Cartlanna Clibe: Foras na Gaeilge

Mo cholún nua i nGaelscéal

Níorbh é an chéad alt ó mo pheann é aiste uaim a foilsíodh in eagrán na seachtaine seo de Gaelscéal ach ba é an chéad mhír i gcolún nua coicísiúil a bheidh agam sa nuachtán. [Leathnach

Cuirfidh sé íontas ar chuid agaibh go mbeadh colún agamsa i nGaelscéal ós rud é go raibh mé go minic ag cáineadh an nuachtáin ar an mblag seo. Is é tús, lár agus deireadh an scéil go bhfuilim – agus go raibh mé – ag iarraidh cuidiú tre comhairle mo thaithí a roinnt ar mhuintir an nuachtáin.

Comhairle é seo atá bunaithe ar ciall ceannaigh, an ciall a cheannaigh mé le mo chuid iarrachtaí agus mé ag obair le Lá/Lá Nua i bpost iriseora agus le cúram an eagarthóra. An rud ba mhó a chur as dom faoin mbealach a laimhseáladh na gnóthaí ar fad faoi Lá Nua, sean Foinse agus an diabhal chonradh don nuachtán, gur fhagadh cuid againn a bhí ag plé leis an ghnó seo ar feadh na mblianta ar leataobh amhail is ná raibh aon rud fiúntach le tairiscint againn don ghnó seo.

Ba rí chuma le Foras na Gaeilge, cheap siad (agus ceapann siad go fóíll) go raibh gach eolas acu. Sílim gur dhein siad dearúd – ní den chéad uair agus, ag tabhairt faoi ndeara an méid atá ag titim amach le hÁIS i nGaelscéal inniu, ní don uair dheireannach. [Ceist agam: An mó uair atá sé luaite san alt inniu gur cuireadh cás faoi bhráid an Fhorais/Ferdia Mac an Fhailigh i mí Feabhra na bliana seo, anuraidh, agus go raibh an freagra céanna: níor tháinig scéal ar ais ó shin – tá macallaí scéal Lá Nua agus Foinse an soiléir ón mhéid sin!]

Ní ar mhaithe le h-airgead a chuaigh mise le h-iriseoireacht na Gaeilge. Agus tá an méid sin fíor faoi go leor daoine a théann leis an ngairm seo. Ní ar mhaithe le h-airgead ná le clú nó cáil. Dá mba rud é gur airgead ba shuim liom bheinn go fóill ag obair leis an BBC i mBéal Feirste. Bhí post buan agam mar iriseoir ar líne ansan agus tuarastal toirtiúíl is incrimintí is pinsean ag dul leis. Nuair a chuas go Lá, bhí orm ísliú mór pá a ghlacadh chun obair in iriseoireacht na Gaeilge, céad shearc mo chroí. Tháinig deireadh le sin i 2008. Lean mé leis an iriseoireacht ón am sin go dtí anois mar chaitheamh aimisre anseo ar an mblag seo agus leanfaidh mé liom ag blagadóireacht go fóíll.

Ach anois tá colún nua agam le Gaelscéal agus tá súil agam go mbeidh rath ar an gcomhoibriú sin amach anseo…..Cá bhfios ach go bhfoghlaimeoidh mé rud nó dhó mé féin…..

Anocht beidh tionól na réaltaí sna meáin Ghaeilge ar bun i nGaillimh agus tá roinnt cáirde de mo chuid féin san iomaíocht. Guím gach rath orthu. Is é mo bharúil, i gcónaí, áfach nach bhfuil morán brí le Gradaim Cumarsáide an Oireachtais mar go bhfuil an chomórtas claonta go mór i dtreo Conamara agus na meáin ansin de bharr an chóras chraiceáilte atá ann chun na buaiteoirí a roghnú.

Is iad seo thíos na daoine ar a mbronfainnse na gradaim, beag bheann ar ghearr liostaí nó eile:

Clár Raidió na Bliana: Blas, BBC Raidió Uladh
Pearsa Raidió na Bliana: Gan bronnadh

Clár teilifíse na bliana: Corp agus anam
Pearsa teilifíse na bliana: Eimear Ní Chonaola as ucht a cathaoirleacht ar Dhiospóireacht na gCeannairí ar TG4

Aisteoir na bliana
Diarmuid de Faoite – Corp agus Anam

Iriseoir na bliana sna meáin clóite
Robert McMillen – Irish News

Colúnaí na bliana
Eoghan Ó Néill, Gaelscéal

Buaic Ghradam Chumarsáide na Bliana
TG4 as ucht Diospóíreacht na gCeannairí – an lucht féachana is mó riamh ag clár Ghaeilge: 600,000

Drochmheas Shinn Féin ar an nGaeilge – ó bhéal Shinn Féin

Mr Doherty said Labour was “desperate” for power.

“I think Labour will concede to Fine Gael on a wide range of issues. I think they will accept cuts in social welfare. Labour will walk away with a few Fine Gael concessions on things like graduation tax and maybe the Irish language — not key economic issues,” he said.

B’shin a bhí le rá inné ag Pearse Doherty TD, ionadaí Shinn Féin i Donegal South West, agus é ag tracht ar na cainteanna atá ar bun idir an Lucht Oibre agus Fine Gael. Má bhí léargas ó dhuine ar bith ar fhíor mheas Shinn Féin ar an nGaeilge, sin agat é ó bhéal a’ chapaill. Síleann Pearse agus, ní foláir, SF gurb í an sop in áit na scuaibe.

