A Eagarthóir ‘Gaelscéal’, focal id chluais

Cheapas tar éis eagrán na seachtaine seo chaite agus an feabhas a thugas faoi ndeara sa nuachtán nua, Gaelscéal, atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, cheapas go raibh deireadh raite agam fé’n dtogra seo.   Cheapas go leanfadh an feabhas seo agus, uair éigean amach anseo, go mbainfeadh Gaelscéal na caighdeáin árda iriseoireachta agus bailithe nuachta a bhíodh ag sean Foinse agus ag Lá Nua trath dá raibh.

Nach orm a bhí an dul amú.   An chéad rud ar fiú a rá faoi eagrán na seachtaine seo den ‘nuachtán’, níl aon nuacht ann.  Níl oiread is scéal amháin nach mbeadh léite agus pléite ag pobal na Gaeilge níos túisce an tseachtain seo.

Tá an príomhscéal ag díriú ar an dtoghchán Uachtarántachta ag Ard Fhéis Chonradh na Gaeilge – ní alt nuachta é ach píosa lag tuairimíochta gan oiread is leid go raibh an t-é a scrígh ag labhairt le ceachtar iarrthóir.     Líonadh spáis atá ann seachas rud ar bith eile.   Cur amú phaipéir.

Ach ní sin an peaca is measa a chuirim i leith Gaelscéal.  Is cosúil, ón eagarfhocal, go bhfuil an nuachtán ag tabhairt a chúl do cheann dá mhór fheidhmeanna, de réir mar a thuigimse iad ar aon nós, bheith ag cothú litríocht na Gaeilge.

Seo atá ráite san eagarfhocal agus iad ag phoiblíú ‘mír speisialta litríochta’ an tseachtain seo – bhíodh mír litríochta i Lá Nua agus i Foinse gach seachtain.

Cé nach é ról Gaelscéal léirmheasanna móra litríochta a dhéanamh[sic], tugann muid ár ndeimhin [sic] go ndéanfaidh muid gach leabhar Gaeilge a chuirtear inár dtreo a lua inár Nuacht Litríochta.

Nach cineálta atá tú, a Eagarthóír Chóír, tú ag tabhairt le fios go mbeidh tagairti seachas léirmheasanna ar shaothair litríochta na Gaeilge sa t-aon nuachtán stát mhaoinithe ar an oileán.   Cé thug an cead duit an cinneadh sin a ghlacadh?  Foras na Gaeilge, atá ‘freagrach’ as tacú le foilsitheoireacht na Gaeilge?   Ar thug an Fhoras cead duit an pholasaí seo a fhogairt – nó an mbeidh Ferdie Mac an Fhailigh ar Nuacht TG4 trathnóna anocht ag tabhairt le fios gur ‘sarú chonartha’ atá i gceist leis an bpolasaí seo, díreach mar a bhí an Fhoras ag fógairt ‘sárú chonartha’ Lá Nua  nuair a fhograíomar ag tús Mhí Feabhra 2008 go mbeadh an nuachtán á fhoilsiú mar eagrán PDF feasta?

De réir cosúlachta, ón méid atá léite agam san eagarfhocal, ceapann muintir Gaelscéal nach bhfuil leitheoirí ann do litríocht na Gaeilge agus mar sin nach fiú an tairbhe an trioblóid bheith ag déanamh léirmheasanna ar leabhair nach léitear.

Níl aon amhras ann, áfach, ach go mbeidh dhá leathnach lán dáite ar fáil gach seachtain do leirmheasanna ar earraí leictreonacha, leithéidí an iPad agus, an tseachtain seo, an ‘printéir'[sic].     In áít leirmheasanna fiúntacha go seachtainiúil ar an litríocht i nGaeilge , tá fógraíocht saor in aisce ann do leithéidí Apple agus Microsoft, amhail is go raibh sé ag teastáil ón dhá ollchomhlacht domhanda úd.

B’údar íoróin amach is amach é go raibh mír eile san eagarfhocal – nach leor ábhar amháin i ngach eagarfhocal, nó dhá cheann, seachas ceithre chínn! – ag tagairt don diolúine ón nGaeilge atá ar fáil do dhaltaí atá ábalta a chruthú go bhfuil ‘deacrachtaí foghlama’ acu.     De réir an scéil a tuairiscíodh níos luaithe an tseachtain seo de bharr ‘iriseoireacht’ [agus ní solathar ábhair]  Nuacht RTÉ, tá os cionn leath de na daltaí a bhfaigheann an diolúine seo ábalta na deacrachtaí foghlama a shárú chun teanga ó Mhór Roinn na hEorpa a staidéar.

Seo a deir an eagarfhocal:

Más amhlaidh go bhfuil daoine óga áirithe agus a dtuismitheoirí [nuachtán Ghaeilge áirithe  ag déanamh a seacht ndícheall leis an Ghaeilge [le litríocht na Gaeilge] a sheachaint [a fhágáil in áit na leathphingine], tá obair le déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge [leitheoirí na Gaeilge] le cur in iúl dóíbh go bhfuil fiúntas sa Ghaeilge agus i [litríocht] gcultúr Ghaelach na tíre seo.

[Mise a chur na míreanna sin idir [].  Bain triail as na míreanna idir lúibíní a chur in áit na míreanna i gcló dubh agus feicfidh sibh an fhimíneacht atá i gceist agam.]

An fath go bhfuil gá le léirmheasanna – agus ní gá dóibh bheith mór – ar  litríocht na Gaeilge agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh na léirmheasanna sin i ‘nuachtán’  – b’fhéidir gur fearr ‘múchtán’ mar chur síos ar an bhfoilseachán seo – a bheadh á léamh ag Gaeil na tíre agus Gaeil ar fuaid an domhain, go mbeadh feabhas ag teacht ar litríocht na Gaeilge.   Is é sin an fath go bhfuilimse tar éis roinnt léirmheasanna a dhéanamh ar Gaelscéal, ag súil go mbeidh feabhas air.    Cheapas go raibh ag eirí leis feabhsú.  Mo léan lom ach is in olcas atá sé ag dul.

