Cartlanna Clibe: Cór Chúil Aodha

An Dord Féinne – Cór Taobh a Leitheid

Bhíos i mBaile Atha Cliath le mo chlann ar Lá Fhéile Phádraig agus tar éis an pharáid, bhíos i lathair ag an gCeolaras Náisiúnta do choirmcheol den scoth ansan an oíche céanna.

Ar an ardán le h-aghaidh ‘Guthanna na nGael/Irish Voices’ bhí Cór Taobh a Leitheid faoi stiur chumasach Doiminic Mac Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhair, Peadar  O Riada agus Cór Chúil Aodha, Eithne Ní Chatháin agus Róisín Elsafty.

Bhíos ag taifeadadh Cór Chúil Aodha le h-aghaidh ár gcartlann ach d’eirigh liom an píosa seo a thaifeadadh ó Chór Thaobh a Leitheid a thaifeadadh freisin.   Seo chugaibh an Cór agus iad ag ceol An Dord Féinne – óró sé do bheatha bhaile más fearr leat – agus níl amhrán níos oiriúnaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Phádraig.

Bainigí sult – agus gabh mo phardún agus an giorrú gonta ag an deireadh (bhíos ag rith amach as téip!).   Ní gá a rá ach go gcreidim go bhfuil Cór Taobh a’ Leitheid ag seasamh an fhóid ar son an traidisiún agus ar son ‘Teanga na nGael’ go ceolmhar binn.  Nára laga Dia iad!

Ceol ó Mhúscraí – ar fuaid na tíre….

Cór Chúil Aodha fé stiúr Peadar Ó Riada

Tá ceoltóirí ó Mhúscraí ag tabhairt faoi thogra nua chun a gcosa a thabhairt leo ón gcúlú eacnamaíochta.  Comharchumann dhá theangach ceoltóirí atá curtha le cheile acu chun a léiriú don phobal mór conas is fearr teacht le cheile ar mhaithe le constaicí a sharú.

Fhaid is go bhfuil tionscal an cheoil faoi amhras le fás an idirlin, tá an grúpa seo ag iarraidh rud éigean fónta a dhéanamh ina leith.   Tá siad tagtha le cheile agus é i gceist acu a cuid dluth dhioscaí a dháileadh ar fuaid na tíre i siopaí leabhair i ngach baile agus cathair.

De réir Peadar O Riada, urlabhraí an ghrúpa, is tuairim é seo atá an chumas aige go leor a bhaint amach ar son gach éinne atá páirteach sa ghrúpa.    Chomh maith le daileadh na ndluthdhioscaí, beidh suíomh idirlín againn chun ár suíomhanna ar fad a cheangal le cheile agus taifeadtaí ar líne a chraoladh.  “Gan amhras níl gach éinne ag déanamh a gcuid siopadóireachta ar líne agus mar sin tá sé tabhachtach le go mbeadh an togra seo inmharthanach go mbeadh na dioscaí á dháileadh sna siopaí.”

Mar is dual do lucht an cheoil, tá an beartas fónta seo á sheol le coirmcheol in Amharclann Bhearna na Sceiche i Maigh Chromtha – an Briery Gap – oíche Dé Satharn ar 20ú Márta.   Liosta le h-áireamh iad na ceoltóírí a bheidh ar an ardán ar an oíche sin agus is é Seán  O Sé a bheidh  ina fhear a tí.

Ar na ceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte sa choirmcheol, a bheidh an t-airgead ar fad ag dul i dtreo Aonad Leukeamia Oispidéal na Trócaire i gCorcaigh, tá Máire ní Cheocháin Uí Chrualaí, Peadar O’ Riada, Fiona Kelleher, Noel Shine agus Mary Greene, Ger Wolfe, Jim Murray,  Máire Ní Chéilleachair, Banna Chéilí Ghobnatan (Abbey Ceilí Band), Connie O’ Connell, Fiontán O’ Meachair, Eibhlís Ni Súilleabháin, Cóir na mBan, Conal O’ Gráda, Hammy Hamilton agus Cór Cúil Aodha.

Tá gach cineál ceol ar mhian leat le clos ó na ceoltóirí seo – ceol córach, amhránaíocht ar an sean nós, na gormachaí,  rac cheol traidisiúnta agus ceol nach gcloisfeá in aon áit eile.  Mar sin má tá an deis agat, bí linn ar an 20ú Márta i Maigh Chromtha.  Mura féidir leat bheith ann, bí ag faire amach do Cheol ó Mhúscraí ar an líon is id siopa leabhar áitiúil.

[Is é seo an seoladh le h-aghaidh an suíomh idirlín nua – ach níl sé beo go fóill.    http://www.ceolomhuscrai.net]

Seo chugainn an Éigse

eigse

Tá’s againn go bhfuilimíd i ndúlaíocht an Gheimhridh nuair a thosnaítear ag caint ar an Éigse.   Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin nó Éigse Dhiarmuidín atá i gceist agus beidh sé á reachtáil anseo i gCúil Aodha, áit dhúchais an amhránaí a cailleadh i dtimpist taca an ama seo i 1990, agus i mBaile Bhuirne ar an 4ú-5ú-6ú Nollaig.