Ar ndóigh rinne an pháirtí seo go minic roimhe. Noiméad amháin tá siad ag déanamh ‘buaileam sciath’ faoin gheallúint i gComhaontú Chill Rimhinn ach nuair atá ár n-aird in áit eigean eile, ní ghlacann siad an Aireacht Chultúir nuair atá sé ar phláta ós a gcomhair agus fágann siad ag an DUP agus leithéidí Nelson McCausland (Edwin Poots is Gregory Campbell roimhe) é chun sceannairt a dhéanamh ar an nGaeilge. Mar gheall ar sin bionn ar phobal na Gaeilge troid chúlgharda a fhearadh chun, mar shampla, an Chiste Craoltóíreachta a thabhairt slán ón dtua.

Roimh an toghchán seo, bhí go leor ráitis árd bhladhmannach ag Sinn Féin faoi chomh diograiseach is a raibh an pháirtí ar son na teanga, an páirtí ag maíomh go raibh siad in éadan moltaí Fhine Gael, mar shampla, faoi ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ard Teist. Is léir ó chaint Doherty, áfach, nach mbeadh aon suim aige ina leithéid de chomhghéilleadh ó FG, dá mba rud é go raibh margántaíocht ar bun idir FG agus SF faoi chomhdhéanamh an Chomhrialtais atá le cur i réim, is dócha, go luath..

Polataíocht na fantasaiochta atá agus a bhionn ar bun ag Sinn Féin, iad ag ceapadh gur féidir leo an dubh a chur ina gheal ar an bpobal i rith an ama mar go dtuigeann siad nach mbeidh siad i gcumhacht ó dheas ar feadh na mblianta fada. Uaireannta, áfach, tagann an fhírinne chun solais, fiú más tre thimpist féin a tharla sé.

Tá éirithe le SF, áfach, an dubh a chur ina gheal ar sciar áirithe den phobal leis an bhfantasaíocht seo. Fiú gur eirigh le SF líon a suíocháin sa Dáil a mhéadú faoi thrí, chaithfeá a rá gur ait an scéal é go bhfuil fós níos mó iontaoibh ag an bpobal as Fhianna Fáíl ná mar atá acu as SF – dá olcas a rinne FF, sháraigh siad SF ar a laghad!

Murar féidir le páirtí radacach ar nós SF páirtí cosúil le FF a sharú, trath go bhfuil FF luaite mar phríomh namhaid an phobail ag na meáin is eile, ní mór do SF gan bheith ag tabhairt an iomarca súntais dá chuid bolscaireachta féin.

Agus maidir le ráiteas Doherty i leith ‘Labour’ a bheith ‘desperate for power’, cuireann sé an sean fhocal ina bhfuil na focail ‘pota’, ‘citeal’ agus ‘dubh’ luaite ann i gcuimhne dhom.

Cén Ghaeilge atá in An Phoblacht?

Tá suíomh nua idirlín ag An Phoblacht, suíomh ana shnásta ar fad.   Go deimhin tá an oiread snasa curtha air go bhfuil an alt Ghaeilge a bhíodh sa leagan chlóite imithe as radharc ar fad. Ar ndóigh is é An Phoblacht nuachtán phairtí Shinn Féin agus níor cheart aon íontas a bheith orainn má tá an Ghaeilge curtha as radharc acu.  Bhí láimh ag Sinn Féin i gcur faoi chois Lá Nua agus comhaltaí an pháirtí ag suí go teann ar a lámha timpeall bhórd stiúrtha Fhoras na Gaeilge.

Má tá Fine Gael le cáineadh as ucht an easpa Ghaeilge atá ag úrlabhraí Ghaeltachta an pháírtí, agus má tá Fianna Fáil le loisceadh de bharr easpa Ghaeilge ar an suíomh idirlín ag an pháirtí, tá SF agus An Phoblacht [ar eagla gur dhá neach éagsúil iad] le cáineadh as fimíneacht. Is minic go mbionn leithéidí Piaras O Dochartaigh ar a chosa in airde ag caineadh an Rialtais as easpa Ghaeilge etc.  Ní fheadar cad a bheidh leis an Seanadóir i dtaobh an masla is déanaí don teanga i nuachtán a pháirtí féin?

“Luach ar airgead” agus Foras na Gaeilge

Tá litir ag príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, i nGaelscéal an tseachtain seo agus é ag tabhairt freagra na  h-institiúide ar cheisteanna atá curtha ag na h-eagrais bunmhaoinithe i litir a foilsíodh an tseachtain seo chaite.  Mura raibh impléachtaí chomh tromchúiseacha ag moltaí an Fhorais d’earnáil na teanga, bheinn sna trithí ag gairí.

Sa chéad áit, luann Ferdie mar bhunús leis na beartais atá molta ‘luach ar airgead’.    Ní fhéadfainn é a chreidiúint.  Seo príomh fheidhmeannach Foras na Gaeilge, an institiúid tras teorainn is moille le cúntaisí a fhoilsiu, ag caint ar ‘luach ar airgead’ mar bhunús le moltaí a dhéanfadh sceannairt ar na h-eagrais Ghaeilge agus a fhagfadh go leor daoine gan post.    An rud is measa faoi seo, nach bhfuil Ferdie ag iarraidh bheith greannmhar.  Is amhlaidh gurb é seo a chreideann sé.

Is cuimhin liom Ferdie a chur faoi agallamh uair amháin i laethannta níos gile.  Trathnóna Dé hAoine a bhí ann agus bhí sé in oifig an Fhorais i lár Bhéal Feirste, oifig mór fairsing FOLAMH.  Ní raibh aoinne ann chun an doras a oscailt ach Ferdie féin agus tá spás san oifig seo do scór nó breis oibrí.       Tá an oifig seo i ngiorracht 100m de phríomh shráid siopadóireachta Bhéal Feirste, An Ascail Ríoga, agus caithfidh go bhfuil pingin mhaith á íoc ar a shon don Tiarna Talún ar leis an fhoirgneamh seo, Tigh an Gheata Thiar.