Tá níos fearr ná Gaelscéal tuillte ag pobal na Gaeilge.

11 de thuairimí ar “A Eagarthóir ‘Gaelscéal’, focal id chluais

  1. aonghus

    Tacaím leis an rún seo!

    Tá dhá lúb ar lár mór i litríocht na Gaeilge
    1) Margaíocht fiúntach
    2) Leirmheastóireacht ionraic

    D’fhéadfadh Gaelscéal ról lárnach a bheith aige i líonadh an da bhearna sin.

    Freagra
  2. Aine bhán

    Ó sea tá an ceart agat sílim. An-scéal mar sin féin. Tá an ceart agat freisin nach raibh aon rud nua ag Gaelscéal faoi. Tá mé cinnte go bhféadfaí ‘angle’ nua a fháil air seachas an scéal a bhí san indo a aistriú go Gaeilge mar a rinne Gaelscéal

    Freagra
  3. Lámh Láidir

    Faoin am seo, measaim go bhfuil an ceart agat…níl aon maitheas ag baint le Gaelscéal mar páipéar. Níl aon chomparáid idir é agus Foinse.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Foinse agus Lá, dhéarfainn, ach is é an bunrud gur paipéar é Gaelscéal ach ní nuachtán é go fóill. Ní féidir leat nuachtán a bheith agat gan nuacht agus ní bhfaighidh tú nuacht gan iriseoirí. Solathróidh solathróirí abhair abhar – ach ní aimseoidh siad nuacht. Agus ní léir dom go bhfuil an tuiscint nó an taithí ag an eagarthóir chun an difir a aithint idir an dhá rud sin.

    Freagra
  5. Eoghan

    Dhia, a Concubhar a mhac, ta bumblann ceart i do thóin faoi Ghaelscéal…ca tuige na gcuireann tú isteach ar post leo ma mheasann tú go bhfuil tú an méid sin níos fearr na iad. Cinnte go dtiocfadh leat na rudai atá ag cur as duit a chur ina gceart? no an tú duine de na daoine ab fhearr leat sui ar an clai ag mairignigh agus ag caineadh???? Cuireann tu i gcuimhne dom cradan de leanbh ag caitheamh na breagain amach as an pram de bharr nach bhfuil se ag fail a dhoigh fein!

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Is tusa an t-é atá páistiúl, a Eoghain. Tá tú ag íonsaí an teachtaire gan áird a thabhairt mar is ceart ar an dteachtaireacht.

    Seo suíomh atá ag déanamh an rud nach bhfuil Gaeil eile sásta a dhéanamh – léirmheas ionraic neamhchlaonta a dhéanamh ar an bhfoilseachán stat mhaoinithe seo, Gaelscéal. An bhfuil rudaí atá fiúntach faoi – tá, mar atá luaite agam roimhe seo, an dearadh go maith – ach tá rudaí freisin atá le feabhsú. Agus ní mór d’fhoireann an nuachtáin féachaint chuige seo más maith leo teacht slán agus an infheistíocht atá á dhéanamh ag an gcáin-íocóir, mise agus tusa, iontu a chosaint.

    Ní thaitníonn sé liom gur polasaí de chuid Gaelscéal é, is cosúil, gan léirmheasanna a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge.

    Ar ndóigh is duine mise a chruthaigh roimhe seo nach mé an t-é a shuíonn ar an gclaí ag gearán. Ach b’fhéidir go bhfuil tusa ró óg – agus ró leanbaí – chun sin a bheith ar eolas agat nó a thuiscint.

    Freagra
  7. Eoghan

    A Concubhar, a mhac, is cinnte gur ag suí ar na claí atá tú ag caitheamh anuas ar Ghaelscéal agus go leor eile…níl mé fhéin gaolta i ndóigh ar bith le ‘Gaelscéal’ ach tá mé sasta seans a thabhairt agus go dtí seo tá mé sasta go maith leis. Níl suim agamsa nó ag go leor eile bheith ag leamh léirmheasanna ar leabhair…is ag na foilsitheoiri agus udair atá sé le deanamh a cuid leabhair a dhíol agus ní ag ‘Gaelsceal’ no a nduine eile….agus a mhac ó…ní ró óg nó leanbaí atá mé!!!

    Freagra
  8. Concubhar O Liathain

    Eoghan, níl aon gaol eadrainn. Mar sin stop den chac seo ‘a mhac’ etc. Fiú dá mbeadh sé ceart ó thaobh na gramadaí de, agus níl, tá sé mí cheart ar gach libhéal eile.
    Maidir le litríocht agus léirmheasanna, tá ról ag Gaelscéal sa ghnó seo. An oiread is le gach iarratas eile a raibh san iomaíocht don chonradh seo bhí orthu a mhíniú don Fhoras cén bealach a bhí an nuachtán chun riar a dhéanamh ar leitheoirí litríocht na Gaeilge le léirmheasanna etc. Is léir go bhfuil cúl tugtha ag Gaelscéal – nó ag an bhForas – don obair seo.

    Ní doigh liom gur féidir linn cinneadh a dhéanamh ar cé acu ar cheart léirmheasanna a bheith ann nó gan a bheith ann bunaithe ar do thuairim amháin. Má cheannaigh tú an nuachtán an tseachtain seo, léigh an litir ann ó Ghabriel Rosenstock ar an ábhar seo. Agus ansan fás suas.

    Freagra
  9. Ping: Litir chuig Eagarthóir Gaelscéal « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s