Is é seo an t-aitheasc a thug Liam O hEigearta, cara buan le m’athair, ag béal na h-uagha. Tá an clann go léir go mór faoina chomaoin.
DÓNAL Ó LIATHÁIN 1934 – 2008
Aitheasc os cionn a uagha lá a shocraide, Dé Céadaoin 12 Samhain 2008
A mhuintir Liatháin, a Mhonsignor, a Aithreacha Oirmhineacha, a chairde Gael, a chairde Mhúscraí agus a chairde le Dónall:
Táimid bailithe le chéile anso i Reilig Ghobnatan inniu le taisí Dhónail chaoin Uí Liatháin a leagadh chun suaimhnis i gcré na cille, croí na féile agus saoi na heagnaíochta. Táimid go dúch, doilbhir, dobhrónach dá éagmuis agus ní furasta dúinn aon ró eagar a chur ar ár smaointe i láthair an chaillteanais thubaistigh seo. Tarlaíonn go dtiteann an crann ormsa iarracht bhaoth éigin a dhéanamh cúpla focal a chur I dtoll a chéile I gcuimhne agus mar cheiliúradh ar shaol Dhónail. Ní mór dom a rá I dtús báire go bhféachaim air mar onóir agus mar phribhléid gur tugadh an cuireadh san domsa. Agus sinn faoi shrathar an uaignis agus an bhróin, an rud is tábhachtaí, b’fhéidir, nach mór dúinn a mheabhrú dúinn féin agus dá chéile is ea nach bhfuil á gcur againn anso ach taisí Dhónaill, an phlaosc chorpartha san inar mhair an spiorad arbh ainm dó Dónall Ó Liatháin le linn a shealad saoil. Maireann go fóill agus mairfidh fós an spiorad sin de réir theagasc na Críostaíochta inar chreid sé go láidir I gcomhluadar Dé agus I gComaoine na Naomh. Maireann go fóill agus mairfidh fós an spiorad san I riocht speisialta I bpearsana a leanaí agus a gharleanaí, ina shaothar filíochta, próis, amhrán agus drámaíochta, agus I gcuimhní gach uile dhuine dínn a raibh sé d’adh orainn aithne a chur air.
Thiar I gCúil Aodha a rugadh, a fáisceadh agus a fuineadh é. Is ann a tháinig sé fé anáil an chreidimh a chleachtaigh sé go diongbhálta, dílis, caoindúthrachtach i rith a shaoil. Ba le linn a bhreoiteachta deiridh a léirigh sé éifeacht an chreidimh san air sa mhianach agus sa teacht aniar a leirigh sé a bheith ann. D’fhulaing sé a bhreoiteacht dheiridh le misneach, le dínit, agus le géilliúlacht do thoil Dé.
Ba I gCúil Aodha thiar a d’fhoghlaim sé teanga agus cultúr na Gaeilge. Bhí sí ag a mhuintir ón dá thaobh, muinteoirí agus filí ar thaobh amháin agus lucht ceardaíochta agus cruthaitheachta ar an dtaobh eile. Le linn a óige bhí an teanga, an ceol, an fhilíocht agus an drámaíocht faoi lánréim sa dúthaigh. Bhí sé timpeallaithe ag lucht cumtha filíochta, scéalta, lúibíní, agus agallamh stáidse. Bliain I ndiaidh bliana thugadh muintir na háite lear mór duaiseanna leo ón Oireachtas. Mar shamplaí dá bhfuil I gceist agam, luaim Fruí Channaí, Domhnall Bán, Dónal Ó Mulláin, Peáití Thaidhg Pheig, Diarmuid Ó Ríordáin, Seán Eoin agus Maidhcí Ó Súilleabháin, an Suibhneach Meann, muintir Dhuinnín, Eibhlín Jeaic Ní Loingsigh, Mairín ní Cheocháin atá fós inár measc agus a hathair siúd Dónal Ó Ceocháin ina aoire orthu uile. Bhí ana thionchar ag an oidhreacht shaibhir, ilghnéitheach so ar an mbuachaillín Dónal Ó Liatháin.