Ar a0n nós, ní fheadar an bhfuil níos mó ag obair in oifig an Fhorais i mBéal Feirste ó shin ach ní doigh liom gur féidir le h-aon institiúid atá ag iarraidh ‘cuí chóiriú’ a dhéanamh ar earnáil úsáid inchreidte a bhaint as ‘luach ar airgead’ mar údar dá gcuid mbeartas agus iad féin chomh mí eifeachtach is atá Foras na Gaeilge.

Ní mise amháin a thugann faoi ndeara go bhfuil an Foras ag cur go mór leis an fhoireann atá ag obair leo agus iad ag iarraidh ar ghrúpaí eile ‘cuí choiriú’ a dhéanamh?   An bhfuil aon tuiscint ag aoinne cén obair atá ar bun ag an arm mhaorláthach seo?

Cá bhfuil Colm McCarthy nuair atá gá leis?

litir ó pheann Helen Ó Murchú i Gaelscéal inniu ina gcuireann sí roinnt ceisteanna géarchúiseacha faoin ‘samhail nua mhaoinithe’ atá molta ag Foras na Gaeilge mar bhunús do mhaoiniú na n-eagras Ghaeilge as seo amach.   [Samhail Nua Mhaoinithe, Cuíchoiriú agus eile – an bhfuil aon baol go bhfuil Foras na Gaeilge ag cumadh chanúna nua den teanga, canúint an mhaoirlaithis mhire, canúint, dála an scéil, atá an cuma air gur droch aistriú é ón mBéarla!)

Na ceisteanna a chuir Helen Ó Murchú, tá cuid acu curtha agam féin in alt ar iGaeilge ar fhoilsíodh ar iGaeilge an lá ar fógraíodh beart nua an Fhorais.    Cé h-iad na daoine a dhéanfaidh na cinntí agus cén slat  tomhas a bheidh acu?   Níl aon mhuinín agam as cumas nó neamhspleachas an Fhorais i bhfianaise an taithí díreach atá agam ar chomh claonta agus chomh míchumasach is atá siad nuair a bhionn cinneadh le déanamh acu.  An toradh ar an easpa cumais agus ar an gclaontacht seo – Gaelscéal!   Foilseachán a thugann ‘áird ar leith’ do pháírithe a sheolann preas ráitis chuig an pháírtí i nGaeilge – ie Sinn Féin agus Eirigí [Nach suimiúil an rud go bhfuil pictiúir d’Eirigí foilsithe in éineacht le h-alt Eoghan Ó Néill inniu gan oiread is tagairt amháin ag Ó Néill don ‘pháirtí’ sin!]

Ar aon nós, ní faoi sin atáim.  An samhail nua mhaoinithe seo, atá ag déanamh tinnis do Helen Ó Murchú, is é sin atá i gceist anseo.  Shíl mé an lá ar fhoilsíodh é – agus creidim go fóíll – gurb é seo an gléas a chuirfidh deireadh le cuid de na h-eagrais Ghaeilge is fearr sa tír agus a larnóidh breis cumhachta i bhForas na Gaeilge, foras atá faoi smacht pholatúil Shinn Féin ó thuaidh agus Fianna Fáil ó dheas.    Ní fhéadfainn smaoineamh ar dhá dhream níos measa le cumhacht ‘beatha agus bás’ a thabhairt dóibh ar an nGaeilge.

I gcás an Fhorais, is léir go bhfuil níos mó cleachtadh ag an institiúid sin an bás a thabhairt seachas an beatha.  Cuimhnigh go raibh na h-eagrais atá faoi bhagairt anois ar an bhfód sara saolaíodh an Fhoras, bhí Conradh na Gaeilge ann le breis is céad bliain agus baint nach beag ag an eagras leis an ngluaiseacht a thug an Phoblacht ar an saol [fiú más poblacht neamh iomlán atá ann go fóill!].  Ar ndóigh bhí Lá ann roimh an Fhoras – agus sean Foinse – ach tá siad imithe anois agus níl fagtha ina ndiaidh ach scáileanna, a bhuiochas don bhForas.

alt léargasach ag Breandán Delap ar Beo na míosa seo ina thugann sé le fios go bhfuil dúshlán na n-eagras Ghaeilge tugtha ag an bhForas agus iad i mbun iarrachtaí chun airgead a choigilt.


Bíodh sé fíor nó bréagach, bhí an cháil amuigh gur earnáil í seo a dtáinig bolg air le linn caiteachas rábach réimeas an Tíogair Cheiltigh. Ach is cosúil anois go bhfuil sruth na meala tráite agus is léir ón cháipéis ad’eisigh an Foras go bhfuil geisfhocal úr aimsithe acu – ‘cuíchóiriú.’ Leagan Gaeilge é seo ar ‘rationalisation’ atá sainmhínithe ag foclóir Collins mar seo a leanas: ‘to eliminate unnecessary equipment, personnel, or processes from a group of businesses in order to make it more efficient.’
Ouch!

Dá ndéanfaí an cuíchoiriú seo ar Fhoras na Gaeilge féin,bheadh tús maith ann.  Ach ni léir go bhfuil sin ag titim amach agus an Fhoras ag iarraidh breis foirne e earcú chun cuma an tsaothair a chur ar oifigí fhairsinge is costasacha atá acu i mBéal Feirste agus i gCearnóg Mhuirfean sa phríomh chathair agus, ní foláír, an oifig nua atá le h-oscailt i nGaoth Dobhair ar mhaithe le ‘dílarú’.

