TUIL 2 – Beidh £20m agam don Ghaeilge ar an taobh…..

Is iomaí uair a cheannaigh mé, is oth liom a rá, iasc doimhin fhriochta agus bataráilte ar Bhóthar Bhaile Andarsan.  Ba iad King Cod ar an gcúinne le bóthar Fionn Achaidh an áit ab fhearr, dar liom.   Píosa troisc agus sceallóga ar an taobh.   Cuireann an méid a tharla don Ghaeilge ag Caislean Cromghlinne an méid sin i gcuimhne dhom.

Is cosúil gur mhúscail mo cheisteanna faoin Ghaeilge bheith ar easnamh ó Chomhaontú an Titanic rud éigean i gcoinsias nó i gcuimhne Gerry Adams.   Nó seo chugainn féirín brea ar Lá Fhéile BhailíntínTá sé á thuairisciú ar Nuacht 24 freisin –  ní fhaca mé inné é ach thug mé é faoi ndeara ar maidin inniu.

I am pleased to be able to reveal that Gordon Brown has committed the British government to carry on funding the Irish Language Broadcasting Fund for a further four years after 2011, and will provide resource to continue the development of Irish language infrastructure. The resource, including the extended funding for the Broadcast Fund will amount to £20 million.

Given that this is not coming out of the Executive budget this is a welcome development.

Is é seo an ráiteas is iomláine le fada ó Gerry Adams nó pearsa ar bith ó Shinn Féin faoin Ghaeilge.    Bhí sé ag teastáil go géar nó glacaim leis nach mise amháin a bhí ag cur brú ar Uachtarán Shinn Féin soiléiriú a dhéanamh ar chúrsaí maidir leis an nGaeilge agus cad a tharla di sna cainteanna i gCaislean Cromghlinne.

An léamh atá agamsa ar an scéal, go bhfuil SF ag iarraidh anois an margadh a deineadh ansan a dhíol lena tacadóirí an pháirtí agus go bhfuil siad ag cur na ceisteanna céanna is atáimse.   Agus mar sin, tá ceannairí SF ag iarraidh a chur ina luí ar a dtoghcheantar nár dhein siad leithcheal ar an dteanga, mar a ceapadh de bhrí ná raibh an Ghaeilge luaite sa Chomhaontú féin.

Tugann sé sasamh dom gur cosúil gur mise an chéad duine sa bhlagasféar a chuir na ceisteanna seo ar Uachtarán SF agus gur cosúil gur freagra ar mo cheisteanna atá sa raiteas is deanai uaidh.   Thug mé faoi ndeara go bhfuil mo shean chara Máirtín  O Muilleoir ag cur fáilte roimh an fhorogra ar maidin ar a bhlag féin. Glacaim leis gur ghlac sé mo chomhairle agus gur iarr sé ar iriseoir óg ar a fhoireann ceist a chur ar Gerry faoin méid a baineadh amach don Ghaeilge sa Chomhaontú, tar éis nár luadh é olc nó maith sa Chomhaontú féin.

Tuigim go maith, áfach, gur beag creidiúint a bheidh ag dul dom as sin nuair a bheidh na boic mhóra ag seasamh ós comhair na gceamrai.

Ar ndóigh ní seo an chéad uair a tharla seo.   Cúpla mí tar éis do Lá Nua, le linn dom bheith im eagarthóir, ceisteanna crua a chur ar Shinn Féin, mar gheall ar an easpa freasúra ón bpáirtí nuair a fhogair Edwin Poots go mbeadh deireadh leis an gCiste Craoltóireachta i 2009, bhí eigeandáil nó mion eigeandáil ó thuaidh.  Theastaigh ó Ian Paisley eirí as mar Chéad Aire agus bhí Peter Robinson roghnaithe ag an DUP teacht i gcomharbacht air.  Ach níl sé chomh h-éasca le sin.    Bhí ar Shinn Féin toilliú agus mar éiriú ar an gcomhghéilleadh, fuair an pháirtí trí bliana sa bhreis don gCiste Craoltóireachta agus sheas Gordon Brown an £6m as Statchiste na Breataine.

Cad é an ceacht atá le foghlaim uaidh seo?  Má chuirtear brú ar pholaiteoirí, déanfaidh siad geilleadh sa dheireadh mar tá siad ag brath orainn dá gcuid cumhachta.   Ní féidir leo bheith beo gan tacaíocht uainne.

Ar ndóigh, deirtear ar Bhlag Gerry Adams go bhfuil Gordon Brown tar éis toilliú don deontas is déanaí.   Ach ní bheidh a fhios againn go bhfuil sé amhlaidh go bhfeicimid dath an airgid.  An chéad rud is gá a dhéanamh ná seiceáil le Oifig Gordon Brown féin go bhfuil sé tar éis toilliú don mhargadh seo.

