An oiread is nach bhfuil saoi gan locht, agus nár cheart don t-é atá i dteach gloine an chéad cloch a chaitheamh, tá fonn orm cic sa tóin eile a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge atá, is cosúil, saor go fóill ó scian an Bhoird Snip Nua. B’fhéidir go bhfuilim tógtha mar gheall ar an bhféin ceartúchán a rinne RTÉ ag tús na seachtaine ach seo chugaibh é, a Fhorais, crom síos agus….!
Seo an preas ráiteas a d’éisigh siad ar an Aoine seo chaite:
Comórtas Poiblí le fógairt i comhair conartha le Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge a sholáthar.
Bhí an conradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a sholáthar faoi chaibidil ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge a bhí ar siúl i mBéal Feirste inniu, Dé hAoine, 17 Iúil. Ag an gcruinniú cinneadh próiseas tairisceana nua a fhógairt an tseachtain seo chugainn le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú. Tá sé mar sprioc ag an bhForas go mbeidh an nuachtán nua ar fáil do phobal na Gaeilge faoi Shamhain na bliana seo. Beidh sé sheachtain ag daoine ar spéis leo cur isteach ar an gconradh iarratas a ullmhú. Déanfar measúnú ar na hiarratais ansin agus bronnfar conradh maoinithe i gcomhair na tréimhse Samhain 2009 go Deireadh Fómhair 2013 ar an iarrathóir a n-éireoidh leis.
Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe dó, dúirt Cathaoirleach an Fhorais, Liam Ó Maolmhichíl, “Tá suim léirithe ag roinnt mhaith grúpaí cheana féin sa chonradh leis an nuachtán a sholáthar. Fógrófar an comórtas go luath an tseachtain seo chugainn agus tá sé de rún againn an próiseas a thabhairt chun críche chomh tapa agus is féidir, le go mbeidh foilseachán nuachta nua ar fáil do phobal na Gaeilge gan mhoill.”
Glacaim leis gur comórtas é seo ag an bhForas, ag iarraidh ar an bpobal an botún d’aon ghnó a thabhairt faoi ndeara agus go mbronnfar sintiúis saoil ‘Saol’ ar an t-é a thugann faoi ndeara an méid atá béim leagtha agam air, leis an gcló ‘dána’ thuas.
Thairis sin, nuair a eirímíd ón úrlár, agus nuair a thagann an anál chugainn arís, tar éis an taispeantas grinn seo ó chathaoirleach an Fhorais, Liam Ó Maolmhichíl, a fhagfadh Des Bishop féin in éad, tosnaíonn na ceisteanna ag teacht chun tosaigh nó, mar a deir siad ar Nuacht TG4 ‘ag ardú’.
An chéad cheist: an bhfuil sé lán chinnte go mbeidh an t-airgead ag Foras na Gaeilge ó mí na Samhna seo chugainn go dtí Deireadh Fómhair 2013 chun an togra seo a mhaoiniú? Tá’s againn go bhfuil an Fhoras tar éis teacht slán ón Bórd Snip ach is cosúil go bhfuil an Rialtas ó dheas ag caint leis an Fheidhmeannas ó thuaidh chun teacht ar réiteach mar gheall ar ionchur laghdaithe ó Bhaile Atha Cliath don Fhoras Teanga, mar aon leis na h-institiúidí tras teorainn eile.
Tá go leor leidí tugtha ag an Aire Ó Cuív faoin úsáid ar mhaith leis baint as Ciste na Gaeilge, nach bhfuil ceangailte leis an socrú thuaidh theas seo ar chorr ar bith, chun eagrais béasach ó dheas a mhaoiniú agus tá’s againn gur bhrea le Nelson McCausland, Aire an Chul (de sac) túir ó thuaidh, an deis a thapú le go mbeadh maoiniú cothrom don Ultais is don Ghaeilge ó thuaidh. Is cosúil go bhfuil an cead aige go pearsanta srian a chur ar bhuiséad an Fhorais más maith leis agus má dheineann sé an méid sin i bpáirt leis an Aire ó dheas.
Mar sin, an mbeidh an €1.4m le sparáil ag an bhForas don chonradh seo idir Samhain 2009 agus Deireadh Fómhair 2013?