Cé go gcreideann Breandán go bhfuil gaoth fuar na ngiorruithe ag séideadh i gCearnóg Mhuirfean, aithníonn sé freisin ná raibh aon laghdú ar dheontas an Fhorais de bhrí gur institiúid tras teorainn é.  [Nior chosain sin an Fhoras i 2002/3 nuair a baineadh €2m óna chiste sara cuireadh feachtas ar bun i measc eagrais Ghaeilge an tuaiscirt chun an t-airgead seo a fháil ar ais – ní raibh eagrais an deiscirt ró bhuartha ag an am más buan mo chuimhne!]

Tá cúpla pointe tabhachtach a deineadh in altanna an lae inniu.

Fiafraíonn Helen:

Ar ndóigh, seans go gcaithfear cur le foireann FNG chun measúnú a dhéanamh ar thograí. Is tranglam mí-éifeachtach ardchostasach is dóichí a bheidh mar thoradh ar an iarracht seo chun caiteachas a theorainniú. Más costas-éifeacht an bhunlíne, ní mór FNG mar aonad costais ann féin a scrúdú, seachas díriú ar chiste amháin dá chuid chaiteachais. Ar ndóigh, dá leithéid d’iniúchadh, ba ghá critéir chinnte ar éifeacht a bheith ar fáil agus a chruthú nach bhfuil a bhfuil ann cheana féin ag feidhmiú go héifeachtach. Chuige seo arís, ba ghá friotal an mhargaidh a chur ar leataobh nó ar a laghad a athmhúnláil ar bhealach a thaispeánann tuiscint ar nádúr na hoibre teanga.
Má tá friotal an mhargaidh chomh hiontaofa leis an margadh féin i bhfianaise tarlúintí le déanaí, b’fhéidir gurbh fhearr é a sheachaint ar fad chun críche na ngnóthaí seo. An costas-éifeacht é iomlán ciste a chur faoi thionchar dreama amháin, agus nach maoineofar ach a n-oireann don dream sin, dream nach saineolaithe teanga iad nó nach dtuigeann sainriachtanais na bpobal agus na mball atá faoi chúram na saineagraíochtaí bunmhaoinithe mar atá?

Cuireann Breandán morán an cheist chéanna i mbeagán focal:

Beidh ról níos leithne dá réir ag an Fhoras mar mhaoinitheoir.

Is é an ‘ról níos leithne’ a bheith ag Foras na Gaeilge tromluí na nGael.  Níl dream níos mí eifeachtaí nó níos mí oiriúnaí don ról níos leithne seo.  Foras é Foras na Gaeilge atá maoinithe ón sparán phoiblí ach nach feidir leis an bhForas sin a gcuid cúntais a chuir ar fáil go poiblí ach go dtí go mbionn sé ró mhall aon cheist a chur.    Tá tuairisc bhliantúil an Fhorais do 2005 ar fáil ar a shuíomh idirlín – níl aon cheann níos giorra do 2010 ná sin ann.

Níl aon amhras go bhfuil eagrais Ghaeilge ann atá iomarcach agus go bhfuil ‘dúbláil’ ar siúl ag cuid acu.   Ach ní doigh liom go gcuirfidh ‘samhail nua mhaoinithe’ an Fhorais deireadh le sin.   Is é an rud a dhéanfaidh sé go dtabharfaidh sé breis cumhachta don bhForas trath go bhfuil sé ráite i ndréacht straitéis 20 bliain an Rialtais go mbunófar ‘Udarás na Gaeilge’ nó Udarás na Gaeltachta agus na Gaeilge.   Ní féidir liom gan smaoineamh gurb é an brí atá ar chúl ‘samhail nua mhaoinithe’ an Fhorais feidhm a thabhairt d’fheidhmeannaigh an Fhorais ionas go mbeidh ‘gá’ leo.    Beidh orthu measúnú a dhéanamh ar na h-iarratais agus ansan ar na h-iarrachtaí na dualgaisí sa chonradh a bheidh ag na buaiteoirí a chuir i bhfeidhm.    Beidh go leor maorláthas ansan do mhaorláthaigh an Fhorais, is dócha.

An cheist atá agamsa, tá sé curtha go maith ag Helen:  An é seo an usáid is éifeachtaí d’airgead an phobail?  Airgead a infhéistiú i maorláthas seachas in obair ar an dtalamh?

An bhfuil a fhios ag Colm McCarthy go bhfuil ‘maorláthas na Gaeilge ag méadú’ seachas ag laghdú?  Ní h-é go bhfuil ‘sruth na meala tráite’ a Bhreandáin – tá sé curtha ar athreo ag Foras na Gaeilge.   Is an Fhoras féin a bheidh ag snamh sa mhil chéanna anois.

Ní bheidh an saol mar a bhí – todhchaí na n-eagras Ghaeilge

Ní bheidh an saol mar a bhí.

Is é sin an léargas a thug duine atá ag obair ag libhéal sinsearach in eagras Ghaeilge dom níos luaithe inniu agus é ag trácht ar an méid atá le h-eisiúint uair éigean inniu faoi mhaoiniú is struchtúr na n-eagras Ghaeilge bunmhaoinithe.

Foilsíodh an t-eolas sin ar shuíomh an Fhorais inniu mar thoradh ar an ‘idirphlé’ is ‘imeacht i gcomhairle’ a bhí ar bun ag an bhForas leis an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.   Is féidir teacht ar an gcaipéis ina iomláíne anseo.