Fuair sé a scolaíocht bhunscoile I Scoil Chúil Aodha, faoi stiúir a mháthar Cáit ní Shuibhne agus a dearthár súd agus uncail Dhónail, an Suibhneach Meann. Chuirfeadh sé íontas ormsa riamh go raibh an oiread san filíochta de ghlanmheabhair ina cheann ag Dónall. Bhí bua ar leith aige nach bhfuil ach ag an mbeagán. Ba chuma cén chéad líne de dhán, I nGaeluinn nó I mBéarla a chaithfeá chuige, ní hamháin go dtabharfadh sé an chéad véarsa go hiomlán uaidh, ach chríochnódh sé an dán duit dá mbeadh sé d’uain agat éisteacht leis. Is minic a dúirt sé liom gurbh iad a mhúinteoirí I Scoil Chúil Aodha a chothaigh an tréith san ann, mar a mbíodh orthu sleachta filíochta a chur de ghlan mheabhair go laethúil. Táim cinnte go bhfuil iarscoláirí eile de chuid na scoile inár dtimpeall anso inniu agus gur cothaíodh an bhua chéanna san iontu le linn a ré scolaíochta. Leag seo an bhonnchloch do chumadh na filíochta I gceann Dhónail.
Ar chríochnú a thréimhse dó I Scoil Chúil Aodha, bhuaigh sé scoláireacht agus ar aghaidh leis síos an bóthar go Coláiste Íosagáin, a bhí faoi lán seoil mar Chóláiste Ullmhúcháin ag an am. Uaidh sin d’aistrigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, mar ar cuireadh oiliúint air mar mhúinteoir. Dúirt sé liom uair go raibh sé ró óg don Mháithreánach nuair d’imigh sé isteach I gColáiste Phádraig agus gur chreid sé go raibh sé ar an duine ab óige ina bhliain. Fuair sé a chéad phost mar mhúinteoir I ndeisceart Thiobraid Árann agus ceapadh ní ba dhéanaí é mar Phríomhoide ar scoil Thobar Phartaláin in aice le Mainistir Fhearmaí. Le linn na mblianta ansan aige ann, chuir sé barr feabhais ar a chuid oideachais trína chéim agus a cháiliocht mar mhúinteoir meánscoile a ghnóthú. D’aistrigh sé ansan thar n-ais go dtí a alma mater, Coláiste Íosagáin, mar ar mhúin sé ar feadh na mblianta. Dhein sé an t-aistriú deireannach sé ina ghairmrian mar mhúinteoir, nuair a bogadh foireann Choláiste Íosagáin soir go Coláiste Ghobnatan an lae inniu agus is ann mhúin sé go socair, sásta gur éirigh sé as an bpost tá beagnach deich mbliana ó shin ann.
Duine ildánach, ilthréitheach, ilchumasach a bhí ann sa bhrí is leithne den bhfocal san. Tá sé deacair dá bhrí sin d’aon duine amháin dínn aon chuntas lánchuimsitheach a thabhairt ar ar bhain sé amach le linn a shaoil. Múinteoir an-chumasach a bhí ann, rud a mbeifeá ag súil leis ar ndóigh agus an pór ónar shíolraigh sé. Thuig sé aigne an fhoghlaimeora agus bhí ar a chumas abhar a chur I láthair sa chaoi gur éirigh le gach scoláire tuiscint ar a leibhéal féin a bhaint as a theagasc. Bhí sé d’ádh orm féin múineadh lena ais I gColáiste Samhraidh Chúil Aodha, in éineacht lena dheartháir Peadar agus a chol ceathracha Betsy agus Máiní ní Shuibhne, faoi shaoisteacht mhánla a n-athar siúd agus uncail Dhónail, an Suibhneach Meann. An dá rud ba thaitneamhaí a bhain leis mar oide ná go bhféadfadh sé abhar trom a éatromú trína theagasc a shaibhriú le scéalta agus le greann agus, chomh maith leis sin, go raibh an-bhá aige le daoine nár tháinig an fhoghlaim chomh saoráideach san chucu.
