhíniú bunaithe ar an mórchuid ar na
critéir atá leagtha amach sa Staidéar le roinnt
mionathruithe bunúsacha.(lth 20)
———————————————————————————————–
Baineadh seo amach:
Mar a dúradh cheana déanfar athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaireacht Gaeilge náisiúnta – Údarás na Gaeilge (agus a cheannáras sa Ghaeltacht) – agus beidh freagracht air maidir le cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit, agus coinneoidh sé cuid mhaith de na feidhmeanna atá faoi láthair aige. Ullmhófar reachtaíocht chun an comhlacht nua a chur ar bhonn reachtúil. Reáchtálfaidh Bord, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe tofa agus de chomhaltaí a cheapfaidh an tAire, Údarás na Gaeilge.
Comhthreomhar leis sin bunófar Coiste Comhairle Gaeltachta a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí tofa de chuid Údarás na Gaeilge agus comhaltaí údáráis áitiúil a bheidh ina gcónaí laistigh den Ghaeltacht le comhairle a thabhairt go sonrach faoi chúrsaí a bhaineann leis an nGaeltacht. Cuirfidh Údarás na Gaeilge tacaíocht rúnaíochta ar fáil don Choiste.
Agus cuireadh seo isteach:
Mar a luadh roimhe seo, bunófar Údarás na
Gaeilge agus na Gaeltachta a bheidh freagrach
as gnóthaí Gaeilge ar fud an Stáit. Beidh a
cheannáras sa Ghaeltacht agus beidh sé
freagrach as feidhmeanna ábhartha atá Údarás
na Gaeltachta ag cur i bhfeidhm faoi láthair,
mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus
eagraíochtaí Stáit eile mar is cuí. Ullmhófar
reachtaíocht in 2011 chun an tÚdarás seo a
bhunú. Tabharfar aird ar a shainchúram
Gaeltachta agus ar a shainchúram náisiúnta níos
leithne araon. Tabharfar aghaidh freisin ar an
ngá atá le saineolas sa réimse pleanála
teangacha mionlaigh nuair a bhunófar a
struchtúr stiúrtha. Coinneoidh an t-údarás nua,
Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, na
feidhmeanna atá Údarás na Gaeltachta ag cur i
bhfeidhm i láthair na huaire, lena n-áirítear
feidhm fiontraíochta.
Seirbhisí á soláthar chuig pobail Ghaeltachta
Baineadh seo amach:
Níl sé i gceist mar sin a mholadh go n-aistreofaí aon scéimeanna atá ann agus a fheidhmíonn Údarás na Gaeltachta nó An Roinn chuig Ranna nó gníomhaireachtaí eile ach scrúdófar cláir eile a d’fhéadfadh An Roinn nó an tÚdarás a sheachadadh sa Ghaeltacht.
6.4 – RÉIMSÍ GNÍMH – RIARACHÁN, SEIRBHÍSÍ AGUS POBAL
Bearta don Ghaeilge sa tSeirbhís Poiblí
Baineadh seo amach:
Ceapfaidh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comhshocruithe cuí le cur leis an gcóhort seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach.
Cuireadh seo isteach:
Ceapfaidh an Roinn Airgeadais agus an tSeirbhís
um Cheapacháin Phoiblí socruithe cuí d’fhonn
cur leis an gcohórt seirbhíseach poiblí atá in ann
feidhmiú go dátheangach.(lth 23)
Ról Tábhachtach na hEarnála Deonaí
Athraíodh an focal ag deireadh an abairt seo thíos ó ‘réimse’ go ‘ceantair’:
Tabharfar faoi chur chuige níos comhtháite “ón
gcliabhán go seanaois” trí atheagrú mór a
dhéanamh ar eagraíochtaí teanga a fhaigheann
maoiniú ón Stát chun seirbhísí cuimsitheacha
tacaíochta teanga a sholáthar ar bhonn ceantair.(lth 25)
6.5 RÉIMSÍ GNÍMH – NA MEÁIN AGUS
AN TEICNEOLAÍOCHT
Cuireadh an focal ‘tuilleadh’ isteach san abairt seo thíos:
Tabharfar tuilleadh tacaíochta do TG4 le
seirbhísí teilifíse trí Ghaeilge a chur ar fáil.(lth 26)
STRAITÉIS 20 BLIAIN DON G