An príomh phointe atá le sonrú ón ‘shamhail mhaoinithe’ atá molta ag an bhForas, caipéis atá scríte i dteanga atá nach mór dothuigte agus nach n-aithneofá mar Ghaeilge, go mbeidh ar gach eagras dul san iomaíocht le h-aghaidh maoiniú a fháil ón bhForas ar bhonn togra.  Fógrófar dornán scéimeann – ina measc:

o Scéim raidió áitiúil

o Scéim na nEalaíon

o Scéim oideachais

o Scéim tacaíochta teaghlaigh

o Scéim cumasaithe pobal

o Scéim óige

o Scéim abhcóideachta agus taighde

Is é seo an múnla céanna a ghlac Foras na Gaeilge chuige féin nuair a bhí sé ag iarraidh fáil reidh le Lá/Lá Nua.  Is é sin ‘comórtas poiblí’ a bhunú agus ansan tabhairt ar na h-eagrais dul san iomaíocht le cheile chun an conradh a bhuachaint.  Faoin mhúnla seo beidh airgead nios lú á íoc agus ní bheidh ‘post saoil stat seirbhiseach’ i ndán don bhfostaí in eagras bunmhaoinithe.    Féach go bhfuil tagairtí sa chaipéis do na h-eagrais ‘iarbunmhaoinithe’.

Ar ndóigh, níl Lá Nua ann chun cosaint a dhéanamh ar na h-eagrais ar an dtua a bheith á úsáid sa bhealach neamhchúramach seo.  Is earnáil leochailleach í earnáil na Gaeilge agus ní oireann sé di go mbeadh tua á luascadh ann.  B’fhearr sceanóg mhanlia don ghearradh atá ag teastáil seachas tua a dhéanfaidh sceannairt agus slad.

Ní mise an t-aon duine a dhéarfaidh nach bhféadfadh an saol dul ar aghaidh mar a bhíodh sé – ach creidim go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh an Fhoras an iomarca sceannairte agus iad ag iarraidh an craiceann agus a luach a fháil ó na h-eagrais Ghaeilge.

Tá furmhór na n-eagrasaí ag déanamh obair mhaith – leithéidí Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gael Linn, Pobal mar shamplaí.   Tá siad ag athrú agus aithint go bhfuil an saol ag athrú agus go gcaithfidh siad athrú dá réir chun bheith beo agus bríomhar san am atá le teacht.

An dream is mó ar cheart bheith sa bhearna baoil, Foras na Gaeilge féin.  Ní raibh riamh i gceist go mbeadh ann ach eagras nó meicníocht chun airgead a dháileadh ar eagrais ar an dtalamh, eagrais a bhí ag déanamh na h-oibre.  Seachas sin tá an Fhoras tar éis iompú ina mhaorláthas atá ag slogadh acmhainní na Gaeilge in áit bheith á ndáileadh go cothrom orthu san atá an taithi agus an scil chun an úsáid is éifeachtaí a bhaint as ar mhaithe leis an teanga.

Ar aon nós, tá’s agaibh an meas atá agam ar an bhForas.

Mothaím go bhfuil an tua le titim go trom inniu ar eagrais Ghaeilge – agus gur ait liom i ndiaidh na sceannairte más gluaiseacht a bheidh fagtha ach iarlais (más ceadmhach dom focail Uí Dhireáin a thógaint ar iasacht ).

Tá dóchas agam, áfach, go mbeidh eagras nó dhó a thiocfaidh as agus iad níos laidre mar nach mbeidh siad ag brath feasta ar an bhForas dá chuid maoiniú agus go mbeidh siad i bhfirinne neamhspleach.    An dtapófar an deis eagras amháin neamhspleach a bheith ann a thabharfaidh dúshlán don mhaorláthas ar mire seo – ie Foras na Gaeilge.

An Crisis – seod teilifíse eile ó TG4

Foireann An Chomhairle Teanga

Is minic go mbím ag gearán faoi TG4 – ach níos minicí ná a mhalairt, bionn orm an ghearán a athscríobh dá luaithe is a bhíonn sé foilsithe agam mar go mbionn seod eile acu ar an scaileán.   Tá trí nó ceithre shraith i mbliana a chuaigh i bhfeidhm orm – Lorg Lunny, an sraith ceoil is fearr go dtí seo, Barr an Ranga (sraith brea ‘réalaíoch’ faoi shaol scoileanna ó thuaidh is ó dheas), Na Cloigne, an scéinséar Éireannach is fearr go dtí seo (chomh maith le na h-eagráin is fearr de Morse nó Wallander) agus anois seo chugainn ‘An Crisis’.

Ní raibh sraith grinn chomh maith leis ar chainéal Éireannach ó bhí CU Burn ann – agus, ar ndóígh, is sraitheanna iomlán difriúil óna chéile iad.   Bhí blaisín de na “Keystone Cops” ag baint le h-eachtraí Charlie agus Vinne Burn (beannacht Dé le h-anam Seán Mac Fhionnghaile, an Ghael uasal, a fuair bás le bliain anuas) agus cuireann ‘An Crisis’  ‘Yes Minister’ agus ‘The Rise and Fall of Reginald Perrin”  i gcuimhne dhom nó tá an greann ann bunaithe ar imeartas focail, ar bheagán slapstick agus ar nosmhaireacht dhaoine.

Bhí páirt bheag agam féin i CU Burn uair – agus ní h-é gur aisteoir mór le rá mé.   Is amhlaidh gur Corcaíoch mé a bhí lonnaithe i mBéal Feirste ag an am agus nach mbeadh sé ró fhada dom taisteal go dtí Rann na Feirste don taifeadadh.   Ach ba phribhléid dom é – nó creidim go seasfaidh CU Burn teist na h-aimsire.