Deireadh seachtaine ceoil agus amhráin, cuimhní cinn agus léachtanna agus go leor leor eile a bheidh ag titim amach i mbliana.   Tosnóidh sé ar an 4ú Nollaig i Halla Chúil Aodha – Aras Éamoinn Mhic Suibhne – leis an oscailt oifigiúil ag Seán O Liatháin, sean chara le Diarmuidín agus a leathbhadóir i luibíní is a leithéid.   An oíche céanna seolfar feilire 2010 Coiste Litríochta Mhúscraí agus beidh léacht ann faoin Dochtúir O Loingsigh, a shaol agus a shaothar, ag Dónal O hÉalaithe.   Beidh ceol agus rínce sna tabhairní is ostáin áitiúla – seisiún ceoil sa Mhuileann agus oíche rínce seiteanna in Ostán Ghobnatan/Abbey Hotel.

Ar an Satharn a reachtáilfear na ranganna do lucht foghlamtha ceoil  agus tá cuid de na ceoltóirí, rínceoirí is amhránaithe is fearr sa tir ann chun barr snáis a chur ar do chuid scileanna.  Paudie O’Connor (bosca ceoil), Diarmuid O’Brien (fidil), Eamonn Cotter (feadóg mhór), Gay McKeown (píob uileann), Máire Ní Cheilleachair(amhránaíocht sean nóis), Dainní Maidhcí O Suilleabháin (Bailéadaí Béarla) agus Máire Aine Ní hIarnáin (rínce ar an sean nós).

Beidh seisiún ceoil i Mhuseam an Mhuilinn agus taispeantas rínce le cois san iarnóin.  An oíche sin beidh Coirm Ceoil na hÉigse sa Halla i gCúil Aodha agus is liosta le h-áireamh iad na ceoltóirí a bheidh ar an ardán.    Orthu sin nach bhfuil luaite go dtí seo, tá Martin Hayes, laoch fidil Oirthear an Chláir, Caoimhín O Raghallaigh, Gabriel McArdle, Patsy agus Pauline Healy, Charlie Harris, John Kelly, Eamon McGivney, Peadar O Riada agus Cór Chúil Aodha,  Muireann Ní Dhroighneáin a bheidh ina bhean a’ tí ag an ocáid.

Tuilleadh seiteanna ina dhiaidh sin in Ostán Ghobnatan, beidh cruinniú na n-amhránaithe sa Mhuileann agus Club na Féile sa Mhuseam.

An maidin dar gcionn beidh Aifreann na hÉigse i gCúil Aodha ag 11rn.  Craolfar seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, áit ar chaith Diarmuidín seal fada ag obair agus é in chlár reachtaire/iriseoir ann.    Ina dhiaidh sin, ag mean lae,  beidh ocaid an speisialta sa tsean teampall i Reilg Ghobnatan le Martin Hayes, Caoimhín O Raghallaigh agus Peadar O Riada – agus is í Gabriel McArdle a bheidh ag canadh na n-amhrán.

Idir 1in agus 7.000in sa Mhuseam sa Mhuileann tá imeacht ana spéisiúil á reachtáil.  Séard atá i gceist leis an Amhránathon ná seisiún amhránaíochta gan stop agus beidh aos óg na h-áite go h-áirithe páirteach ann.  Tá an imeacht á reachtáil ar mhaithe le h-airgead a chnuasú do Aisling Gheal, an scéim áitiúil amhránaíocht ar an sean nós.     Tá sé rí thabhachtach go mbeadh maoiniú á dhéanamh ar seo nó is é seo an scéim ceannródach atá ag cur chun cinn amhránaíocht ar an sean nós go h-áitiúil.

Cuirfear clabhsúr ceolmhar leis an deireadh seachtaine sa ‘cosy spot, the Top of Coom’ nuair a bheidh Eibhlís Uí Thuama ina bhean a tí ar sheisiún amhránaíochta san iar nóin.

Agus, ansan arís, tuilleadh ceoil in Ostán Ghobnatan an oíche sin,  Jimmy Doyle agus a chairde.

Cuimhneachán ar an Samhradh….

Ó am go chéile anseo, bionn rudaí trom agus duairc. Ach seo trachtaireacht a chuirfidh an Samhradh i gcuimhne dhúinn, an Samhradh mar a bhíodh sé ar aon nós, nó tá dhá mhír scannán anseo atá ana thaithneamhach – agus sin a dhéarfainn ós rud é gurb iad mo mhuintir féin atá ann – ar aon nós.

Seo taifead a deineadh anuraidh i gCíll Airne nuair a bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Pheadar O Riada as é bheith ainmnithe mar Chumadóir na Bliana. Tá oráid deas ann agus tá’n Cóir freisin ag canadh ‘Aoibhinn Crónán’, amhrán gleoite, dán de chuid an Chraoibhín Aoibhinn, Dúbhglás de hIde.

Agus mar bhónas beag ag deireadh an dara mhír, tá píosa le Martin Hayes, Ceoltóir Traidisiúnta TG4 do 2008.