Dónal Ó Liatháin 1934-2008

Dónal Ó Liatháin, 1934-2008.  File, saoi, múinteoir Dónal Ó Liatháin, 1934-2008. File, saoi, múinteoir

Go suaimhneach in Oisbidéal Bheanntraí, cailleadh Dónal, file, saoi agus múinteoir, tar éis breoiteachta.  Méala mór a bhás dá cheile gheanúil, Margaret, dá chlann, Concubhar, Niamh, Bríd agus Dónal Óg, dá gcliamhaineacha, Caroline, Scott, Máirtín agus Bríd, dá ghar chlann Art agus Danú, Cian, Clíodhna agus Éabha, Katie agus Lúc,  dá ghaolta agus dá cháirde.   Suaimhneas síoraí dá anam agus d’anamacha a dhearthaireacha, Pádraig, Colm agus Concubhar, dá dheirfiúr, Máire, agus dá mhuintir a d’imigh roimhe.  Deinfear é a thorramh sa bhaile i gCúil Aodha agus aistreofar a chorp go dtí Seipéal Chúil Aodha ar an Mháirt.  Aistreofar a chorp óna theach chónaithe inniu [Dé Máirt] ag 7in.   Ceiliúrfar Aifreann na Marbh ar shon a anam amarach ag 2in i Seipéal Chúil Aodha agus cuirfear é ina dhiaidh sin i Reilg Ghobnatan i mBaile Mhuirne.

Im long mé measaim, fé last fé sheol

Is gan caladhfort romham

Im leabhar mé scríofa i dteanga ón spéir

Is níl aon naoi a thuigfeadh é

Im lampa lásta istigh i gcupúrd

Is gach dóras dúnta fé ghlas go dluth

An bhfanfadsa lásta mar long i mbuidéal

Go n-éalóidh mar chogar an chuid eile dem shaol?

Dónal  Ó Liatháin

17 de thuairimí ar “Dónal Ó Liatháin 1934-2008

  1. séamus Mac Seáin

    is mór an chaill é bás an chéad tuismítheora. go dtugtar furtacht agus faoiseamh dóibh siud atá fágtha ina dhiaidh

    Freagra
  2. crosbhealaí

    Comhbhrón ó chroí leat, a Choncubhair, agus le do mhuintir uile. Chasas ar d’athair uair nó dhó, fear lách umhal a bhí ann. Suaimnheas síoraí dá anam uasal Gaelach.

    Freagra
  3. Tomaí Ó Conghaile

    Comhbhrón ó chroí leat féin a Choncubhair agus le do chlann ar fad. Beidh mé ag caint leat go luath.

    Freagra
  4. eoghan ó néill

    Comhbhrón libh. Is dona liom do scéal a Chonchubhair.
    Mór an chaill é imeacht Dhóaill dá chlann dílis, do mhuintir Chúl Aodha agus gan dabht ar bith don phobal Gaelach thuaidh theas, soir siar. Buille throm dá chairde anseo i mBéal Feirste é chomh maith agus crothnóidh muid Dónall go mór.
    Go dtabharfaí Dia sólás daoibh ar fad ag an am seo. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
    Ó Eoghan Ó Néill agus bhur gcairde anseo sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

    Freagra
  5. Caoimhín Ó Drisceoil

    Triocha bliain ó shin thosnaíos mar dhalta i gColáiste Íosagáin agus Dónal mar mhúinteoir staire agam. Fear uasal fileata, cairdiúl, greannmhar a sheol i bhfad níos mó ná fíricí agus teoraicí staire chugainn. Soithí an óige, folamh dár ndóigh, gan morán tuisceana ar aon ní, ba é Dónal ba chúis le roinnt mhaith d’fheallsúnacht laethúil a chur os ár gcomhair chun cíor an tsaoil a chogaint linn, chun an lasair a spreagadh chun tine . Tá cuimhní maithe agam ar an gcomhrá agus craic a bhíodh eadrainn aon uair a chasamar ar a chéile ar feadh na blianta fada ina dhiaidh sin. Bhí pearsantacht fe leith aige, a chuirfeadh in iúl duit gur thaitin se leis a bheith ag caint leat, ba chuma cé a bhí ina chomhluadar. Tá níos mó na oidhreacht shaibhir liteartha fágtha aige.Tá cuimhní an chaidrimh fós fagtha, cuimhní fileata, cuimhní an cheoil, an greann agus an pearsantacht ilghnéitheach, ildathach, ilchéardach sáite go daingean sa mheabhair ag na daoine a bhreathnaigh ar stáitse é, sinne a mhalartaigh scéalta grinn leis agus sinne, na bligeárdaithe a d’fhoghluim i bhfad níos mó na blúirí staire sa rang.