Tá An Crisis ar fheabhas.   Bíonn ‘crisis’ éigean ann gach seachtain – sa chlár deireannach bhí ‘réalt’ ann a bhí tar éis cocaon a bheith aige agus bhí ar Setanta de Paor, Príomh Fheidhmeannach gníomhach An Chomhairle Teanga (scig ar an bhForas?), ag iarraidh bealach a aimsiú chun go mbeadh a réalt, Diarmuid Darcy (Seán T. O Meallaigh), ábalta na duaiseanna a bhronnadh ag pháistí scoile a ghlac páirt i gcomórtas aistí.  In eagrán eile, bronnadh maoiniú ar nia leis an stiurthóir chun scannán a léiriú a chuirfeadh an Ghaeilge i mbéal an phobail.  Nuair a taispeanadh an ‘rough cut’, fuarthas amach ná raibh focal Ghaeilge ann!    Tá sé chomh h-amaideach, b’fhéidir, le bheith ag maoiniú nuachtán gan iriseoirí nó nuacht – ach sin scéal eile. Uaireannta bionn an fíor shaol níos greannmhaire ná an fhicsean!

Ar aon nós, ní fiú gach eagrán de An Crisis a aithris anseo.   Is féidir libh iad  a fheiceáil ar shuíomh TG4. Is cinnte dá n-eiseofaí ‘An Crisis’ ar DVD trath na Nollag go mbeadh áthas orm é a fháil mar bhronntanas!   Maraon le Na Cloigne, Rasaí na Gaillimhe agus The Running Mate.

Cé go bhfuil go leor réaltaí luaite le An Crisis, leithéidí Risteard Cooper (Apres Match) agus Michelle Beamish (Seacht agus eile), tá áthas ormsa réalt eile a fheiceáil agus a ainm in airde ar an scaileán.  Scriobhnóir é Antóin O Flatharta a chum agus a cheap ‘Ros na Rún’ – ní fheadar cad a cheapann sé faoin saol ar an sraid bhaile seo anois? – agus a scrígh drámaí ar nós ‘Gaeilgeoirí’ agus ‘Solas Dearg’.   Cé go bhfuil sé abhairín seafóideach comparáid a dhéanamh, tá sé ar chomhchéim dar liom le leithéidí Martin McDonagh nó Jimmy McGovern.  Scríobhann sé i dteanga na ndaoine – agus tá sé iomlán inchreidte.

Maith sibh TG4 as an sraith íontach seo, An Crisis.  Tá gradaim is buiochas na nGael – an dream mí bhuioch sin! – tuillte go maith agaibh!

Litir chuig Eagarthóir Gaelscéal

Táim ag athfhoilsiú na litreach seo ó Ghabriel Rosenstock, an t-údar aitheanta, chuig eagarthóir Gaelscéal i dtaca leis an ghearán a rinne mé anseo faoin méid a bhí le rá in Eagarfhocal an nuachtáin sin ar an 16ú Aibreán, 2010, faoi ról an nuachtáin i dtaca le léirmheasanna.   Foilsíodh na litreach seo i nGaelscéal ar an 23ú Aibreán.  Níl sé ar fáil go fóill ar shuíomh Gaelscéal.

A chara

Deir sibh in Eagarfhocal na seachtaine seo caite ‘nach é gnó Gaelscéal é léirmheasanna móra litríochta a dhéanamh’.   Cé atá chun é a dhéanamh mar sin?  An bhfuil tú cinte nach bhfuil léirmheastóireacht tathagach ar leabhair, ar scannáin, ar dhrámaí, ar an gceol, is ar na healaíona eile, ar chláír teilifíse agus ar chláir raidió ag teastáil ó do chuid leitheoirí.

An bhfuil tú cinnte go mbeidh an chuid is mó acu sásta le blúiríní beaga eolais ar chuid de na nithe sin a léamh ó am go go ham., bluiríní ar geall le bolscaireacht bhaoth iad seachas anailís ghéarchúiseach.  An é sin an dearcadh atá ag lucht maoinithe an pháipéir chomh maith?  An sop in áit na scuaibe?   Más ea, is bocht an scéal é!

Saol amú saol gan scrúdú, a dúirt Sócraitéas. A mhalairt atá á rá agatsa: is é atá á rá agatsa ná go dteastaíonn uainne, do chuid leitheoirí, go mbeadh Gaelscéal neamhchriticiúil neamhcheisteach. Cá bhfuair tú an tuairim sin?  Nach é an dearcadh sin a d’fhag Éire sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair.

Is mé agat go buíoch beannachtach

Gabriel Rosenstock

A Eagarthóir ‘Gaelscéal’, focal id chluais

Cheapas tar éis eagrán na seachtaine seo chaite agus an feabhas a thugas faoi ndeara sa nuachtán nua, Gaelscéal, atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, cheapas go raibh deireadh raite agam fé’n dtogra seo.   Cheapas go leanfadh an feabhas seo agus, uair éigean amach anseo, go mbainfeadh Gaelscéal na caighdeáin árda iriseoireachta agus bailithe nuachta a bhíodh ag sean Foinse agus ag Lá Nua trath dá raibh.

Nach orm a bhí an dul amú.   An chéad rud ar fiú a rá faoi eagrán na seachtaine seo den ‘nuachtán’, níl aon nuacht ann.  Níl oiread is scéal amháin nach mbeadh léite agus pléite ag pobal na Gaeilge níos túisce an tseachtain seo.

Tá an príomhscéal ag díriú ar an dtoghchán Uachtarántachta ag Ard Fhéis Chonradh na Gaeilge – ní alt nuachta é ach píosa lag tuairimíochta gan oiread is leid go raibh an t-é a scrígh ag labhairt le ceachtar iarrthóir.     Líonadh spáis atá ann seachas rud ar bith eile.   Cur amú phaipéir.

Ach ní sin an peaca is measa a chuirim i leith Gaelscéal.  Is cosúil, ón eagarfhocal, go bhfuil an nuachtán ag tabhairt a chúl do cheann dá mhór fheidhmeanna, de réir mar a thuigimse iad ar aon nós, bheith ag cothú litríocht na Gaeilge.