Mar fhear pinn ba dheacair a shárú a fháil. Bhí sé de bhua nadúrtha ann línte próis nó filíochta a chur I dtoll a chéile gan dua dá laighead, mar a cheapfadh duine. Níor ghá duit ach teideal nó smaoineamh nó téama a lua leis agus ba ghearr go mbeadh ceathrú nó píosa de sceitse tugtha ar an saol aige agus narbh fhada go mbeadh dán nó lúibín nó ceapóg dréachtaithe ar phár romhat. Ní bhíodh sé sásta leis an gcéad dréacht d’aon phíosa, ar ndóigh, ach leanadh sé leis ag leasú, ag ceartú, agus ag snasadh na scríbhinne go mbeadh an saothar lánfhoirfe, críochnaithe ar chaighdeán a shásódh é féin. Bhí sé ana dhílis don Dáimhscoil agus ní dóigh liom gur scaoil sé bliain thairis riamh, go háirithe le linn an leathchéad bliain atá caite ag a dheartháir Peadar mar Chléireach ar an scoil, nár scríobh sé agus nár léigh sé nó nár chan sé píosa dá dhéantús féin os comhair na Dáimhe.
Thug sé bua an cheoil leis chomh maith, agus níor leasc leis amhrán a chasadh in aon chomhluadar a thabharfadh éisteacht dó agus níorbh annamh gur shaothar a chum sé féin a chuireadh sé I láthair. Bhí cáirdíní difriúla á seinnt aige ag amanna difriúla ina shaol agus is cuimhin liom féin go maith a bheith thíos I Ráth Chormaic ag iarraidh polkaí a bhí ar eolas aige a fhoghlaim uaidh ar Paolo Soprani beag liath. Bhí sé ina bhall dílis de Chór Chúil Aodha le blianta fada, ar dtúis faoi stiúir Sheáin Uí Riada agus, ar bhás dó siúd, faoi stiúir a mhic, Peadar. Thaistil Dónall an tír i gchomhluadar an Chóir agus níl amhras ach gur bhain sé an-sásamh I gcónaí as bheith páirteach in imeachtaí an ghrúpa fear san agus, mar chúiteamh, gur shaibhrigh sé siúd an Cór trína bhuanna fileata féin a roinnt leo.
Níor chuí dhúinn scaoileadh leis gan tagairt a dhéanamh dá chumas mar pheileadóir. Chonac féin ar dtúis é, is dóigh liom, ag imirt le Scoil Chúil Aodha I gcluiche beag éigin aitiúil, agus ina dhiaidh san le Coláiste Íosagáin, mar a raibh cuid de na peileadóirí coláiste ba chumasaí sa tír mar chomhleacaithe foirne aige. Bhí sé ar fhoireann Choláiste Phádraig agus nuair a fuair sé a chéad phost mar mhuinteoir I gContae Thiobraid Árann, nár bhuaigh sé bonn sinsearach contae leis an bhFiodh Ard agus é ar an nduine ab óige ar an bpáirc. Nuair a d’aistrigh sé go Tobar Phartaláin, agus go bhféadfadh sé teacht abhaile don deireadh seachtaine, ba mhinic nach mbíodh aon fhoireann anso I mBaile Mhúirne. Thapaigh club Fhear Muí an deis, roghnaiodh ar an bhfoireann shinsearach é agus chaith sé blianta ag imirt le foireann an bhaile sin. Is minic a chonac é ag imirt in aghaidh cuid de na peileadóirí ba mhó le rá ar fhoireann an chontae agus ba bheag soinseáil a gheibhidís as riamh. Ní raibh sé ard ach bhí an-chlisteacht ag baint leis maidir leis féin a lonnú go díreach, cruinn chun seilbh as ghabháil ar an liathróid agus, gan amhras, b’annamh a chuirfeadh sé liathróid ar strae ach é ina aigne I gcónaí aige í a scaoileadh uaidh go comhleacaí a bheadh chun tosaigh ar féin nó ag bagairt scórála.