Tá gá le seo nó dúradh seo i mblag Gerry faoin dearcadh a bhí ag oifigigh Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann i leith Comhaontú Chill Rimhinn.

The St. Andrews agreement is an international agreement between the two governments.

Both governments are guarantors. Under existing legislation the British government can compel the DCAL Minister to act as required to fulfil the British government’s commitment on Acht na Gaeilge. Failure to do so would place the British clearly in default. Incredibility when Sinn Féin highlighted this some Irish government officials responded by suggesting that St. Andrews is not really an international agreement in the real sense.

If you check the statements of the Taoiseach and the British Prime Minister when they came to Hillsborough there is no mention of Irish language rights whatsoever.

Similarly in their statement released by them when they left the talks two nights and three days later there is no mention of the Irish language.

The Taoiseach did raise this issue eventually but that was only after Martin McGuinness and I had a blazing row with him and Gordon Brown.

The DUP obviously didn’t want to deal with these matters at all but they certainly know that important issues like this are not going to go away.

Níl na ceisteanna imithe go fóill.  Tá gá le dearbhú ó Ghordon Brown go seasann an mhargadh seo agus teastaíonn uaim dath an airgid a fheiceáíl.  Anuas ar sin, níl sa £20m seo ach éarlais.  Níl ann ach an chéad gála – nó tá gá le tacaíocht leanúnach agus méadaitheach don Ghaeilge le go mbeadh áit mar is ceart ag cultúr na nGael ó thuaidh.

Is cuma liom cén pháirtí nó cén Rialtas a bhaineann seo amach.  Is ceist pholatúil í ceist na Gaeilge, gan amhras, mar go mbaineann sé le gach focal ónár mbéal.   Tá sé chomh bunúsach le sin.

AGUISIN: Agus mar gheall ar an airgead don Ghaeilge, is cosúil go bhfuil feirín ann freisin do lucht Albainis Uladh. De réir tuairisc an BBC, is cosúil go mbeidh Ciste Craoltóireachta Albainis Uladh ann freisin, ciste ar fiú £5m é.    De réir na tuairisce céanna, shéan SF gurmargadh ar an taobh’ abea an margadh a deineadh i gCaislean Cromghlinne.

An gcreideann sibh sin? Conas, mar sin, go raibh argóint fiochmhar, de réir Gerry Adams féin, ag Gerry agus Máirtín le Brian agus Gordon i gCromghlinn, más amhlaidh go raibh an margadh seo á mhargáil le roinnt míonna?
.

5 thuairim ar “TUIL 2 – Beidh £20m agam don Ghaeilge ar an taobh…..

  1. johnmodonoghue

    Cuirim fáilte roimh ráiteas SF i leith an Gaeilge ach caithfimíd fanacht faoi dáth an airgid.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    Ní fheadair a Choncubhair an dtiocfadh leatsa, ach oiread liom féin, tabhairt ar Cheannaire Shinn Féin ná ar aon Cheannaire eile ráiteas a dhéanamh i dtaobh aon rud nó níl muid tabhachtach ár ndóthain ach is fíor go raibh sé faoi bhrú ag Gaeilgeoirí taobh istigh den pháirtí ( agus tá go leor acu ann) a theacht aníos le rud éigin ó dhiúltaigh an DUP do Acht na Gaeilge. Chomh maith le sin bhí go leor daoine ina dháilcheantair féin ag tógail ceisteanna mar gheall ar “díbhínn na síochána” nár léir dóibh a bheith ag teacht chucu ag an am a bhí na Billiúin ag dul isteach i gCeathrú an Titanic, suite i nDáilcheantair Peter Robinson. Réiteoidh an tairgead seo, má thágann sé , ( cuimhnigh go mbeidh toghchan ag Westminster sula dtágann cuid ar bith de) an dá fhadhb sin nó tá sé ar shon na Gaeilge agus má’s fíor do bhlog Mháirtín Uí Mhuilleoir tá na tógraí uilig atá luaite leis ina Dháilceantair féin. Tá cúpla rud is ceart a rá is dóigh liom. Ó mo tháithí féin tá Ceannaire Shinn Féin ( cá bith faoin pháirtí go ginearálta) dáirire faoin teanga agus tá sé sásta í a chur chun tosaigh a oiread agus is féidir. Is dóigh liom san am chéanna go mbeadh corr dhuine ann cosúil liom féin a chuirfeadh an cheist arbh fiú don pháirtí Stormont a athcruthú i ndiaidh do a bheith ar fionnraí ar feadh 30 bliain má b’éigean dul i muinín na Sasanach le hairgead a fháil do thógraí Ghaeilge. An gcaithfidh lucht labhartha na Gaeilge fánacht go dtí an chéad “Éigeandáil eile” le rud egin eile a fháil. Má’s sin mar atá bhfearr liomsa an “middleman” i Stormont a fhágáil amach ar fad agus dul díreach chuig an sparánaí i Westminster lenar gcuid airgid a fhail arais a ghlacann siad uainn tríd an córas cánach agus nuair a bheas múineadh ar na hAondachtaithe is féidir go dtiocfadh liom cumhacht éigin a ligint leo ag Stormont arís.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Tugim go raibh sin ar fad ag titim amach, a Shéamuis, ag an am chéanna, chuir mé an cheist ar a bhlag agus sa deireadh tháinig an freagra seo. Níor thug mé faoi ndeara na ceisteanna seo á chur in aon áít eile go poiblí, taobh amuigh den méid a dúirt Gearóid ar a cholún i Nuacht 24. Ag léamh blag Mhairtín, cheapfá gur eagarfhocal ó sean Pravda a bhí ann – go h-áírithe an phíosa a bhí aige ag gearán faoi Brian Cowen gan a bheith ag labhairt Ghaeilge ag an bpreas ocáid. Mar sin de, glacfaidh mé cuid den chreidiúint murar mhiste leat agus a fhios go maith agam nach dtabharfaidh SF nó aoinne eile aon chreidiúint dom.