Seo atá ráite san eagarfhocal agus iad ag phoiblíú ‘mír speisialta litríochta’ an tseachtain seo – bhíodh mír litríochta i Lá Nua agus i Foinse gach seachtain.

Cé nach é ról Gaelscéal léirmheasanna móra litríochta a dhéanamh[sic], tugann muid ár ndeimhin [sic] go ndéanfaidh muid gach leabhar Gaeilge a chuirtear inár dtreo a lua inár Nuacht Litríochta.

Nach cineálta atá tú, a Eagarthóír Chóír, tú ag tabhairt le fios go mbeidh tagairti seachas léirmheasanna ar shaothair litríochta na Gaeilge sa t-aon nuachtán stát mhaoinithe ar an oileán.   Cé thug an cead duit an cinneadh sin a ghlacadh?  Foras na Gaeilge, atá ‘freagrach’ as tacú le foilsitheoireacht na Gaeilge?   Ar thug an Fhoras cead duit an pholasaí seo a fhogairt – nó an mbeidh Ferdie Mac an Fhailigh ar Nuacht TG4 trathnóna anocht ag tabhairt le fios gur ‘sarú chonartha’ atá i gceist leis an bpolasaí seo, díreach mar a bhí an Fhoras ag fógairt ‘sárú chonartha’ Lá Nua  nuair a fhograíomar ag tús Mhí Feabhra 2008 go mbeadh an nuachtán á fhoilsiú mar eagrán PDF feasta?

De réir cosúlachta, ón méid atá léite agam san eagarfhocal, ceapann muintir Gaelscéal nach bhfuil leitheoirí ann do litríocht na Gaeilge agus mar sin nach fiú an tairbhe an trioblóid bheith ag déanamh léirmheasanna ar leabhair nach léitear.

Níl aon amhras ann, áfach, ach go mbeidh dhá leathnach lán dáite ar fáil gach seachtain do leirmheasanna ar earraí leictreonacha, leithéidí an iPad agus, an tseachtain seo, an ‘printéir'[sic].     In áít leirmheasanna fiúntacha go seachtainiúil ar an litríocht i nGaeilge , tá fógraíocht saor in aisce ann do leithéidí Apple agus Microsoft, amhail is go raibh sé ag teastáil ón dhá ollchomhlacht domhanda úd.

B’údar íoróin amach is amach é go raibh mír eile san eagarfhocal – nach leor ábhar amháin i ngach eagarfhocal, nó dhá cheann, seachas ceithre chínn! – ag tagairt don diolúine ón nGaeilge atá ar fáil do dhaltaí atá ábalta a chruthú go bhfuil ‘deacrachtaí foghlama’ acu.     De réir an scéil a tuairiscíodh níos luaithe an tseachtain seo de bharr ‘iriseoireacht’ [agus ní solathar ábhair]  Nuacht RTÉ, tá os cionn leath de na daltaí a bhfaigheann an diolúine seo ábalta na deacrachtaí foghlama a shárú chun teanga ó Mhór Roinn na hEorpa a staidéar.

Seo a deir an eagarfhocal:

Más amhlaidh go bhfuil daoine óga áirithe agus a dtuismitheoirí [nuachtán Ghaeilge áirithe  ag déanamh a seacht ndícheall leis an Ghaeilge [le litríocht na Gaeilge] a sheachaint [a fhágáil in áit na leathphingine], tá obair le déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge [leitheoirí na Gaeilge] le cur in iúl dóíbh go bhfuil fiúntas sa Ghaeilge agus i [litríocht] gcultúr Ghaelach na tíre seo.

[Mise a chur na míreanna sin idir [].  Bain triail as na míreanna idir lúibíní a chur in áit na míreanna i gcló dubh agus feicfidh sibh an fhimíneacht atá i gceist agam.]

An fath go bhfuil gá le léirmheasanna – agus ní gá dóibh bheith mór – ar  litríocht na Gaeilge agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh na léirmheasanna sin i ‘nuachtán’  – b’fhéidir gur fearr ‘múchtán’ mar chur síos ar an bhfoilseachán seo – a bheadh á léamh ag Gaeil na tíre agus Gaeil ar fuaid an domhain, go mbeadh feabhas ag teacht ar litríocht na Gaeilge.   Is é sin an fath go bhfuilimse tar éis roinnt léirmheasanna a dhéanamh ar Gaelscéal, ag súil go mbeidh feabhas air.    Cheapas go raibh ag eirí leis feabhsú.  Mo léan lom ach is in olcas atá sé ag dul.

Tá níos fearr ná Gaelscéal tuillte ag pobal na Gaeilge.

Egunkaria, Lá, Foinse agus ‘Saoirse an Phreasa’ san Aontas Eorpach

Saoirse an phreasa san Aontas Eorpach

scéal á thuairisciú ar maidin inniu a thugann mé ar ar thuras ar bhóithrín na smaointe agus a fhagann cheist san aer faoin dearcadh atá againn sa tír seo agus i dtíortha eile san Aontas Eorpach faoi saoirse an phreasa.   Scéal é a thosnaigh go moch maidin Mhárta i mbaile beag tuaithe taobh amuigh de Donostia [San Sebastian] i dtír na mBascach.

Seacht mblian ó shin,agus Lá go fóill ina nuachtán seachtainiúil, dhein fórsaí slandála na Spáinne ruathar ar cheanncheathrú an nuachtáin laethiúil Bhascais, Egunkaria, agus na h-údaráis ag maíomh go raibh an nuachtán ag tacú le ETA.   (Is amhlaidh go raibh eagarthóir an nuachtáín tar éis úrlabhraí ETA a chur faoi agallamh – an oiread is a dhéanfadh aon eagarthóir nuachtáin le h-eagras aintoisceach radacach chun tuiscint a fháil ar a bpleananna agus é sin a roinnt le leitheoirí – ní h-ionann sin agus tacaíocht!)