    Mo chomhbhrón a Chonchúir agus led’ chlann uilig.

    Freagra
  6. Conn

    Comhbhrón, a chara leatsa agus le do mhuintir. Is oth liom an drochscéal seo. Is cuimhin liom go maith an fáilte a chuir sé romham nach mór 30 bliain ó shin nuair a chaitheas seachtain faoin ndíon agaibh i gCúil Aodha.

    Bhí mé 11 bliain d’aois, agus b’shin é an chead uair a chuala mé Gaeilge á labhairt go nádúrtha ag páistí cosuil liom féin. Murach an tseachtain sin, agus an bóthar a leanas ina diaidh, ní bheadh sé ar mo chumas an méid seo a scríobh i nGaeilge anois.

    Tá fhios agam gur fior sin do móran daoine eile a raibh tionchar ag d’athair orthu. Seachtain na Cásca 1980, dhein do thuismitheoirí gar speisialta do m’athair nuair a chuir siad fáilte romham, agus ionfhabhtaíodh mé le galar na Gaeilge. Táim cinnte go bhfuil an fáilte céanna curtha ag m’athair roimh Dhónal anois.

    Freagra
  7. Gearóid Ó Laoi

    A Chonchubhair dhil,
    ní maith linn do bhris in aon chor. Duine fé leith ab ea t’athair. Ní raibh aon am gur bhuaileas leis nár fhág miongháire ar m’aghaidh. Bhí meas an domhain ag gach éinne air agus ní haon ionadh é.

    Rud i dtaobh an tsuímh so. Chuirfinn tg ar Blag chun spóirt! An Bhlaig nó níos fearr, an Bhlaga!

    MLM
    G

    Freagra
  8. mait ó brádaigh

    A Chonchubhair,
    Comhbhrón ar bhás d’athar. Ní raibh mórán aithne agam air ach amháin ó na hOireachtais. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá gur tháinig sé ar an ardán agus é gléasta i seangheansaí Chiarraí agus an cur síos ar chathair Chorcaí mar dhea ! Bhí sé an-deas éisteacht ar Rna G am ar bith go raibh sé air.
    Mait Ó B. i nGaillimh.

    Freagra
  9. Larry Hamilton

    A Chonchubhair,
    Mo chomhbhrón leat féin,led’ mháthair Margaret, le Niamh, Bríd agus Dónal Óg ar bhás d’athair Dónal. Bhuaileas leis don chéad uair sa Mheadhón Fhómhair, 1947 tar éis turas fada i Baby Ford ó Chill Chainnigh. Ó shin go 1953, ar críochnú ár scoilaíocht i gColáiste Phádraig chuireas aithne ar Dhónal. Fear gealgháireach, macánta, cáirdiúil agus flathúil…chuir sé féin is daltaí eile ón nGaeltacht sinne, (mé féin agus Billy Lawlor go h-áirithe) ón ‘nGalltacht’, ar ár suaimhneas. Míle buidheachas do d’athair, a chabhraigh linn go mór greim a fháil ar canúint Mhúsgraí agus aithne a chur ar dhaoine agus áitreabh álainn! Cuireann sé uchtach orm aithne a bheith agam air!
    Go dtuga Dia suaimhneas dá anam dílis, uasal.

    Freagra
  10. Mick

    Agus mé féin fosta. Is fada an lá é as a t-am a chaill mé a mo dhaidí féin, ach tá sé agam go fóill. Bím ag caint leis go measra minic beagnach tríocha bhliain ina dhiaidh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s