    Nuair a bhionn duine ag scríobh blag, is iad seo na cineál rudaí a thugann sasamh duit. Gur chuir ceist nó tagairt rudaí ag gluaiseacht – nó gurb é sin an chuma atá ar an scéal – agus taithníonn sé liom a rá ós árd go raibh láimh éigean agam ann.

    Níl airgead ar bith sa bhlagáil, tá’s agat. Níl ann ach ardán dom féin is fóram díbhse. Ag an am chéanna, cá bhfios ach go bhfuilimíd ag bogadh rudaí chun tosaigh píosa ar phíosa lenár n-iarrachtaí. Sin sasamh áirithe ar féidir linn baint as an rud.

    Agus mé ag smaoineamh ar seo ar fad, ritheann sé liom go bhfuil mise agus daoine eile cosúil liom a bhí ag sclabhaíocht i ngort na h-iriseoireachta Gaeilge fagtha ar an gclaí agus dhá nuachtán nua Ghaeilge bunaithe agus á bhunú, amhail is ná rabhmar ann nó nár dheineamar tada fiúntach. Nilim ag lorg bonn óir nó clog – ach táim cinnte chun a chur in iúl nuair a chuirim ceisteanna go poiblí nach bhfuil á chur ag daoine eile ach ar chúl téarmaí.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    níl mé ag rá a choncubhair nach raibh toradh ar do cheisteanna agus tá seans ann gur spreag do cheist é le freagra a thabhairt sul a raibh faill aige dul i gcomhair le Gaeilgeoirí mar gheall ar an airgead a bh í socraithe cheana féin ach tá mé cinnte gurbhé an buaireamh a bhí air go raibh sé ag cailleadh muinín lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den pháirtí a spreag é leis an iarratas ar airgead a dhéanamh sa chéad áit agus ni shin le rá nach raibh fonn pearsánata air sin a dhéanamh nó bheadh go leor taobh istigh den pháirtí gur chuma leo an Ghaeilge ann nó as. Tá mé ag teacht leat go bhfuil sé de dhualgas ar na Meáin a bheith ag cur féachála ar an Bhuanaiocht i rith an ama is cuma cé hiad agus is cuid sen Bhuanaíocht anois é Sinn Féinn sna sé Chontae. Cuirimis suas dóibh é i dtólamh.

    Freagra
  5. Sean Mór

    tá níos mó airgid ag dul do chluasa na bpéas (a ndearnadh dochar dóibh mar gheall ar iad a bheith ag cleachtadh an dóigh le náisiúnaithe a scaoileadh níos fearr) ná mar atá ag dul don Ghaeilge, de réir mar a tchím féin.

    Is maith liom go bhfuil airgead faighte don chiste craoltóireachta… tá mé ag glacadh leis gur as an airgead sin a dhéantar cláracha ar nós ‘Seacht’ srl, a bhfuil mo chuid iníonacha ag baint an-sult astu (agus mé féin!). Tá cuma ar an scéal nach mbeidh mórán den £8milliún eile ag teacht go dtí ceantracha ar nós Thír Eoghain…

    Is léir ó bhlag Adams nach bhfuair Sinn Féin mórán tacaíochta ó Rialtas na hÉireann sna cainteanna ó thaobh na teanga de… déanann Rialtas na hÉireann cibé damhsa a iarrann Rialtas na Breataine orthu a dhéanamh… d’fhág sin gur 3 vs 1 a bhí ann sna cainteanna ó thaobh na Gaeilge de.

    Tá a fhios agam féin gur cuireadh go leor ceisteanna maidir leis an Ghaeilge ar ionadaithe Shinn Féin ag cruinnithe páirtí a bhí ag dul ar aghaidh le roinnt seachtainí anuas…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s