D’imir sé linn-ne anso I mBaile Mhúirne, agus go deimhin le Múscraí, sna blianta a mbíodh foireann againn agus, ós rud é gur imreoir sinsearch a bhí ann agus gan ionainne ach sóisir bhochta, neartaigh sé ár bhfoireann go mór agus chuir sé go mór lenár bhféinmhuinín agus go deimhin lenár gcumas ar chluichí a bhuachtaint.
Ritheann dhá chluiche isteach im aigne gur cuimhin liom Dónal a bheith ag imirt linn iontu. Ag an am san, bhí sé de nós go rithfí comórtas peile, seachtar an taobh de ghnáth, mar chuid den ‘carnival’ in a lán paróistí tuaithe. Bhí Dónall chomh tapaidh, aclaí sin gur oir na cluichí seo go mór dó agus gur mó an cluiche ná beadh buaite again murach Dónall a bheith linn. Bhíodh foirne cíochrach chun na comótaisí seo a bhuachtaint, mar gheibheadh gach imreoir ar fhoireann na mbuaiteoirí uaireadóir óir nó abhar culaithe mar dhuais. B’fhéidir go mba chóra ‘uaireadóir ar dhath an óir’ a thabhairt orthu mar nach fada a mhaireadh an snas! Thoir I gCluain Droichead tráthnóna gréine Domhnaigh, bhí Uíbh Laoire dhá phointe chun tosaigh orainn-ne agus an cluiche sna neomataí deireanacha. Cuireadh beirt den pháirc go luath, de bharr babhta iomrascála a tharla díreach faoi shúile an réiteora. Agus gan ach neomar fágtha, ní raibh imreoir ar bith I leath amháin den pháirc ach mise agus cúl báire Uíbh Laoghaire, a bhí leathchéad slat isteach uaim. D’aimsigh Dónal an chaid istigh in aice lenár gcúl féin, chonaic sé mise síos feadh na páirce uaidh, dhírigh sé pas chugam agus thit an liathróid cruinn isteach im bhaclainn. Isteach liom de ruathar aonair I dtreo an chúil agus na truslóga troma so ag croitheadh na talún laistiar díom. Tadhg Ó Gealbháin a bhí ann agus cé go raibh na cosa fada go maith aige, theip air aon bharra thuisle a bhaint asam na baint liom fiú. Raideas an liathróid isteach sa chúl agus bhí an cluiche buaite againn – dar linn. Ar mhí-ábharaí an tsaoil nár shéid an réiteoir an fheadóg agus an cúl aimsithe, agus bhronn saorchic ormsa don chalaois nár éirigh le Tadhg a imirt orm. Bhí ina raic agus ina ruaille buaille, buaileadh builí agus eascainíodh go nimhneach, ach ní bhfuireamair pioc sásaimh as agus b’éigean dúinn filleadh abhaile gan uaireadóirí gan éadach.
