Cartlanna Clibe: SDLP

Ceist agam órt, a Gerry. Lá 3

Níl aon freagra tugtha ag Gerry Adams go fóill ar na ceisteanna uaim a foilsíodh ar a shuíomh idirlín oíche Dé Domhnaigh.

Ag an am chéanna, de réir an eagrán is déanaí de Nuacht 24, an leagan clóite, tá sé ag lorg cruinnithe go luath le Gaeilgeoirí ó thuaidh ‘chun a mhíniú dóibh cad a tharla maidir leis an nGaeilge sna cainteanna agus chun an tslí chun cinn a leagan amach’.

Sin toradh, mar a déarfá.

NOT.

Ní h-é ná raibh am ag an tUasal Adams – nó This Blog, mar a thugann sé air féin – nó phostáil sé blag fada inné ag gearán mar gheall ar an SDLP agus ag céistiú cén ról a bhí ag an bpáírtí sin anois.

Is cuma liom an SDLP ann nó as – dá mbeadh an chumas ag an páirtí sin múineadh a chur ar Shinn Féin, páirtí nach léir go bhfuil ag déanamh beart de réir briathar ó thaobh na Gaeilge de, bhéinn sásta.  Ach ní léir go bhfuil an chumas nó an toil ag an SDLP amhlaidh a dhéanamh.

Mar sin, maith dhom mo shotal, fagtar faoi mo leithéidí é Sinn Féin a cheistiú faoi chur chuige an pháírtí.

Dhá shuíomh Ghaeilge ón BBC ar lá amháin….

Bionn tú ag fánacht na mblianta ar son suíomh Ghaeilge ar an mBBC – agus ansan foilsítear dhá shuíomh ag an am amháin!

Ní miste – nó is dea scéal ar fad é go bhfuil an dhá shuíomh ann, leathnach Ghaeilge nua an BBC féin i dtuaisceart na hÉireann, agus Preab Suas, suíomh nua dírithe ar lucht imeartha na peile Gaelaí. Ar chúis éigean níl teacht ar an suíomh sin go fóill – ach tá sé ar shuíomhanna an BBC in áit éigean.

Nior luaigh Pól Ó Muirí é ina thuairisc ach ní cinealtas croí a tháinig an dhá shuíomh seo ón BBC. Dá fheabhas is dá threise iad Aonad na Gaeilge san BBC – agus tá ard mheas agam ar Antaine Ó Donaile, Lynette Fay, Tomaí Ó Conghaile agus a gcomh leacaithe – ní bheadh na suíomhanna seo ann ach amháin deontas a bheith tugtha don BBC ag an gCiste Craoltóireachta Ghaeilge.

Agus ní bheadh an Chiste Craoltóireachta Ghaeilge ann ach an dian fheachtas leanúnach fhadalach a bhí ar bun ag gniomhaithe ar nós Gearóid Ó Cairealláin is a thuilleadh nach iad, lena bplacairdí, ‘Auntie Beeb is Anti-Irish’, i gcaitheamh na mblianta. B’fheachtais iad seo ar thug leithéidí an BBC agus an Irish Times droim láimhe dóibh agus nár thug súntas dá laghad dóibh. Dar le na meáin measúla seo, agus, is cosuil, an dá rialtas, ní raibh an Ghaeilge ach ina aguisin sna comhaontaithe pholatúla a deineadh le blianta beaga anuas.

Ní gá filleadh, arís, ar an bpriacal ina raibh an Chiste anuraidh de bharr íonsaí an DUP (agus faillí Shinn Féin is an SDLP) agus an slí a náirigh Lá Nua SF chun brú a chur ar Gordon Brown an chiste a chur ar nais in ainneoin an DUP.

Ní gá ach a rá gur rud é an chiste seo a saothraíodh le h-iarracht leanúnach agus le h-íbirtí agus nár cheart é a gheilleadh go h-éasca.

Ar aon nós tá moladh ag dul don BBC, agus ní minic a chloisfidh tú na focail sin ó mo bhéal, as ucht suíomh d’ard chaighdeán mar seo a chur ar an líon. Tá tréan mholadh ag dul do Antaine agus a chomhleacaithe as a gcuid saothair agus feabhas an ábhair.

