Scéal speisiúil sa Sunday Tribune inniu – beidh sé ar líne anseo ar an Luan – ag tabhairt chun solais plean Fhoras na Gaeilge seisear déag fostaí nua a earcú go luath, in ainneoin an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí.
Ar ndóigh ní scéal nua ar bith é seo ann féin do leitheoirí iGaeilge – ag an am chéanna, tá an ‘míniú’ nó ‘cosaint’ a thug Roinn Uí Chuív don Tribune spéisiúil.
Seo agaibh é, i mBéarla blasta Ken Foxe, an tuairisceoir a bhris John O’Donoghue as a phost.
The department defended the appointments and said they were existing jobs which had been ‘held open’ because of a dispute over decentralisation. They [The Department is dócha] also said the recreuitment freeze did not apply to north-south bodies, of which Foras na Gaeilge, the agency involved, is one.
A statement said: The posts that have now been approved for advertising include vacancies that were held open pending resolution of the decentralisation issue case taken by the Unions representing Foras na Gaeilge staff to the Labour Relations Commission.
All these posts are within the current Foras na Gaeilge staffing complement – they are not extra posts that have been approved since the restrictions on the wider public service came into force. These restrictions do not apply to the North South bodies.“
Míniú é sin a bheadh ina údar bhróid ag Sir Humphrey féin. Ní postanna sa bhreis iad seo – is postanna iad atá mar chuid d’fhoireann an Fhorais nach bhfuil líonta go dtí seo de bharr an aighnis idir foireann an Fhorais agus an Roinn faoi dhílarú – agus mar sin ní sharaíonn siad an chosc ar earcú san earnáil phoiblí. Anuas ar sin, toisc gur gniomhaireacht thuaidh theas é, ní bhaineann an cosc sin leis an Fhoras ar aon nós!
Níl Sir Humphrey ar shlí na fírinne, tá sé beo leis ag obair leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i nDún Aimhirgín ar Bhóthar Mespil i mBaile Atha Cliath.
Yes Minister! Go deimhin.
Ní h–é go bhfuil deacracht ar leith agam le Foras na Gaeilge bheith ag earcú. An deacracht atá agam leis an scéal seo gurb é mo thuiscint go mbeidh eagrais atá ag obair ag cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail thíos leis an earcaíocht seo. Tá buiséad Fhoras na Gaeilge laghdaithe sa Bhuiséad. Tá costaisí breise ag gabhail leis an earcaíocht seo – suas go €800,000 de réir an Tribune. Is giorra é do €1m dar liom nó biionn tuarastal agus costas an phoist – féach ar an míniú casta neamh leithscéalach a thugtar ar cheist na n-innealtóirí teanga i scéal an Tribuen – níos mó ar Fhoras na Gaeilge ná mar atá sé ar na sclabhaithe atá sa chéad líne catha. Mar sin de ligfear chun siúil go leor gniomhaithe – níos nó 16 ar aon nós – atá ag obair ar son na Gaeilge i measc an phobail chun go mbeidh Foras na Gaeilge ábalta cur leis an maorláthas atá á fhás acu i mBaile Atha Cliath,Béal Feirste, Gaoth Dobhair.
Agus, díreach chun mo phointe a chruthú, seo chugainn an ‘t-atbhreithniú’ atá mar sprioc aige líon na n-eagrasaí Ghaeilge a laghdú ó 19 go 1…..