Tráthnóna déanach eile I dtreo dheireadh mhí Lúnasa, bhíomair ag imirt in aghaidh Mhaigh Chromtha thall I mBéal Átha an Ghaorthaidh. Ceapaim gur foirne iomlána a bhí I gceist anso agus ba chuma linn faoi na duaiseanna ach buachtaint ar lucht an bhaile mhóir. Imríodh cluiche eile ní ba luaithe an tráthnóna céanna agus mar sin bhí sé ina chlap sholas agus sin ag druidim le deireadh na himeartha. Ar éigin go bhféadfá na cúil a fheiscint uait isteach ó lár na páirce, gan bacaint le liathróid. Bhíomar-na dhá chúilín chun tosaigh agus cúpla neomat fágtha, nuair a shábháil ár gcúl báire cáiliúil Diarmaid John C. Ó Críodáin an liathróid díreach ar an líne. Ainneoin na doircheachta, nó dá bharr, b’fhéidir, nár bhronn an maor cúil an cúl ar Mhaigh Chromtha. Cé ná raibh radharc ar bith aige féin air, thacaigh an réiteoir leis. Is ansan a thosnaigh an clampar. Sileadh fuil agus stracadh léinteacha. Bhí beirthe ar Dhónal idir cloch is carraig, mar bhí aithne mhaith aige ar an reiteoir (ná luafaidh mé a ainm anso) óna laethanta I gColáiste Íosagáin agus I gColáiste Phádraig leis. Neomat amháin bhíodh sé ag iarraidh an réiteoir a chosaint ó fhobhanna na mBaile Mhúirneach, neomat eile é ag áiteamh go fíochmhar air an cúl a chur ar ceal. Bagraíodh díoltas agus achomharc go Bord an Chontae ach nuair a shocraigh an deatach agus an smúid, d’fhuaraigh an fhuil agus glacadh leis an eachtra mar bhua mhorálta.
De cheal ama, ní thig liom dul isteach go mion sna hachair ghníomhaíochta eile go mbíodh Dónall páirteach iontu. Bhí dlúthbaint aige ar ndóigh, le hAisteoirí Ghobnatan. Beachaire ealaíonta ab ea é agus, ainneoin an ghalair a bhuail na coirceoga sna blianta deireanacha, thagadh an mhil chuige ina thaoscaibh gach samhradh. Fear sleáin cumasach a bhí ann agus bhaineadh sé agus shábháladh sé an mhóin go slachtmhar le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Fear mór bollála a bhí ann agus é an-ghníomhach tráth I mBólchumainn na hÉireann agus na Gaeltachta. Galf an cluiche ba mhó a chleachtaíodh sé sna blianta deireannacha so, ach ba léir go raibh an t-iomaitheoir fós beo ann agus ba dheacair é a dheighilt ón euro nó ón dá euro a leagfadh sé leat mar gheall ar an gcéad tí sa Neidín.
Aon chomhluadar ina mbíodh sé, bhíodh spórt agus greann ann. Ba chuma cé chomh sollúnta an ócáid, chífeadh súile an fhile aige abhar magaidh agus fónóide sa choiméide daonna ann. Phriocfadh sá balún an uaibhris agus na postúlacta i nduine, ar shlí a bhí daonnachtúil, comhbhách, ach nár fhág aon amhras ort maidir lena dhearcadh I Leith na heirí in airde agus an uabhair agus an díomais. Cé go bhfuilimid go léir go brónach ina dhiaidh ní bheadh Dónall pioc sásta linn dá leanfaimis orainn le duairceas agus le léan. Smaoinímis ar a éachta, a ghaiscí, a ghnothachtála féin. Conas mar a chabhraigh, mar a threoraigh, mar a thacaigh, mar a chothaigh sé daoine, pé acu laistigh dá theaghlach féin, nó ina phost mar mhúinteoir nó ina bhall den phobal inar mhair sé. Táim cinnte go bhfuil a lán daoine anso inniu le taobh a uagha gur dhein sé gar dóibh agus atá faoi mhórchomaoin aige. Coimeádaimis na cumhní sin beo inár n-aigne agus roinnimís ar a chéile iad nuair is caothúil an uain.