Deirtear linn go bhfuil ‘roinnt mhaith’ grúpaí ann a léirigh suim sa togra. An bhfuil i bhfírinne? Nó an chuid é seo de chluiche an mhilleáin atá go fóill á throid ag an bhForas i ndiaidh an méid a tharla idir an Fhoras agus Moinéar Teo maidir le foilsiú Foinse?
Tar éis roinnt mhaith machnaimh a dhéanamh ar an gceist, bheadh fonn orm féin meitheal a thabhairt le cheile leis an ceist seo a phlé: ar cheart go mbeadh nuachtán clóite ann? Ní doigh liomsa é. Ní chreidim go bhfuil a dhothain airgid ann chun a leithéid sin de nuachtán a bheathú ar feadh ceithre mbliana, go h-áirithe i bhfianaise go mbeidh deireadh ar fad nach mór le fograíocht stáit de chineál ar bith gan ró mhoill, agus anuas ar sin go mbeidh deireadh go h-áirithe le fograíocht dhá theangach stáit sna meáin Bhéarla agus Ghaeilge {an meid acu atá fagtha].
Ar ndóigh is é Nuacht 24 atá i seilbh na liathróide faoi láthair agus ní beag an obair atá ar bun ag an nuachtán sin cé nach dtugaim faoi ndeara aon tagairt sonrach gur ann do san alt is déanaí faoi imeacht Foinse san Irish Times inniu, alt ‘Beocheist’ le Seán Ó hÉalaí: [Ceist: an féidir ‘beocheist’ a thabhairt ar an gconspóid seo go fóill?]. Alt é seo atá lán le baois is gaois. A leithéid seo:
hain Foinse amach an caighdeán is airde iriseoireachta sa nGaeilge go dtí seo; chuir siad foireann mhaith le chéile agus má scaiptear iad, beidh sé sin caillte go deo. Mheall siad scríbhneoirí maithe agus tá ábhar iontach fáis agus forbartha ann agus tá sé lonnaithe sa nGaeltacht.
I gcead don scríobhnóir, is abairt é sin a léiríonn aineolas ar chéird na nuachtán, amhail is go bhfuil tabhacht le suíomh Gaeltachta an nuachtáin. Agus cá bhfuil na scriobhnóirí maithe seo anois? An bhfuil siad ag scríobh? An bhfuil blaganna acu? Dúirt mé an méid seo ar bhlag eile agus déarfaidh mé anseo é: dá mbeadh tairbhe dá laghad i scriobhnóirí Foinse, bheadh siad go fóill ag scríobh in áit éigean, ag spreagadh conspóide, ag foilsiú ar an idirlíon. Ach níl. Cén fath?
Dá mbeadh an saol ina cheart, bheadh an Fhoras ag cnagadh ar an doras ag an gCultúrlann agus Liam is Ferdie is na cáirde ar a nglúine ag impí ar Eoghan Ó Néill is a gcáirde teacht i gcabhair orthu, pretty, pretty please, agus nuachtán a fhoilsiú. Ach ní mar sin atá an saol agus ní doigh liom go bhfuil fonn ar an bhForas an rud atá ciallmhar agus faoina srón a dhéanamh. Rinne Bórd na Gaeilge an botún céanna i 1996 agus sin a thug Foinse ar an saol nuair a bhí Lá ann agus i seilbh na liathróide is Anois imithe. Ach bhuaigh meoin na criochdheighilte an chluiche sin freisin.
An bhfuil sé go fóíll i gceist ag an bhForas an chomórtas seo a bheith srianta, gan cead ach iarrthóirí ar suim leo nuachtán clóite a fhoilsiú gach seachtain in ainneoin an ollchostas a bhaineann lena leithéid d’fhiontar?
Ar cheart meitheal uile Éireann a bhailiú timpeall ar Nuacht 24/An Druma Mór agus togra uaillmhianach idirlín a chur i láthair an Fhorais le h-infhéistíocht a lorg – ní deontas – agus ná beadh cumhacht beatha agus bás ag an bhForas mar a bhí go dtí seo agus mar a bheidh má leantar den sean mhúnla leis an bproiseas nua seo?
Creidimse gur cheart. Níl aon bhaint agam le Nuacht 24 seachas go gcuirim colún ar fáil doibh agus níl sé seo pléite agam le duine ar bith acu. Ach ní miste liom bheith páirteach in a leitheid de mheitheal oibre. Bhéinn páirteach ann le croí agus le fonn….