Ar aon nós, cuireadh ballraíocht d’ETA i leith an eagarthóra, Martxelo Otamendi, agus cuireadh eisean agus ceathrar eile faoi ghlas. Laochra saoirse an phreasa iad Martxelo, Iñaki Uria, Joan Mari Torrealdai, Txema Auzimendi  agus Xabier Oleaga.  Céasadh iad i bpriosún agus bagraíodh marú orthu.     Scaoileadh saor iad tar éis roinnt míonna ach bhí na cúiseanna go fóill ina gcoinnibh.  Dúnadh an nuachtán agus níor osclaíodh ó shin é.

Ach an lá tar éis don nuachtán Egunkaria bheith dúnta, bhí nuachtán eile Bascaise sna siopaí. Tá Berria ag dul ó shin  – agus b’onóir domsa go raibh altanna liom sa dhá nuachtán.

Is cás mór saoirse an phreasa an cás seo.   Go bhféadfadh sé titim amach i dtír atá ina bhall stát den Aontas Eorpach go ndúnfaí nuachtán de bharr easaontas an Rialtais leis an nuachtán.  Duradh gur ar bhonn an ‘chogaidh in éadan sceimhle’ a dúnadh Egunkaria, ach i bhfirinne ba bheart díoltais é an dúnadh in éadan pobal na Bascaise mar gheall ar bheartais ETA, amhail is go raibh an pobal sin ag tacú le ETA.  In ainneoin chomh mór is a bhí an chás seo ó thaobh saoirse an phreasa de, ba bheag tuairisciú a deineadh faoi i nuachtáín na hÉireann seachas i Lá.

Na h-íomhánna a chonacthas, poilíní faoi phuicíní agus iad armtha ag druidim nuachtáin, chuaigh siad glan in éadan an tsoiscéal Eorpach a bhionn á chraobh scaoileadh ag na h-údaráis.  Ní fhéadfadh a leithéid de rud titim amach anseo, an bhféadfadh.

[Ar ndóigh, creidimse gur tharla rud éigean cosúil leis in Éirinn nuair a druideadh Lá Nua agus Foinse de bharr ‘easpa tacaíochta’ an Fhorais agus anois go bhfuil an dream iriseoirí a bhí ag cur na ceisteanna crua agus ag déanamh fiosruithe fagtha ar an imeall agus glúin nua ‘solathróirí abhair’ fostaithe ina n-áít – ach sin mo shean phort agus tá a fhios agaibh cá sheasaim!]

Tá an cás anois thart.  Tá sé ráite ag Ard Chúirt na Spáinne gur míléamh ar an mBunreacht an cinneadh an nuachtán a dhúnadh i 2003:

The ruling also points out that the closure of Egunkaria was “not directly covered by the Spanish Constitution”. “The mistaken vision that anything to do with the Basque language and all culture in that language must be being promoted or controlled by Eta leads to a mistaken interpretation of the facts,” the ruling continues to say.

“It was clear from the newspaper’s editorial line that it did not follow Eta’s instructions”, it concludes.

Ná h-abair nach bhféadfadh a leithéid titim amach in Éirinn!      Má tá ceacht ar bith le foghlaim ó scéal Egunkaria, go gcaithfidh pobal Ghaeilge na hÉireann, má theastaíonn nuachtán neamhspleach agus neamh eaglach uainn é a mhaoiniú as ár bpócaí féin go direach, seachas é a dhéanamh trí aisínteachtaí atá faoi smacht pholatúil phairtithe éagsúla, aisínteachtaí ar nós Foras na Gaeilge atá i gceist agam.     Ach b’fhéidir go bhfuil an cath sin caillte theana féin.  [Iar nóta: Mo phardún – nach bhfuil Nuacht 24 ann, gan maoiniú ar bith, mar chomharba ar Lá.   Ba dheas an rud é, áfach, dá mbeadh an t-airgead ann ó lucht na Gaeilge chun tacú leis an dtogra sin….]

Is fiú go mór an chúntas seo a foilsíodh i Time i 2003 a léamh.

First came the predawn trip, blindfolded in the back of a Spanish paramilitary van, from his home in Tolosa to a police cell in Madrid. It was there, claims Martxelo Otamendi — the last managing editor of the now banned Basque-language daily Egunkaria — that his ordeal began. While police interrogated him about his newspaper’s alleged links to the Basque separatist terror organization ETA, he claims they had him stand naked in his cell for three days, with a chance to sit down only every five hours. Otamendi, 45, says the police humiliated him for his homosexuality, telling him to “take the position I use when my lover and I make love.” On the third day, he says, they gave him the notorious treatment known as la Bolsa — “the bag” — a plastic sack pulled over the head to cause a panic they hoped would compel him to name his ETA contacts. But Otamendi insists he has none. His only relationship with the terrorists, he says, was several interviews conducted years ago. “There’s never been any suggestions from ETA to our paper, no orders, absolutely nothing,” he says.

Otamendi’s explosive and still unproven story has been vociferously denied by the Spanish government. Nevertheless, the Feb. 20 closure of Egunkaria and the detention of 10 of its managers — five of whom remained in custody last week — have given fresh focus and energy to Basque feelings of martyrdom. A crackdown meant to weaken Basque national solidarity may have done the reverse.

Tuilleadh: http://www.time.com/time/magazine/article/0,9171,901030317-430697,00.html#ixzz0kyGZe2Fp

Is féidir libh teachtaireacht tacaíochta a sheoladh chuig Berria tre twitter.  Is é #egunkarria an seoladh le h-úsáid sa teachtaireacht agus feicfear tú ar an bpríomh leathnach….

iGaeilge ar phríomh leathnach Berria.....