Ní miste sula scarfaimid go ndéarfainn rud éigin ar leith faoina leannán saoil agus a chara cléibh, Máiréad. Is cuimhin liom an chéad uair a casadh ar a chéile sinn. Sna blianta san, bhíodh Dónall agus mé féin agus a dheartháir Conchúr, a chara Pádraig Ó Muimhneacháin agus fir óga eile dár leithéid, ag gabháil timpeall mar is dual d’fhir óga a bheith, lán de ghiodam agus de ghigileas, gan aon phioc d’ualach an tsaoil ag déanamh tinnis dúinn ach rincí agus cailíní. Is beag duine ag a mbíodh gluaisteán ag an am ach bhí socrú an-chluthar ar fad ag Dónal, sa mhéid go raibh sé ar lóistín lena chúntóir scoile, bean fhial, fhoighneach de mhuintir Aonghusa. Bhí inion ní Aonghusa chomh ceanúil sin ar Dhónal, a Príomhoide, go dtugadh sí a gluaisteán ar iasacht dó ar uairibh go dteastódh uaidh dul ag rince tamall ó bhaile. Leagadh sí síos dhá choinníoll I Leith na hiasachta so: (1) ná raibh cead ag Dónall a bheith ag ól agus é I mbun an chairr; agus (2) ná raibh cead aige aon chailíní a thógaint isteach sa ghluaisteán, roimh nó I ndiaidh an rince. Caithfidh mé a admháil go fírinneach gur dhein Dónall gach dícheall an chéad choinníoll a chomhlíonadh ach go bhfuilim faoi gheasa aige gan aon rún a scaoileadh maidir leis an dara coinníoll. Ba mhinic, áfach, a d’aimseodh iníon ní Aonghusa fianaise sa chairt a leiríodh nach ina aonar a chaith a lóistéir an oíche roimh ré.
Ceann de na hoícheanta, tháinig Dónall chugainn sa charr le sinn a thógaint ag rince agus d’fhógraigh gur theastaigh uaidh go rachaimis leis go Cúirt an tSáirséalaigh. Ní raibh a fhios againn-ne go raibh aon halla rince I gCúirt an tSáirséalaigh ach mhínigh sé dhúinn go mbíodh oícheanta spraoi ag na banaltraí san ospidéal ann agus go bhfáilteofaí romhainn go léir toisc go raibh ana ghannchúis fear orthu. Síos linn go hamhrasach ach níorbh fhada ann in aon chor ann sinn gur thuigeamair cad a bhí ar bun. Chuir sé Máiréad agus a cairde in aithne dúinn agus ba ghearr gur léir dúinn go raibh Dónall go doimhin I ngrá leis an spéirbhean seo ó Chill Chainnigh agus go raibh a phort seinte mar bhaitsiléir. Níorbh fhada ina dhiaidh sin, go deimhin, go raibh ár bpoirt go léir seinte ar an ndul céanna, gur casadh ár mná ar a chéile agus go bhfuilimid inar ngarchairde saoil ó shin. Chuaigh an grá san idir Dónall agus Máiréad I ndoimhneas agus I dtéagar le himeacht na mbliadhan agus níor threise ríamh é ná sna míonna deireanacha so gafa tharainn agus é san ospidéal.
Guímíd ar son na muintire atá fágtha, a bhean dhílis Máiréad, a pháistí Conchubhar, Niamh, Bríd agus Dónall Óg agus a gcéilithe súd, Caroline, Máirtín, Scott, agus Bríde, agus a gharpháistí uile. Go maolaí Dia ar a n-uaigneas agus nára fada uathu an lá go mbeidh ar a gcumas féachaint siar le cneasú an ama, faoi shuaimhneas aigne agus géilliúil do thoil Dé, le mórtas agus le buíochas, ar an duine a bhí ina fhear céile, ina athair, ina athair céile, ina dheartháir, agus ina seanathair acu. Agus go dtuige siad I gceart, ina machnamh ag féachaint siar dóibh, cíocu I gciúineas na hoíche nó faoi bhroid an lae san, cad é mar phribhléid acu é Dónall a bheith ina fhear gaoil acu agus go maireann agus go mairfidh a spiorad iontu fad a mhaireann siad beo.
Tá sé sínte anso again inniu in úir Chill Ghobnatan agus é timpeallaithe ag taisí a lucht gaoil, a chairde agus a chomharsana féin. Go luí cré na cille go héatrom ar a cheannacha. Slán leat, a chara, agus solas na bhFlaitheas ort go deo.
Liam Ó hÉigearta 12/11/’08