Níl an suíomh gan locht. Tá easnamh mór amháin le mothú ann agus is gá seo a lua i gcomhthéacs an ráitis ag Antaine atá luaite ar Tuarascáíl.

Dúirt léiritheoir feidhmiúcháin Aonad na Gaeilge sa BBC i mBéal Feirste, Antaine Ó Donnaile, go mbeadh, “den chéad uair, gach rud a rinne BBC Thuaisceart Éireann i nGaeilge” le fáil ar an suíomh ach cóipcheart a ghlanadh.

Tá sé sin cruinn gan amhras.

An rud atá ar iarraidh, áfach, ná seirbhís nuachta agus anailíse ar chúrsaí reatha, mar atá ar fáil don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag.

Cén fath nach féidir leis an BBC i mBéal Feirste a leitheid de sheirbhís a chur ar fáil ar an suíomh nuachta atá acu féin?

An DUP ró mhaith do Shinn Féin ó thuaidh….

Thug Margaret Ritchie, Aire Fhorbartha Shoisialta an Tuaiscirt, léargas speisiúil ar an mbealach atá Feidhmeannas an Tuaiscirt ag feidhmiú agus í ag labhairt ag an gComhdháil Bhliantúil a reachtáil an SDLP ag an deireadh seachtaine in Ard Mhacha.

The DUP was “running the show and running rings round Sinn Féin. Sinn Féin are not able for them,” she added.

The Executive was moving ahead entirely on a DUP agenda, she said.

“Be it policing and justice, the Irish language, the Maze, post-primary education or even extending funding to loyalist paramilitaries, the DUP is making all the running and Sinn Féin is trailing along behind them.”

Is dócha go mbeifeá ag súil lena leitheid ó bean an SDLP – agus ní gá a rá go bhfuil sise ina ball den Fheidhmeannas céanna agus má tá an DUP ag déanamh beag de Sinn Féin is dócha gur cloch níos lú fós ar a paidrín í Margaret Ritchie.

Táim den bharúil go bhfuil blas den fhirinne sa mhéid a deir Ritchie, a chruthaigh a dintiúirí nuair a ghearr sí an maoiniú ar ghrúpaí le ceangal leis an UDA, fiú más amhlaidh gur eirigh le dúshlán dlíthiúíl in éadan an chinnidh seo, mar go bhfuil an fianaise le feiscint go soiléir.

Bhí sé le feiscint go soiléir nuair a chinn Edwin Poots fáil reidh leis an gCiste Craoltóireachta Ghaeilge le linn a réimeas ag an Aireacht Chultúr, Ealaíon is Foillíochta. Ach amháin idir ghabhail phobal na Gaeilge ar an gceist sin, idirghabhail a fuair ardán i Lá Nua, nuachtán laethúil na Gaeilge, an mbeadh Gerry Adams tar éis an ceist a thogáil agus é ag iarraidh luach saothair éigean dá pháirtí ón mhion eigeandáil a bhí ann i mI Bealtaine? Caol seans.

Ar an droch uair, áfach, ní raibh sa mhéid a fuair Gerry Adams ó Gordon Brown ach a dhothain chun dhá bhliain eile den gCiste a mhaoiniú agus níl aon bannaí ann faoi thodhchaí fhad treimhseach an Chiste. In áít bheith ag fánúint san áit a raibh sé, ag £3m in aghaidh na bliana, ba cheart go mbeadh an Chiste seo á mhaoiniú ag an libhéal céanna is atá cistí cosúil leis in Albain agus An Bhreatain Bheag.

Níl bric ar bhric ag suíomh na Ceise Fada, ní fios an mbeidh réiteach riamh ar an leamhsháinn faoi dheireadh a chur leis an 11+ agus an córas míchothrom a bhuanaigh an scrúdú uafásach sin, tá an Cheathrú Gaeltachta siocaithe go fóill agus na céadta milliún á gheallúint do Cheathrú an Titanic is eile.

An bhfuil aon rud á dhéanamh sa cheart ag Sinn Féin? Agus mas amhlaidh nach bhfuil, cé ar cheart a chur san áit a bhfuil Sinn Féin anois? An SDLP – ar eigean é.