
Nelson McCausland, Aire Chultúr an Tuaiscirt: Tuairimí 'crackáilte' an aire is dainséaraí ó thuaidh.
Deirtear linn nach fada go mbeidh straitéis á fhoilsiú ag an Aire Cultúr ó thuaidh, Nelson McCausland, chun cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh a thacú. Is cosúil gur cuid é sin den choireagrafaíocht a réitíodh maidir le déabhlú na cumhachta poilíneachta ag Caislean Cromghlinne. Na margaí ‘ar an taobh’ is fearr aithne orthu sin.
An bhfuil a fhios ag aoinne cén sort straitéise atá á bheartú ag an Aire chun an Ghaeilge a chur chun cínn? Taobh amuigh dá Roinn, ní dócha é. [Cuireann sé aire eile le cúramaí teanga i gcuimhne dhom….]
Agus mé ar thóir leid nó dhó [leid – Boord o’Leid :)] faoin méid a bheadh sa straitéis seo, thugas cuairt ar bhlag an Aire – agus is fiú do dhaoine cuairt ar bhlag Nelson McCausland, táim ag rá leat, an oiread is gur fiú do dhuine cuairt a thabhairt ar bhlag Gerry Adams. Dá mhéid pearsaí sa saol phoiblí atá teacht orthu sa tslí seo, is fearr é don chóras pholatúil.
Tá dhá thrachtaireacht ag an Aire le déanaí ar fiú áird ar leith a thabhairt orthu agus sinn ag cuardach leideanna faoin aigne atá aige faoin straitéis teanga seo.
Sa trachtaireacht is déanaí uaidh, deir sé an méid seo i leith griangraf a chonaic sé i nuachtán.
On the front page of the Irish News this morning there was picture of a some of the pupils outside St Eugene’s High School, a Roman Catholic school in Castlederg. Part of the name on the school building is covered by a poster, which is being held by one of the children, but the words Ardscoil and Naomh, written in old ‘Celtic-style’ script, are clearly visible.
This is a simple example of the way in which Roman Catholic schools affirm and promote an Irish, Gaelic and Celtic cultural identity for the children who attend them. It is done through Irish signage, Irish language, Irish traditional music and Irish games. In other words the schools have an Irish cultural ethos.
Níor chreideas riamh go raibh a dhothain á dhéanamh ag scoil ar bith, Caitliceach nó eile, ó thuaidh chun an Ghaeilge a chur chun cinn nó, dá mba rud é go raibh sin amhlaidh, cén ghá a bheadh le gaelscoileanna ó thuaidh?
Ar aon nós creideann an Aire nach bhfuil sé ceart go mbeadh an scéal amhlaidh i scoileanna Caitliceacha agus ná beadh aon cur chun cinn á dhéanamh ar Chultúr na Breataine, na bProtastúnach, na nAondachtach nó na bhFear Buí sna scoileanna san earnáil Stáit ó thuaidh. Creideann sé go dtagann na páistí a dheineann freastal ar na scoileanna seo ó chúlra Protastúnach/Briotanach agus mar sin gur cheart go mbeadh na scoileanna sin ag cur chun cinn ‘a gcultúr’. Dar leis gur ceart é seo atá dearbhaithe faoi Chairt na Náisiún Aontaithe i leith Cearta an Linbh. Tá tús curtha aige le cainteanna leis an Aire Oideachais, Caitríona Ruane, ar an ábhar agus is é atá molta aige ná:
It will require change in a number of areas, including:
1. Incorporation of cultural traditions into initial teacher training
2. The development and provision of appropriate teaching materials
3. In-service teacher training
4. Guidance for school governors about the cultural ethos of the school and the cultural rights of the child
Anois níl a fhios agamsa fútsa – ach is údar imní an méid seo domsa. Tá an Aire ag cothú ‘cultúrdheighilt’ ó thuaidh a chinnteoidh go mbeidh easpa comhthuisceana idir an dhá chultúr mhór ó thuaidh ar feadh na glúinte romhainn lena moltaí. Má tá rud ar bith le déanamh, le cinntiú go mbeadh comhthuiscint níos fearr ann idir an dhá chultúr, ba cheart go mbeadh oideachas is oiliúint faoi cultúr an taobh eile á mhúineadh sna scoileanna ar ‘an dhá thaobh’. Ní gá léamh idir línte an méid atá scríte ag an Aire le tabhairt faoi ndeara go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh eiteos Protastúnach, Briotanach is Oráiste á thacú ag na scoileanna atá faoi smacht díreach an stáit ó thuaidh agus, is dócha,nach mbeadh aon rian den Ghaeilge ann, de chultúr na hÉireann (Tá Tuaisceart Éireann go fóill suite in oileán na hÉireann, nach bhfuil?) is cluichí is ceol na hÉireann.
Má tá an meoin seo ag an Aire i leith cúrsaí ‘eiteos’ sna scoileanna, an bhfuil sé mí réasúnta a cheapadh nach mbeidh an meoin seo le tabhairt faoi ndeara ina straitéis teanga? Agus an rud maith é sin don Ghaeilge, go mbrúfar an teanga i dtreo pobal amháin sa chaoi is nach n-aithneofar í mar chomhoidhreacht gach duine i ‘dTuaisceart Éireann’? Gan amhras is cuid é sin den cur chuige deighilteach atá á spreagadh ag an gcóras pholatúil ó thuaidh.
