Céard a cheapann tusa, David?

David Cameron: Ag bogadh go dtí 10 Sráid Downing i mí Bealtaine?

Tá go leor lúcháir agus dioscán fiacla ar bun ó thuaidh mar gheall ar an bhfógra ar bhlag Gerry Adams go bhfuil Gordon Brown, Príomh Aire na Breataine faoi láthair, tar éis a gheallúint go mbeidh £20m ar fáil don Ghaeilge idir seo agus 2015.

Anois ní bheidh aon airgead ag dul go dtí Ciste Craoltóireacht na Gaeilge roimh 2012 ar a luaithe nó níl deireadh leis an mhaoiniú don chiste atá ann i lathair na huaire go dtí an bhliain seo chugainn.

Agus ní fheictear dom go bhfuil airgead chun a bheith ag dul go dtí An Cheathrú Gaeltachta go luath, roimh mhí Bealtaine na bliana seo ach go h-áirithe, ach an oiread.

Tá mí na Bealtaine tabhachtach sa mhéid is go mbeidh Olltoghchán sa Bhreatain an uair sin.  Tá sé á thuar go forleathan go mbeidh athrú rialtais ann is go mbeidh tionóntaí nua ag Sraid Downing.  Is  é sin David Cameron, ceannaire na gCaomhach.

Anois tá seisean tar éis b heith ag suirí leis an DUP agus tá cleamhnas oifigiúil idir na Toraithe agus Aondachtóirí Uladh.  Cad é an toradh a bheidh ar sin má bhionn comhea na cumhachta ag na hAondachtaithe, idir an DUP agus an UUP agus, Dia idir sinn agus an t-olc, TUV Jim Allister(osaurus)?

Bíodh geall nách aon deathoradh a bheidh ann.

Tá sé ráite ag Gerry Adams féin nár aithin Rialtas na Breataine nó Rialtas na hÉireann go raibh siad ceangailte faoi réir Comhaontú Chill Rimhinn.  Seo mar a dúirt sé ar a bhlag:

Both governments are guarantors. Under existing legislation the British government can compel the DCAL Minister to act as required to fulfil the British government’s commitment on Acht na Gaeilge. Failure to do so would place the British clearly in default. Incredibility when Sinn Féin highlighted this some Irish government officials responded by suggesting that St. Andrews is not really an international agreement in the real sense.

If you check the statements of the Taoiseach and the British Prime Minister when they came to Hillsborough there is no mention of Irish language rights whatsoever.

Similarly in their statement released by them when they left the talks two nights and three days later there is no mention of the Irish language.

The Taoiseach did raise this issue eventually but that was only after Martin McGuinness and I had a blazing row with him and Gordon Brown.

Mar sin tá sé tabhachtach go mbeadh an Ghaeilge luaite go beacht sa Chomhaontú ionas nach mbeidh  aon amhras ar oifigigh an dhá rialtas amach anseo faoi na geallúintí a tugadh chun an Chomhaontú seo a dhaingniú.

Tá an iomarca den Chomhaontú seo ar chúl téarmaí, ar an taobh, as radharc  le go mbeadh muinín agam as.  Is cinnte go bhfuil sé ceart go leor bheith ag déanamh geallúintí roimh thoghcháin – is ceist eile na geallúintí sin a chomhlíonadh tar éis an toghchán.

Cá bhfios, b’fhéidir go dtarlóidh miorúilt mar a tharla idir an Bhreatain Bheag agus Alba ag an deireadh seachtaine agus, an iarraidh seo, go dtiocfaidh an Albanach ar ais ón nduibheagán pholatúil.

Ach is caol seans é.

Tá súil agam go gcomhlíonfar an Chomhaontú seo.  Tá súil agam go mbeidh airgead breise ann don Chiste Craoltóireachta agus go mbeidh rath ar an gCeathrú Gaeltachta agus, anuas ar sin, go mbeidh ár bpáistí ag dul ar scoil i bhfoirgnimh nach amháin nach bhfuil an braon anuas iontu ach atá gach pioc chomh maith is chomh nua-aimseartha leis an bhfoirgneamh atá ag Scoil na Carraige Báine  nó Bunscoil Feirste.

Maireann an dóchas i gcónaí.

Seolfaidh mé r-phost chuig na Toraithe agus gheobhaidh mé amach uatha cad é an seasamh atá ag David Cameron ar na ceisteanna seo….agus roinnfidh mé pé freagra a bhfaighidh mé libh.

2 thuairim ar “Céard a cheapann tusa, David?

  1. johnmodonoghue

    Sin smaoineamh maith a Choncubhair, a fháil amach dearcadh na gCaomhach i leith chur cun chinn na Gaeilge agus an chuma ann go mbeidh siad i gcumhacht ar a aonair nua le cabhair no na nAondachtóirí.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    ní bheadh mórán i gcoitinne agam leis na tóraithe ach ní bheidh siad níos measa ná an lucht oibre i Sasain ó thaobh na Gaeilge de. Ba é Nioclas Scott Caomhach de chuid Thatcher a thug maoíniú do Bhunscoil Phobail Feirste i mBéal Feirste i 1984 agus Caomhach eile Patrick Mayhew a thug airgead do Mheánscoil Feirste don chéad uair. is ait an mac an saol!!!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s