I dtrachtaireacht eile deineann an Aire a mhór de bhunús ‘Albanach Uladh’ an focal ‘craic’ nó, dar leis, ‘crack’. Gach seans go bhfuil an cheart ag an Aire faoi seo – ní fiú bheith ag argóínt faoi. Tá an Aire buartha faoin fhocal seo bheith á ghoid ag cultúr na Gaeilge is na Gaeltachta ó chultúr na hAlbainis Uladh.
An rud a thugann an Aire goid air, creideann daoine eile gur saibhriú teanga é go mbeadh teangacha eile ag fáíl focail ar iasacht uaidh. In áit don Aire bheith ag iarraidh na scoilte a dhaingniú, nár cheart do bheith ag baint úsáide as ‘craic’ le léiriú do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge agus an Albainis Uladh mar chuid dá gcomhoidhreacht chéanna? Go deimhin, d’fhéadfá go mbeadh an cur chuige sin ag teacht go h-iomlán leis an mhóid a thug sé mar Aire an chéad lá go mbeadh sé chomh diograiseach céanna i leith gach chuid den phobal agus é i mbun a chúramaí.
Tá sé fánach domsa, is dócha, bheith ag iarraidh súile an Aire a oscailt faoi chomh craiceáilte – nó crackáilte – is atá a chur chuige. Ní h-amháin go bhfuil sé crackáílte ach tá sé dainséarach. Is é an Aire McCausland an Aire is dainséaraí, dar liom, ó thaobh todhchaí an Tuaiscirt. Má eiríonn leis a mheon aigne a chur i bhfeidhm, beidh an scoilt seicteach daingnithe go buan ó thuaidh.
Ní h-é nach dtuigeann an Aire an méid seo. Ar thrachtaireacht eile dá chuid, léiríonn sé go tuisceanach an léargas atá aige ar an chaidreamh idir an dhá chultúr ó thuaidh. Ar ndóigh creideann seisean go bhfuil sé ag díriú ar spotsholas ar mhíthuiscint dhuine eile, sa chás seo Monica McWilliams, seachas ag cur a thuairim scoilteach féin i láthair an phobail. Leag Monica a méar ar an bhfadhb in oráid a thug sí deich mbliain ó shin:
Closer to home the unionist-nationalist divide still remains strong. Perhaps one of the saddest developments in recent years is how cultural identity has been used to exacerbate this divide. It is doubtful if either Cuchullan (sic) or Douglas Hyde would have recognised the cultural battles that are taking place in their name. Faced with an increasing Irish language and cultural hegemony, Unionists have responded with an inflated Ulster-Scots identity, that they police in terms of parity of financial and esteem equity. This is the ‘black pig’s dyke’ defensive mentality in practice.
Tugann an Aire freagra ar seo ina bhlag ag rá do:
(1) She ignored the fact that the Gaelic revival at the end of the 19th century, led by men such as Douglas Hyde, gave rise to Irish cultural nationalism.
Niorbh aon ‘náisiúnaí’ chultúrtha é Dubhghlás de hIde sa tslí atá luaite ag an Aire. Ba dhuine é a ghlac seasamh laidir in éadan polaitiú na teanga, ach sin rud nach dtuigfeadh Nelson atá ar a sheacht dicheall a pholataíocht a bhrú anuas ar chultúr agus ar theanga na Gaeilge.
(2) She referred to an ‘increasing Irish language and cultural hegemony’. The word hegemony means ‘dominance, especially by one social group over others’.
Tá’s ag an saol mór nach bhfuil an Ghaeilge ag imirt cos ar bholg ar chultúr ar bith, gur teanga agus cultúr ‘ar an imeall’ í ina dtír dhúchais féin. B’fhearr linn nach amhlaidh a bheadh – ach sin mar atá.
(3) She also said that there was ‘an inflated Ulster-Scots identity’. In fact there is nothing inflated about an Ulster-Scots identity. It is an important part of our cultural diversity and a significant strand in our cultural history.
Is cinnte gur cuid tabhachtach dár n-éagsúlacht agus stair chultúrtha í an Albainis Uladh agus an cultúr a ghabhann leis an teanga. Ach ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil sí ‘ataithe’ nó, dar liomsa, curtha as a riocht ag polaiteoirí ar nós Nelson agus iad sa tóir ar chultúr a sheasfadh an fhód leis an Ghaeilge. Níl aon chinnteacht ann gur teanga ‘Aondachtach, Protastúnach’ í an Albainis Uladh, fiú má ghlacann tú gur teanga í sa chéad dul síos. Is é sin ‘bréag mór’ na hAlbainis Uladh.
Tá bréag beag an Boord faoi chaibidil san Irishman’s Diary ag Frank McNally. De réir dealraimh tá ‘fada’ na Gaeilge á úsáid in ainm an Bhoird ar shlí nach bhfuil bunús dá laghad leis.
Since that body was set up under the Belfast Agreement, I had always been curious about its use of the accent on the E in “Ulstèr”. So while interviewing the agency members later, I asked what effect it had on the word. And I was rather surprised when a member of the delegation admitted candidly that it had no effect: “We just thought it looked good”.
At the time, I was inclined to agree that it did look rather fetching. And that, what with its distinctive leftward slant, it nicely mirrored the accent used on the North’s other minority language, with which Ulster Scots compete for funding.
Níl aon cleas nach n-úsáidfear sa chogadh chultúrtha seo atá á fhearadh ó thuaidh, is cosúil.